[EN]

Uimhir 13 de 1930.


[EN]

ACHT UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN NA hACHTANNA UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN, 1923 AGUS 1925, DO LEATHNÚ I dTREO GO mBAINFID LE FUAIMEANNA GUTHA NO EILE TUGTAR AMACH LE MEÁIN MHECEANICIÚLA I dTACA AGUS I gCÓ-AIMSIR LE PICTIÚIRÍ CINEMATOGRAFACHA.

[4adh Meitheamh, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht agus an tAcht Leasúcháin.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Uimh. 23 de 1923); agus

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAcht Leasúcháin” an tAcht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925 (Uimh. 21 de 1925).

[EN]

Reachtúchán atá ann cheana do leathnú i dtreo go mbainfe sé le fuaimeanna i dtaca le pictiúirí.

2.—(1) Má bhíonn i dtaca le ní is pictiuir do réir bhrí an Phríomh-Achta fuaimeanna gutha no eile tugtar amach le meain mheceaniciúla i gcó-aimsir leis an éifeacht radhairc gurb í an pictiuir sin í, ansan, chun an Príomh-Acht agus an tAcht Leasúcháin fé seach do chur i mbaint leis an bpictiuir sin agus do léiriú maidir leis an bpictiuir sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tuigfear na fuaimeanna gutha no eile sin do bheith sa phictiuir sin agus do bheith ina gcuid den phictiuir sin;

[EN]

(b) tuigfear na meain mheceaniciúla le n-a dtugtar amach na fuaimeanna san do bheith in a gcuid den chinematograf no den fhearas den tsórt san le n-a dtaisbeántar an pictiuir sin;

[EN]

(c) folóidh an pictiuir sin do thaisbeáint na fuaimeanna san do thabhairt amach; agus

[EN]

(d) léireofar tagairtí do scannán agus do chlaonchló mar nithe fholuíonn fé seach tagairtí do recórd a bheireann amach na fuaimeanna san agus tagairtí do mhatrix o n-a ndearnadh an recórd san.

[EN]

Cuid de phictiuir do ghearra amach.

3.—Féadfar le rialacháin a déanfar fé alt 12 den Phríomh-Acht pé socrú is ceart dar leis an Aire Dlí agus Cirt do dhéanamh maidir le coda de phictiuirí, ina mbeidh fuaimeanna a tugtar amach le meain mheceaniciúla, do dheighilt o sna pictiuirí sin, do thabhairt suas agus do choinneail fé mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 7 den Phríomh-Acht agus, in ionad na gcoda san do dheighilt, do thabhairt suas agus do choinneail, féadfar leis na rialacháin sin aon nós-imeachta áirithe d'údarú is dó leis an Aire Dlí agus Cirt do bheith chó maith agus chó héifeachtúil leis na coda san do dheighilt, do thabhairt suas agus do choinneail.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1930, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus leis an Acht Leasúcháin, agus féadfar na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.