Uimhir 13 de 1941.
ACHT UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941.
[An tionntódh oifigeamhail.]
CUID I.
Roimhraiteach.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “Acht 1940” an tAcht Forbairte Minerál, 1940 (Uimh. 31 de 1940);
cialluíonn an abairt “na hAchtanna Cuideachtan” na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924;
cialluíonn an abairt “an Bord Mianadóireachta” an bord do bunuíodh fén ainm sin le hAcht 1940;
tá leis an bhfocal “mianraí” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1940, ach amháin ná foluíonn sé gual;
nuair a húsáidtear an focal “oibriú” maidir le mianraí, foluíonn sé na mianraí gur ina dtaobh a húsáidtear an focal san do thochailt, do chuardach, do bhaint, do ghabháil, d'árdú, do thógaint, do bhreith chun siúil, do chóireáil agus d'atharú agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
cialluíonn an abairt “sean-ghnó mianadóireachta” aon ghnó atá, le linn an Achta so do rith, ina bheo-ghnóthas dar cúram, go furmhór no ar fad, mianraí d'oibriú agus na mianraí do gheibhtear de dhruim an oibrithe sin do dhéanamh incheannaigh agus do chur de láimh;
tá leis an abairt “mianraí Stáit” an bhrí chéanna atá léi in Acht 1940;
cialluíonn an abairt “ceadúnas lorgaireachta” ceadúnas lorgaireachta do réir bhrí Achta 1940;
cialluíonn an abairt “léas mianadóireachta Stáit” léas mianadóireachta Stáit do réir bhrí Achta 1940.
Costaisí.
3.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.
CUID II.
An Comhlucht Lorgtha agus Forbartha Mianrai, Teoranta.
An Chuideachta do bhunú agus do chlárú.
4.—Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach ní a chífear dó is gá no is inmhianuithe chun a thabhairt go ndéanfar cuideachta theoranta (dá ngairmtear “an Chuideachta” san Acht so) a bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha amach san Acht so do bhunú agus do chlárú fé sna hAchtanna Cuideachtan.
Ainm agus caipital na Cuideachtan.
5.—(1) Isé ainm a bheidh ar an gCuideachtain ná “Comhlucht Lorgtha agus Forbartha Mianraí, Teoranta”.
(2) Isé scair-chaipital a bheidh ag an gCuideachtain ná céad punt ar n-a roinnt ina chéad seair lán-íoctha de phunt an scair agus, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, ní dleathach don Chuideachtain an caipital san do mhéadú ná do laghdú.
(3) Déanfar aon scair amháin de scair-chaipital na Cuideachtan do dháiliú agus do thabhairt amach do gach duine fé leith de shuibscríobhaithe Memorandum Chomlachais na Cuideachtan agus déanfar an chuid eile den scair-chaipital san do dháiliú agus do thabhairt amach don Aire Airgeadais.
(4) An t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe Memorandum Chomhlachais na Cuideachtan agus ag an Aire Airgeadais fé seach, i gcomaoin scaireanna de scair-chaipital na Cuideachtan do dháiliú agus do thabhairt amach dóibh de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, íocfar é as an bPrímh-Chiste, no as toradh fáis an Phrímh-Chiste, agus beidh sé ina mhuirear ar an gcéanna.
Memorandum Comhlachais na Cuideachtan.
6.—(1) Is sa bhfuirm sin, ar comhardadh leis an Acht so, a cheadóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheidh Memorandum Chomhlachais na Cuideachtan.
(2) Déanfar cuspóirí na Cuideachtan do chur síos sa Mhemorandum Chomhlachais i slí gur léir gurb iad prímh-fheidhmeanna na Cuideachtan ná—
(a) mianraí, pé áit sa Stát ina bhfuilid no ina meastar iad do bheith, do lorg agus chuige sin na ceadúnaisí lorgaireachta san fé Acht 1940, is ceart dar leis an gCuideachtain agus a dheonfaidh an tAire fén Acht san, d'iarraidh ar an Aire agus do ghlacadh uaidh agus na comhachta do bhéarfar leis na ceadúnaisí sin d'fheidhmiú, agus
(b) aon mhianraí d'fhorbairt agus d'oibriú a mheasfaidh an Chuideachta, de thoradh a lorgaireachta no eile, gur mhaith an rud iad d'oibriú, agus chun na críche sin na léasanna agus na ceadúnaisí sin fé Acht 1940, is ceart dar leis an gCuideachtain agus a dheonfaidh an tAire fén Acht san, d'iarraidh ar an Aire agus do ghlacadh uaidh agus, fós, có-aontuithe do dhéanamh, chun na críche céanna agus tar éis toiliú an Aire d'fháil, le daoine príobháideacha chun aon ghnó mianadóreachta do thógaint no chun talamh ina bhfuil mianraí do cheannach no chun mianraí do thógaint i bhfuirm léasa no cheadúnais, agus
(c) aon tsean-ghnó mianadóireachta a bheidh tógtha ag an Aire fén Acht so do thógaint ón Aire do réir an Achta so agus é do choimeád ar siúl agus d'fhorbairt, agus
(d) na mianraí oibreoidh an Chuideachta i bhfeidhmiú aon cheann de sna comhachta ar n-a thabhairt dóibh leis an Acht so no fé do dhéanamh ionmhargaidh agus do dhíol no do chur de láimh ar shlí eile.
