Uimhir 13 de 1964.
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1964
[An tiontú oifigiúil.]
[30 Meitheamh, 1964.]
Gearrtheideal, orléiriú agus lua.
1.—(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1964, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin.
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934.
2.—Déantar leis seo alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, a chuireann teorainn le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú trí “fiche is cúig mhilliún punt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “chúig mhilliún déag punt” (a cuireadh isteach ann le halt 7 den Acht Talún, 1953).