Uimhir 13 de 1931.
ACHT DLISTEANAIS, 1931.
[19adh Bealtaine, 1931.]
Duine do dhlisteanú tré n-a thuismitheoirí do phósa iar-ré.
1.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo má dheineann no má rinne tuismitheoirí duine nea-dhlisteanaigh a chéile do phósa, pe'ca roimh thosach feidhme an Achta so é no dá éis sin, agus má bhí no má bhíonn buan-chomhnaí ar athair an duine neadhlisteanaigh sin i Saorstát Éireann ar dháta an phósta beidh an duine sin, más beo do, dlisteanach de bharr an phósta o thosach feidhme an Achta so no o dháta an phósta, pe'ca aca is déanaí.
(2) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun duine do dhlisteanú maran rud é go bhféadfaí athair agus máthair an duine sin do phósa le n-a chéile go dleathach nuair do rugadh an duine sin no uair éigin i rith na tréimhse de dheich mí sarar rugadh é.
(3) Má deintear duine do dhlisteanú fén Acht so ní chuireann san ar a chumas féin ná ar chumas a chéile ná a chlainne ná a sleachta san leas ar bith do thógaint i maoin réalta no phearsanta ach mar a foráltar go soiléir ina dhiaidh seo san Acht so.
(4) Na forálacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu maidir le beireatas daoine dlisteanuithe d'athchlárú.
Dearbhuithe dlisteanais daoine dlisteanuithe.
2.—(1) Duine adéarfaidh go bhfuil sé féin no go bhfuil no go raibh éinne dá thuismitheoirí no dá shinsir ina dhuine dhlisteanuithe féadfaidh, pe'ca bheidh buan-chomhnaí air i Saorstát Éireann no ná beidh agus pe'ca géilliúnach Briotáineach do réir dhúthchais é do réir bhrí an Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868, no nách eadh, imeachta do bhunú fén Acht san agus beidh feidhm ag an Acht san dá réir sin.
(2) Beidh dlighinse ag an gCúirt Chuarda agus féadfaidh í d'fheidhmiú in imeachta bunófar de bhua an ailt seo fén Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868, agus beidh feidhm ag alt 25 agus ag na provísonna ghabhann le halt 48 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), maidir le gach imeachta den tsórt san.
(3) Isé fheidhmeoidh an dlighinse bronntar leis an alt so ar an gCúirt Chuarda ná an Breitheamh den Chúirt sin a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina mbeidh comhnaí ar an té bheidh ag bunú na n-imeacht no, marab i Saorstát Éireann a bheidh comhnaí ar an duine sin, don Chuaird ina bhfuil Cathair Bhaile Atha Cliath.
Ceart ag daoine dlisteanuithe, etc., leas do thógaint i maoin.
3.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, beidh duine dlisteanuithe agus a chéile no a chlann no a sliocht san i dteideal leas ar bith do thógaint:—
(a) in estát duine d'éag tar éis dáta an dlisteanuithe gan uacht do dhéanamh;
(b) fé leithliú ar bith a thiocfaidh i ngníomh tar éis dáta an dlisteanuithe;
(c) tré theacht anuas fé estát do shliocht áirithe do cruthnuíodh tar éis dáta an dlisteanuithe;
díreach fé is dá mba ina dhlisteanach do béarfaí an duine dlisteanuithe.
(2) Má bhíonn an ceart chun maoine ar bith, réalta no pearsanta, ag brath ar an sinsearacht a bheidh ag clainn duine ar bith ar a chéile, agus go mbeidh duine no daoine dlisteanuithe ar an gclainn sin, isí sinsearacht a bheidh ag an duine no ag na daoine dlisteanuithe sin ná an tsinsearacht do bheadh aige no acu dá mb'ar an lá tháinig seisean no iad-san chun bheith dlisteanuithe de bhua an Achta so do béarfaí eisean no iad-san, agus má tháinig níos mó ná aon duine dlisteanuithe amháin den tsórt san chun bheith dlisteanuithe san aon am amháin, is do réir ord a sinsearachta bheidh a gcéim eatorra féin.
