[EN]

Uimhir 1 de 1978


[EN]

AN tACHT UM FHAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ, 1978

[An tiortú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE MAIDIR LE FAISNÉIS A THUGTAR I nDÁIL LE hEARRAÍ, SEIRBHÍSÍ, CÓIRÍOCHT NÓ SAORÁIDÍ, A SHOLATHRAÍTEAR I gCÚRSA TRÁDÁLA, DO DHÉANAMH FORÁLA CHUN OIFIG STIÚRTHÓRA GNÓTHAÍ TOMHALTÓIRÍ A BHUNÚ, DO DHÉANAMH FORÁLA I dTAOBH CUMHACHTAÍ AGUS FEIDHMEANNA NA hOIFIGE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [21 Feabhra, 1978] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “cóiríocht” cóiríocht mhaireachtála;

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1970;

[EN]

folaíonn “fógrán” catalóg, ciorclán agus praghasliosta;

[EN]

ciallaíonn “an Stiúrthóir” sealbhóir oifig an Stiúrthóra Gnóhaí Tomhaltóirí a bhunaítear le halt 9 den Acht seo;

[EN]

folaíonn “earraí” longa, feithiclí agus aerárthaí, talamh, rudaí i bhfostú den talamh agus barraí ag fás;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh:

[EN]

folaíonn “áit” aon áitreabh agus aon stainnín, feithicil, long nó aerárthach;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Merchandise Marks Act, 1887;

[EN]

folaíonn “cur ar fáil”, i ndáil le seirbhís nó saoráid, an tseirbhís nó an tsaoráid a thabhairt agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

folaíonn “seirbhís” aon seirbhís a chuireann duine ar fáil ag cleachtadh a ghairme;

[EN]

ní fholaíonn “seirbhísí” aon ní a dhéantar faoi chonradh seirbhíse;

[EN]

folaíonn “soláthar” tairiscint soláthar a dhéanamh agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

[EN]

(2) Chun críocha na nAchtanna agus an Achta seo, measfar, maidir le tuairisc nó ráiteas trádála a bheidh foilsithe in aon nuachtán, leabhar nó tréimhseachán nó in aon scannán nó in aon chraoladh fuaime nó teilifíse, gur tuairisc thrádála í a sainíodh nó gur ráiteas é a rinneadh i gcúrsa trádála, gnó nó gairme más rud é, agus amháin más rud é, gur fógrán nó gur cuid d'fhógrán í nó é.

[EN]

(3) Duine a dhéanfaidh earraí a thaisealbhadh lena soláthar nó a mbeidh earraí ina sheilbh lena soláthar, measfar, chun críocha an Achta seo, é do thairiscint iad a sholáthar.

[EN]

Leathnú ar an míniú ar “trade description” agus ar “false trade description” sa Phríomh-Acht.

2.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “trade description”:

[EN]

“‘trade description’ means any description, statement or other indication, direct or indirect—

[EN]

(a) as to the number, quantity, measure, gauge, capacity or weight of any goods, or

[EN]

(b) as to the place or country in which any goods were manufactured, produced, processed, reconditioned, repaired, packed or prepared for sale, or

[EN]

(c) as to the mode of manufacturing, producing, processing, reconditioning, repairing, packing or preparing for sale of any goods, or

[EN]

(d) as to the person by whom and the time at which any goods were manufactured, produced, processed, reconditioned, repaired, packed or prepared for sale, or

[EN]

(e) as to the material of which any goods are composed, or

[EN]

(f) as to any goods being the subject of an existing patent, privilege or copyright, or

[EN]

(g) as to the fitness for any purpose, strength, performance, behaviour or accuracy of any goods, or

[EN]

(h) as to any physical characteristic of any goods not referred to in the preceding paragraphs of this definition, or

[EN]

(i) as to the conformity of any goods with any standard or their passing of any test or their commendation by any person, or

[EN]

(j) as to the identity of the supplier or distributor, or the standing, commercial importance, competence or capabilities of, the manufacturer, producer, supplier or distributor, of any goods, or

[EN]

(k) as to the contents of books or as to their authors, as to the contents of cinematograph films (within the meaning of the Performers' Protection Act, 1968) or as to their producers or as to the contents of recordings (within the meaning of the Performers' Protection Act, 1968) or as to the performers on such recordings, or

[EN]

(l) as to any history of any goods not referred to in the preceding paragraphs of this definition, including their previous ownership,

[EN]

and the use of any figure, word or mark which, according to the custom of the trade is commonly taken to be an indication of any of the above matters shall be deemed to be a trade description within the meaning of this Act;”.

[EN]

(2) (a) Forléireofar an míniú ar “false trade description” san alt sin 3 (1) ionann is dá mba éard na tagairtí do bheith bréagach ar shlí ábhartha tagairtí do bheith bréagach oiread ábhartha agus gur fholaigh siad tagairtí do bheith míthreorach oiread ábhartha.

[EN]

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “míthreorach oiread ábhartha” gur dócha go nglacfaí le taispeánadh den sórt sin ar aon cheann de na hábhair a shonraítear sa mhíniú ar “trade description” san alt sin 3 (1) den Phríomh-Acht a bheadh bréagach oiread ábhartha.

[EN]

(c) Measfar gur tuairisc thrádála bhréagach aon ní ar dócha, cé nach tuairisc thrádála é, go nglacfaí leis mar thaispeánadh ar cheann de na hábhair a shonraítear sa mhíniú ar “trade description” san alt sin 3 (1) agus a bheadh, mar thaispeánadh den sórt sin, bréagach ar shlí ábhartha.

