[EN]

Uimhir 13 de 1942.


[EN]

ACHT UM BAINISTÍ CHONTAE (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM BAINISTÍ CHONTAE, 1940, AR SLITE ÁIRITHE. [25adh Meitheamh, 1942.] ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1941” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941);

[EN]

cialluíonn an abairt “ar fionnraighe” na báill den chomhairle no den bhord no den chólucht eile, a n-úsáidtear an abairt sin ina dtaobh, do bheith curtha as oifig fé Chuid IV d'Acht 1941 no é bheith tuigthe de bhuadh ailt 51 den Acht san iad do bheith curtha as oifig amhlaidh, agus is dá réir sin a léireofar focail ghaolmhara;

[EN]

cialluíonn an focal “coimisinéir” duine ar n-a cheapadh fé alt 48 d'Acht 1941 ina choimisinéir no ina dhuine de na coimisinéirí do chomhairle no do bhord no do chólucht eile bheidh ar fionnraighe;

[EN]

cialluíonn an abairt “coimisinéir láithreach” duine is coimisinéir aonair ar dháta an Achta so do rith.

[EN]

(2) Is údarás rátaíochta chun crícheanna an Achta so gach cólucht aca so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) bárdas contae-bhuirge no buirge eile,

[EN]

(b) comhairle chontae,

[EN]

(c) comhairle bhailecheanntair,

[EN]

agus is dá réir sin a léireofar an abart “údarás rátaíochta” san Acht so.

[EN]

(3) Chun crícheanna an Achta so, is tuigthe fionnraíocht chomhairle no búird no cóluchta eile do leanúint go dtí dáta teachta in oifig do na baill den chólucht san a toghfar i dtoghchán ar n-a chomóradh de bhun ailt 45 d'Acht 1941.

[EN]

An Príomh-Acht.

2.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940).

[EN]

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus an Príomh-Acht agus, dá réir sin, gach abairt agus focal dá gceaptar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

[EN]

Comhacht chun a dhearbhú cóluchta áirithe do bheith ina gcó-chóluchta.

3.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú aon bhord no coiste áirithe (seachas údarás piara no cuain no coiste oideachais ghairme beatha) ar gá leath ar a laghad dá bhaill do cheapadh ag dhá údarás rátaíochta no níos mó ar leithligh do bheith ina gcó-chólucht do réir bhrí agus chun crícheanna an Phríomh-Achta.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair is oiriúnach leis é, aon ordú do rinne sé roimhe sin, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so no fén bhfo-alt so, do chúlghairm le hordú.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú fé fho-alt (1) den alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, maidir leis an mbord no an coiste le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh an bord no an coiste sin ina chó-chólucht do réir bhrí agus chun crícheanna an Phríomh-Achta fé is dá mbeadh an bord no an coiste sin luaidhte i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Acht san, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige maidir leis an mbord no an coiste sin dá réir sin;

[EN]

(b) is tuigthe chun crícheanna an Phríomh-Achta gurb é is líomatáiste feidhmiúcháin an bhúird no an choiste sin ná líomatáiste ar n-a chó-dhéanamh de líomatáistí feidhmiúcháin fé seach na n-údarás rátaíochta uile agus fé seach ar gá gurb iad a thoghfadh leath ar a laghad de bhaill an bhúird no an choiste sin;

[EN]

(c) má thárlann, ar dháta an orduithe sin, gur údarás áitiúil do réir bhrí agus chun crícheanna ailt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), an bord no an coiste sin de bhuadh aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm an tráth san, beidh an bord no an coiste sin ina údarás áitiúil do réir bhrí agus chun crícheanna Coda IV d'Acht 1941, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an gCuid sin den Acht san maidir leis an mbord no an coiste sin.

[EN]

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (1) den alt so maidir le bord no coiste atá ar marthain ar dháta an Achta so do rith—

[EN]

(a) leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus a bheidh caothúil tar éis a dhéanta, agus

[EN]

(b) féadfar é chur ar nea-mbrí ag ceachtar Tigh aca san tré rún ar n-a rith fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, agus

[EN]

(c) tiocfa sé i bhfeidhm (mara gcuirtear ar nea-mbrí amhlaidh é) ar bheith caithte don tréimhse gur fé n-a ceann a féadfar é chur ar nea-mbrí amhlaidh no, i gcás dáta do luadh san ordú san chun é theacht i bhfeidhm, ar an dáta san no ar bheith caithte don tréimhse sin, pé aca is déanaighe.

[EN]

Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.