(3) Má bhíonn maoin, réalta no pearsanta, no aon leas inti, teoranta i slí gur maraon le dighnit no teideal onóra (chó gar do is leigeann an dlí é) do thuitfeadh sí chun duine (fé réir theoranta no muirir ar bith do bheadh ann cheana no gan iad) dá mba ná rithfí an tAcht so, ansan, ní oibreoidh éinní san Acht so chun na maoine ná aon leasa inti do dheighilt amach ón dighnit no ón teideal onóra san ach raghaidh agus tuitfidh an céanna chun an duine sin (gan dochar do sna teoranta ná do sna muirir sin atá ann cheana) díreach fé is dá mba ná rithfí an tAcht so. Beidh feidhm ag an bhfo-alt so, pe'ca deintear tagairt shoiléir ar bith don dighnit no don teideal onóra no ná deintear agus d'ainneoin gur féidir an mhaoin no leas éigin inti do theacht chun bheith deighilte amach uaidh i gcásanna áirithe.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt so ach i gcás ná deintear agus sa mhéid ná deintear a mhalairt d'intinn do nochta sa leithliú, agus beidh éifeacht aige fé réir téarmaí an leithlithe agus na bhforálacha bheidh ann.
Comharbas i gcás daoine dlisteanuithe agus a sliocht d'éag gan uacht do dhéanamh.
4.—Má éagann duine dlisteanuithe no duine de chlainn no de shliocht chlainne duine dhlisteanuithe agus a mhaoin go léir, réalta agus pearsanta, no aon chuid di d'fhágaint gan uacht do dhéanamh ina taobh, beidh na daoine céanna i dteideal na leasanna céanna do thógaint inti do bheidís i dteideal a thógaint dá mba ina dhlisteanach do béarfaí an duine dlisteanuithe.
Feidhm maidir le daoine neadhlisteanacha éagfaidh roimh phósa a dtuismitheoirí.
5.—Má éagann duine nea-dhlisteanach tar éis tosach feidhme an Achta so agus roimh phósa a thuismitheoirí, agus aon chéile, clann no sliocht chlainne d'fhágaint beo ina dhiaidh ar dháta an phósta san, ansan, dá dtagadh an duine sin chun bheith ina dhuine dhlisteanuithe dá mba bheo dho le linn a thuismitheoirí do phósa, beidh feidhm ag na forálacha den Acht so bhaineann le céile, clann agus sliocht chlainne duine dhlisteanuithe do thógaint leasanna i maoin no bhaineann le leasanna den tsórt san do thógaint, i gcomharbas i ndiaidh na ndaoine sin (agus na forálacha i dtaobh ráta na ndiuitéthe báis d'áireamh) beidh feidhm acu fé is dá mba dhuine dlisteanuithe an duine sin roimhráite agus gurbh é dáta pósta a thuismitheoirí dáta an dlisteanuithe.
Cirt agus oblagáidí pearsanta daoine dlisteanuithe.
6.—Chó fada is théigheann é féin no éinne eile do chothú agus do choinneail suas beidh na cirt chéanna ag duine dlisteanuithe agus na hoblagáidí céanna air do bheadh aige agus air dá mba ina dhlisteanach do béarfaí é agus na forálacha d'aon Acht a bhaineann le héilithe, o dhlisteanach no alos dlisteanaigh, ar dhamáiste, ar chúiteamh, ar liúntas, ar shochar no ar éinní eile beidh feidhm acu sa tslí chéanna i gcás duine dhlisteanuithe fé réir forálacha an Achta so.
Diuitéthe báis.
7.—Má thógann duine dlisteanuithe no aon ghaol do dhuine dhlisteanuithe leas ar bith i maoin réalta no phearsanta, ansan, aon diuité comharbais no leagáide no diuité eile thiocfaidh chun bheith inghearrtha tar éis dáta an dlisteanuithe beidh sé iníoctha do réir an ráta chéanna gur dá réir do bheadh sé iníoctha dá mba ina dhlisteanach do béarfaí an duine dlisteanuithe.
Forálacha i dtaobh daoine do dlisteanuíodh do réir dlí iasachta.