[EN]

(d) Aon taispeánadh bréagach nó aon ní ar dócha go nglacfaí leis mar thaispeánadh a bheadh bréagach go gcomh líonann aon earraí caighdeán a shonraíonn nó a aithníonn aon duine nó is inchiallaithe ó fhormheas aon duine measfar gur tuairisc thrádála bhréagach é más rud é nach bhfuil aon duine den sórt sin ann nó nach bhfuil aon chaighdeán ann atá sonraithe, aitheanta nó inchiallaithe amhlaidh.

[EN]

Deireadh le cosaint áirithe faoin bPríomh-Acht.

3.—(1) Ar dhuine a chúiseamh i gcion faoi alt 2 (1) den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo i ndáil le tuairisc thrádála bhréagach a shainiú d'earraí nó a chur faoi deara sainiú den sórt sin a dhéanamh, ní cosaint don duine a chruthú gur gan intinn calaois a dhéanamh a ghníomhaigh sé.

[EN]

(2) Ar dhuine a chúiseamh i gcion faoi alt 2 (2) den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo i ndáil le hearraí nó nithe dar sainíodh tuairisc thrádála bhréagach a dhíol, a thaisealbhadh lena ndíol nó a shealbhú lena ndíol i gcúrsa aon trádála, gnó nó gairme, ní cosaint don duine na hábhair a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) den alt sin 2 (2) a chruthú.

[EN]

(3) Is alt gan dochar d'alt 22 den Acht seo an t-alt seo.

[EN]

Foráil i ndáil le tuairiscí trádála a shainiú agus a úsáid.

4.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

[EN]

“(d) in the course of any trade, business or profession, applies any false trade description to goods, or”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 2 (2) den Phríomh-Acht, a mhéid a baineann sé le tuairiscí trádála, trí “in the course of any trade, business or profession” a chur in ionad “or any purpose of trade or manufacture”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, a mhéid a baineann sé le tuairiscí trádála, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) (a) A person shall be deemed to apply a trade description to goods if—

[EN]

(i) he affixes or annexes it to them or in any manner marks it on or incorporates it with—

[EN]

(I) the goods themselves, or

[EN]

(II) anything in, on or with which the goods are sold.

[EN]

(ii) he places the goods in, on or with anything to, on or with which the trade description has been affixed, annexed, marked or incorporated or places any such thing with the goods.

[EN]

(b) A person shall also be deemed to have applied a trade description to goods if he uses the trade description in any manner likely to be taken as referring to the goods.

[EN]

(c) Where goods are sold in pursuance of a request in which a trade description is used and the circumstances are such as to make it reasonable to infer that the goods are sold as goods corresponding to that trade description, the person selling the goods shall be deemed to have applied that trade description to the goods.

[EN]

(d) An oral statement may amount to the use of a trade description.”.

[EN]

Tuairiscí trádála i bhfográin.

5.—(1) I gcás tuairisc thrádála a úsáid i bhfógrán i ndáil le haon aicme earraí, glacfar go mbaineann an tuairisc thrádála sin le hearraí uile na haicme sin, bídís nó ná bídís ann tráth an fhógráin a fhoilsiú.

[EN]

(2) Le linn bheith á chinneadh chun criocha an ailt seo an d'aicme lena mbaineann tuairisc thrádála a úsáidtear i bhfógrán aon earraí áirithe tabharfar aird, ní amháin ar fhoirm agus ar ábhar an fhógráin, ach freisin ar thráth, ar áit, ar mhodh agus ar mhinicíocht a fhoilsithe agus ar gach ábhar eile a d'fhágfadh gur dhócha nó nár dhócha go sílfeadh duine a ndíolfaí na hearraí leis gur earraí iad den aicme a n-úsáidtear an tuairisc thrádála ina leith san fhógrán.

[EN]

Ráitis atá bréagach nó míthreorach maidir le seirbhisí, etc.

6.—(1) Má dhéanann duine, i gcúrsa nó chun críocha trádála, gnó nó gairme—

[EN]

(a) ráiteas is eol dó a bheith bréagach, nó

[EN]

(b) ráiteas go meargánta atá bréagach

[EN]

maidir le haon ábhar díobh seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(i) aon seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí a chur ar fáil i gcúrsa na trádála, an ghnó nó na gairme.

[EN]

(ii) nádúr nó éifeacht aon seirbhísí, cóiríochta nó saoráidí a chuirtear ar fáil i gcúrsa na trádála, an ghnó nó na gairme, nó a n-oiriúnacht chun a gcuspóra,

[EN]

(iii) an tráth nó an modh a ndéanfar nó na daoine a dhéanfaidh aon seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí a chur ar fáil amhlaidh,

[EN]

(iv) aon duine do scrúdú, d'fhormheas, d'úsáid nó do luacháil aon seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí a chuirtear ar fáil amhlaidh, nó

[EN]

(v) an áit a gcuirtear aon seirbhís, saoráid nó cóiríocht ar fáil amhlaidh nó taitneamhachtaí aon chóiríochta den sórt sin,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) aon ní (cibé acu is ráiteas é nó nach ea maidir le haon cheann de na hábhair a shonraítear san fho-alt sin roimhe seo) ar dócha go nglacfaí leis mar ráiteas den sórt sin maidir le haon cheann de na hábhair sin a bheadh bréagach measfar gur ráiteas bréagach é maidir leis an ábhar sin, agus

[EN]

(b) ráiteas a rinneadh gan suim arbh fhíor nó bréagach é measfar gur go meargánta a rinneadh é, mura raibh leorchúiseanna ag an duine a rinne é a chreidiúint go raibh sé fíor.

