[EN]

Uimhir 13 de 1934.


[EN]

ACHT UM CHROICNE CAORACH (EASPORTÁIL DO RIALÚ), 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN EASPORTÁIL CHROICNE CAORACH DO RIALÁIL AGUS DO RIALÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[30adh Abrán, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an abairt “croicne caorach” croicne caorach ná beidh an t-olann bainte dhíobh.

[EN]

Ordú ag toirmeasc croicne caorach d'easportáil.

2.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart, toirmeasc do chur le heasportáil chroicne caorach ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach chuige sin fén Acht so, agus féadfaidh toirmeasc do chur amhlaidh leis an easportáil sin faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm no ar feadh tréimhse áirithe no ar feadh dhá thréimhse no níos mó de thréimhsí áirithe nealeanúnacha.

[EN]

(2) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, tráth ar bith faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so.

[EN]

E bheith ina chionta croicne caorach d'easportáil.

3.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith easportáil do dhéanamh, ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach chuige sin fén Acht so, ar aon chroicne caorach tráth ar bith a bheidh an easportáil sin toirmeasctha le hordú ar n-a dhéanamh fén Acht so.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith croicne caorach d'easportáil contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earraí ar bith, a bheidh á n-easportáil no go mbeifear a d'iarraidh iad d'easportáil contrárdha don alt so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no na mbeidh amhrás aige a leithéid do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógfar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh bainfid le gach earra tógfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí í.

[EN]

(4) Na forálacha den alt so bhaineann le heasportáil earraí do thoirmeasc beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh na forálacha san sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh baint dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má deintear earraí ar bith go dtoirmeasctar a n-easportáil leis an alt so d'easportáil contrárdha don alt so no iad do thabhairt go dtí aon ché no áit eile chun go ndéanfaí iad d'easportáil amhlaidh no iad d'iompar ar uisce chun go ndéanfaí iad d'easportáil amhlaidh dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, mar gheall ar earraí toirmiscithe d'iomportáil go nea-dhleathach.

[EN]

Ceadúnaisí chun croicne caorach d'easportáil.

4.—Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, ceadúnas do thabhairt amach aon tráth do dhuine ar bith á cheadúnú dho croicne caorach d'easportáil tráth a bheidh sé toirmeasctha leis an Acht so croicne caorach d'easportáil ach amháin fé cheadúnas, agus féadfaidh an tAire a shocrú leis an gceadúnas san cad é an méid croicne caorach a féadfar a easportáil fén gceadúnas san agus an t-am gur laistigh de agus na tíortha gur chúcha a féadfar na croicne caorach san d'easportáil amhlaidh.

[EN]

Gearr-theideal.

5.—Féadfar an tAcht um Chroicne Caorach (Easportáil do Rialú), 1934, do ghairm den Acht so.