[EN]

Uimhir 12 de 1945.


[EN]

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1942, AGUS GO SONNRUCH DO THABHAIRT ÚDARÁIS AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS D'ULLMHÚ AGUS D'FHEIDHMIÚ SCÉIMEANNA CHUN LEICTREACHAS DO GHINIÚIN LE CUMHACHT UDRALACH Ó AIBHNE OIRIÚNACHA (I dTEANNTA NA SIONNA AGUS NA LIFE), CHUN AN BORD SAN DO THÓGAINT AGUS DO BHAINISTÍ IASCACH AGUS CEART IASCAIREACHTA SNA HAIBHNE SIN, AGUS CHUN DEONTAIS D'AIRGEAD PHOIBLÍ DO THABHAIRT DON BHORD SAN CHUN TUATH-LÍOMATÁISTÍ DO LEICTRIÚ. [31ú Márta, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach arus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal, comhluadh, agus léiriú.

1.—(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1945, do ghairm de na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, agus den Acht so le chéile.

[EN]

(3) Léireofar an tAcht so agus na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, mar éinní amháin.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

[EN]

ciallaíonn an abairt “oibreacha udro-leictreacha” oibreacha chun leictreachas do ghiniúin le cumhacht udrálach;

[EN]

tá leis na habairtí “stáisiún giniúna”, “córas tiomarnaíochta” agus “córas iomdhála” na bríonna céanna fá seach do bheirtear do na habairtí “stáisiún giniúna”, “cóir iompair” agus “cóir roinneacháin”, fá seach, le halt 1 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), chun críocha an Achta san.

[EN]

Costais.

3.—Na costais fána raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar (a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais) iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

CUID II.

Sceimeanna Udro-Leictreacha.

[EN]

Scéimeanna udroleictreacha d'ullmhú agus do cheadú.

4.—(1) Is dleathach don Bhord, aon uair a mheasfaid is ceart, scéim d'ullmhú agus do chur fá bhráid an Aire chun leictreachas do ghiniúin le cumhacht udrálach ó uiscí aon abhann áirithe a himiafar agus a cuirfear ar fáil chuige sin trí dhamba agus oibreacha innealtóireachta eile dhéanfaidh an Bord fán Acht so.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an Bord scéim do chur fá bhráid an Aire fán alt so, breithneoidh an tAire an scéim sin agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta i dtaobh na mbeart a bheas le déanamh ag an mBord chun iascaigh do chaomhaint, déanfaidh pé ní acu so leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an scéim sin do cheadú le hordú, nó

[EN]

(b) an scéim sin do chur thar n-ais go dtí an Bord chun í d'athbhreithniú agus í d'athchur fána bhráid fán alt so, nó

[EN]

(c) diúltú don scéim sin do cheadú.

[EN]

(3) San Acht so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “ordú ceadúcháin” ordú arna dhéanamh ag an Aire ag ceadú scéime bheas curtha fána bhráid ag an mBord fán alt so, agus

[EN]

ciallaíonn an abairt “scéim cheadaithe” scéim arna ceadú ag an Aire le hordú ceadúcháin agus, i gcás aon scéim den tsórt san bheas ceadaithe amhlaidh arna hathrú, ciallaíonn sí an scéim sin arna ceadú amhlaidh,

[EN]

Scéim cheadaithe do leasú.

5.—(1) Aon uair, le linn scéim cheadaithe do chur i ngníomh, a chífear don Bhord gur gá an scéim sin do leasú in aon tslí, is dleathach don Bhord pé leasú ar an scéim cheadaithe sin d'ullmhú a mheasfaid is ceart agus an leasú san do chur fá bhráid an Aire.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an Bord leasú ar scéim cheadaithe do chur fá bhráid an Aire fán alt so breithneoidh an tAire an leasú san agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, déanfaidh pé ní acu so leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an leasú san do cheadú le hordú, nó

[EN]

(b) an leasú san do chur thar n-ais go dtí an Bord chun í d'athbhreithniú agus í d'athchur fána bhráid fán alt so, nó

[EN]

(c) diúltú don leasú san do cheadú.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfas an tAire leasú ar scéim cheadaithe do cheadú fan alt so, beidh éifeacht ag an scéim cheadaithe sin agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici gus an leasú san agus fána réir, agus dá réir sin na tagairtí atá san Acht so do scéim cheadaithe déanfar, maidir leis an scéim cheadaithe sin, iad do léiriú agus beidh éifeacht acu (má cheadaíonn an comhthéacs é) mar thagairtí don scéim cheadaithe sin arna leasú amhlaidh.

[EN]

Scéimeanna ceadaithe d'fheidhmiú.

6.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAire do cheadú scéime ceadaithe, déanfaidh an Bord an scéim sin d'fheidhmiú agus do chur i ngníomh.

[EN]

(2) Chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh, is dleathach don Bhord pé méid acu so leanas a mbeidh socrú déanta ina gcóir, go follas nó go folaithe, leis an scéim sin do dhéanamh do réir na scéime sin (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do gheobhfar a bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), sé sin le rá:—

[EN]

(a) uiscí na habhann lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin agus uiscí aon abhann nó srutha chothaíos an abha san, agus uiscí aon locha, linne, nó canála uirthi nó i gceangal léi d'imiadh, do stopadh, do chlaonadh, do thógaint, agus d'úsáid;

[EN]

(b) an abha lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin nó aon abha nó sruth a chothaíos an abha san do chladhphortadh, do dhambáil, do dhreidireacht, do dhoimhniú, do leathnú, do dhíriú, do chlaonadh, agus d'athrú ar aon tslí eile;

[EN]

(c) aon loch, linn, nó uisce eile ar an abhainn lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin nó i gceangal léi (go díreach nó go neamh-dhíreach) do chladhphortadh, do dhambáil, do dhreidireacht, agus a leibhéal d'athrú agus baint leis ar aon tslí eile;

[EN]

(d) aon uisce-chomhla, cora, damba, cladhphort, cé, cuan, áit chalaíochta, tigh bád, nó obair eile dá samhail ar an abhainn lena mbainfidh an scéim cheadaithe sin nó ar aon abhainn nó sruth a chothaíos an abha san nó ar aon loch i gceangal léi do dhíochur, d'athrú, do dheisiú, nó d'athdhéanamh;

[EN]

(e) uisce-chomhlaí, coraí, dambaí, cladhphoirt agus oibreacha eile dá samhail (lena n-áirítear pasáistí chun iasc do ghabháil suas agus síos tríothu) do dhéanamh agus do chothabháil;

[EN]

(f) stáisiúin ghiniúna, stáisiúin athracháin, agus stáisiúin agus áiteanna eile do dhéanamh agus do chothabháil chun leictreachas a ginfear de bhun na scéime ceadaithe sin do ghiniúin, d'athrú, do stóráil, nó deighleáil leis ar shlí eile;

[EN]

(g) inneallra, gléasra, agus fearas do gach stáisiún giniúna, stáisiún athracháin, agus gach stáisiún agus áit eile déanfar fán mír dheiridh sin roimhe seo den fhó-alt so do cheannach, do thógaint ar cíos, nó do sholáthar ar shlí eile agus do chothabháil;

[EN]

(h) fá réir forál an Achta so, dúnadh, claonadh, díochur, báthadh, nó cur isteach ar shlí eile do dhéanamh ar aon bhóthar nó droichead poiblí;

[EN]

(i) aon ghníomh nó ní do dhéanamh is gá chun nó i dtaobh aon rud do dhéanamh a n-údaraítear don Bhord leis an bhfó-alt so é dhéanamh.

[EN]

An Bord do thógaint tailimh, etc.

7.—(1) Chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh nó chun éinní do dhéanamh a húdaraítear don Bhord leis an alt deiridh sin roimhe seo a dhéanamh chun na críche sin, féadfaidh an Bord gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon talamh do thógaint go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta;

[EN]

(b) aon éasáid, cead slí, iascach, ceart iascaireachta, ceart uisce, nó ceart ar bith eile ar aon talamh nó uisce nó maidir leis, do thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta);

[EN]

(c) foirceannadh, srianadh, nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí comhaontú nó go héigeanta) ar aon éasáid, cead slí, iascach, ceart iascaireachta, ceart uisce, nó ceart ar bith eile ar aon talamh nó uisce nó maidir leis;

[EN]

(d) claonadh, dúnadh, díochur, báthadh nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon bhóthar, slí, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saordha eile nó ar aon uisce-chúrsa saordha;

[EN]

(e) cur isteach ar aon talamh go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta.

[EN]

(2) Aon uair, ar scéim cheadaithe do bheith curtha i ngníomh, a chífear don Bhord ná beidh aon talamh, éasáid cead slí, nó maoin eile bheas tógtha ag an mBord fán Acht so chun críocha na scéime ceadaithe sin ag teastáil chun na gcríoch san, is dleathach don Bhord an mhaoin sin do dhíol, do chur ar léas, nó do chur de láimh ar shlí eile.

[EN]

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh é do leithliú.

8.—(1) Aon uair, tar éis ordú ceadúcháin do bheith déanta agus roimh an leithliú nó fionnadh an phraghais nó an chúitimh do bheith déanta, féadfaidh an Bord (fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so) éinní de na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh nó aon cheart d'fheidhmiú a húdaraítear leis an Acht so don Bhord a thógaint chun an scéim cheadaithe lena mbainfidh an t-ordú ceadúcháin sin do chur i ngníomh;

[EN]

(b) foirceannadh, srianadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon éasáid nó maoin nó ceart eile a n-údaraítear don Bhord leis an Acht so foirceannadh, srianadh, nó cur isteach eile do dhéanamh air chun an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh;

[EN]

(c) claonadh, dúnadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon bhóthar, slí, nó droichead príobháideach, nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saordha eile, nó ar aon uisce-chúrsa saordha, a n-údaraítear don Bhord leis an Acht so claonadh, dúnadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh air chun an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh.