[EN]

(3) I ndáil le haon seirbhísí arb éard iad nó ar a n-áirítear feidhmiú aon chóireála nó próise nó aon deisiú a dhéanamh, measfar go bhfolaíonn na hábhair a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo éifeacht na cóireála, na próise nó an deisithe.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “bréagach” bréagach oiread ábhartha.

[EN]

Taispeánadh bréagach nó míthreorach ar phraghsanna nó ar tháillí.

7.—(1) Má dhéanann duine a thairgfidh earraí d'aon tuairisc a sholáthar nó aon seirbhísí nó cóiríocht a chur ar fáil taispeánadh bréagach nó míthreorach a thabhairt ar shlí ar bith—

[EN]

(a) ar an bpraghas nó ar an táille ar na hearraí, ar na seirbhísí nó ar an gcóiríocht,

[EN]

(b) ar an bpraghas nó ar an táille ar ar tairgeadh roimhe sin na hearraí nó earraí den tuairisc chéanna nó na seirbhísí nó an chóiríocht,

[EN]

(c) ar phraghas atá molta maidir leis na hearraí, nó

[EN]

(d) ar aon táille i leith na hearraí a shuíomh nó a sheirbhísiú nó ar aon phraghas i leith trealamh coimhdeach is gá le réasún chun na hearraí a úsáid nó a theachtadh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) i gcás taispeánadh gur tairgeadh earraí, seirbhísí nó cóiríocht roimhe sin ar phraghas nó táille eile nó ar phraghas nó táille áirithe, déileálfar leis, mura mbeidh a mhalairt sainráite, mar thaispeánadh go raibh siad ar tairiscint go hoscailte san áit chéanna sna 3 mhí roimhe sin ar feadh 28 lá chomhleanúnacha ar a laghad;

[EN]

(b) maidir le taispeánadh i ndáil le praghas molta—

[EN]

(i) déileálfar leis, mura mbeidh a mhalairt sainráite, mar thaispeánadh gur praghas é atá molta ag an monaróir, ag an táirgeoir nó ag soláthróir eile, agus

[EN]

(ii) déileáfar leis, mura mbeidh a mhalairt sainráite, mar thaispeánadh gur praghas é áta molta go ginearálta le soláthar ar miondíol sa limistéar ina bhfuil na hearraí á dtairiscint;

[EN]

(c) aon ní ar dócha go nglacfaí leis mar thaispeánadh i ndáil le praghas molta nó i ndáil leis an bpraghas nó leis an táille ar ar tairgeadh earraí, seirbhísí nó cóiríocht roimhe sin, déileálfar leis mar thaispeánadh den sórt sin;

[EN]

(d) duine a fhógróidh earraí, seirbhísí nó cóiríocht mar nithe atá ar láimh le soláthar nó le cur ar fáil, measfar tairiscint a bheith á dhéanamh aige an céanna a sholáthar nó a chur ar fáil; agus

[EN]

(e) maidir le taispeánadh ar an bpraghas nó ar an táille ar a bhfuil aon earraí, seirbhísí nó cóiríocht á dtairiscint nó á tairiscint ag duine, déileálfar leis, mura mbeidh a mhalairt sainráite, mar thaispeánadh go bhfuil na hearraí, na seirbhísí, nó an chóiríocht á dtairiscint nó á tairiscint ar an bpraghas nó ar an táille sin i ngach áit sa Stát a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an chóiríocht sin á dtairiscint nó á tairiscint ag an duine:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás taispeánadh den sórt sin a bheith tugtha san áit a dtairgtear na hearraí, na seirbhísí nó an chóiríocht, go ndéileálfar leis an taispeánadh, mura mbeidh a mhalairt sainráite, mar thaispeánadh nach mbaineann ach leis na hearraí, na seirbhísí nó an chóiríocht a thairgtear san áit sin.

[EN]

Fógráin mhíthreoracha.

8.—(1) Ní fhoilseoidh duine, ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar, fógrán i ndáil le hearraí, seirbhísí nó saoráidí a sholáthar nó a chur ar fáil i gcúrsa nó chun críocha trádála, gnó nó gairme más dóigh dó bheith míthreorach, agus a bheith, tríd sin, ina chúis caillteanais, damáiste nó díobhála oiread ábhartha do dhaoine den phobal.

[EN]

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo, beidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, ciontach i gcion.

[EN]

(3) Féadfaidh an Stiúrthóir, tar éis fógra a thabhairt faoin iarratas d'aon duine a n-iarrfar ina choinne an t-ordú is ábhar don iarratas, ordú a iarraidh ar an Ard-Chúirt, agus féadfar, más rogha leis an gCúirt sin é, an t-ordú sin a dheonú dó, ar ordú é á thoirmeasc fógrán a fhoilsiú, nó a fhoilsiú arís, ar sárú nó ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo é a fhoilsiú.

[EN]

Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí.

9.—(1) Beidh oifig Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí arna bunú agus an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí a thabharfar ar shealbhóir na hoifige.

[EN]

(2) Is post sa Státseirbhís oifig an Stiúrthóra agus ní cheapfar aon duine chun na hoifige mura mbeidh Coimisinéirí na Státseirbhíse, de réir brí Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, ar chomórtas a sheoladh dóibh faoi alt 15 den Acht sin, tar éis é a roghnu faoi alt 17 den Acht sin, lena cheapadh chun na hoifige.

