Uimhir 13 de 1982
AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1982
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú agus forléiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1979;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorálann gur £25,000,000 scairchaipiteal na Cuideachta) trí “£50,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1979), agus tá alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
2.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta £50,000,000 arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach. |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht (a chuireann £25,000,000 de theorainn leis na scaireanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a thógáil sa Chuideachta) trí “£50,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1979), agus tá alt 3 (1) den Phríomh-Acht, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £50,000,000, lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas. |
Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht (a chuireann £60,000,000 de theorainn leis an ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar airgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht) trí “£75,000,000” a chur in ionad “£60,000,000” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1979) i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £75,000,000. |
Luach saothair oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachta.
5.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1979 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:
“6.—(1) Íocfaidh an Chuideachta lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is cuí leis an gCuideachta, faoi réir, i gcás a príomh-oifigigh (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(2) Le linn don Chuideachta bheith ag cinneadh cad é an luach saothair nó cad iad na liúntais i leith caiteachas a bheidh le híoc aici lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó cad iad na téarmaí nó na coinníollacha faoina dteachtann nó faoina dteachtfaidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, tabharfaidh an Chuideachta aird ar threoirlínte an Rialtais nó ar threoirlínte a aontaíodh ar bhonn náisiúnta a bhfuil feidhm acu de thuras na huaire, nó ar bheartas an Rialtais i dtaobh luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bhfuil feidhm aige amhlaidh, agus, i dteannta a bhfuil ansin roimhe seo, déanfaidh an Chuideachta de réir aon treoracha maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Chuideachta le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
6.—(1) Féadfar an tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1982, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta, 1960 go 1979, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Ghabháltais Chruach na hÉireann Teoranta (Leasú), 1979 |