[EN]

(2) Aon uair a fheidhmeos an Bord aon chumhacht dá dtugtar don Bhord leis an bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dlífidh an Bord ús d'íoc, le sealbhaire an tailimh nó únaer na héasáide, an chirt, nó na maoine eile a raghfar isteach air, a feidhmeofar, nó a gcuirfear isteach air de bhíthin an chumhacht san d'fheidhmiú, ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha fán Acht so leis an sealbhaire nó leis an únaer sin, do réir trí fán gcéad sa bhliain ó dháta an dulta isteach, an fheidhmithe, nó an churtha isteach san go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh sin.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh an Bord—

[EN]

(a) dul isteach ná seilbh do ghlacadh ar aon talamh fán alt so gan fógra mí ar a laghad nó, i gcás tighe chomhnaithe ina bhfuil comhnaí, fógra trí mhí ar a laghad do thabhairt i scríbhinn roimh ré do shealbhaire an tailimh sin go bhfuilid ar intinn san do dhéanamh, ná

[EN]

(b) aon éasáid ná ceart eile d'fheidhmiú ná cur isteach ar aon cheart ná maoin fán alt so gan fógra mí ar a laghad do thabhairt i scríbhinn roimh ré d'únaer na héasáide, an chirt, nó na maoine sin go bhfuilid ar intinn san do dhéanamh.

[EN]

(4) Féadfar fógra fán bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra san do chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag á ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige agus is tuigthe gur seirbheáladh é ar an duine sin an uair a déanfaí an clúdach san do sheachadadh i ngnáth-chúrsa an phoist.

[EN]

(5) Muran féidir, ar aon chúis áirithe, an clúdach a luaitear sa bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhíriú mar a foráltar leis an bhfó-alt san, féadfar an clúdach san do dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fán tuairisc “an t-únaer” nó “an sealbhaire” (pé acu é) gan a ainm do luadh,

[EN]

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbainfidh an fógra bheas sa chlúdach san.

[EN]

Léarscála, pleananna, etc., do lóisteáil.

9.—(1) A luaithe is féidir tar éis ordú ceadúcháin do dhéanamh agus ar dháta nach déanaí ná mí roimh thosnú ar aon chuid áirithe do dhéanamh de na hoibreacha is gá chun an scéim cheadaithe lena mbainfidh an t-ordú san d'fheidhmiú nó roimh thosnú, chun na críche sin, ar éinní áirithe do dhéanamh a húdaraítear leis an Acht so don Bhord a dhéanamh nó roimh dhul isteach ar aon talamh nó áitreabh nó feidhmiú do dhéanamh ar aon cheart nó cur isteach ar aon mhaoin (corpartha nó neamhchorpartha) chun na críche sin fán Acht so, cuirfidh an Bord fá ndear léarscála, pleananna, agus leabhair eolais maidir leis an gcuid áirithe sin de na hoibreacha san nó leis an ní áirithe sin nó leis an talamh, an t-áitreabh, an ceart, nó an mhaoin sin (do réir mar bheas) do lóisteáil do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Na léarscála agus na pleananna ceangaltar leis an alt so ar an mBord do lóisteáil maidir le scéim cheadaithe beid líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaspánfaidh ar leorscálaí méid na n-oibreacha ar maidir leo a lóisteálfar iad agus fós an mhaoin go léir, corpartha nó neamhchorpartha, a bheas beartaithe a thógaint chun críocha na n-oibreacha san agus fós gach cur isteach (sa mhéid gur féidir san do thaspáint ar tharraingeoireacht) a bheas beartaithe a dhéanamh chun na críche sin ar aon mhaoin (corpartha nó neamhchorpartha) nó ar aon bhóthar nó droichead poiblí.

[EN]

(3) Beidh sna leabhair eolais a ceangaltar ar an mBord leis an alt so do lóisteáil maidir le scéim cheadaithe ainmneacha na ndaoine is únaeraí nó únaeraí toimhdean, léasaithe nó léasaithe toimhdean, agus sealbhairí ar an talamh go léir a mbeidh beartaithe é do thógaint nó baint leis ar shlí eile fán Acht so chun críche na n-oibreacha ar maidir leo a lóisteálfar iad agus ar an maoin go léir, corpartha nó neamhchorpartha, (ar a n-áirítear bóithre agus droichid phoiblí) a mbeidh beartaithe cur isteach uirthi in aon tslí fán Acht so chun na críche sin.

[EN]

(4) Is i bpríomh-oifig an Bhuird i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé áiteanna eile ordóidh an tAire san ordú ceadúcháin a bhainfeas le scéim cheadaithe a lóisteálfar na léarscála, na pleananna, agus na leabhair eolais a ceangaltar leis an alt so ar an mBord do lóisteáil maidir leis an scéim cheadaithe sin agus coimeádfar ar lóisteáil amhlaidh iad go gcríochnófar an scéim cheadaithe sin agus, faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh, beid ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog trathnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach, agus laethanta saoire bainc.

[EN]

(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscála, pleananna, nó leabhair eolais do lóisteáil de bhun an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra poiblí i dtaobh na lóisteála san trí fhógrán d'fhoillsiú fá dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó léitear i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé nuachtáin eile (más ann) ordóidh an tAire san ordú ceadúcháin iomchuibhe.

[EN]

(6) Déarfar i ngach fógra poiblí do bhéarfaidh an Bord de bhun an fhó-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so go bhfuil na léarscála, na pleananna, agus na leabhair eolais lena mbainfidh an fógra san ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpoiblíocht do réir an ailt seo agus luafar ann na trátha agus na háiteanna ina mbeid ar fáil amhlaidh chun a n-iniúchta.

[EN]

Leictreachas do ghiniúin agus d'iomdháil.

10.—(1) Nuair a bheas scéim cheadaithe curtha i ngníomh agus na hoibreacha udro-leictreacha dá bhforálfar leis an scéim sin críochnaithe (fá réir pé breisithe, neamhdhéanta, athruithe, agus claonta do gheobhfar bheith riachtanach i gcúrsa na hoibre), déanfaidh an Bord leictreachas do ghiniúin leis na hoibreacha san agus déanfaidh an leictreachas san do thiomarnú agus d'iomdháil go dtí pé áiteanna agus ar pé slí is dóigh leis an mBord is gá chun an leictreachas san do chur ar fáil chun na gcríoch a luaitear sa chéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le leictreachas (dá ngairmtear an leictreachas san sa bhfó-alt so) arna ghiniúin ag an mBord de bhun an fhó-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an Bord úsáid agus feidhm do bhaint as an leictreachas san chun gach críche nó chun pé ceann nó cinn (a mheasfas an Bord is ceart) de na críocha chun a bhféadfaidh an Bord úsáid nó feidhm do bhaint go dleathach as leictreachas (dá ngairmtear an leictreachas eile sin sa bhfó-alt so) arna ghiniúin ag an mBord ar aon tslí eile;

[EN]

(b) féadfar úsáid agus feidhm do bhaint as an leictreachas san amhlaidh i gcuibhreann, nó i dteannta, nó d'éagmais an leictreachais eile sin go léir nó aon choda dhe;

[EN]

(c) beidh ag an mBord agus beidh infheidhmithe acu maidir leis an leictreachas san gach cumhacht nó aon chumhacht dá mbeidh dílsithe sa Bhord de thuras na huaire maidir leis an leictreachas eile sin go léir nó aon chuid de do thiomarnú, d'iomdháil, do sholáthar, agus do dhíol;

[EN]

(d) aon chuid nó coda d'aon chóras tiomarnaíochta nó d'aon chóras iomdhála is leis an mBord de thuras na huaire chun an leictreachas eile sin go léir nó aon chuid de do thiomarnú nó d'iomdháil (pé acu é), féadfar í nó iad d'úsáid chun an leictreachas san do thiomarnú nó d'iomdháil;

[EN]

(e) aon chuid nó coda d'aon chóras tiomarnaíochta nó d'aon chóras iomdhála dhéanfaidh an Bord chun an leictreachas san do thiomarnú nó d'iomdháil (pé acu é), féadfar í nó iad d'úsáid chun an leictreachas eile sin do thiomarnú nó d'iomdháil.

[EN]

(3) Chun leictreachas do thiomarnú agus d'iomdháil de bhun fó-ailt (1) den alt so beidh ag an mBord agus beidh infheidhmithe acu gach cumhacht nó aon chumhacht dá ndílsítear iontu leis na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, maidir le leictreachas arna ghiniúin ar shlí seachas de bhun an fhó-ailt sin (1) do thiomarnú agus d'iomdháil.

[EN]

Iascaigh do chaomhaint.

11.—Nuair a bheas scéim cheadaithe á cur i ngníomh ní bheidh d'oblagáid ar an mBord ná ar aon chonnarthóir a bheas ar fostú ag an mBord na Achta Iascaigh, 1842 go 1944, do chomhlíonadh, ach déanfaidh an Bord nó, i gcás oibreacha bheas á ndéanamh ag connarthóir, cuirfid fá ndear go ndéanfaidh an connarthóir, pé forchúraim do ghlacadh agus pé socruithe do cheapadh a mheasfaidh an Aire Talmhaíochta is leor chun iascaigh do chaomhaint agus díobháil dóibh do sheachaint le linn nó de dhroim an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh, ach déanfaidh an tAire sin, i gcomhairle leis an mBord, deimhin de ná bainfidh dochar mór do na hoibreacha dá bhforálfar leis an scéim cheadaithe sin ná ná cuirfear bac mór orthu ná ná tabharfar méadú mór ar a gcostas de dhroim na forchúraim sin do ghlacadh agus na socruithe sin do cheapadh.

[EN]

Cumhacht an Bhuird chun loingseoireacht do chosc

12.—(1) Féadfaidh an Bord le hordú, aon uair a mheasfaid is gá san chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh go cuibhe nó chun oibreacha arna ndéanamh de bhun scéime ceadaithe d'oibriú, loingseoireacht ar an abhainn, nó ar aon chuid áirithe den abhainn, lena mbainfidh nó lenar bhain an scéim cheadaithe sin do thoirmeasc ar feadh pé tréimhse mheasfaid is gá chun an scéim cheadaithe sin do chur i ngníomh nó na hoibreacha san d'oibriú (pé acu é).

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord ordú do dhéanamh fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so d'ainneoin aon achtacháin á dhearbhú gur abha intseolta phoiblí an abha lena mbainfidh an t-ordú san.

[EN]

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Bord fán alt so déarfaidh sé a bheith agus beidh sé ina ordú á thoirmeasc ar dhume ar bith gabháil le haon bhád, báirse, lictéir, nó árthach eile ar an abhainn nó an chuid áirithe den abhainn lena mbainfidh an t-ordú san ar feadh na tréimhse luafar chuige sin san ordú san.

[EN]

(4) Gach duine shárós aon fhoráil d'ordú arna dhéanamh ag an mBord fán alt so beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlifear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

[EN]

Ceart ag an mBord chun eolais as leabhair rátaí.