[EN]

(3) Beidh duine a cheapfar ina Stiúrthóir i seilbh oifige go ceann tréimhse chúig bliana, ach féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an ceapachán (lena n-áirítear ceapachán a buanaíodh cheana faoin bhfo-alt seo) a bhuanú go ceann cibé tréimhse eile, nach faide ná cúig bliana, is iomchuí leis.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an tAire an Stiúrthóir a chur as oifig tráth ar bith.

[EN]

(b) Má chuirtear an Stiúrthóir as oifig faoin bhfo-alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar ráiteas faoi na cúiseanna lena chur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(5) Beidh an Stiúrthóir neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.

[EN]

(6) Is iad feidhmeanna an Stiúrthóra—

[EN]

(a) cleachtais nó cleachtais bheartaithe a choimeád faoi bhreithniú gincarálta i ndáil le hearraí, seirbhísí, cóiríocht agus saoráidí a fhógairt agus le faisnéis i ndáil leis an gcéanna agus le tuairiscí ar an gcéanna a thabhairt do dhaoine den phobal,

[EN]

(b) scrúduithe a dhéanamh ar aon chleachtais nó cleachtais bheartaithe den sórt sin i gcás a n-iarrfaidh an tAire air scrúduithe a dhéanamh nó i gcás a measfaidh an Stiúrthóir gur chuí scrúduithe den sórt sin a dhéanamh ar mhaithe leis an bpobal,

[EN]

(c) a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais den sórt sin atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, míthreorach go hábhartha do dhaoine den phobal, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu,

[EN]

(d) imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt ar lorg orduithe á cheangal ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais den sórt sin atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, míthreorach go hábhartha do dhaoine den phobal, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu,

[EN]

(e) a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais den sórt sin cibé athruithe a dhéanamh ar abairtí a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid sna cleachtais sin nó i ndáil leo, nó cibé ábhar a scriosadh astu, nó cibé mínithe a thabhairt orthu, is athruithe nó scriosadh nó mínithe a thabharfadh, i dtuairim an Stiúrthóra, gur chruinne a bheadh na habairtí nó gur mhó an fhaisnéis a bheadh iontu nó gurbh fhusa iad a thuiscint,

[EN]

(f) gríosú agus spreagadh le cóid chaighdeán i ndáil le cleachtais den sórt sin a bhunú agus a ghlacadh,

[EN]

(g) a chinntiú go ndíreofar aird an phobail ar fhorálacha aon reachtaíochta a dhéanann socrú le tomhaltóirí a chosaint ar ceart, dar leis, aird an phobail a dhíriú orthu agus chun na críche sin na forálacha sin a phoibliú ar cibé slí agus a mhéid is iomchuí leis,

[EN]

(h) gan dochar do chumhachtaí ná d'fheidhmeanna aon údaráis ionchúisimh eile, imeachtaí a thionscnamh nó a thabhairt ar aghaidh i ndáil le cionta faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire le hordú faoin alt seo cibé feidhmeanna breise is cuí leis maidir le haon ábhair lena mbaineann na hAchtanna nó an tAcht seo nó aon achtachán eile a dhéanann socrú le tomhaltóirí a chosaint a thabhairt don Stiúrthóir.

[EN]

(8) Féadfaidh an Stiúrthóir gach beart nó ní a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

[EN]

(9) I gcás a dtionscnóidh an Stiúrthóir imeachtaí de bhun fho-alt (6) (d) den alt seo agus iarratas a bheith déanta faoi fho-alt (6) (c) den alt seo ag an Stiúrthóir, roimh thráth na n-imeachtaí a thionscnamh, ar na daoine lena mbaineann. agus gan gníomh a bheith déanta de réir an iarratais, féadfaidh an Ard-Chúirt, más rogha sin léi. ordú a dheonú don Stiúrthóir sna téarmaí cuí dá dtagraítear san fho-alt sin (6) (d) má tá na cleachtais nó na cleachtais bheartaithe is ábhar do na himeachtaí, nó más dóigh dóibh a bheith. míthreorach go hábhartha do dhaoine den phobal.

[EN]

(10) Féadfaidh an Stiúrthóir cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis a chomhlíonadh trí aon oifigeach don Aire a bheidh údaraithe go cuí ag an Stiúrthóir chuige sin.

[EN]

(11) (a) Aon uair is dealraitheach don Aire go bhfuil an Stiúrthóir éagumasach go sealadach ar a dhualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun gníomhú in ionad an Stiúrthóra ar feadh tréimhse an éagumais sin nó go ceann cibé tréimhse is giorra ná sin is cuí leis an Aire.

[EN]

(b) Beidh ag duine a cheapfar faoi mhír (a) den fho-alt seo gach uile chumhacht, ceart agus dualgas a thugtar don Stiúrthóir leis an Acht seo agus measfar go bhfolaíonn gach tagairt san Acht seo don Stiúrthóir tagairt do dhuine den sórt sin.

[EN]

(12) (a) Tabharfaidh an Stiúrthóir gach bliain tuarascáil don Aire i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna aige an bhliain roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara, laistigh de bhliain ón tráth a gheobhaidh sé an tuarascáil, cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(b) Tabharfaidh an Stiúrthóir don Aire cibé faisnéis a theastóidh ón Aire ó am go ham i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna.

[EN]

Orduithe marcála.