4.—(1) Maidir leis an gcéad chontae-bhainisteoir do chontae, no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta, do cheapadh, déanfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, agus iad ag cólíonadh forálacha fo-ailt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht, áird do thabhairt freisin ar na forálacha ina dhiaidh seo den fho-alt so agus, sa mhéid go bhfuil na forálacha san ina dhiaidh seo buiniscionn le forálacha an fho-ailt sin (3), cólíonfaidh na Coimisinéirí sin na forálacha san ina dhiaidh seo i gcás inar infheidhmithe do na forálacha san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) mara ndéantar éinne do mholadh de bhun míre (a) den fho-alt san (3) agus go mbeidh cólucht amháin no níos mó aca so leanas, sé sin le rá, i gcás an chéad chontae-bhainisteora do chontae aonair, comhairle na contae sin no an bord sláinte do cheanntar shláinte chontae sa chontae sin no, i gcás an chéad chontae-bhainisteora do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta, comhairle cheachtar de na contaethe sin no an bord sláinte do cheanntar shláinte chontae i gceachtar de na contaethe sin, ar fionnraighe le linn an Achta so do rith, ansan agus sa chás san, mara mbeidh ach coimisinéir amháin don chólucht, no do chólucht amháin no níos mó de na cóluchta, bheidh ar fionnraighe amhlaidh ina choimisinéir láithreach agus é ina iarrthóir agus é oiriúnach, molfaidh na Coimisinéirí sin an coimisinéir sin, no má bhíonn beirt daoine no níos mó, a mbeidh gach duine aca ina choimisinéir láithreach do chólucht amháin no níos mó de na cóluchta bheidh ar fionnraighe amhlaidh, ina n-iarrthóirí agus iad oiriúnach molfaidh na Coimisinéirí sin an duine sin díobh a mheasfaid is oiriúnaighe;

[EN]

(b) mara ndéantar éinne do mholadh de bhun míre (a) den fho-alt san (3) ná de bhun na míre sin roimhe seo den fho-alt so, bhéarfaidh na Coimisinéirí sin áird ar mhír (b) den fho-alt san (3) agus (má bhaineann sí leis an gcás) déanfaid dá réir;

[EN]

(c) mara ndéantar éinne do mholadh de bhun míreanna (a) no (b) den fho-alt san (3) ná míre (a) den fho-alt so agus go mbeidh duine is coimisinéir láithreach (seachas coimisinéir láithreach le n-a mbainfidh mír (a) den fho-alt so) ina iarrthóir agus é oiriúnach, déanfaidh na Coimisinéirí sin, i gcás gan ach duine amháin den tsórt san do bheith ina iarrthóir agus é oiriúnach, an duine sin do mholadh no, i gcás beirt no níos mó daoine den tsórt san do bheith ina n-iarrthóirí agus iad oiriúnach, an duine sin díobh a mheasfaid is oiriúnaighe do mholadh;

[EN]

(d) mara ndéantar éinne do mholadh de bhun míreanna (a) no (b) den fho-alt san (3) ná aon mhíre aca san roimhe seo den fho-alt so, bhéarfaidh na Coimisinéirí sin áird ar mhír (c) den fho-alt san (3) agus (má bhaineanna sí leis an gcás) déanfaid dá réir;

[EN]

(e) mara ndéantar éinne do mholadh de bhun míreanna (a), (b), no (c) den fho-alt san (3) ná aon mhíre aca san roimhe seo den fho-alt so, bhéarfaidh na Coimisinéirí sin áird ar mhír (d) den fho-alt san (3) agus déanfaid dá réir.

[EN]

(2) Chun na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla do roghnú duine, de bhun fo-ailt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an alt so, chun iad dá mholadh chun a cheaptha ina chéad chontae-bhainisteoir do chontae no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tuigthe duine ar bith do bheith ina rúnaidhe contae do chontae ach an duine (más ann) arb é buanrúnaidhe contae na contae sin é ar dháta an Achta so do rith agus arb é an buan-rúnaidhe sin fós é le linn an roghnuithe sin, ach amháin, i gcás an duine (más ann) arb é an buan-rúnaidhe contae do chontae é ar dháta an Achta so do rith, gur tuigthe chun crícheanna an roghnuithe sin, maidir le hoifig an chéad chontae-bhainisteora don chontae sin no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta ar ceann aca an chontae sin, gurb é rúnaidhe contae na contae sin é má bhíonn sé, le linn an roghnuithe sin (agus scurtha aige an tráth san de bheith ina bhuanrúnaidhe chontae den tsórt san), i seilbh oifige fé aon chólucht is údarás áitiúil chun crícheanna na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941;

[EN]