13.—(1) Aon uair a theastós eolas as leabhar rátaí nó scríbhinn eile dá shamhail ón mBord chun nó i dtaobh scéim d'ullmhú lena cur fá bhráid an Aire fán Acht so nó chun nó i dtaobh scéim cheadaithe do chur i ngníomh nó chun nó i dtaobh aon chumhacht d'fheidhmiú nó aon dualgas do chomhlíonadh dá mbronntar nó dá gcuirtear ar an mBord leis an gCuid seo den Acht so, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó an comhlucht áitiúil eile a mbeidh an leabhar nó an scríbhinn sin ina gcoimeád, ar an mBord dá iarraidh sin orthu,—

[EN]

(a) cead do thabhairt d'aon oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin ón mBord an leabhar nó an scríbhinn sin d'iniúchadh in aisce agus cóip d'iomlán an leabhair nó na scríbhinne sin nó d'aon chuid den chéanna do dhéanamh in aisce, agus

[EN]

(b) cóip den leabhar nó den scríbhinn sin no d'aon chuid áirithe den chéanna shonnróidh an Bord chuige sin do thabhairt don Bhord, ar an mBord d'íoc pé táille ar a gcomhaontóidh an Bord agus an t-údarás áitiúil nó an comhlucht áitiúil sin nó, mura gcomhaontaítear amhlaidh, a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

[EN]

Oibreacha do shaoradh ó rátaí.

14.—(1) Faid a bheas na hoibreacha go léir a dhéanfaidh an Bord, ag cur scéime ceadaithe i ngníomh dóibh nó chun leictreachas arna ghiniúin leis na hoibreacha san do thiomarnú nó d'iomdháil, in aon-tseilbh agus fá aon-urlámhas an Bhuird, beid saor ó mheisiúnacht i gcóir ráta dhealúis agus fós ó mheisiúnacht i gcóir aon ráta eile ghearrfaidh údarás áitiúil.

[EN]

(2) San alt so tá leis an abairt “údarás áitiúil” an bhrí do bheirtear di leis an Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), arna leathnú le fó-alt (2) d'alt 10 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934 (Uimh. 38 de 1934).

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag éinní dá bhfuil san alt so maidir le haon iascach nó ceart iascaireachta thógfaidh an Bord fán Acht so nó dá bhuaidh.

CUID III.

Iascaigh do Thogaint agus do Bhainisti.

[EN]

Iascaigh agus cearta iascaireachta do thógaint.

15.—Aon uair a déanfar iarratas go cuibhe chun an Bhuird ag lorg cúitimh de bhíthin an Bord do dhéanamh foirceannta, srianta nó cur isteach eile (buan nó sealadach) fán Acht so ar iascach nó ar cheart iascaireachta nó ag lorg cúitimh i ndíobháil d'iascach agus a chinnfeas an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, go mb'oiriúnú, ar chúiseanna eacnamaíochta nó eile, an t-iascach nó an ceart iascaireachta lena mbainfidh an t-iarratas san do thógaint, tógfaidh an Bord trí chomhaontú nó, cheal comhaontuithe, go héigeanta an t-iascach nó an ceart iascaireachta san agus pé talamh, ceada slí, agus cearta eile is dóigh leis an mBord do bheith ag gabháil leis an iascach nó an ceart iascaireachta san nó do bheith riachtanach chun a úsáite.

[EN]

An Bord do chaomhaint, do bhainistí, etc., iascach.

16.—(1) Aon uair a thógfas an Bord iascach nó ceart iascaireachta fán gCuid seo den Acht so nó rinneadar, roimh dháta an Achta so do rith, iascach nó ceart iascaireachta do thógaint fá Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 (Uimh. 54 de 1936), féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, an t-iascach nó an ceart iascaireachta san do chaomhaint agus chuige sin is dleathach don Bhord an t-iascach nó an ceart iascaireachta san do bhainistí agus do stiúradh agus gach ní agus eadar-bheart do dhéanamh agus gach feidhm do chomhlíonadh is gá nó is ceart chun an chaomhaint, an bhainistí, agus an stiúradh san do dhéanamh nó bhainfeas nó gheobhas leis an gcéanna.

[EN]

(2) Gan dochar do gheneráltacht na gcumhacht do bheirtear don Bhord leis an bhfó-alt san roimhe seo den alt seo, beidh ag an mBord agus beidh infheidhmithe acu, chun iascach nó ceart iascaireachta do chaomhaint, do bhainistí, agus do stiúradh de bhun an fhó-ailt sin, na cumhachta so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na cumhachta céanna i dtaobh talamh agus cearta ar thalamh nó ar uisce nó maidir leo do thógaint, na cumhachta céanna chun cur isteach ar thalamh agus ar chearta ar thalamh nó ar uisce nó maidir leo, agus na cumhachta céanna i dtaobh bóithre, slite, agus droichid phríobháideacha, agus i dtaobh uisce-bhealaí agus uisce-chúrsaí saordha do bheirtear dóibh le Cuid II den Acht so chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh, agus

[EN]

(b) na cumhachta céanna chun dúnadh, claonadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ar bhóithre nó droichid phoiblí do bheirtear dóibh le Cuid II den Acht so chun scéim cheadaithe do chur i ngníomh ach san fá réir na bhforál atá san Acht so i dtaobh dúnadh, claonadh, díochur, báthadh, nó cur isteach eile do dhéanamh ag an mBord ar bhóithre agus droichid phoiblí, agus

[EN]

(c) cumhacht, le toiliú an Aire, chun iomlán an iascaigh nó an chirt iascaireachta san nó aon chuid den chéanna do leithliú trí léas nó do ligean trí cheadúnas chun pé daoine, ar feadh pé tréimhse, ar pé cíos, agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an Bord, le toiliú an Aire, do bheith ceart.

[EN]

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 17 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935), maidir le hairgead a gheobhaidh nó chaithfidh an Bord i bhfeidhmiú a gcumhacht fán alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le hairgead a gheobhaidh nó chaithfidh an Bord i gcomhlíonadh na ndualgas a luaitear san alt san 17.

[EN]

Usáid ioncaim an Bhuird as iascaigh.

17.—(1) An t-ioncam a gheobhaidh an Bord as na dualgais do chomhlíonadh a cuirtear ar an mBord leis an Acht so maidir le hiascaigh agus cearta iascaireachta thógfaidh an Bord fán gCuid seo den Acht so nó fá Acht Taisc-Iomar na Life, 1936 (Uimh. 54 de 1936), déanfar, tar éis na costais uile do ghlanadh fána raghaidh an Bord ag comhlíonadh na ndualgas san agus is inmhuirir le ceart ar ioncam, é d'úsáid chun na gcríoch so leanas san ord so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun an t-ús go léir d'íoc is iníoctha sa bhliain reatha leis an Aire Airgeadais nó bheas dlite dhó in aghaidh aon bhliana roimhe sin ar réamhíocanna arna ndéanamh fán Acht so ag an Aire sin leis an mBord i leith na hiascaigh agus na cearta iascaireachta san do thógaint;

[EN]

(b) chun pé suimeanna, a mheasfaidh an Bord, le haontú an Aire, is ceart do chur i leataoibh i gcóir cúl-chiste, leathnuithe, agus críocha eile dá samhail a bhainfeas le comhlíonadh na ndualgas san;

[EN]

(c) chun an t-airgead go léir d'íoc is iníoctha sa bhliain reatha leis an Aire Airgeadais nó bheas dlite dhó in aghaidh aon bhliana roimhe sin ar cuntas aisíoctha na réamhíocanna san;

[EN]

(d) chun leithreasú do dhéanamh chun aon chríche eile mheasfaidh an Bord is ceart.

[EN]

Cúiteamh d'fhostaithe áirithe iascaigh agus do dhaoine eile.

18.—(1) Gach duine chuirfeas ina luighe ar an mBord nó ar an eadránaí—

[EN]

(a) go raibh sé ag gabháil de thrádáil nó ar shlí eile ar brabús d'iascaireacht in uiscí aon abhann nó go raibh sé ar fostú ar luach saothair ag duine ar bith chun na hiascaireachta san nó go raibh sé ag gabháil d'iascaireacht amhlaidh agus ar fostú amhlaidh, agus

[EN]

(b) gur bhain cailliúint bhrabúis nó cailliúint tuillimh dó de dhroim an Bord do dhéanamh aon chur-isteach fán Acht so ar uiscí na habhann san nó ar aon iascach inti nó ar aon cheart iascaireachta uirthi,

[EN]

beidh teideal aige (fá réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt so) chun an Bord d'íoc cúitimh leis sa chailliúint sin bhrabúis nó tuillimh nó bhrabúis agus tuillimh, do réir mar bheas, do bhain dó.

[EN]

(2) Is mar leanas a háireofar an cúiteamh is iníoctha le haon duine fán alt so, sé sin le rá, in aghaidh gach lán-tsaosúir oscailte iascaireachta a raibh an duine sin ar a fheadh ag gabháil d'iascaireacht nó ar fostú nó ag gabháil d'iascaireacht agus ar fostú mar a luaitear sa bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, gheobhaidh an duine sin suim is ionann agus ceithre oiread an mheán-tuillimh nó na meán-pháighe nó an mheán-tuillimh agus na meán-pháighe do gheibheadh an duine sin sa tseachtain as bheith ag gabháil d'iascaireacht nó bheith ar fostú amhlaidh ar feadh an lán-tsaosúir oscailte iascaireachta díreach sara ndearna an Bord an cur isteach a luaitear sa bhfó-alt san, ach san fá réir na teorann ná beidh an cúiteamh san níos mó in aon chás ná dhá oiread chaogad an mheán-tuillimh nó na meán-pháighe nó an mheán-tuillimh agus na meán-pháighe sin sa tseachtain, pé acu é.

[EN]

(3) Ní bheidh duine i dteideal cúitimh ar bith fán alt so má cuirtear ina luighe ar an eadránaí go mbeidh an duine sin, toisc an Bord dá gheallúint an duine sin do choimeád ar fostú nó ar aon chúis eile, gan aon chailliúint ná laghdú tuillimh nó fostaíochta do bhaint dó de dhroim an churtha isteach ag an mBord.

[EN]

(4) Déanfar an ceart chun cúitimh agus méid an chúitimh (más ann) fán alt so do chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fé is dá mba é bheadh sa chúiteamh san an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

[EN]

Comhaltaí ex-officio de bhuird choimeádaithe do cheapadh.