(3) Na cuspóirí agus na comhachta san uile (ná beidh buiniscionn leis an Acht so) a bheidh riachtanach do réir réasúin no ceart chun na geuspóirí dá ngairmtear prímh-fheidhmeanna na Cuideachtan sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chólíonadh go cuibhe no bhainfidh no gheobhaidh le n-a gcólíonadh go cuibhe, is dleathach iad do chur isteach mar chuid de chuspóirí na Cuideachtan mar a luadhfar iad sa Mhemorandum Chomhlachais.
(4) Ní bheidh ar chuspóirí na Cuideachtan, mar a luadhfar iad sa Mhemorandum Chomhlachais, aon chuspóir ná ceangailtear no ná húdaruítear leis na forálacha san roimhe seo den alt so do luadh amhlaidh.
Airteagail Chomlachais na Cuideachtan.
7.—(1) Is sa bhfuirm sin, ná beidh buiniscionn leis an Acht so, a cheadóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a bheidh Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachtan, sé sin le rá:—
(a) ceapfar leis na hAirteagail sin an uimhir stiúrthóirí bheidh ar an gCuideachtain, ach ní mó ná seacht, agus an cathaoirleach agus an stiúrthóir bainistighe d'áireamh, an uimhir a ceapfar amhlaidh;
(b) forálfar leis na hAirteagail sin gurb é is cáilíocht is gá chun duine bheith ina stiúrthóir don Chuideachtain scair amháin ar a laighead sa Chuideachtain do bheith aige;
(c) forálfar leis na hAirteagail sin gurb é dhéanfaidh i gcomhnaidhe an cathaoirleach agus an stiúrthóir bainistighe agus gach stiúrthóir eile do cheapadh ná an tAire Airgeadais agus gur tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an Aire Talmhaidheachta a dhéanfaidh san;
(d) ní déanfar aon chomhacht chun caipital na Cuideachtan do mhéadú no do laigheadú, ná aon chomhacht chun bintiúirí do thabhairt amach, do thabhairt don Chuideachtain leis na hAirteagail sin.
Memorandum Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan d'atharú.
8.—D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, ní bheidh aon atharú déanfar ar Mhemorandum Chomhlachais no ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan bailidhe ná éifeachtach mara mbeidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Talmhaidheachta i dtaobh an atharuithe sin do dhéanamh agus a cheadú go ndéanfaí é.
Iasacht do thabhairt don Chuideachtain chun costaisí a mbunuithe d'íoc.
9.—(1) Féadfaidh an tAire suim nach mó ná dhá chéad agus caoga punt do thabhairt ar iasacht, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, don Chuideachtain ar na téarmaí agus na coinníollacha san, maidir le ham agus slí aisíoca agus le ráta úis, agus le hurrús agus le nithe ar bith eile, is ceart dar leis.
(2) Déanfaidh an Chuideachta airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'úsáid chun no mar chabhair chun íoctha na gcostas a bhainfidh le n-a thabhairt go mbunófar an Chuideachta agus le n-a bunú agus le n-a clárú maraon le réamh-chostaisí eile na Cuideachtan agus chuige sin amháin.
(3) Na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire chun no mar chabhair chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'aisíoc no chun an úis ar an airgead san d'íoc, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
(4) Na forálacha ina dhiaidh seo den Acht so i dtaobh airgead do roimh-íoc leis an gCuideachtain agus an t-airgead san d'aisíoc, agus i dtaobh an úis air, ní bhainfid le hairgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so.
An tAire do thabhairt roimhíocanna don Chuideachtain.