10.—(1) I gcás ar dealraitheach don Aire gur gá nó gur fóirsteanach, ar mhaithe le daoine dá soláthraítear earraí d'aon tuairisc, aon fhaisnéis (arb éard í nó nach éard í nó ar cuid di nó nach cuid di tuairisc thrádála nó ainm agus seoladh mhonaróir, tháirgeoir nó sholáthróir eile na n-earraí) nó treoracha i ndáil leis na hearraí a bheith marcáilte ar na hearraí nó ag gabháil leo, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo, ceanglais a fhorchur le hordú chun a áirithiú go mbeidh faisnéis den sórt sin marcáilte ar earraí den tuairisc sin nó ag gabháil leo, agus soláthar earraí nach mbeidh na ceanglais sin comhlíonta i ndáil leo a rialáil nó a thoirmeasc, agus féadfaidh na ceanglais sroicheadh go dtí an fhoirm agus an modh a dtabharfar an fhaisnéis nó an treoir.

[EN]

(2) Aon duine a dhéanfaidh nó a thairgfidh, i gcúrsa aon trádála nó gnó, earraí de thuairisc a bhfuil ordú i bhfeidhm i ndáil leo de thuras na huaire faoin alt seo a sholáthar contrártha don ordú beidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, ciontach i gcion.

[EN]

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh d'imthosca éagsúla agus, i gcás earraí a sholáthar in imthosca nach ndéanfaí, ar leith ó ordú den sórt sin, an fhaisnéis nó an treoir a cheanglóidh an t-ordú a thabhairt go dtí go mbeadh na hearraí seachadta, a cheangal freisin an fhaisnéis nó an treoir go léir nó cuid den chéanna a thaisealbadh in aice na n-earraí.

[EN]

Orduithe fógraíochta.

11.—(1) I gcás ar dealraitheach don Aire gur gá nó gur fóirsteanach ar mhaithe le daoine dá soláthrófar nó dá gcuirfear ar fáil earraí, seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí d'aon tuairisc go mbeadh i bhfógráin nó in aon aicme fógrán i leith na n-earraí, na seirbhísí, na cóiríochta nó na saoráidí aon fhaisnéis, nó tagairt d'aon fhaisnéis (arb éard í nó nach éard í nó ar cuid di nó nach cuid di tuairisc thrádála nó ainm agus seoladh fhoilsitheoir, nó ghníomhaire fhoilsitheoir, an fhógráin, nó aon duine, nó ghníomhaire aon duine, a thug foilsiú an fhógráin chun críche) i ndáil leis na hearraí, na seirbhísí, an chóiríocht nó na saoráidí, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo, ceanglais a fhorchur le hordú maidir leis an bhfaisnéis sin, nó maidir le taispeánadh ar an modh a bhféadfar an fhaisnéis sin a fháil. a bheith i bhfógráin, nó i bhfógráin de cibé aicme a bheidh sonraithe san ordú, i leith na n-earraí. na seirbhísí, na cóiríochta nó na saoráidí, den tuairisc sin.

[EN]

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo an fhoirm agus an modh a shonrú a mbeidh aon fhaisnéis nó taispeánadh dá sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo le bheith i bhfógráin nó i bhfógráin d'aon aicme a bheidh sonraithe san ordú agus féadfaidh sé socrú ar leith a dhéanamh le haghaidh imthosca ar leith agus le haghaidh aicmí ar leith fógrán.

[EN]

(3) I gcás nach mbeidh fógrán de réir aon cheanglais a bheidh forchurtha faoin alt seo, beidh aon duine a fhoilseoidh an fógrán ciontach, faoi réir forálacha an Achta seo, i gcion.

[EN]

Orduithe míniúcháin.

12.—I gcás ar dealraitheach don Aire gur gá nó gur fóirsteanach ar mhaithe le daoine dá soláthrófar nó dá gcuirfear ar fáil earraí, seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí, d'aon tuairisc go mbeadh sé le tuiscint bríonna cinnte a bheith le haon fhocail nó abairtí a úsáidtear i ndáil leis na hearraí, leis na seirbhísí, leis an gcóiríocht nó leis na saoráidí, féadfaidh an tAire le hordú bríonna a shannadh—

[EN]

(a) do na focail nó do na habairtí sin nuair a úsáidtear iad i gcúrsa trádála nó gnó mar thuairisc thrádála, nó mar chuid de thuairisc thrádála, a thugtar ar earraí, ar sheirbhísí, ar chóiríocht nó ar shaoráidí, den tuairisc sin, nó

[EN]

(b) do na focail nó do na habairtí sin nuair a úsáidtear iad sna himthosca a bheidh sonraithe san ordú,

[EN]

agus i gcás brí den sórt sin a bheith sannta amhlaidh d'fhocal nó d'abairt, measfar, chun críocha an Achta seo, an bhrí sin a bheith leis nuair a úsáidtear é mar a luaitear i mír (a) nó (b), cibé acu é, den alt seo.

[EN]

Ainmneacha agus seoltaí fógróirí a fhionnadh.

13.—(1) I gcás fógrán a fhoilsiú i ndáil le haon earraí, seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí a sholáthar nó a chur ar fáil agus gan ainm agus seoladh an duine a thug an foilsiú sin i gcrích nó ainm agus seoladh a ghníomhaire ann, déanfaidh foilsitheoir an fhógráin, i gcás an Stiúrthóir nó oifigeach don Aire nó oifigeach do chomhairle contae nó do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile a bhfuil áit ghnó ag an bhfoilsitheoir ina limistéar feidhmiúcháin á iarraidh sin laistigh de 12 mhí ó dháta an fhógráin a fhoilsiú, ainm agus seoladh an duine sin nó a ghníomhaire a thabhairt don Stiúrthóir nó don oifigeach.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh duine dá dtabharfar faisnéis de bhun iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo an fhaisnéis a thabhairt do dhuine eile ach amháin chun críocha an Achta seo.