19.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, arna leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), maidir le haon iascach a thógfaidh an Bord fán gCuid seo den Acht so, agus in ionad an ailt sin 6 arna leasú amhlaidh achtaítear leis seo—

[EN]

(a) má bhíonn agus faid a bheas an Bord ina únaer, ina léasaí, nó ina shealbhaire ar aon iascach den tsórt san do bhí, an 1ú lá d'Eanar, 1931, ina iascach ar leithligh nó ina iascach aon-chirt do réir bhrí an ailt sin 6, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas, sé sin le rá, más rud é, ar an dáta ar a ngearrfaidh an bord coimeádaithe don cheanntar iascaigh ina mbeidh an t-iascach san an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt luacháil an iascaigh sin fá na hAchta Luachála, beidh an Bord i dteideal duine amháin d'ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex-officio, maidir leis an iascach san, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh an t-iascach san, agus

[EN]

(b) má bhíonn agus faid a bheas an Bord ina únaer, ina léasaí, nó ina shealbhaire ar dhá iascach nó níos mó den tsórt san sa cheanntar iascaigh céanna a raibh gach ceann fá leith dhíobh, an 1ú lá d'Eanar, 1931, ina iascach ar leithligh nó ina iascach aonchirt do réir bhrí an ailt sin 6, beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá, más rud é, ar an dáta ar a ngearrfaidh an bord coimeádaithe don cheanntar iascaigh sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt san iomlán luachála na n-iascach san fá na hAchta Luachála, beidh an Bord i dteideal duine amháin d'ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta isacaigh eile ina chomhalta ex-officio, maidir leis na hiascaigh sin, de bhord choimeádaithe an cheanntair ina mbeidh na hiascaigh sin.

[EN]

(2) Má bhíonn an Bord i dteideal, fán bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dhá chomhalta ex-officio nó níos mó de bhord choimeádaithe d'ainmniú, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh an Bord i dteideal pé méid comhaltaí ex-officio (pé acu comhalta amháin nó níos mó ná san é) den bhord choimeádaithe sin d'ainmniú a mheasfas an Bord is ceart, ach gan é bheith níos mó ná an méid iomlán comhaltaí den tsórt san a bheas an Bord i dteideal d'ainmniú fán bhfó-alt san;

[EN]

(b) gach comhalta ex-officio den bhord choimeádaithe sin ainmneoidh an Bord amhlaidh, ainmneofar é chun aon iascach nó grúpa iascach sonnraithe amháin nó níos mó d'ionadú a mbeidh an Bord i dteideal, fán bhfó-alt san, comhaltaí ex-officio den bhord choimeádaithe sin d'ainmniú ina leith, ach san i slí go ndéanfaidh na comhaltaí ex-officio sin a hainmneofar amhlaidh na hiascaigh nó na grúpaí iascach uile a mbeidh an Bord i dteideal mar adúradh comhaltaí ex-officio den bhord choimeádaithe sin d'ainmniú ina leith d'ionadú eatorthu;

[EN]

(c) gach comhalta ex-officio den bhord choimeádaithe sin ainmneoidh an Bord amhlaidh, beidh aige agus beidh infheidhmithe aige ag cruinnithe den bhord choimeádaithe sin uimhir de vótanna is ionann agus an uimhir (pé acu ceann amháin nó níos mó é) d'iascaigh nó de ghrúpaí iascach a mbeidh sé ainmnithe fán mír dheiridh sin roimhe seo den fhó-alt so chun iad d'ionadú.

[EN]

(3) Duine a hainmneofar fán alt so chun bheith ina chomhalta ex-officio de bhord choimeádaithe, beidh aige agus beidh infheidhmithe aige mar chomhalta den tsórt san, fá réir an fhó-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dó, na cearta agus na príbhléidí uile do bheirtear le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, do dhuine is comhalta ex-officio de bhord choimeádaithe fán alt san.

[EN]

Cumhachta oifigeach agus seirbhíseach áirithe don Bhord.

20.—Gach oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bheas údaraithe i scríbhinn ag an Aire Talmhaíochta chun na cumhachta do bheirtear le halt 24 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), d'fheidhmiú, beidh aige agus beidh infheidhmithe aige gach cumhacht nó aon chumhacht dá dtugtar leis an alt san 24 d'oifigeach nó seirbhíseach do bhord choimeádaithe bheas údaraithe i scríbhinn ag an mbord san chun na cumhachta do bheirtear leis an alt san d'fheidhmiú agus chuige sin léireofar an t-alt san 24 agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh oifigigh agus seirbhísigh don Bhord a bheas údaraithe mar adúradh luaite go follas ann.

[EN]

Saor-bhearnaí i gcoraí do dhúnadh.

21.—(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta tráth ar bith le hordú, má mheasann sé gur ceart é, a údarú don Bhord, chun eolas staidrimh d'fháil agus chun taighdeadh eolaíochta do dhéanamh nó chun ceachtar críoch acu san, an tsaor-bhearna, in aon chora shonnraithe is leis an mBord in aon abhainn ina mbeidh iascach nó ceart iascaireachta tógtha ag an mBord fán gCuid seo den Acht so, do dhúnadh pé trátha agus ar feadh pé tréimhsí agus fá réir pé coinníollacha agus i pé slí shonnróidh sé san ordú san.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire Talmhaíochta, le hordú fán alt so, a údarú don Bhord an tsaor-bhearna i gcora do dhúnadh beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) d'ainneoin éinní atá sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, is dleathach don Bhord an tsaor-bhearna san do dhúnadh fá réim agus do réir an orduithe sin;

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag alt 10 den Fisheries (Ireland) Act, 1845, maidir le haon chosc a chuirfidh an Bord sa tsaor-bhearna san fá réim agus do réir an orduithe sin.

[EN]

Saosúir choiscthe sheachtainiúla d'athrú.

22.—Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, athrú do dhéanamh, fé mar is dóigh leis is ceart, ar an saosúr coiscthe seachtainiúil a ceaptar le halt 20 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, maidir le haon abhainn a mbeidh an Bord tar éis iascach nó ceart iascaireachta do thógaint inti fán gCuid seo den Acht so, ach ní dhéanfaidh an tAire sin le haon ordú den tsórt san aon tsaosúr coiscthe seachtainiúil den tsórt san d'fhaidiú go dtí níos mó ná dhá uair sheachtód a chloig ná aon tsaosúr coiscthe seachtainiúil den tsórt san do ghiorrú go dtí níos lú ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig.

[EN]

Srian leis an uimhir de cheadúnais iascaireachta áirithe.

23.—(1) Aon uair a thógfas an Bord iascach nó ceart iascaireachta fán gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú, má mheasann sé gur ceart é, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a ordú cad é an méid uasta ceadúnas iascaireachta le sruth-líonta in uiscí taoide (do réir bhrí na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944) na habhann ina mbeidh an t-iascach nó an ceart iascaireachta san a féadfar a thabhairt amach in aon bhliain ina dtosnóidh an saosúr oscailte don iascaireacht san tar éis dáta an orduithe sin;

[EN]

(b) a ordú cad é an méid uasta ceadúnas iascaireachta le líonta tarrainge nó le saighne sna huiscí taoide sin a féadfar a thabhairt amach in aon bhliain ina dtosnóidh an saosúr oscailte don iascaireacht san tar éis dáta an orduithe sin;

[EN]

(c) rialacháin do dhéanamh maidir le ceadúnais den tsórt a luaitear i gceachtar de na míreanna san roimhe seo den fhó-alt so do thabhairt amach d'fhonn ceart tosaíochta d'áirithiú do dhaoine ag á raibh ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarrainge nó saighne den tsórt san (pé acu é) an bhliain roimh dháta an orduithe sin chun ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarrainge nó saighne den tsórt san (pé acu é) do cheannach roimh thosach aon tsaosúir oscailte iascaireachta fá na ceadúnais sin a mbeidh an méid ceadúnas den tsórt san ina aghaidh teoranta leis an ordú san.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire Talmhaíochta ordú fán alt so á ordú cad é an méid uasta ceadúnas d'aon tsórt áirithe a féadfar a thabhairt amach maidir le huiscí taoide aon abhann áirithe in aon tsaosúr oscailte áirithe, ní mó an méid ceadúnas den tsórt san do bhéarfar amach maidir leis na huiscí taoide sin in aon tsaosúr oscailte den tsórt san ná an méid uasta a hordófar amhlaidh.

[EN]

(3) Ní léireofar éinní dá bhfuil san alt so mar ní dhéanann difir in aon tslí do chumhachta an Aire Thalmhaíochta chun orduithe nó fó-dhlithe do dhéanamh fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944.

[EN]

(4) Má ciontaítear duine i gcionta fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, nó fán Acht so, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil fán alt so.

[EN]

An Bord do dhéanamh coraí iascaireachta.

24.—(1) Aon uair a dhéanfas an Bord gach iascach (más ann) agus gach ceart iascaireachta (más ann) in abhainn do thógaint fán gCuid seo den Acht so féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Thalmhaíochta agus d'ainneoin éinní atá sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, cora iascaireachta do dhéanamh san abhainn sin chun críocha gach ceann nó aon cheann de na hiascaigh (más ann) agus de na cearta iascaireachta (más ann) a tógfar amhlaidh agus féadfaid an chora iascaireachta déanfar amhlaidh do chothabháil as san amach.

[EN]

(2) Aon uair a thógfas an Bord cora iascaireachta fá réim agus de bhuaidh an Achta so féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Thalmhaíochta agus d'ainneoin éinní atá sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, ceachtar ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an chora iascaireachta san do chothabháil agus, chun críocha na cothabhála san, an chora iascaireachta san d'athdhéanamh nó do dheisiú, nó

[EN]

(b) cora iascaireachta nua do dhéanamh ar láithreán na corann iascaireachta san nó ar láithreán eile in ionad na corann iascaireachta tógfar amhlaidh agus an chora iascaireachta nua san do chothabháil as san amach.

[EN]

Toirmeasc ar sciob-líonta.

25.—(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, más oiriúnach leis é ar an mBord dá iarraidh sin, toirmeasc do chur, le hordú, ar cheadúnais do thabhairt amach fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, chun iascaireachta le sciob-líon in uiscí taoide (do réir bhrí na nAcht san) aon abhann a mbeidh an Bord tar éis iascach nó ceart iascaireachta do thógaint inti fán gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Aon uair a bheas ordú déanta ag an Aire Talmhaíochta fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so ní déanfar aon cheadúnas do thabhairt amach fá na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, contrártha don ordú san.