10.—(1) Is dleathach don Aire na suimeanna san (nach mó san iomlán ná caoga míle punt) a theastóidh ón gCuideachtain chun crícheanna a ngnótha, no chun íoctha an phraghais no an chúitimh is iníoctha ag an gCuideachtain alos sean-ghnó mianadóireachta do thógaint fé Chuid III den Acht so, do roimh-íoc leis an gCuideachtain o am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas.
(2) Déanfaidh an Chuideachta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) suimeanna roimh-íocfaidh an tAire leo fén alt so d'aisíoc do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so.
Us d'íoc ar roimhíocanna do bhéarfar don Chuideachtain.
11.—(1) Gach suim a roimh-íocfar leis an gCuideachtain fén Acht so, íocfaidh an Chuideachta ús uirthi leis an Aire o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí go mbeidh sí aisíoctha do réir an ráta san a cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham alos na suime sin, agus is ina íocaíochtaí leath-bhliantúla, agus ar na laetheanta san i ngach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais o am go ham, a híocfar an t-ús san amhlaidh.
(2) Is dleathach don Aire tráth ar bith, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, déanamh in éamais aon íocaíochta leath-bhliantúla áirithe úis is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so no a híoc do chur siar go ceann na haimsire sin is ceart dar leis.
(3) I gcás an Chuideachta d'fhágaint aon íocaíochta leathbhliantúla úis áirithe is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so gan íoc (agus nach de bhuadh an Aire do dhéanamh in éamais íocaíochta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so thárlóidh san) déanfaidh an Chuideachta (pé aca cur siar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ba thrúig leis an bhfágaint-gan-íoc san no nach eadh) ús d'íoc leis an Aire, do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais, ar an íocaíocht leath-bhliantúil úis sin go dtí go mbeidh an tsuim íoctha.
(4) An t-ús uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire fén alt so, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
Roimh-íocanna do bhéarfar don Chuideachtain d'aisíoc.
12.—(1) Na suimeanna uile roimh-íocfar leis an gCuideachtain fén Acht so, aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire iad ina dtráthchoda leath-bliantúla ina mbeidh na méideanna san agus a thosnóidh ar bheith iníoctha ar an dáta san agus a leanfidh de bheith iníoctha ar feadh na huimhreach san blian agus a híocfar na trátha san a cheapfaidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar méideanna, dátaí, uimhreacha, agus trátha deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh maidir le suimeanna deifriúla roimh-íocfar amhlaidh.
(2) Na tráthchoda leath-bhliantúla uile agus fé seach is iníoctha ag an gCuideachtain leis an Aire fén alt so alos aon tsuime áirithe roimh-íocfar leis an gCuideachtain fén Acht so, úsáidfear iad ar nós ciste fhiach-laigheaduithe chun na suime sin d'aisíoc.
(3) Is dleathach don Aire tráth ar bith, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, déanamh in éamais íoca aon tráthchoda leath-bhliantúla áirithe is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so no a híoc do chur siar go ceann na haimsire sin is ceart dar leis.
(4) I gcás an Chuideachta d'fhágaint aon tráthchoda leathbhliantúla áirithe is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so gan íoc (agus nach de bhuadh an Aire do dhéanamh in éamais íocaíochta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so thárlóidh san) déanfaidh an Chuideachta (pé aca cur siar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ba thrúig leis an bhfágaint-gan-íoc san no nach eadh) ús d'íoc leis an Aire, do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais, ar an tráthchuid leath-bhliantúil sin go dtí go mbeidh an céanna íoctha.
(5) Gach tráthchuid leath-bliantúil agus an t-ús uile (más ann dó) íocfaidh an Chuideachta leis an Aire fén alt so, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
Comhacht don Aire chun a cheangal ar an gCuideachtain lorgaireacht do dhéanamh.
13.—(1) Is dleathach don Aire a cheangal ar an gCuideachtain, aon tráth no trátha, a iarraidh ar an Aire ceadúnas lorgaireachta do dheonadh dhóibh fé Acht 1940 alos aon tailimh áirithe agus, ar fháil an cheadúnais lorgaireachta san dóibh, lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar an talamh san d'fhonn a fháil amach cadé an saghas agus cadé an méid mianraí atá sa talamh san agus ar mhaith an rud na mianraí sin d'oibriú.
(2) Beidh sé de dhualgas ar an gCuideachtain ceanglas ar bith, a dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, do chólíonadh.
