[EN]

Uimhir 13 de 1924.


[EN]

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (FORÁLACHA SEALADACHA) (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN ACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923.

[12adh Abrán, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An brí atá le “Príomh-Acht.”

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923).

[EN]

Buaine na Scéimeanna Contae.

2.—Athghairmtear alt 6 den Phríomh-Acht leis seo, agus achtuítear leis seo ina ionad go leanfidh gach Scéim Chontae i ngníomh, fé réir forálacha eile an Phríomh-Achta, faid a leanfidh an Príomh-Acht i ngníomh agus an fhaid sin amháin.

[EN]

Leasú ar alt 13 en Phríomh-Acht.

3.—Athghairmtear alt 13 den Phríomh-Acht leis seo, agus achtuítear leis seo ina ionad go leasófar fo-alt (3) d'alt 3 (le n-a n-údaruítear d'údaráis áitiúla iasachtaí d'fháil ar ghearrathéarma), agus Alt 6 (le n-a ndintar leathanú, i gcásanna áirithe, ar chomhacht údarásanna áitiúla chun iasachtaí d'fháil) den Local Government (Temporary Provisions) Act, 1921, tríd na focail “during the continuance of the Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 9 of 1923),” do chur in ionad na bhfocal “before the first day of April, nineteen hundred and twenty-three,” agus in ionad na bhfocal “until the first day of April, nineteen hundred and twenty-three,” i ngach áit ina bhfuil na focail sin fé seach.

[EN]

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

4.—Cuirfar an fo-alt so a leanas in ionad fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

[EN]

“(1) I dteanta aon chomhachta atá aici cheana, féadfidh comhairle aon chontae no baile-cheanntair, aon uair le linn an tAcht so bheith i bhfeidhm ach ní níos minicí ná uair amháin in aon bhliain airgeadais áitiúil, agus san ar an gcuma a foráltar le hAlt 19 den Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, suim do sholáthar a bheidh có-mhéid le ráta pingne fén bpúnt ar an luach ionrátuithe a luaidhtear san alt san.”

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

5.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha), 1923 agus 1924, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile.

[EN]

(3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm ar an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus do bheith in éifeacht ar an lá san agus ón lá san amach.