8.—(1) Má phósann no má phós tuismitheoirí duine neadhlisteanaigh a chéile, pe'ca roimh thosach feidhme an Achta so é no dá éis sin, agus gur i dtír seachas Saorstát Éireann do bhí no a bheidh buan-chomhnaí ar athair an duine nea-dhlisteanaigh ar dháta an phósta agus, do réir dlí na tíre sin, gur tháinig an duine nea-dhlisteanach chun bheith dlisteanuithe de bhua an phósta san iar-ré, glacfar leis an duine sin i Saorstát Éireann, más beo do, mar dhuine atá dlisteanuithe amhlaidh o thosach feidhme an Achta so no o dháta an phósta, pe'ca aca is déanaí thárla, d'ainneoin ná raibh a athair, ar an dáta ar ar rugadh an duine sin, ina bhuan-chomhnaí i dtír ina raibh dlisteanú tré phósa iar-ré ceaduithe do réir dlí.
(2) Beidh feidhm ag na forálacha uile den Acht so bhaineann le daoine dlisteanuithe, agus le duine dlisteanuithe agus céile, clann agus sliocht chlainne duine dhlisteanuithe do thógaint leasanna i maoin no bhaineann le leasanna den tsórt san do thógaint, i gcomharbas i ndiaidh na ndaoine sin (agus na forálacha i dtaobh ráta na ndiuitéthe báis d'áireamh) beidh feidhm acu maidir le cás duine le n-a nglacfar mar dhuine do dlisteanuíodh fén alt so, no le n-a nglacfaí amhlaidh dá maireadh sé tar éis pósa a thuismitheoirí; agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an Acht so fé is dá bhfolódh tagairt ann do dhuine dhlisteanuithe duine le n-a nglacfaí amhlaidh mar dhuine do dlisteanuíodh.
Ceart ag duine nea-dhlisteanach agus ag máthair dhuine neadhlisteanaigh chun comharbais ar éag don duine eile gan uacht do dhéanamh.
9.—(1) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta so, go n-éagfaidh máthair dhuine nea-dhlisteanaigh nách duine dlisteanuithe agus go bhfágfa sí a maoin go léir, réalta agus pearsanta, no aon chuid di gan uacht do dhéanamh ina taobh agus ná fágfa sí aon chlann dlisteanach ag maireachtaint ina diaidh, beidh an duine nea-dhlisteanach no, más marbh do, beidh a chlann i dteideal aon leasa do thógaint sa mhaoin sin do bheadh seisean no an chlann san i dteideal a thógaint dá mba ina dhlisteanach do béarfaí é.
(2) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta so, go n-éagfaidh duine nea-dhlisteanach nách duine dlisteanuithe agus go bhfágfa sé a mhaoin go léir, réalta agus pearsanta, no aon chuid di gan uacht do dhéanamh ina taobh, beidh a mháthair, más beo dhi, i dteideal aon leasa do thógaint sa mhaoin sin do bheadh sí i dteideal a thógaint dá mba ina dhlisteanach do bhéarfaí an duine nea-dhlisteanach san agus dá mb'í féin an t-éinne amháin dá thuismitheoirí do bheadh beo ina dhiaidh.
(3) Ní bhaineann an t-alt so le ceart éinne chun estát do shliocht áirithe i maoin réalta do thógaint tré n-a cheannach no tré theacht anuas ná ní dheineann sé deifir don cheart san.
Eisceacht.
10.—(1) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir don chomharbas in aon dighnit no teideal onóra ná ní chuirfidh ar chumas éinne teacht i gcomharbas in aon dighnit ná teideal den tsórt san ná ceart chun teacht i gcomharbas ina leithéid d'aistriú.
(2) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir d'oibriú ná do léiriú aon leithlithe thiocfaidh i ngníomh roimh thosach feidhme an Achta so ná ní dhéanfaidh deifir d'aon cheart thiocfaidh de dhruim duine d'éag roimh thosach feidhme an Achta so gan uacht do dhéanamh.
Léiriú.
11.—Chun crícheanna an Achta so, mara n-éilíonn an cóthéacs a mhalairt:—
cialluíonn an abairt “duine dlisteanuithe” duine ar n-a dhlisteanú leis an Acht so;
cialluíonn an abairt “dáta an dlisteanuithe” dáta an phósta as a dtiocfaidh an dlisteanú no, más roimh thosach feidhme an Achta so do rinneadh an pósa, dáta tosach feidhme an Achta so; cialluíonn an focal “leithliú” aon leas i maoin do chur in áirithe le haon instruimid pe'ca instruimid inter vivos í no uacht.