(3) Is dleathach don Aire, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, íoc do dhéanamh leis an gCuideachtain o am go ham, amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, sna suimeanna san is ceart dar leis an Aire d'íoc leo chun go bhféadfaidís ceanglais, a dhéanfaidh an tAire fén alt so, do chólíonadh.
(4) Ní íocfaidh an tAire níos mó ná trí mhíle punt leis an gCuideachtain fén alt so in aon bhliain airgeadais áirithe agus is chun íoc na gcostas fé n-a raghaid, de dhruim ceanglas a dhéanfaidh an tAire fén alt so do chólíonadh, agus chuige sin amháin, a chaithfidh an Chuideachta na suimeanna uile a híocfar leo amhlaidh.
Comhachta bheidh ag an Aire Airgeadais mar scaireánach.
14.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna de chuid na Cuideachtan a bheidh ar seilbh aige de thurus na huaire, feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann no cinn de sna cirt agus na comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san agus, i gcás na cirt no na comhachta san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin na cirt no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae más ceart san dar leis.
E d oblagaid scaireanna do shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais.
15.—(1) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhóidh gach ball den Chuideachtain (agus suibscríobhaithe Memorandum Chomhlachais na Cuideachtan d'áireamh ach gan an tAire Airgeadais d'áireamh) a chuid scaireanna sa Chuideachtain agus dá réir sin beidh sé de cheangal ar gach ball den tsórt san gach díbhinn agus bonus agus airgead eile do gheobhaidh ar na scaireanna san no dá mbárr d'íoc leis an Aire Airgeadais chun tairbhe don Stát-Chiste agus fós gach ceann no aon cheann no cinn de sna scaireanna san d'aistriú, fé mar agus nuair a cheanglóidh an tAire sin air san do dhéanamh, chun an Aire no chun duine ainmneoidh an tAire sin chuige sin.
(2) Chun na bhforálacha san de sna hAchtanna Cuideachtan gur gá dá réir seacht mbaill ar a laighead do bheith sa Chuideachtain i gcomhnaidhe do chólíonadh no i dtreo go mbeidh ag duine ceapfar no bheidh le ceapadh chun bheith ina stiúrthóir don Chuideachtain na cáilíochta is gá, is dleathach don Aire Airgeadais éinní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh o am go ham fé mar is gá, sé sin le rá:—
(a) ceann no cinn de sna scaireann sa Chuideachtain a bheidh ag an Aire sin de thurus na huaire d'aistriú (fé réir an tsriain a forchuirtear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) chun duine ar bith;
(b) a cheangal ar aon bhall áirithe den Chuideachtain gach ceann no aon ceann no cinn de sna scaireanna sa Chuideachtain a bheidh aige d'aistriú chun an Aire sin no chun duine ar bith eile.
(3) Lasmuich de chás dá n-údaruítear a mhalairt leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní aistreoidh an tAire Airgeadais ná ní leigfidh uaidh ar shlí eile aon scair no scaireanna sa Chuideachtain a bheidh aige de thurus na huaire ná ní dhéanfaidh na comhachta do bheirtear dó leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'fheidhmiú i slí gur lugha ná aon agus caoga tráth ar bith an uimhir scaireanna sa Chuideachtain a bheidh aige.
Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.
16.—Gach díbhinn agus bonus agus airgead eile do gheobhaidh an tAire Airgeadais, alos scaireanna de chuid na Cuideachtan a bheidh aige no ar iontaobhas dó, déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin.
E d'oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire.
17.—(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, fé cheann nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta fé leith, cuntas cothromaíochta don bhliain chuntasaíochta san agus an cuntas san iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan agus fós cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta chéanna agus é iniúchta amhlaidh.
(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt don Aire mar adubhradh, is sa bhfuirm sin ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a déanfar amach iad, agus beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteannta éinní is gá do réir an orduithe sin do bheith ann) cuimre ar chaipital agus ar shócmhainní agus ar fhiachaisí na Cuideachtan maraon leis na mion-innste sin a nochtfaidh cadé saghas na sócmhainní agus na bhfiachaisí sin agus conus a háirmhíodh luach na bhfiachas.
(3) Ar an Aire dá iarraidh sin ortha, bhéarfaidh an Chuideachta dhó na mínithe sin a theastóidh uaidh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta áirithe no cuntais sochair agus dochair áirithe bheidh tugtha dhó de bhun an ailt seo.
(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó de bhun an ailt seo do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas fé cheann mí tar éis an chuntais chothromaíochta agus an chuntais sochair agus dochair sin do thabhairt dó amhlaidh.