CUID IV.

Cuiteamh.

[EN]

Praghas nó cúiteamh do mheisiúnú.

26.—(1) Déanfar méid an phraghais nó an chúitimh a bheas le n-íoc ag an mBord, as aon talamh a thóghfaidh an Bord (go buan nó go sealadach) fán Acht so, leis na daoine uile agus fá seach a mbeidh teideal acu chuige nó eastáit nó leasa acu ann nó as aon éasáid, cead slí, iascach, ceart iascaireachta, ceart uisce, nó ceart eile nó i leith aon cheann acu san a thógfaidh an Bord (go buan nó go sealadach) fán Acht so lena únaer nó leis na daoine uile agus fá seach a mbeidh teideal acu chun an tailimh nó eastáit nó leasa acu sa talamh ar air nó maidir leis a tógfar an ceart san amhlaidh, do cheapadh, cheal comhaontuithe, fá réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(2) Déanfar méid an chúitimh a bheas le n-íoc ag mBord as foirceannadh nó srianadh nó cur isteach eile (buan nó sealadach) a dhéanfaidh an Bord fán Acht so ar aon éasáid, cead slí, iascach, ceart iscaireachta, ceart uisce, nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith nó as claonadh, dúnadh, báthadh, díochur, nó cur isteach eile (buan nó sealadach) a dhéanfaidh an Bord fán Acht so ar aon bhóthar, bealach, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saordha eile nó ar aon uisce-chúrsa saordha nó as cur isteach (buan nó sealadach) a dhéanfaidh an Bord fán Acht so ar aon talamh, do cheapadh, cheal comhaontuithe, fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fé is dá mba é bheadh sa chúiteamh san an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

[EN]

(3) Nuair a bheas aon phraghas nó cúiteamh á mheisiúnú de bhun an ailt seo i leith aon mhaoine, corpartha nó neamhchorpartha, a bheas á sealbhú nó á húsáid nó á teachtadh i dteannta aon mhaoine eile nó is cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar áird ar aon tsochar i bhfoirm siltin nó i bhfoirm feabhsú ar sholáthar uisce a mbeadh sé réasúnach súil a bheith lena theacht don mhaon eile sin de bhíthin aon oibreacha bheas déanta nó á ndéanamh nó ar tí a ndéanta ag an mBord fán Acht so.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht ina dhiaidh sin nó fé) maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníochta ag an mBord fán alt so agus maidir le maoin, corpartha nó neamhchorpartha, a thógfaidh an Bord fán Acht so do leithliú chun an Bhuird, agus chun críche na feidhme sin is tuigthe gurb iad an Bord bunathóirí an ghnóthais.

[EN]

(5) Ní luighfidh aon aicsean dlí ná cothromais i gcoinne an Bhuird ná aon chonnarthóra ná aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord nó d'aon chonnarthóir i dtaobh ná i leith aon ghnímh, ní, nó ruda a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith de bhuaidh an ailt seo.

[EN]

An tréimhse chun praghas nó cúiteamh d'éileamh.

27.—(1) Gach éileamh ar an bpraghas le haghaidh nó an cúiteamh i leith aon tailimh, éasáide, cirt, nó maoine eile (corpartha nó neamhchorpartha) a thógfaidh an Bord nó a gcuirfidh an Bord isteach air fán Acht so, déanfar é laistigh de bhliain tar éis don Bhord dul isteach, feidhmiú, nó cur isteach do dhéanamh fán Acht so den chéad uair ar an talamh, ar an éasáid, ar an gceart, nó ar an maoin sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfó-alt san roimhe seo den alt so maidir le héilithe ar chúiteamh as cur isteach do dhéanamh ar iascach nó ar cheart iascaireachta agus, ina ionad san, is fán gceád alt ina dhiaidh seo déanfar gach éileamh den tsórt san agus beidh feidhm agus éifeacht ag forála an ailt sin maidir leis na héilithe sin.

[EN]

Cúiteamh i ndíobháil d'iascach.

28.—(1) Fá réir na cumhachta agus gan dochar don chumhacht do bheirtear don Bhord le Cuid III den Acht so chun iascaigh agus cearta iascaireachta do thógaint, dlífidh an Bord cúiteamh (dá ngairmtear cúiteamh i ndíobháil d'iascach san Acht so) d'íoc le gach duine dá mbainfidh cailliúint nó damáiste de dheascaibh díobhála d'iascach nó do cheart iascaireachta bheas ar únaeracht aige i gcás an díobháil sin do theacht le linn oibreacha udro-leictreacha dhéanfaidh an Bord de bhun scéime ceadaithe do bheith á ndéanamh nó trí oibriú generálta na n-oibreacha san nó trí aon mhodh nó cúrsa áirithe oibrithe nó aon mhainneachtain áirithe maidir le hoibriú na n-oibreacha san.

[EN]

(2) Gach iarratas ar chúiteamh fán alt so, déanfar é i scríbhinn chun an Bhuird laistigh de dheich mbliana tar éis an dáta adeirtear do thárla nó do thosnaigh an díobháil ar ina leith a bheas an cúiteamh san á éileamh.

[EN]

(3) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fán alt so—

[EN]

(a) maidir le díobháil d'iascach nó do cheart iascaireachta thógfaidh an Bord fán Acht so, ná

[EN]

(b) maidir le díobháil ná beidh aon iarratas ar an gcúiteamh san déanta go cuibhe ina taobh laistigh den am a ceaptar chuige sin leis an bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

[EN]

(4) Déanfar an ceart chun cúitimh agus méid an chúitimh (más ann) fán alt so do chinneadh fá réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fé is dá mba é bheadh sa chúiteamh san an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

[EN]

(5) Ní luighfidh aon aicsean dlí ná cothromais i gcoinne an Bhuird ná aon chonnarthóra ná aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord nó d'aon chonnarthóir i dtaobh ná i leith aon díobhála a mbeidh cúiteamh iníoctha fán alt so nó a ndearbhaítear go follas leis an alt so gan cúiteamh do bheith iníoctha fán alt so ina leith.

[EN]

Oibreacha do dhéanamh in ionad cúiteamh d'íoc.

29.—(1) Má bhíonn teideal, iarbhfír nó ionchasach, ag duine chun cúitimh i leith éinní bheas déanta nó bheas beartaithe a dhéanamh go dleathach ag an mBord fán Acht so, féadfaidh an Bord pé oibreacha do dhéanamh chun tairbhe don duine sin a mheasfaidh an Bord is ceart agus a aontóidh an duine sin do ghlacadh mar shásamh nó mar shásamh leathrannach ina éileamh ar an gcúiteamh san.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áiritear téarmaí i dtaobh únaerachta, seilbhe, agus stiúrtha na n-oibreacha san) ar a gcomhaontóidh an Bord agus an duine ar chun tairbhe dhó a déanfar na hoibreacha amhlaidh do chur le déanamh aon oibreacha fán alt so.

[EN]

CUID V.

Cumhachta agus Dualgais Áirithe de chuid an Bhuird.

[EN]

An Bord do dhéanamh, etc., oibreacha iompair.

30.—(1) (a) Féadfaidh an tAire, ar an mBord dá irraidh sin, ordú (dá ngairmtear ordú oibreacha iompair san alt so) do dhéanamh fán bhfó-alt so á údarú don Bhord na hoibreacha iompair a luafar ann do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú chun an Bord do chomhlíonadh aon choda dá fheadhmanna fá na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, nó fán Acht so, agus san i pé slí agus fá réir pé srianta agus forál agus ar pé téarmaí mheasfaidh an tAire is ceart agus a luafaidh san ordú;

[EN]

(b) beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú oibreacha iompair dréacht den ordú bheartaithe, plean de na hoibreacha iompair beartaithe agus leabhar eolais don phlean san, agus beidh an dréacht, an plean agus an leabhar eolais sin i pé foirm ordóidh an tAire;

[EN]

(c) má déantar iarratas ar ordú oibreacha iompair déanfaidh an Bord, má cheanglann an tAire orthu é,—

[EN]

(i) cóip den phlean agus den leabhar eolais do bhí ag gabháil leis an iarratas do lóisteáil, agus do chur ar fáil chun a n-iniúchta, do réir ordachán an Aire,

[EN]

(ii) pé fógraí shonnróidh an tAire chuige sin d'fhoillsiú do réir ordachán an Aire.

[EN]

(2) Chun na cumhachta do bhéarfar don Bhord le hordú oibreacha iompair d'fheidhmiú, is dleathach don Bhord gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon talamh nó aon éasáid, cead slí, nó ceart eile ar aon talamh nó maidir le haon talamh, do thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta);

[EN]

(b) foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon éasáid, cead slí, nó ceart eile ar aon talamh nó maidir le haon talamh;

[EN]

(c) claonadh, dúnadh, díochur, nó cur isteach eile do dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon bhóthar, slí, nó droichead príobháideach;

[EN]

(d) fá réir forál an Achta so, dúnadh, claonadh, díochur, nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon bhóthar nó droichead poiblí.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach ordú oibreacha iompair—

[EN]

(a) bheidh san ordú pé forála mheasfaidh an tAire is gá nó is oiriúnach chun críocha an orduithe;

[EN]

(b) gan dochar do gheneráltacht míre (a) den fhó-alt so—

[EN]

(i) sonnróidh an t-ordú an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair lena mbainfidh an t-ordú le déanamh,

[EN]

(ii) féadfaidh forála bheith san ordú i dtaobh an mhodha ar a mbeidh na hoibreacha iompair sin le hoibriú agus le cothabháil,

[EN]

(iii) beidh san ordú forála ag téorannú úsáide na n-oibreacha iompair sin chun críocha bhainfeas le comhlíonadh a fheadhmanna fá na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, nó fán Acht so, ag an mBord, agus chun pé críocha eile (más ann) a sonnrófar san ordú,

[EN]

(iv) bheidh san ordú na forála uile mheasfaidh an Aire is ceart chun an phoibhlíocht i gcoitinne agus aon daoine lena mbainfidh an t-ordú do chosaint,

[EN]

(v) féadfaidh aon fhorála (lena n-áirítear forála pionósacha) dá mbeidh in aon achtachán a bhaineas le hiarnróid bheith san ordú, fá réir pé athruithe agus modhnuithe mheasfaidh an tAire is ceart,

[EN]

(vi) féadfaidh foráil do bheith san ordú i dtaobh aon cheisteanna sonnraithe éireos fé do chinneadh trí eadrán,

[EN]

(vii) maidir le feidhmiú na gcumhacht do bheirtear don Bhord le fó-alt (2) den alt so, féadfaidh forála sa chéill chéanna leis na forála atá in alt 8 den Acht so bheith san ordú,

[EN]

(viii) féadfaidh pé forála ghabhas nó bhaineas le héinní de na nithe adúradh, agus a mheasfaidh an tAire is gá agus is ceart, bheith san ordú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fán bhfó-alt so, ordú oibreacha iompair do leasú.

[EN]

(5) Beidh éifeacht reachtúil ag gach ordú déanfar fán alt so.

[EN]

(6) Má dhéanann an tAire ordú oibreacha iompair, féadfaidh rialacháin (ná beidh ar neamh-réir leis an ordú) do dhéanamh maidir leis an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair lena mbainfidh an t-ordú le cothabháil agus le hoibriú, agus comhlíonfaidh an Bord aon rialachán den tsórt san.

[EN]

(7) San alt so ciallaíonn an abairt “oibreacha iompair” aon oibreacha is—

[EN]

(a) iarnród, nó

[EN]

(b) trambhealach.

[EN]

An Bord do dhéanamh fearais leictriúil, etc.

31.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire ná fuil agus nach dócha go mbeidh riar leordhóthanach éifeachtúil ar na riachtanais a bheas le linn na huaire sin nó is dócha bheas ina dhiaidh sin sa Stát le haon tsaghais áirithe fearais nó inneallra nó gléasra chun leictreachas do ghiniúin, do thiomarnú, d'iomdháil, nó d'úsáid, á déanamh ag gnóluchta bheas bunaithe go dleathach an uair sin sa Stát, féadfaidh an tAire má mheasann sé gur ceart é, a údarú, fá réir forál an ailt seo, don Bhord an saghas áirithe sin fearais nó inneallra nó gléasra den tsórt san do dhéanamh nó socrú do cheapadh chun é dhéanamh do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an Aire do thabhairt aon údaráis den tsórt a luaitear sa bhfó-alt san roimhe seo den alt so don Bhord, sé sin le rá:—

[EN]

(a) sara dtuga an tAire aon údarás den tsórt san cuirfidh sé fá ndear fógra i dtaobh é bheith ar intinn an t-údarás san do thabhairt d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile chífear don Aire a bhéarfas le fios do dhaoine lena mbainfidh an scéal go bhfuil sé ar an intinn sin;

[EN]

(b) déarfar i ngach fógra den tsórt san cad é an saghas fearais, inneallra, nó gléasra a mbeidh an t-údaras san le baint leis agus go bhféadfaidh duine ar bith, laistigh d'am áirithe (nach giorra ná tríocha lá tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil), agóid (agus na forais atá léi) do chur chun an Aire, i slí sonnrófar, i gcoinne an t-údarás san do thabhairt;

[EN]

(c) breithneoidh an tAire gach agóid den tsórt san a cuirfear chuige amhlaidh laistigh den am áirithe sin;

[EN]

(d) ar an am áirithe sin do bheith caite, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur ceart é ag féachaint do na hagóidí sin (más ann), an t-údarás san do thabhairt do réir na hintinne sin aige nó i pé foirm mhodhnaithe mheasfaidh is ceart ag féachaint do na hagóidí sin (más ann);

[EN]

(e) féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta (más ann) a mheasfaidh is ceart do chur ag gabháil le haon údarás den tsórt san.

[EN]

(3) Nuair a bheas an tAire tar éis údarás fán alt so do thabhairt don Bhord, féadfaidh an Bord, do réir téarmaí an údaráis sin, an fearas, an t-inneallra, nó an gléasra a luafar san údarás san do dhéanamh agus do dhíol iad féin nó féadfaid socrú do cheapadh chun a dhéanta agus a dhíolta ag daoine eile.

[EN]

(4) Má dhéanann an Bord socrú fán alt so chun daoine eile do dhéanamh agus do dhíol fearais, inneallra, nó gléasra, féadfaidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, le toiliú an Aire agus fá réir pé coinníollacha (más ann) fhorchuirfidh sé, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuideachta theoranta (a chomhlíonfas na forála ina dhiaidh seo den alt so) do bhunú, uathu féin nó i dteannta daoine eile, le haghaidh na déantóireachta agus an díolta san, nó

[EN]

(b) aon ghnóthas bheas ag gabháil don déantóireacht agus don díol san do thógaint, go hiomlán nó i bpáirt, nó

[EN]

(c) cabhair i bhfoirm súncála, iasachta, réamhíoca, nó ráthaíochta do thabhairt do dhuine ar bith bheas ag gabháil don déantóireacht agus don díol san.

[EN]

(5) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach cuideachta theoranta bhunóidh an Bord (uathu féin nó i dteannta daoine eile) fán alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní foláir aontú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, d'fháil le meamram agus airteagail chomhlachais na cuideachtan san;

[EN]

(b) forálfaidh na hairteagail chomhlachais sin go mbeidh an Bord i dteideal stiúrthóir amháin ar a laghad ar an gcuideachtain sin do cheapadh as comhaltaí agus oifigigh an Bhuird;

[EN]

(c) déanfar cuntais na cuideachtan san do chur fá bhráid an Aire gach bliain agus iad d'iniúchadh (ar chostas na cuideachtan san) ag iniúchóir lena n-aontóidh an tAire;

[EN]

(d) bhéarfaidh an chuideachta sin don Aire pé eolas i dtaobh a gnótha iarrfaidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(6) Beidh an Bord i dteideal, chun críoch a bhfeadhmanna fán alt so, paitinní agus marcanna trádála d'fháil agus do shealbhú agus airgead do chaitheamh ar réamhthaighdeadh.

[EN]

(7) Má dhéanann agus má dhíolann an Bord féin fearas, inneallra, nó gléasra fán alt so, coimeádfaidh an Bhord cuntais ar leith i dtaobh na déantóireachta agus an díola san agus cuirfidh na cuntais sin (arna n-iniúchadh) fá bhráid an Aire maraon le pé eolas eile i dtaobh na déantóireachta agus an díola san iarrfaidh an tAire.

[EN]

Leictreachas do cheannach agus do dhíol lasmuigh den Stát.

32.—(1) Na cumhachta reachtúla atá ag an mBord chun leictreachas do cheannach ina uirmhéid agus é d'athdhíol le húsáidirí aonair bainfid leis an mBord do cheannach leictreachais ina uirmhéid ó dhaoine lasmuigh den Stát agus le hathdhíol an leictreachais sin le húsáidirí sa Stát, agus údaróid an céanna.

[EN]

(2) Na cumhachta reachtúla atá ag an mBord chun leictreachas do dhíol ina uirmhéid bainfid le leictreachas do dhíol ina uirmhéid le príomh-údaráis nó le húdaráis áitiúla nó le daoine eile lasmuigh den Stát, agus údaróid an céanna, agus na cumhachta reachtúla atá ag an mBord chun leictreachas do dhíol le húsáidirí aonair bainfid le leictreachas do dhíol trína iomdháil ar úsáidirí aonair lasmuigh den Stát, agus údaróid an céanna.

[EN]

(3) Chun gach cumhacht nó aon chumhacht d'fheidhmiú de na cumhachta leathnaithe dílsítear sa Bhord de bhuaidh na bhforál san roimhe seo den alt so, is dleathach don Bhord gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) socruithe do dhéanamh le príomh-údaráis nó le húdaráis áitiúla agus le daoine eile lasmuigh den Stát;

[EN]

(b) córais tiomarnaíochta agus oibreacha eile do dhéanamh, nó socrú do cheapadh chun a ndéanta, i bpáirt nó go hiomlán lasmuigh den Stát;

[EN]

(c) gach ní do dhéanamh a bhainfeas nó gheobhas le feidhmiú na gcumhacht leathnaithe sin;

[EN]

(d) na costais agus an caiteachas, fána raghfar ag feidhmiú na gcumhacht leathnaithe sin nó ag déanamh éinní dá n-údaraítear leis an bhfó-alt so, d'íoc i bpáirt nó go hiomlán.

[EN]

Dualgais an Bhuird maidir le bóithre agus droichid phoiblí.

33.—(1) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht so dúnadh, claonadh, báthadh, díochur, nó cur isteach eile do dhéanamh ar bhóthar nó droichead poiblí chun aon oibreacha do dhéanamh (pé acu de bhun scéime ceadaithe nó ar shlí eile fán Acht so é), beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más gá, chun na hoibreacha san do dhéanamh, an bóthar nó an droichead san do dhúnadh i gcoinne tráchta, ansan, do réir mar a mheasfaid is ceart, déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin fán gcéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so) agus (faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta) cothabhálfaid bóthar nó droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a bhíos ar an mbóthar nó ar an droichead dúnta san de ghnáth, nó d'eile, sonnróid, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, cúrsa eile chun a úsáite faid a bheas an bóthar nó an droichead san dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta;

[EN]

(b) déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin fán gcéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so), ar dhéanamh na n-oibreacha san do chríochnú nó roimhe sin, pé ní de na nithe seo leanas a mheasfaid is ceart, sé sin le rá:—

[EN]

(i) déanfaid an bóthar nó an droichead dúnta san d'athchóiriú, nó

[EN]

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid buan-bhóthar nó buan-droichead nua is leor chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) d'iompar d'fhéad an bóthar nó an droichead dúnta san d'iompar sarar dúnadh é, agus gan é mórán níos neamh-chaothúla maidir le fána agus cuar ná an bóthar nó an droichead dúnta san, nó

[EN]

(iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú, nó eile) i slí gur leor é chun an trácht is dócha bheas air d'iompar agus ná beidh sé morán níos neamh-chaothúla ná an bóthar nó an droichead dúnta san;

[EN]

(c) má dhéanann an Bord buan-bhóthar agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí gur feabhas mór ar bhóthar do bhí ann cheana an bóthar san, beidh muirear pé coda de chostas déanta an bhóthair sin ordóidh an tAire sin agus a híoc leis an mBord ar pé údarás áitiúil nó údaráis áitiúla ordóidh an tAire sin agus san (i gcás dhá údarás nó níos mó den tsórt san) i pé cionúireachta ordóidh an tAire sin;

[EN]

(d) más gá, chun an Bord do dhéanamh bóthair nua, cladhphort nó obair dá shamhail nó droichead do dhéanamh agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí go mba cheart cuid de chostas chothabhála na hoibre nó an droichid sin (seachas foraghaidh an bhóthair) do bheith ina muirear ar an mBord, beidh muirear agus íoc pé coda den chostas chothabhála san a ordóidh an tAire sin ar an mBord;

[EN]

(e) má dhéanann an Bord buan-droichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann an droichead san do phoiblíocht aon chontae nó bailecheanntair ná mar do thug an sean-droichead, pé acu trí shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh nó trí éinní eile é, deimhneoidh an Bord costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí cad é an chuid den chostas san is dóigh leis ba chóir do réir réasúin do bheith ina muirear ar chomhairle na contae nó an bhailecheanntair sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is ionann agus an chuid a bheas deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de na costais a bhainfeas le bóithre do chothabháil agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í;

[EN]

(f) má éiríonn aon amhras, díospóid, nó ceist i dtaobh cé acu chomhlíon nó nár chomhlíon an Bord na forála iomchuibhe den alt so maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach do dhéanamh nó do chothabháil nó aon bhuan-bhóthar nó buan-droichead do dhéanamh nó bóthar nó droichead láithreach d'athchóiriú nó bóthar ionaid nó droichead ionaid láithreach d'fheabhsú (pé acu san é) de bhun an ailt so, nó i dtaobh cé acu bheireann nó ná tugann buan-droichead nua do rinne an Bord do phoiblíocht aon chontae nó bailecheanntair buntáistí is mó de chuid mhaith ná mar do thug an sean-droichead, is é an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí do bhéarfas breith ar an amhras, ar an díospóid, nó ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith sin.

