[EN]

Uimhir 1 de 1968


[EN]

AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE INA bhFÉADFAIDH AN FORAS TIONSCAL MÉADUITHE AGUS OIRIÚNUITHE A CHEADÚ AR GHNÓTHAIS TIONSCAIL A nDEARNADH INA LEITH IARRATAIS AR DHEONTAIS ÓN bhFORAS TIONSCAL. [5 Márta, 1968] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

An tráth a thabharfaidh an Foras Tionscal ceadú le haghaidh gnóthais a mhéadú agus a oiriúnú.

1966, Uimh. 12.

1.—Féadfar deontas a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Limistéir Neamhfhorbartha (Leasú), 1963, tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, i leith méadú nó oiriúnú is den chinéal dá dtagraítear san alt sin agus a bheidh arna cheadú ag an mBord an 31ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis agus roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1968, agus féadfar deontas a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963, tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, i leith méadú nó oiriúnú is den chineál dá dtagraítear san alt sin agus a bheidh arna cheadú ag an mBord an 31ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis agus roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1968, más rud é, i ngach cás, gur dáta roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1967, dáta an iarratais chun an Bhoird ag iarraidh deontais agus, i gcás an t-iarratas a dhéanamh tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, gur dáta tar éis dáta an iarratais a dhéanamh dáta an mhéadaithe nó an oiriúnaithe a thosú agus, dá réir sin, déantar leis seo “an 30ú lá de Mheitheamh, 1968” a chur in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1967” (a cuireadh isteach leis an Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966) sa dara háit ina bhfuil sé i bhfo-alt (5) de na hailt sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1968, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1966, agus den Acht seo (sa mhéid go leasaíonn sé na hAchtanna sin) is chéile agus féadfar na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1966, agus den Acht seo (sa mhéid go leasaíonn sé na hAchtanna sin) le chéile.