(5) Má fhágann an Chuideachta aon cheann no cinn d'fhorálacha an ailt seo gan cólíonadh, beidh an Chuideachta, maraon le gach stiúrthóir agus bainisteoir agus oifigeach eile don Chuideachtain d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillighe sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillighe sin.
CUID III.
An Stat do Thogaint Sean-Ghnothai Mianadoireachta.
Sean-ghnóthaí mianadóireachta do thógaint.
18.—Pé uair a chífear don Aire—
(a) gur gá, mar mhaithe leis an bpobal, oibriú aon fhoslaigh áirithe mianraí do bheith fé urláimh an Stáit chun leorchaindíochtaí d'earraí atá riachtanach do bheatha an phobail d'fháil, agus
(b) é bheith riachtanach, chun rialú éifeachtach an fhoslaigh áirithe mianadóireachta san d'áirithiú don Stát, an tAire do thógaint sean-ghnótha mhianadóireachta áirithe dar cúram an foslach san no cuid den fhoslach san d'oibriú,
féadfaidh an tAire, ach toiliú an Aire Airgeadais do bheith aige chuige sin, an sean-ghnó mianadóireachta san do thógaint tré chó-aontú le dílseánach an chéanna no, cheal có-aontuithe, an gnó san do thógaint go héigeanta le hordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um ghnó mianadóireachta do thógaint).
Sean-ghnó mianadóireachta do thógaint tré chó-aontú.
19.—Pé uair a dhéanfaidh an tAire-sean-ghnó mianadóireachta do thógaint, fén gCuid seo den Acht so, tré chó-aontú le dílseánach an chéanna, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) is chuige thógfaidh an tAire an gnó san chun tairbhe don Stát chó fada agus a théigheann mianraí agus chun tairbhe don Chuideachtain chó fada agus a théigheann ní ar bith eile; agus
(b) isí an Chuideachta íocfaidh an praghas (le n-a n-áirmhítear an méid sin de bhainfidh le mianraí) a bheidh iníoctha le dílseánach an ghnótha alos na tógainte sin;
(c) maran Stát-mhianraí cheana agus sa mhéid nach Státmhianraí cheana na mianraí tógfar amhlaidh, tiocfaid, ar iad do thógaint amhlaidh, chun bheith agus beid chun gach críche ina mianraí Stát-tógtha do réir bhrí Achta 1940, agus beidh feidhm dá réir sin, sa mhéid gurb infheidhmithe dhóibh sa chás, ag na forálacha den Acht san a bhaineann le mianraí Stát-tógtha.
Fógra i dtaobh é bheith beartuithe orduithe um ghnó mianadóireachta do thógaint do dhéanamh.
20.—(1) Pé uair a bheartóidh an tAire ordú um ghnó mianadóireachta do thógaint do dhéanamh—
(a) bhéarfaidh fógra i scríbhinn mí ar a laighead roimh ré, do dhílseánach an tsean-ghnótha mhianadóireachta bheidh beartuithe do thógaint leis an ordú, á rá go bhfuil beartuithe san do dhéanamh, agus
(b) foillseoidh fógra i dtaobh an bheartuithe san Iris Oifigiúil agus sna nuachtáin sin is oiriúnach leis an Aire, ar a n-áirmhítear nuachtáin a léightear sa cheanntar, agus beidh sa bhfógra san mion-tuairisc chuibhe ar shuidheamh agus ar shaghas agus ar mhéid na mianraí agus na bhfoirgintí agus an ghléasra is abhar don ghnó san, agus fós an t-eolas eile sin is oiriúnach leis an Aire, agus
(c) lóisteálfaidh in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, mapa (do réir scála oiriúnaigh agus gach eolas iomchuibhe ann) den líomatáiste ina bhfuil na mianraí atá beartuithe do thógaint leis an ordú.
(2) Fógra do bhéarfar fé mhír (a) den fho-alt san roimhe seo i dtaobh é bheith beartuithe sean-ghnó mianadóireachta do thógaint, is cead é thabhairt amhlaidh tré n-a chur tríd an bpost cláruithe agus é dírithe chun an duine chífear don Aire do bheith ina dhílseánach ar an ngnó fé sheoladh na príomh-oifige ina mbíonn an gnó ar siúl.
(3) Gach mapa lóisteálfar in Oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, fé fho-alt (1) den alt so, beidh sé ar fáil san oifig sin gach tráth cuibhe chun a iniúchta ag duine ar bith gur mian leis é iniúchadh.