(b) ní tuigthe duine ar bith do bheith ina rúnaidhe do bhord sláinte cheanntair shláinte chontae ach an duine (más ann) arb é an buan-rúnaidhe don bhord san é ar dháta an Achta so do rith agus arb é an buanrúnaidhe sin fós é le linn an roghnuithe sin, ach amháin, i gcás an duine (más ann) arb é an buanrúnaidhe é don bhord sláinte do cheanntar shláinte chontae ar dháta an Achta so do rith, gur tuigthe chun crícheanna an roghnuithe sin, maidir le hoifig an chéad chontae-bhainisteora don chontae ina bhfuil an ceanntar sláinte contae sin no do gach ceann fé leith den dá chontae ghrúpálta ar ceann aca an chontae sin, gurb é an rúnaidhe don bhord sláinte sin é má bhíonn sé, le linn an roghnuithe sin (agus scurtha aige an tráth san de bheith ina bhuanrúnaidhe den tsórt san), i seilbh oifige fé aon chólucht is údarás áitiúil chun crícheanna na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941.

[EN]

Forálacha i gcás na baill de chomhairle chontae do chur as oifig.

5.—(1) Má thárlann, le linn teacht i bhfeidhm don Phríomh Acht, comhairle chontae (seachas contae Bhaile Atha Cliath) do bheith ar fionnraighe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcontae sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 90 d'Acht 1941 maidir le ceapadh an chéad chontae-bhainisteora don chontae sin, agus achtuítear leis seo ina ionad san go bhféadfar roghnú agus moladh duine fé alt 4 den Phríomh-Acht, chun a cheaptha chun na hoifige sin, do thionnscnamh agus do chríochnú sara mbeidh deireadh le fionnraíocht chomhairle na contae sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé fho-alt (2) den alt san 4 mar lá gur amhail air agus uaidh a thiocfaidh an duine molfar amhlaidh chun bheith ceaptha ina chéad chontae-bhainisteoir don chontae sin ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a raghaidh an fhionnraíocht san in éag;

[EN]

(b) ní bheidh níos mó ná coimisinéir amháin ann don chomhairle sin aon tráth áirithe faid a mhairfidh an fhionnraíocht san;

[EN]

(c) an duine is coimisinéir de thurus na huaire don chomhairle sin le linn na fionnraíochta san beidh sé freisin ina chontae-bhainisteoir don chontae sin, agus is tuigthe é do cheapadh ina chontae-bhainisteoir don chontae sin ag an Aire fé fho-alt (5) d'alt 4 den Phríomh-Acht agus dá réir sin ní hé is céad chontae-bhainisteoir don chontae sin do réir bhrí an Phríomh-Achta ná an Achta so;

[EN]

(d) más ceann de dhá chontae ghrúpálta an chontae sin, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht (ar gá dá réir gurb é an t-aon duine amháin a bheidh ina chontae-bhainisteoir do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta) maidir leis an dá chontae ghrúpálta san le linn na fionnraíochta san;

[EN]

(e) an luach saothair is iníoctha leis an gcoimisinéir do chomhairle na contae sin fé fho-alt (2) d'alt 50 d'Acht 1941 is tuigthe, le linn na fionnraíochta san, é d'fholú a luach saothair alos a dhualgas mar chontaebhainisteoir don chontae sin, agus ní bheidh aon luach saothair breise iníoctha leis alos na ndualgas san fén bhfo-alt san (2) ná fé alt 5 den Phríomh-Acht;

[EN]

(f) más gá, de dhruim forála den Phríomh-Acht no orduithe ar n-a dhéanamh fén Acht san, contaebhainisteoir conganta do cheapadh don chontae sin no do chontae bheidh in aon-ghrúpa leis an gcontae sin, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 90 d'Acht 1941 maidir le ceapadh an chéad chontae-bhainisteora chonganta san, agus achtuítear leis seo ina ionad san go bhféadfar roghnú agus moladh duine fé alt 12 den Phríomh-Acht, chun a cheaptha chun na hoifige sin, do thionnscnamh agus do chríochnú sara mbeidh deireadh le fionnraíocht chomhairle na contae sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé mhír (b) d'fho-alt (3) den alt san 12 mar lá gur amhail air agus uaidh a thiocfaidh an duine molfar amhlaidh chun bheith ceaptha ina chéad chontae-bhainisteoir conganta don chontae sin ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a raghaidh an fhionnraíocht san in éag.

