Uimhir 1 de 1982
AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1982
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1976:
ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972.
Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.
2.—Ní rachaidh comhiomlán iasachtaí na Cuideachta (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasachtaí a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £70,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1976) ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.
Méadú ar airleacain ón Aire.
3.—Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheann d'fheidhmeanna na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh) a bheidh gan aisíoc thar £70,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1976) ionann is da gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1982, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1976, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |