Uimhir 12 de 1986
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1986
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1986. |
4. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1985 | |
Na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984 | |
Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985 |
Uimhir 12 de 1986
AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1986
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar an Acht Toghcháin, 1963.
1.—Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Toghcháin, 1963—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) (a) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar—
(i) i gcás an dáilcheantar go léir a bheith i gcontae sonraithe nó i gcontaebhuirg shonraithe, an sirriam don chontae sonraithe nó don chontaebhuirg shonraithe,
(ii) i gcás cuid den dáilcheantar a bheith i gcontae sonraithe agus cuid de i gcontaebhuirg shonraithe, cibé duine de na sirriamaí don chontae sonraithe nó don chontaebhuirg shonraithe a cheapfaidh an tAire ó am go ham,
(iii) i gcás cuid den dáilcheantar a bheith i gcontae sonraithe nó i gcontaebhuirg shonraithe nó sa dá cheann agus cuid de i gcontae eile, cibé duine díobh seo a leanas a cheapfaidh an tAire ó am go ham, eadhon, an sirriam don chontae sonraithe nó don chontaebhuirg shonraithe nó an cláraitheoir contae don chontae eile,
(iv) in aon chás eile, an cláraitheoir contae nó, i gcás go bhfuil cláraitheoir contae amháin ann do chuid den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile nó cláraitheoirí contae eile ann do chodanna eile, cibé duine de na cláraitheoirí contae a cheapfaidh an tAire ó am go ham.
(b) San alt seo is tagairtí do chontaetha Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath agus do chontaebhuirgí Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath tagairtí do chontae sonraithe nó do chontaebhuirg shonraithe.”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (2):
“(c) San fho-alt seo ciallaíonn ‘oifigeach iomchuí’, i ndáil le cuid de dháilcheantar—
(i) i gcás an chuid a bheith i gcontae sonraithe nó i gcontaebhuirg shonraithe, sirriam an chontae shonraithe nó na contaebhuirge sonraithe,
(ii) i gcás an chuid a bheith in aon chontae nó contaebhuirg eile, an cláraitheoir contae don chontae nó don chontaebhuirg.”.
Leasú ar an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.
2.—Leasaítear leis seo alt 14 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Chun críocha an Achta seo beidh ceann comhairimh áitiúil ann do gach contae nó contaebhuirg i dtoghlach agus is é a bheidh sa cheann comhairimh áitiúil—
(a) i gcás contaetha Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath agus contaebhuirgí Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath, an sirriam, agus
(b) i ngach cás eile, an cláraitheoir contae.”.
Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1986.
3.—I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1986—
(a) beidh i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963, arna leasú le halt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1985, na ráitis atá leagtha amach i gCodanna I agus II den Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo,
(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí uachtaráin don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,
(c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—
(i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),
(ii) beidh na ráitis ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus
(iii) cuirfear leis an bpost é chuig an toghthóir an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh céanna a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,
(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 maidir le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,
(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna de na ráitis dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighne a stáisiúin vótaíochta:
Ar choinníoll nach mbeidh reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighne aon stáisiúin vótaíochta,
(f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, a bheith á feidhmiú cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—
“(5) (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótálaí ‘Cé acu a thoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir fhreagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.
(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin, nó mura dtabharfaidh sé freagra ar an gceist, déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas—
(i) léifidh sé don vótálaí mír 1 den ráiteas atá leagtha amach i gCuid I nó i gCuid II, de réir mar is iomchuí, den Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 3 den Acht Toghcháin (Leasú), 1986,
(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is maith leat a dhéanamh — vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú nó vótáil in aghaidh an togra chun an Bunreacht a leasú?’, agus
(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir fhreagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”.
FOSCRÍBHINN
CUID I
1. Is é atá beartaithe leis an mBille um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1986, fo-alt 2° d'Airteagal 41.3 den Bhunreacht, a deir nach cead dlí ar bith a achtú a bhéarfadh cumhacht chun pósadh a scaoileadh, a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:
“2° I gcás gur deimhin le cibé cúirt do bunuigheadh faoin mBunreacht so agus a ordóchar le dligheadh, agus sa chás san amháin—
i. go bhfuil teipthe ar phósadh,
ii. gur lean an teip ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad nó tréimhsí cúig bliana ar a laghad san iomlán,
iii. nach féidir le réasún bheith ag súil le comhréiteach idir na páirtithe sa phósadh, agus
iv. gur coimhlíonadh aon choingheall eile a bheas ordaithe le dligheadh,
féadfaidh an chúirt, do réir dlighidh, scaoileadh ar an bpósadh do thabhairt ar choingheall gur deimhin leis an gcúirt go ndéanfar socrú imleor cuibhe, ag féachaint do na himthosca, maidir le haon chéile cleitheamhnach agus maidir le haon leanbh de chuid ceachtar céile nó aon leanbh atá i gcleitheamhnas ar cheachtar céile.”.
2. MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.
3. MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.
4. Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh saor in aisce, agus is féidir é a cheannach ar dhá phingin go leith, in aon Phost-Oifig.
CUID II
1. The Tenth Amendment of the Constitution Bill, 1986, proposes to delete subsection 2° of Article 41.3 of the Constitution, which states that no law shall be enacted providing for the grant of a dissolution of marriage, and to substitute the subsection here following:
“2° Where, and only where, such court established under this Constitution as may be prescribed by law is satisfied that—
i. a marriage has failed,
ii. the failure has continued for a period of, or periods amounting to, at least five years,
iii. there is no reasonable possibility of reconciliation between the parties to the marriage, and
iv. any other condition prescribed by law has been complied with,
the court may in accordance with law grant a dissolution of the marriage provided that the court is satisfied that adequate and proper provision having regard to the circumstances will be made for any dependent spouse and for any child of or any child who is dependent on either spouse.”.
2. If you APPROVE of the proposal, mark X opposite the word YES on the ballot paper.
3. If you DO NOT APPROVE of the proposal, mark X opposite the word NO on the ballot paper.
4. A copy of the Bill can be inspected free of charge, and purchased for two and a half pence, at any Post Office.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1986, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1985, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.
(3) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 go 1986, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.
(4) (a) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1986, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1985, agus d'alt 3 den Acht seo le chéile.
(b) Forléireofar alt 3 den Acht seo mar aon ní amháin le hAchtanna an Reifrinn, 1942 go 1985.