[EN]

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Saoráidí meáite a chur ar fáil in áiteanna a miondíoltar bia.

14.—(1) Duine a thairgeann bia a mhiondíol de réir meáchain (seachas bia a bheidh pacáilte don díol sin ag a mhonaróir nó ag a tháirgeoir nó ag an duine a sholáthraigh é don díol sin) in aon áit i gcúrsa aon trádála nó gnó cuirfidh sé meá-scálaí nó meá-inneall ar fáil in ionad feiceálach i gcuid den áit a bhfuil teacht ag an bpobal air i gcóir an díola sin, agus ligfidh sé d'aon duine aon bhia a mhiondíoltar nó a bheidh ar miondíol san áit sin (ar bia é a cheannaigh an duine sin nó atá sé a cheannach nó ar tí a cheannach) a mheá ar na scálaí nó ar an inneall nó a mheá a fhaire.

[EN]

(2) Measfar, chun críocha na nAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, meá-scálaí nó meá-inneall a cuireadh ar fáil de bhun an ailt seo a bheith á n-úsáid le haghaidh trádála.

[EN]

(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.

[EN]

Toirmeasc nó cosc ar dhaoine praghsanna miondíola a léamh.

15.—(1) Ní dhéanfaidh duine, gan cúis réasúnach, cosc, bac ná araoid a chur ar dhuine eile—

[EN]

(a) a bheidh ag dul isteach in áit a mbeidh earraí á dtairiscint lena ndíol i gcúrsa aon trádála nó gnó chun aon phraghsanna a bheidh ar taisealbhadh ar na hearraí nó leis na hearraí nó i ndáil leo a léamh, nó

[EN]

(b) a bheidh ag léamh aon phraghsanna a bheidh ar taisealbhadh mar a dúradh, mura mbeidh praghsanna na n-earraí ar taisealbhadh (lasmuigh den áit nó in áit eile) sa chaoi go bhféadfadh an duine iad a léamh le linn dó a bheith ag an áit sin nó in aice leis gan dul isteach san áit.

[EN]

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion.

[EN]

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

16.—(1) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe”—

[EN]

(a) oifigeach lánaimsire don Aire a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire, nó

[EN]

(b) oifigeach lánaimsire do chomhairle contae nó do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an gcomhairle nó ag an mbardas i ndáil lena limistéar feidhmiúcháin,

[EN]

chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críche na nAchtanna agus an Achta seo.

[EN]

(2) Taispeánfaidh údarás oifigigh údaraithe na hábhair a bhféadfaidh sé gníomhú ina leith faoin alt seo.

[EN]

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil lena chumasú don Aire nó don Stiúrthóir nó do chomhairle contae nó do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, de réir mar a bheidh, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo a fheidhmiú, ar údarás an oifigigh a thabhairt ar aird, má iarrtar sin—

[EN]

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina seoltar aon trádáil nó gnó nó aon ghníomhaíocht i ndáil le trádáil nó gnó agus an t-áitreabh agus aon earraí san áitreabh a iniúchadh, agus aon chuid de na hearraí a thabhairt leis ar íoc nó ar thairiscint íoc astu,

[EN]

(b) a cheangal ar aon duine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin agus ar aon duine ar fostú i ndáil leis sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin atá faoi chumacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus cibé faisnéis a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt dó maidir le haon iontrálacha sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin,

[EN]

(c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

[EN]

(d) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis a theastóidh ón oifigeach a thabhairt don oifigeach i dtaobh na ndaoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, faisnéis i dtaobh chomhaltas an chomhlachta agus i dtaobh a choiste bainistí nó a údaráis rialaithe eile) nó atá ar fostú i ndáil leis sin,

[EN]

(e) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis eile a theastóidh le réasún ón oifigeach maidir leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach.

[EN]

(4) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta, nó a fhágfaidh gan chomhlíonadh ceanglas, faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.

[EN]

Pionóis.

17.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi na hAchtanna a bhainfidh le tuairisc thrádála nó faoin Acht seo dlífear, in ionad aon fhíneáil nó téarma príosúnachta eile—

[EN]

(a) ar é chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

[EN]

(2) Le linn bheith á bhreithniú cad é an pionós (más aon phionós é), faoi fho-alt (1) den alt seo, is iomchuí do chion, féadfaidh an Chúirt aird a thabhairt ar aon fhógrán a d'fhoilsigh an duine nó a foilsiodh thar ceann an duine a ciontaíodh sa chion agus is ceartú ar aon fhógraíocht mhíthreorach, nó ar aon tuairisc, ráiteas nó taispeánadh bréagach nó míthreorach lena mbaineann an cion.

[EN]

(3) (a) I gcás a ngearrfaidh cúirt fíneáil, nó a ndaingneoidh nó a n-athróidh sí fíneáil a ghearr cúirt eile, i leith cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo inar ciontaíodh duine go hachomair, féadfaidh sí, dá rogha féin, ar iarratas (a bheidh déanta roimh thráth na fíneála a ghearradh nó a dhaingniú) ó aon duine a toghaireadh mar fhinné thar ceann an ionchúisimh sna himeachtaí inar gearradh an fhíneáil agus ar bhain díobháil phearsanta nó caillteanas nó damáiste dó, go hiomlán nó go páirteach de dheasca an chiona, a shocrú le hordú go n-íocfar méid na fíneála nó cuid shonraithe di mar chúiteamh i leith na díobhála, an chaillteanais nó an damáiste leis an duine a rinne an t-iarratas.