Lánas agus oibriú orduithe um ghnó mianadóireachta do thógaint.
21.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um ghnó mianadóireacht do thógaint, sé sin le rá:—
(a) déanfar ainm an tsean-ghnótha mhianadóireachta bheidh á thógaint leis an ordú agus ainm an duine chífear don Aire bheith ina dhílséanach ar an ngnó san do luadh san ordú;
(b) déanfar saghas agus suidheamh agus méid na mianraí (dá ngairmtear san Acht so na mianraí tógtha) bheidh á dtógaint leis an ordú do luadh ann;
(c) i gcás na mianraí tógtha do bheith (i bpáirt no go hiomlán) ina Stát-mhianraí bheidh á n-oibriú ag dílseánach an ghnótha san fé léas ón Aire, déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú, maidir leis na Stát-mhianraí sin, leas an léasaidhe fén léas san do dhílsiú sa Stát agus an léas san do bháthadh in ath-orba todhachaidhe an chéanna;
(d) i gcás na mianraí tógtha do bheith (i bpáirt no go hiomlán) ina Stát-mhianraí bheidh á n-oibriú ag dílseánach an ghnótha san fé cheadúnas ón Aire, déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú, maidir leis na Stát-mhianraí sin, deireadh do chur leis an gceadúnas san;
(e) i gcás gan na mianraí tógtha do bheith (i bpáirt no go hiomlán) ina Stát-mhianraí, oibreoidh an t-ordú, maidir leis na mianraí sin, ar gach slí fé mar oibríonn ordú um mianraí do thógaint fé Acht 1940, agus déarfaidh, dá réir sin, agus déanfaidh na mianraí sin do dhílsiú san Aire i mbith-dhílse agus, ar a ndílsiú amhlaidh, tiocfaidh na mianraí sin chun bheith agus beid chun gach críche ina mianraí Stát-tógtha do réir bhrí Achta 1940, agus beidh feidhm dá réir sin, sa mhéid gurb infheidhmithe dhóibh sa chás, ag na forálacha den Acht san a bhaineann le mianraí Stát-tógtha;
(f) déarfaidh an t-ordú freisin agus déanfaidh aistriú chun na Cuideachtan agus dílsiú sa Chuideachtain, saor o gach muirear agus eire, ar dhea-thoil an tsean-ghnótha mhianadóireachta bheidh á thógaint leis an ordú agus ar an maoin agus na sócmhainní uile (seachas na mianraí tógtha) do bhí ar an dáta iomchuibhe ar únaeracht no in úsáid ag dílseánach an ghnótha san chun crícheanna an chéanna agus fós ar gach leabhar-fhiach agus airgead eile bheidh dlite ag an dílseánach san de dhruim an ghnótha san agus ar an gceart chun dul chun dlí ar scór na bhfiach san agus an airgid sin agus chun iad do bhaint amach agus chun admhála dleathacha do thabhairt ar an gcéanna;
(g) sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so ciallóidh an abairt “an dáta iomchuibhe” an 1adh lá de Mhárta, 1941, i gcás an t-ordú do dhéanamh fé cheann cheithre mhí tar éis dáta an Achta so do rith, agus ciallóidh sí i ngach cás eile, an dáta ar a ndearnadh, de bhun an Achta so, fógra, i dtaobh é bheith beartuithe an gnó san do thógaint, d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil;
(h) ní abróidh ná ní dhéanfaidh an t-ordú freagarthacht ar bith i dtaobh aon choda d'fhiacha agus d'fhiachaisí eile dhílseánaigh an tsean-ghnótha mhianadóireachta alos no de dhruim an ghnótha san do chur ar an Aire ná ar an gCuideachtain ná d'aistriú chun ceachtar aca;
(i) féadfaidh na forálacha san uile, foirlíontach no fo-ghabhálach, is ceart dar leis an Aire agus le n-a dtoileoidh an tAire Airgeadais, bheith san ordú.
Cúiteamh alos orduithe um ghnó mianadóireachta do thógaint.
22.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú um ghnó mianadóireachta do thógaint dlighfidh an Chuideachta, fé réir forálacha an ailt seo, cúiteamh d'íoc do réir an Achta so sa tsean-ghnó mhianadóireachta (le n-a n-áirmhítear na mianraí tógtha) tógfar leis an ordú.
(2) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha sa chuid sin (más aon chuid é) de sna mianraí tógtha is Stát-mhianraí.
Iarrataisí ar chúiteamh alos orduithe um ghnó mianadóireachta do thógaint.