[EN]

(2) Má thárlann, le linn teacht i bhfeidhm don Phríomh-Acht, comhairle chontae amháin de dhá chontae grúpálta do bheith ar fionnraighe agus gan comhairle an chinn eile de na contaethe sin do bheith ar fionnraighe, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gceann de na contaethe sin nach ar fionnraighe dá comhairle, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 90 d'Acht 1941 maidir le ceapadh an chéad chontae-bhainisteora don chontae sin nach ar fionnraighe dá comhairle, agus achtuítear leis seo ina ionad san go bhféadfar roghnú agus moladh an duine sin fé alt 4 den Phríomh-Acht, chun a cheaptha chun na hoifige sin, do thionnscnamh agus do chríochnú sara mbeidh deireadh le fionnraíocht chomhairle an chinn eile de na contaethe sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé fho-alt (2) den alt san 4 mar lá gur amhail air agus uaidh a thiocfaidh an duine molfar amhlaidh chun bheith ceaptha ina chéad chontae-bhainisteoir don chontae sin ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a raghaidh an fhionnraíocht san in éag;

[EN]

(b) ceapfaidh an tAire, fé fho-alt (5) d'alt 4 den Phríomh-Acht, duine chun bheith ina chontae-bhainisteoir don chontae sin, nach ar fionnraighe dá comhairle, go dtí go gceapfar an chéad chontae-bhainisteoir don chontae sin.

[EN]

(3) D'ainneoin éinní atá in alt 70 den Acht Rialtais Aitúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), féadfar coimisinéir is ball, no ba bhall tráth, de chólucht is fo-chólucht (do réir bhrí Choda IV d'Acht 1941) den chólucht a bhfuil an coimisinéir sin ina choimisinéir dó no ina dhuine de na coimisinéirí dhó do cheapadh chun oifige agus féadfaidh bheith i seilbh oifige an chéad chontae-bhainisteora no aon chontae-bhainisteora eile no an chéad chontae-bhainisteora chonganta no aon chontae-bhainisteora chonganta eile do chontae no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta no oifige Bainisteora Chathrach Chonganta Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Forálacha i gcás na baill de chólucht toghaidhe do chur as oifig.

6.—I gcás cólucht toghaidhe, ná fuil aon chuid dá líomatáiste feidhmiúcháin laistigh de chontae Bhaile Atha Cliath, do bheith ar fionnraighe le linn teacht i bhfeidhm don Phríomh-Acht, déanfaidh an coimisinéir no na coimisinéirí don chólucht toghaidhe sin feidhmeanna comhallacha an chóluchta thoghaidhe sin. chó maith le feidhmeanna forcoimeádta an chóluchta san. d'fheidhmiú agus do chólíonadh ar feadh na fionnraíochta san. agus ní dhéanfaidh an contae-bhainisteoir a mbeadh na feidhmeanna comhallacha san aige mara mbeadh an t-alt so iad d'fheidhmiú ná do chólíonadh faid a mhairfidh an fhionnraíocht san.

[EN]

Forálacha i dtaobh contae Bhaile Atha Cliath.

7.—(1) I gcás comhairle chontae Bhaile Atha Cliath do bheith ar fionnraighe le linn teacht i bhfeidhm don Phríomh-Acht, déanfaidh an coimisinéir no na coimisinéirí don chontae sin feidhmeanna comhallacha na comhairle sin, chó maith le n-a feidhmeanna foircoimeádta, d'fheidhmiú agus do chólíonadh ar feadh na fionnraíochta san, agus ní dhéanfaidh Bainisteoir Contae Bhaile Atha Cliath na feidhmeanna comhallacha san d'fheidhmiú ná do chólíonadh faid a mhairfidh an fhionnraíocht san.

[EN]

(2) I gcás cólucht toghaidhe, a bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin go léir no cuid de laistigh do chontae Bhaile Atha Cliath, do bheith ar fionnraighe le linn teacht i bhfeidhm don Phríomh-Acht, déanfaidh an coimisinéir no na coimisinéirí don chólucht toghaidhe sin feidhmeanna comhallacha an chóluchta thoghaidhe sin, chó maith le feidhmeanna forcoimeádta an chóluchta san, d'fheidhmiú agus do chólíonadh ar feadh na fionnraíochta san, agus ní dhéanfaidh an bainisteoir a mbeadh na feidhmeanna comhallacha san aige mara mbeadh an t-alt so iad d'fheidhmiú ná do chólíonadh faid a mhairfidh an fhionnraíocht san.

[EN]

(3) An íocaíocht is iníoctha ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath le Bárdas Bhaile Atha Cliath fé fho-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht i leith aon bhliana airgeadais áitiúla, a mbeidh aon cheann no an dá cheann de na fo-ailt sin roimhe seo i bhfeidhm le n-a linn no le linn aon choda dhi, laghdófar í an méid sin a chinnfidh an tAire do bheith réasúnach.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Bainistí Chontae (Leasú), 1942, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.