[EN]

(2) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht so bóthar nó droichead poiblí do dhúnadh, do bháthadh, nó do dhíochur go buan chun aon oibreacha do dhéanamh (pé acu de bhun scéime ceadaithe nó ar shlí eile fán Acht so é) agus gur deimhin leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, ná fuil gá, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, le bóthar nó droichead nua (pé acu é) in ionad an bhóthair nó an droichid do dúnadh, do báthadh, nó do díochuireadh amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag an bhfó-alt san roimhe seo den alt so maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) agus ar an ordú san do dhéanamh ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfó-alt san roimhe seo maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) agus beidh an Bord saor ó gach oblagáid maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) a cuirfí orthu, mura mbeadh an t-ordú san, leis an bhfó-alt san roimhe seo.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuibhe chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh éinní a ceangaltar ar an mBord nó a húdaraítear dóibh le fó-alt (1) den alt so do dhéanamh agus féadfaid freisin comhaontú chun airgead d'íoc leis an údarás áitiúil sin chun nó mar chabhair chun costais dhéanta an ní sin ag an údarás áitiúil sin.

[EN]

(4) Nuair a bheas athchóiriú bóthair nó droichid dhúnta nó déanamh buan-bhóthair nó buan-droichid nua nó feabhsú bóthair ionaid nó droichid ionaid láithrigh críochnaithe de bhun an ailt seo ag an mBord, bhéarfaidh an Bord i seilbh an údaráis áitiúil iomchuibhe, agus glacfaidh an t-údarás áitiúil sin, an bóthar nó an droichead do hathchóiríodh, do rinneadh, nó do feabhsaíodh amhlaidh (pé acu é), agus air sin beidh an Bord saor go buan (lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt go follas leis an alt so) ó gach dliteanas nó freagarthacht maidir leis an mbóthar nó an droichead san (pé acu é) do chothabháil.

[EN]

Cumhacht an Bhuird chun leibhéil lochanna d'athrú, etc.

34.—O dháta agus tar éis dáta na n-oibreacha dá bhforálfar le scéim cheadaithe do chríochnú, is dleathach don Bhord rialú agus, ó am go ham, athrú nó eile do dhéanamh, i pé slí mheasfaidh an Bord do bheith riachtanach chun na hoibreacha san d'oibriú nó do bheith ag gabháil lena n-oibriú, ar leibhéal aon locha, linne, nó uisce eile ar an abhainn nó i gceangal (go díreach nó go neamhdhíreach) leis an abhainn ar a mbeidh na hoibreacha san.

[EN]

Cumhachta agus dualgais i gcás talamh tógtha do bheith fá bhlianacht talamhcheannaigh, etc.

35.—Aon uair a thógfas an Bord go buan fán Acht so aon talamh a bheas, as féin nó i dteannta tailimh eile, fá bhlianacht talamhcheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suim bhliantúil eile (nach é amháin atá inti cíos fá chonnradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, ansan, amhail ón dáta ar a raghaidh an Bord isteach agus a ghlacfaid seilbh ar an talamh a bheas tógtha amhlaidh—

[EN]

(a) tiocfaidh chun bheith agus beidh de dhliteanas ar an mBord an tsuim bhliantúil sin, nó pé cuid di chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) ar an talamh san, d'íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó leis na Coimisinéirí sin (pé acu é) fé is dá n-aistríodh únaer an tailimh sin an talamh san chun an Bhuird ar an dáta san, agus

[EN]

(b) beidh an Bord i dteideal, más oiriúnach leis an mBord é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid di adúradh d'fhuascailt, agus

[EN]

(c) beidh d'oblagáid ar an mBord, má cheanglann Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) orthu é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid sin di adúradh d'fhuascailt.

[EN]

Talamh do thógaint in ionad cúiteamh d'íoc.

36.—Aon uair is dóigh leis an mBord go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamh-oiriúnach ar aon chúis eile cúiteamh d'íoc as tuiliú nó cur isteach eile do dhéanamh ar aon talamh fán Acht so, féadfaidh an Bord an talamh san do thógaint go buan fán Acht so trí chomhaontú nó go héigeanta.

[EN]

Cumhacht an Bhuird chun connarthóirí d'fhostú.

37.—(1) Aon uair a húdaraítear don Bhord leis an Acht so aon obair innealtóireachta nó tógála nó aon obair eile ar bith do dhéanamh, féadfaidh an Bord, in ionad an obair sin do dhéanamh iad féin trína n-oifigigh agus a seirbhísigh féin, connradh do dhéanamh le duine ar bith (dá ngairmtear connarthóir san Acht so) chun an duine sin do dhéanamh iomlán na hoibre sin nó aon chuid di agus féadfaidh chun na críche sin pé connartha agus comhaontuithe is gá do dhéanamh.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an Bord connradh fán alt so le duine ar bith chun an duine sin do dhéanamh aon oibre, féadfaidh an Bord, trí aon chonnradh nó comhaontú leis an duine sin, an ceart chun an obair sin do dhéanamh fán Acht so do thairmligean chuige, agus air sin beidh ag an duine sin, i gcomhréim leis an mBord, an ceart chun an obair sin do dhéanamh agus chun pé cumhachta dá dtugtar don Bhord leis an Acht so d'fheidhmiú is gá chun an obair sin do dhéanamh agus a sonnrófar chuige sin sa chonnradh nó sa chomhaontú san.

[EN]

(3) Na tagairtí atá san Acht so don Bhord do dhéanamh aon oibre nó ruda léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí fholaíos an obair nó an rud sin do dhéanamh ag connarthóir bheas fostaithe agus údaraithe chuige sin ag an mBord fán alt so.

[EN]

CUID VI.

Reamhiocanna don Bhord as an bPríomh-chiste.

[EN]

An tAire Airgeadais do thabhairt réamhíocanna don Bhord.

38.—(1) I dteannta na suimeanna a ceangaltar ar na Aire Airgeadais nó a húdaraítear dó leis na hAchta Leictreachtais (Soláthar), 1927 go 1942, do réamhíoc leis an mBord, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (fá réir na dteorann a forchuirtear leis an gcéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so) a theastós ón mBord chun aon chríche éireos as comhlíonadh a fheadhmanna fá na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, nó fán Acht so, seachas críocha nó feadhmanna fán Acht so a ndéantar socrú follas ina leith leis an Acht so chun an tAire Airgeadais do thabhairt réamhíocanna nó deontaisí don Bhord, do réamhíoc leis an mBord as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, fé mar iarrfas agus nuair iarrfas an Bord air é.

[EN]

(2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a réamhíocfar leis an mBord fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so thar suim seacht milleon agus chúig céad míle punt, agus ní raghaidh an tsuim a réamhíocfar amhlaidh chun aon scéim cheadaithe áirithe do chur i ngníomh thar an tsuim ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chuige sin leis an ordú ceadúcháin a bhainfeas leis an scéim cheadaithe sin nó le hordú ina dhiaidh sin ag leasú an orduithe cheadúcháin sin sa tslí sin.

[EN]

Airgead do sholáthar le haghaidh réamhíocanna as an bPríomh-Chiste.

39.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun socrú do dhéanamh chun suimeanna do réamhíoc as an bPríomh-Chiste fán Acht so nó chun na suimeanna uile a réamhíocfar amhlaidh nó aon chuid díobh d'aisíoc leis an gCiste sin nó chun aon urrúis do bhéarfar amach fán alt so do ghlanadh sa mhéid ná fuil aon tsocrú eile déanta ina thaobh san, airgead d'fháil ar iasacht tri pé urrúis do thabhairt amach a mheasfaidh is ceart, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis gach urrúis do bhéarfar amach fán alt so.

[EN]

An Bord d'aisíoc réamhíocanna a híocfar amach as an bPríomh-Chiste.

40.—(1) Gach suim a réamhíocfar as an bPríomh-Chiste leis an mBord fán Acht so (seachas suimeanna is inaisíoctha leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas) beidh sí inaisíoctha ag an mBord pé trátha, i pé slí, agus go n-ús do réir pé ráta ordóidh an tAire Airgeadais, agus gach suim den tsórt san maraon leis an ús uirthi tiocfaidh chun bheith agus beidh láithreach ina céad-mhuirear ar na hoibreacha dhéanfaidh an Bord fán Acht so (ar a n-áirítear oibreacha dhéanfaidh an Bord de bhun scéime ceadaithe) agus ina muirear so-ghluaiste ar an maoin go léir de gach aon tsaghas (ach amháin na hoibreacha san a dhéanfaidh an Bord amhlaidh) a bheas dílsithe sa Bhord nó ar únaeracht ag an mBord ó am go ham.

[EN]

(2) Ní oibreoidh aon mhuirear so-ghluaiste cruthnaítear leis an bhfó-alt san roimhe seo den alt so chun cosc nó srian do chur leis an mBord do choimhithiú aon mhaoine lena mbainfidh an muirear so-ghluaiste sin nó do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh cuibhe cumhacht agus dualgas reachtúil an Bhuird.