[EN]

(b) Ní bheidh ábhar iarratais ann faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith aon díobhála pearsanta, caillteanais nó damáiste má bhíonn imeachtaí ag éileamh damáistí i leith na díobhála, an chaillteanais nó an damáiste tionscanta in aon chúirt.

[EN]

(c) I gcás a ndéanfar an fhíneáil go léir nó cuid den fhíneáil a ghearrfar faoin alt seo a íoc le duine de bhun an fho-ailt seo agus go ndámhfaidh cúirt damáistí don duine sin i leith na díobhála pearsanta, an chaillteanais nó an damáiste lena mbaineann an íocaíocht, measfar gur sásamh an íocaíocht san oiread sin de na damáistí is comhionann le méid na híocaíochta.

[EN]

Ionchúiseamh i gcionta.

18.—(1) Féadfaidh an tAire nó comhairle an chontae nó bardas na contae-bhuirge nó na buirge eile ina líomhnaítear a tharla cion faoi na hAchtanna a bhain le tuairisc thrádála nó faoin Acht seo imeachtaí i ndáil leis an gcion a thionscnamh agus a chur ar aghaidh.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

[EN]

(3) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge nó buirge eile faoin alt seo a íoc sa tslí chéanna a n-íoctar caiteachais arna dtabhú faoi alt 19 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931, ag údarás áitiúil a shonraítear san alt sin.

[EN]

Cionta i ndáil le comhlachtaí corpraithe agus le comhlachtaí neamhchorpraithe.

19.—I gcás cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, agus a gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó ar thaobh aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistí nó údarás rialaithe eile aon chomhlachta den sórt sin, nó is aon oifigeach eile den sórt sin d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin nó an duine ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

[EN]

Dualgas cruthúnais.

20.—I gcás ar saincheist, in aon imeachtaí faoi na hAchtanna a bhaineann le tuarascáil thrádála nó faoin Acht seo, fírinne aon taispeánadh díreach nó indíreach, cibé slí ar tugadh é—

[EN]

(a) a thug monaróir, táirgeoir nó soláthróir eile earraí i ndáil leis na hearraí nó le praghas na n-earraí, nó

[EN]

(b) a thug duine a chuireann seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí ar fáil i ndáil leis na seirbhísí, na cóiríochta nó na saoráidí nó i ndáil leis na táillí maidir leis na seirbhísí, an chóiríocht nó na saoráidí,

[EN]

agus nach suífidh an duine a thug an taispeánadh gur dóigh don taispeánadh bheith fíor, toimhdeofar nach taispeánadh fíor é.

[EN]

Cionta ar duine eile is cúis leo.

21.—I gcás duine do dhéanamh cion faoi na hAchtanna a bhainfidh le tuairisc thrádála bhréagach, nó cion faoin Acht seo, ar gníomh nó mainneachtain ag duine eile is cúis leis, beidh an duine eile sin ciontach sa chion, agus féadfar duine a chúiseamh agus a chiontú sa chion de bhua an ailt seo cibé acu a thionscnófar nó nach dtionscnófar imeachtaí in aghaidh an duine chéadluaite.

[EN]

Cosaint.

22.—(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 2 den Phríomh-Acht a bhainfidh le tuairisc thrádála bhréagach nó mar gheall ar chion faoin Acht seo, is cosaint, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, don duine cúisithe a chruthú—

[EN]

(a) gur dearmad, nó iontaoibh a chur i bhfaisnéis a tugadh dó, nó gníomh nó mainneachtain ag duine eile, nó tionóisc nó ábhar éigin eile nach raibh neart aige air, ba chúis leis an gcion a dhéanamh; agus

[EN]

(b) gur ghlac sé gach cúram réasúnach agus go ndearna sé a dhícheall nach ndéanfadh sé féin ná aon duine faoina rialú cion den sórt sin.

[EN]

(2) Má bhíonn, in aon chás, líomhain sa chosaint a fhoráiltear le fo-alt (1) den alt seo gur gníomh nó mainneachtain ag duine eile nó iontaoibh a chur i bhfaisnéis a thug duine eile ba chúis leis an gcion a dhéanamh, ní bheidh an duine cúisithe i dteideal, gan cead ón gcúirt, seasamh air sin mar chosaint mura rud é go mbeidh fógra i scríbhinn seirbheáilte aige, 7 lá glan ar a laghad roimh an éisteacht, ar an ionchúisitheoir ina mbeidh cibé faisnéis a bhí ina sheilbh an tráth sin ag tabhairt aithne ar an duine eile sin nó mar chabhair chun aithne a thabhairt air.

[EN]

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 2 (2) den Phríomh-Acht i ndáil le hearraí dar sainíodh tuairisc thrádála bhréagach is cosaint don duine cúisithe a chruthú nárbh eol dó, agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnach a fhionnadh, nach raibh na hearraí ag cur lena dtuairisc nó gur sainíodh an tuairisc sin do na hearraí.

[EN]

(4) In imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 2 den Phriomh-Acht a bhainfidh le tuairisc thrádála bhréagach nó mar gheall ar chion faoin Acht seo a rinneadh trí fhógrán a fhoilsiú, is cosaint é don duine cúisithe a chruthú gur duine é arb é a ghnó fógráin a fhoilsiú nó socrú a dhéanamh chun fógráin a fhoilsiú agus go bhfuair sé an fógrán lena fhoilsiú i ngnáthchúrsa gnó agus nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis amhrais aige gur chion faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo é a fhoilsiú.