23.—(1) Is cead do dhuine ar bith, adeir gurb é ba dhílseánach ar shean-ghnó mhianadóireachta bheidh tógtha le hordú um ghnó mianadóireachta do thógaint, cúiteamh alos an tsean-ghnótha mhianadóireachta san d'iarraidh ar an gCuideachtain agus is cead do dhuine ar bith, adeir leas do bheith aige sa ghnó san mar eireadóir, a iarraidh ar an gCuideachtain an cúiteamh san do mheas.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an fhuirm ina mbeidh iarratas ar chúiteamh agus cadé an fhuirm ina n-iarrfar cúiteamh do mheas fén alt so, agus fós cadiad na mioninste bheidh le luadh sna fuirmeacha san fé seach, agus ní foláir gach iarratas ar chúiteamh no ar chúiteamh do mheas fén alt so do dhéanamh sa bhfuirm oiriúnach a bheidh orduithe amhlaidh agus na mion-inste bheidh á lorg sa bhfuirm sin do bheith ann.
(3) Ní breithneofar aon iarratas ar chúiteamh, ná aon iarratas ar chúiteamh do mheas fén alt so, mara lóisteáltar é leis an gCuideachtain fé cheann cheithre mhí (no fé cheann na tréimhse sin is sia ná san, ach nach sia ar fad ná sé mhí, a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe) ón dáta ar ar foillsíodh san Iris Oifigiúil, de bhun an Achta so, an fógra i dtaobh é bheith beartuithe an seanghnó mianadóireachta, is abhar don iarratas san, do thógaint.
(4) Cuirfidh an Chuideachta fé bhráid an Bhúird Mhianadóireachta gach iarratas fén alt so ar chúiteamh do mheas agus gach iarratas fén alt so ar chúiteamh ná có-aontóidh an t-iarratasóir agus an Chuideachta ina thaobh agus leis sin déanfaidh an Bord Mianadóireachta an cúiteamh is iníoctha do mheas do réir an chéad ailt ina dhiaidh seo.
Cúiteamh do mheas alos orduithe um ghnó mianadóireachta do thógaint.
24.—(1) Déanfaidh an Bord Mianadóireachta cúiteamh alos na mianraí (seachas Stát-mhianraí) bheidh tógtha le hordú um ghnó mianadóireachta do thógaint do mheas ar an modh gcéanna agus ar an bhforas gcéanna i ngach slí, agus deonfar é sa bhfuirm chéanna, ina ndéanfaí san dá mba chúiteamh i mianraí Stát-tógtha fé Acht 1940 an cúiteamh san, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san a bhaineann le cúiteamh i mianraí Stát-tógtha agus ag na rialacháin a bheidh déanta fé agus a bhainfidh leis an gcúiteamh san.
(2) Déanfaidh an Bord Mianadóireachta cúiteamh i sean-ghnó mianadóireachta (gan na mianraí is abhar don ghnó san d'áireamh) do mheas do réir na bprinseabal so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar luach cothrom an tsean-ghnótha mhianadóireachta mar bheo-ghnóthas do mheas amhail ar dháta a thógainte;
(b) déanfar luach cothrom dea-thoil an ghnótha san agus luach cothrom na maoine agus na sócmhainní uile (gan na mianraí adubhradh d'áireamh) bheidh ar únaeracht agus in úsáid ag dílseánach an ghnótha san chun crícheanna an chéanna ar dháta a thógainte do chur san áireamh nuair a bheidh luach cothrom an ghnótha san mar bheoghnóthas á mheas;
(c) nuair a bheidh an luach cothrom a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo á mheas, cuirfear san áireamh na suimeanna uile do deonadh as airgead puiblí do dhílseánach an ghnótha chun crícheanna an ghnótha no chun aon chríche áirithe de chrícheanna an ghnótha;
(d) chun crícheanna na míreanna san roimhe seo, cuirfear san áireamh gach leabhar-fhiach agus airgead eile bheidh dlite ag dílseánach an ghnótha san de dhruim an chéanna ar dháta na tógainte agus fós leas leanúnach connartha bheidh ar marthain, ach ní cuirfear san áireamh na fiacha ná na fiachaisí eile bheidh dlite ar an dílseánach san maidir leis an ngnó san ar an dáta san;
(e) lomhálfar ús do réir cúig per cent. per annum o dháta na tógainte.