[EN]

(3) Gach muirear (sonnruch nó so-ghluaiste) a cruthnaítear leis an alt so beidh sé arna dhílsiú san Aire Airgeadais agus féadfaidh an tAire sin é d'fhorfheidhmiú do réir foirme cuibhe an dlí aon uair is dóigh leis is ceart san do dhéanamh agus pé acu bheas aon ús nó aon chaipiteal nó aon tráthchuid de chaipiteal a bheas urraithe leis an muirear san dlite agus gan íoc nó ná beidh.

[EN]

(4) An t-airgead go léir íocfaidh an Bord nó bainfear den Bhord i leith aisíoctha chaipitil nó íoctha úis suime do réamhíocadh leis an mBord fán alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste pé tráth agus i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

CUID VII

Ilghneitheach.

[EN]

Airgead do sholáthar chun tuath-líomatáistí do leictriú.

41.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airgead ná raghaidh a shuim thar cúig mhilleon punt do réamhíoc leis an mBord, fé mar iarrfas agus nuair iarrfas an Bord é, chun tuath-líomatáistí do leictriú.

[EN]

(2) An t-airgead go léir a réamhíocfar leis an mBord fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so is amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis do bhéarfar agus a híocfar é.

[EN]

(3) Déanfar leath amháin de mhéid iomlán an airgid a réamhíocfaidh an tAire Airgeadais leis an mBord fán alt so d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé tráth nó trátha ordóidh an tAire Airgeadais agus aisíocfaidh an Bord leath eile den mhéid iomlán san.

[EN]

(4) An t-airgead go léir a réamhíocfaidh an tAire Airgeadais leis an mBord fán alt so caithfidh an Bord é ar leathnú an tsoláthair leictreachais chun tuath-líomatáistí.

[EN]

Toirmeasc ar abhar creimtheach do scaoileadh.

42.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith, ach amháin le cead i scríbhinn ón mBord agus do réir na gcoinníoll i dtaobh ama, áite, agus modha luafar sa chead san, aon tsubstaint cheimiciúil ná substaint eile (soladach nó leachtach) do chur, do scaoileadh, ná do ligean, go díreach ná go neamhdhíreach, as aon talamh nó áitreabh nó áit ná as aon árthach isteach in aon abhainn a mbeidh stáisiún giniúna á dhéanamh nó á oibriú ag an mBord uirthi nó ar a bruacha ná isteach in aon abhainn nó sruth a chothaíos an abha san ná isteach in aon loch nó linn ná aon chanáil nó uiscebhealach saordha eile ná aon uisce-chúrsa saordha bheas i gceangal leis an abhainn sin, is substaint de shaghas do chreimfeadh, d'ídeodh, do chuirfeadh in aimhréidh, do stopfadh, do bhrisfeadh, nó do dhíobhálfadh ar shlí eile an stáisiún giniúna san nó aon chuid de nó aon oibreacha ghabhas nó bhaineas leis.

[EN]

(2) Gach duine chuirfeas nó scaoilfeas nó ligfeas, go díreach nó go neamhdhíreach, aon tsubstaint isteach in aon abhainn, sruth, loch, linn, canáil, uisce-bhealach saordha, nó uisce-chúrsa saordha contrártha don fhó-alt san roimhe seo den alt so, agus únaer an tailimh nó an áitribh nó na háite nó máistir agus fós únaer an árthaigh as a gcuirfear, a scaoilfear, nó ligfear an tsubstaint sin amhlaidh, beid ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlifear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur orthu agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

(3) Is cosaint mhaith ar chúiseamh go ndearnadh cionta fán alt so a chruthú gur ag pointe san abhainn laistíos de stáisiún giniúna an Bhuird nó isteach in uisce ná fuil i gceangal leis an abhainn sin ach ag pointe laistíos den stáisiún san do tharla an cur nó an scaoileadh nó an ligean a ndeirtear gurb é an cionta é agus nár bhféidir, mar gheall ar threo gabhála an uisce agus ar na cúrsaí eile, an tsubstaint adeirtear a cuireadh nó scaoileadh nó ligeadh do dhul isteach ná do thabhairt isteach sa stáisiún san ná in aon chuid de.

[EN]

(4) Is gan dochar d'fhorála na nAcht Iascaigh, 1842 go 1944, agus forála an Achta um Ile in Uiscí Intseolta, 1926 (Uimh. 5 de 1926), agus ina dteannta, agus ní in ionad na bhforál san, a bheas éifeacht ag na forála san roimhe seo den alt so.

[EN]

Cumhacht ghenerálta chun an Bord do dhul isteach ar thalamh.

43.—(1) Beidh an Bord agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh agus daoine eile bheas údaraithe ag an mBord chuige sin i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó éinní do dhéanamh air nó ar aon talamh eile a húdaraítear don Bhord a dhéanamh leis an Acht so nó chun aon fhiosrú, iniúchadh, nó scrúdú do dhéanamh roimh éinní den tsórt san do dhéanamh.

[EN]

(2) Duine ar bith a dhéanfas cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an mBord nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord nó ag duine ar bith bheas údaraithe ag an mBord is cumhacht do bheirtear dóibh nó dhó leis an bhfó-alt san roimhe seo den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint do chur air.

[EN]

Seirbhísí poist agus telegrafa do chaomhaint.

44.—Ní dhéanfaidh an Bord ná aon chonnarthóir a bheas ag déanamh aon oibreacha fán Acht so aon tailte, áitreabhacha, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair ná maoin eile leis an Aire Poist agus Telegrafa do thógaint chucu ná dul isteach orthu ná d'aistriú ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhuaidh an Achta so ná ní thógfaidh aon oibreacha ná ní dhéanfaidh aon ní ná rud eile, de bhuaidh an Achta so, is dóigh leis an Aire Poist agus Telegrafa do choiscfeadh, do mhoilleodh, do bhacfadh, nó do dhocharódh ar shlí eile feidhmiú cuibhe seirbhísí poiblí na Roinne Poist agus Telegrafa.

[EN]

E bheith d'oblagáid ar an mBord tuarascála agus staidreamh do thabhairt.

45.—An tuarascáil a ceangaltar le halt 32 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), ar an mBord do dhéanamh gach bliain sroichfidh agus folóidh imeachta an Bhuird fán Acht so ar feadh na bliana lena mbainfidh an tuarascáil sin, agus an oblagáid a forchuirtear ar an mBord leis an alt san 32 chun staidreamh agus tuairisceáin do thabhairt sroichfidh agus folóidh staidreamh agus tuairisceáin maidir le himeachta an Bhuird fán Acht so.

[EN]

Línte leictreachais agus a gcur.

46.—(1) San alt so ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927).

[EN]

(2) Léireofar an abairt “líne leictreachais” i ngach áit ina bhfuil sí in Acht 1927 agus beidh éifeacht aici agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici mar abairt a chiallaíos sreang nó sreanga, seolaí, nó meán eile a húsáitear chun leictreachas d'iompar, do thiomarnú, nó d'iomdháil, agus a fholaíos aon fhearas athracháin nó fearas eile bheas i gceangal le haon tsreang nó sreanga, seolaí, nó meán eile den tsórt san, agus a fholaíos freisin aon chásáil, cótáil, clúdach, feadán, píopa, nó díonachán a bheas timpeall aon tsreinge nó sreanganna, seolaí, nó meáin eile den tsórt san nó aon fhearais den tsórt san agus a fholaíos fós aon phosta, cuaille, taca, tógáil, nó déanmhas a bheas ag fulang aon cheann nó cinn de na nithe a luaitear anso roimhe seo.

[EN]

(3) Léireofar an focal “línte” i ngach áit ina bhfuil sé i bhfó-alt (1) d'alt 51 d'Acht 1927 agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige mar fhocal a chiallaíos línte leictreachais mar a mínítear san sa bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

[EN]

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála so leanas maidir leis an bhfógra ceangaltar le fó-alt (3) d'alt 53 d'Acht 1927 do sheirbheáil ar únaer agus ar shealbhaire tailimh nó foirginte, sé sin le rá:—

[EN]

(a) in ionad aon fhógra den tsórt san do sheirbheáil go pearsanta ar an únaer nó ar an sealbhaire sin (pé acu é), féadfar é do sheirbheáil air tríd an fógra san do chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an únaera nó an tsealbhaire sin (pé acu é) ag á ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige, agus nuair a cuirfear an fógra san amhlaidh is tuigthe gur seirbheáladh é an uair a déanfaí an clúdach san do sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist;

[EN]

(b) muran féidir, ar aon chúis áirithe, an clúdach a luaitear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fhó-alt so do dhíriú mar a foráltar leis an mír sin, féadfar an clúdach san do dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) fán tuairisc “an t-únaer” nó “an sealbhaire” (pé acu é) gan a ainm do luadh,

[EN]

(ii) ag an talamh nó ag an bhfoirgint lena mbainfidh an fógra bheas sa chlúdach san.

[EN]

(5) Déantar leis seo an tréimhse de cheithre lá déag a luaitear i bhfó-ailt (4) agus (5) d'alt 53 d'Acht 1927 do ghiorrú go dtí seacht lá agus chun na críche sin déantar leis seo na focail “seacht lá” do chur in ionad na bhfocal “ceithre lá déag” i ngach áit a bhfuil na focail deiridh sin i gceachtar de na fó-ailt sin.

[EN]

Alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931, do leasú.

47.—Athghairmtear leis seo an méid d'fhó-alt (1) d'alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 (Uimh. 32 de 1931), a cheanglas gur ar dheimhniú an Aire Thionnscail agus Tráchtála amháin a déanfar suimeanna a réamhíocfar fán alt san do réamhíoc agus ina ionad san achtaítear leis seo gur ar mholadh an Aire Thionnscail agus Tráchtála a déanfar suimeanna a réamhíocfar fán alt sin do réamhíoc.

[EN]

Srian le talamh i seilbh an Bhuird do thógaint go héigeanta.

48.—D'ainneoin éinní dá bhfuil in aon achtachán, ní dhéanfaidh duine ar bith, gan an tAire do thoiliú roimh ré chuige, aon talamh nó áitreabh i seilbh an Bhuird do thógaint go héigeanta ná aon éasáid, cead slí, nó ceart eile ar bith, ar aon talamh den tsórt san nó maidir leis, do thógaint, d'fhoirceannadh, do shrianadh ná cur isteach air ar shlí eile go héigeanta.