[EN]

(5) I gcás duine a chúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 2 (2) den Phríomh-Acht i ndáil le haon earraí, ní hionann cruthúnas—

[EN]

(a) gur fhoilsigh sé fógra á chur in iúl—

[EN]

(i) nár shainigh sé do na hearraí an tuairisc thrádála lena mbaineann an cion,

[EN]

(ii) nárbh eol dó cé acu fíor nó bréagach a bhí an tuairisc, agus

[EN]

(iii) gur chóir do cheannaitheoirí gan aird a thabhairt ar an tuairisc sin, nó

[EN]

(b) gur shéan sé ar dhóigh eile go raibh sé freagrach sa tuairisc,

[EN]

agus fo-alt (1) (b) den alt seo a bheith comhlíonta i gcás gan cruthúnas a bheith ann ar chúis réasúnach a bheith ag an duine a chreidiúint go bhféadfadh an tuairisc thrádála a bheith bréagach agus nach bhféadfadh seisean le réasún, ag féachaint do na himthosca, a chinneadh cé acu fíor nó bréagach a bhí an tuairisc thrádála, ach, i gcás a dtabharfar cruthúnas chun sástacht na cúirte iomchuí ar na hábhair go léir dá dtagraítear san fho-alt seo, is ag an gcúirt a bheidh sé a chinneadh an gcomhlíonann an cruthúnas sin fo-alt (1) (b) sna himthosca go léir.

[EN]

Bainc atá ceadúnaithe faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971, a bheith eisiata.

23.—Ní bhainfidh na hAchtanna ná an tAcht seo le haon ghníomh nó neamhghníomh chun críocha an ghnó a údaraítear le ceadúnas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, ag sealbhóir an cheadúnais nó ag a sheirbhísigh nó ag a ghníomhairí.

[EN]

Trádmharcanna ina bhfuil tuairisci trádála.

24.—Bíodh is gur trádmharc, nó cuid de thrádmharc, de réir brí Acht na dTrádmharcanna, 1963, tuairisc thrádála, ní fhágfaidh sin nach tuairisc thrádála bhréagach an tuairisc thrádála sin agus í sainithe d'aon earraí, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá:

[EN]

(a) go bhféadfaí í a shainiú go dleathach do na hearraí dá mba nach rithfí an tAcht seo,

[EN]

(b) go bhfuil, tráth an Achta seo a rith, an trádmharc cláraithe faoi Acht na dTrádmharcanna, 1963, nó go bhfuil sé á úsáid chun ceangal i gcúrsa trádála idir na hearraí sin agus dílseánach an trádmhairc a chur in iúl,

[EN]

(c) go ndéantar an trádmharc, mar atá sé sainithe, a úsáid chun ceangal den sórt sin idir na hearraí agus dílseánach an trádmhairc nó duine atá cláraithe faoi alt 36 d'Acht na dTrádmharcanna, 1963, mar úsáidire cláraithe an trádmhairc a chur in iúl, agus

[EN]

(d) gurb é an duine arb é dílseánach an trádmhairc é an duine céanna arbh é an dílseánach, nó comharba i dteideal an dílseánaigh, é tráth an Achta seo a rith.

[EN]

Cosaint do chonarthaí áirithe.

25.—Ní bheidh conradh chun aon earraí a sholáthar nó aon seirbhísí a chur ar fáil ar neamhní ná neamh-infheidhmithe de bhíthin amháin aon fhoráil de na hAchtanna nó den Acht seo a bheith sáraithe.

[EN]

Forálacha i ndáil le horduithe faoin Acht seo.

26.—(1) Féadfaidh ordú faoin Acht seo a fhoráil nach mbeidh feidhm, in imthosca sonraithe nó faoi réir coinníollacha sonraithe, ag an ordú, nó nach mbeidh feidhm aige maidir le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe daoine, earraí, seirbhísí, cóiríochta nó saoráidí, agus féadfar imthosca éagsúla nó coinníollacha éagsúla a shonrú san ordú i ndáil le haicmí éagsúla daoine, earraí, seirbhísí, cóiríochta nó saoráidí.

[EN]

(2) Foilseofar, dhá mhí ar a laghad roimh an dáta a dhéanfar ordú faoin Acht seo, fógra san Iris Oifigiúil agus i nuachtán maidine laethúil amháin ar a laghad a chlóitear sa Stát i dtaobh é bheith ar intinn ag an Aire an t-ordú a dhéanamh agus ráiteas gearr faoi éifeacht an ordaithe.

[EN]

(3) Ní dhéanfar ordú faoin Acht seo gan an tAire do dhul i gcomhairle le cibé daoine ar dealraitheach dó leas substaintiúil a bheith acu in ábhar an ordaithe.

[EN]

(4) (a) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoi alt 9, 10, 11 nó 12 den Acht seo, nó faoi mhír (b) den fho-alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(5) Ní bhainfidh fo-ailt (2) agus (3) den alt seo le hordú faoi alt 11 nó fo-alt (4) (b) den alt seo i gcás ar gá, i dtuairim an Aire, an t-ordú a dhéanamh gan na fo-ailt sin (2) agus (3) a chomhlíonadh.

[EN]

Caiteachais an Aire.

27.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó an Stiúrthóir ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

28.—(1) Féadfar an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna, a fhorléiriú le chéile agus féadfar na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1978, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93.

Merchandise Marks Act, 1887

1887, c. 28.

An tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931

1931, Uimh. 48.

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45.

Acht na dTrádmharcanna, 1963

1963, Uimh. 9.

An tAcht um Chosaint Taibheoirí, 1968

1968, Uimh. 19.

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24.