(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiach agus fiachas eile a toirmeasctar leis an alt so do chur san áireamh nuair a bheidh cúiteamh á mheas fén alt so alos seanghnótha mhianadóireachta, sé sin le rá:—
(a) ní bheidh an Chuideachta freagarthach in aon fhiach nó fiachas eile den tsórt san;
(b) i gcás an Chuideachta do thógaint an ghnótha san, ní dhéanfaidh an tógaint sin deifir do fhreagarthacht dílseánaigh an ghnótha san sna fiacha san agus sna fiachaisí eile sin;
(c) gach urrús alos aon cheann d'fhiacha agus d'fhiachaisí eile den tsórt san a bhí díreach roimh dháta na tógainte ina eire ar an ngnó san scuirfidh ar an dáta san de dheifir do dhéanamh don ghnó san agus, ina ionad san, beidh ina eire ar an gcúiteamh agus ionfhoirfheidhmithe i gcoinnibh an chúitimh a deonfar fén alt so alos an ghnótha san.
(4) Chun crícheanna an ailt seo, is tuigthe gurb é dáta na tógainte an 1adh lá de Mhárta, 1941, i gcás an t-ordú iomchuibhe um ghnó mianadóireachta do thógaint do dhéanamh fé cheann cheithre mhí tar éis dáta an Achta so do rith, agus is tuigthe gurb é dáta na tógainte i ngach cás eile an dáta ar ar foillsíodh san Iris Oifigiúil, de bhun an Achta so, fógra i dtaobh é bheith beartuithe an seanghnó mianadóireachta iomchuibhe do thógaint.
(5) Ní bheidh dul thar aon mheas cúitimh a dhéanfaidh an Bord Mianadóireachta fén alt so, agus ní cead athchomharc do dhéanamh ina choinnibh agus beidh ina cheangal ar na páirtithe thiocfaidh os cóir an Bhúird nuair a bheidh an meas á dhéanamh, agus ar a rannpháirtithe, fé is dá mba bhreithiúntas in personam é.
(6) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, beidh feidhm ag Coda V agus VII d'Acht 1940, gus na hatharuithe sin ar na Coda san is gá, maidir le cleachta agus nós imeachta an Bhúird Mhianadóireachta agus cúiteamh á mheas aca fén alt so, agus déanfar an chomhacht atá ag an Aire, chun rialacháin do dhéanamh fé alt 34 den Acht san, do leathnú dá réir sin.
Fiacha bheidh dlite ag an Stát do bhaint as cúiteamh.
25.—Má mheasann an Bord Mianadóireachta méid an chúitimh is iníoctha ag an gCuideachtain fén gCuid seo den Acht so le haon duine áirithe agus go gcuirfear in úil don Chuideachtain, sara n-íoctar an cúiteamh san, fiacha do bheith ag aon Aire Stáit no ag an bPrímh-Chiste ar an duine sin, is cead don Chuideachtain méid na bhfiach do bhaint as an gcúiteamh agus a ordú go ndéanfar an méid do hasbhaineadh amhlaidh d'íoc leis an Aire Stáit iomchuibhe no (másé is oiriúnach sa chás) é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
Mianraí tógtha do thabhairt ar léas no ar ceadúnas don Chuideachtain.
26.—Pé uair a thógfaidh an tAire sean-ghnó mianadóireachta fén gCuid seo den Acht so (tré chó-aontú no go héigeanta) déanfaidh an tAire, chó luath tar éis na tógainte sin agus a bheidh caoi ann chuige sin, léas Stát-mhianadóireachta ar na mianraí do tógadh amhlaidh no ceadúnas mianraí Stát-tógtha alos na mianraí sin (do réir mar is ceart dar leis an Aire) do thabhairt don Chuideachtain fé Acht 1940, agus glacfaidh an Chuideachta an céanna.
Tuarasgabhála bliantúla ón gCuideachtain.
27.—Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana, bhéarfaidh an Chuideachta don Aire tuarasgabháil ina mbeidh, maidir leis an mbliain sin, mion-innste ar na sean-ghnóthaí mianadóireachta uile do thóg an Chuideachta, tré chó-aontú no tré orduithe um ghnó mianadóireachta do thógaint, agus fós na mioninnste sin, ar mhianraí d'oibrigh no do lorg an Chuideachta, a mheasfaidh an tAire a bheith oiriúnach, ar mhaithe leis an bpobal, a chur mar cheangal ar an gCuideachtain a thabhairt uaithi.
(2) Gach tuarasgabháil bhliantúil do bhéarfar don Aire de bhun an ailt seo, leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas í fé cheann mí tar éis í thabhairt dó.