[EN]

Uimhir 1 de 1940.


[EN]

ACHT COMHACHTA PRÁINNE (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN ACHTA COMHACHTA PRÁINNE, 1939, DO LEASÚ D'FHONN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH. [5adh Eanar, 1940.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939).

[EN]

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—(1) Leasuítear leis seo mír (k) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na lúíbíní “(seachas saoránaigh dúthchais Eireannacha)” atá anois ann do scriosadh amach as.

[EN]

(2) Leasuítear leis seo mír (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht tré sna focail agus na lúíbíní “(seachas saoránaigh dúthchais Eireannacha)” atá anois ann do scriosadh amach as.

[EN]

(3) Is i dteannta agus fé réir na leasuithe deintear leis an alt so ar mhíreanna (k) agus (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht a léireofar an tAcht san agus a bheidh éifeacht aige.

[EN]

Ré an Achta so.

3.—Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Leasú), 1940, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.