Gearr-theideal.
12.—(1) Féadfar an tAcht Dlisteanais, 1931, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an chéad lá d'Iúl, 1931.
SCEIDEAL.
Beireatas Daoine Dlisteanuithe do Chlaru.
1.—Féadfaidh an tArd-Chlárathóir Beireataisí agus Básanna in Éirinn (dá ngairmtear an tArd-Chlárathóir sa Sceideal so), ar pé fianaise d'fháil is leor dar leis, a údarú aon uair go n-athchlárófaí beireatas duine dhlisteanuithe go mbeidh a bheireatas cláruithe cheana féin fé sna Births and Deaths Registration (Ireland) Acts, 1863 to 1880, agus déanfar an t-ath-chlárú san i pé slí agus i pé áit ordóidh an tArd-Chlárathóir le rialachán:
Ach ní údaróidh an tArd-Chlárathóir beireatas éinne den tsórt san d'ath-chlárú i gcás ar bith ná tabharfaidh an bheirt tuismitheoirí eolas do d'fhonn go ndéanfaí an t-ath-chlárú san, maran rud é—
(a) gur hiontráladh sa chlár do réir ailt a seacht den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, ainm duine admhuíonn gurb é féin athair an duine dhlisteanuithe; no
(b) gur cruthuíodh le hordú athairíochta no ar aon tslí eile le haithne chúirte dlighinse inniúla cé is athair don duine dhlisteanuithe; no
(c) go ndearnadh fén Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868, mar a leasuítear leis an Acht so é, dearbhú gur dlisteanach an duine dlisteanuithe.
2.—Beidh sé de dhualgas ar thuismitheoirí duine dhlisteanuithe no, i gcásanna in ar féidir ath-chlárú do dhéanamh ar eolas do thabhairt uaidh do thuismitheoir acu agus ina mbeidh tuismitheoir acu marbh, beidh sé de dhualgas ar an tuismitheoir a bheidh beo eolas do thabhairt don Ard-Chlárathóir, laistigh den aimsir a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, d'fhonn go ndéanfaí beireatas an duine sin d'ath-chlárú, sé sin le rá:—
(a) laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme an Achta so más roimh an tosach feidhme sin rinneadh an pósa;
(b) laistigh de ráithe tar éis dáta an phósta más tar éis tosach feidhme an Achta so déanfar an pósa.
3.—Má theipeann ar na tuismitheoirí no ar cheachtar acu an t-eolas is gá do thabhairt laistigh den aimsir atá ceaptha chuige sin, féadfaidh an tArd-Chlárathóir aon uair tar éis bheith caithte don aimsir sin a cheangal ar thuismitheoirí duine is dóich leis do dlisteanuíodh de bhua an Achta so, no ar cheachtar acu, pé eolas is dóich leis is gá do thabhairt do i dtaobh an chúrsa agus é deimhnithe i pé slí ordóidh sé agus teacht i láthair i bpearsain chun na críche sin in oifig chlárathóra no in aon áit eile cheapfa sé agus san laistigh de pé aimsir nách giorra ná seacht lá tar éis an fhógra d'fháil agus a luadhfar sa bhfógra.
4.—Má theipeann ar na tuismitheoirí no ar cheachtar acu eolas do thabhairt fé mar is gá do réir an sceidil seo i dtaobh aon duine dhlisteanuithe ní dhéanfaidh san deifir do dhlisteanú an duine sin.
5.—Ní héileofar táille ar bith ar son ath-chláruithe fén sceideal so má tugtar laistigh den aimsir a luaidhtear thuas an t-eolas is gá chuige, ach in aon chás eile éileofar ar son an ath-chláruithe sin pé táillí nách mó ar fad ná deich scillinge agus a hordófar le rialacháin fén sceideal so.
6.—Léireofar an sceideal so mar éinní amháin leis na Births and Deaths Registration (Ireland) Acts, 1863 to 1880.