Uimhir 14 de 1933.
ACHT TOGHACHÁIN (LEASÚ), 1933.
[15adh Iúl, 1933.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923);
tá an bhrí chéanna leis an abairt “toghachán Dála” atá léi sa Phríomh-Acht.
An éarlais do thabhairt thar n-ais d'iarrthóir a toghfar.
2.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt le fo-alt (6) d'alt 20 den Phríomh-Acht, pé uair a déanfar iarrthóir i dtoghachán Dála do thogha déanfar, chó luath agus is féidir é tar éis fógartha tora an toghacháin sin, an éarlais d'fhág sé féin no do fágadh thar a cheann do réir an ailt sin 20 do thabhairt thar n-ais don té d'fhág an éarlais sin.
Alt 51 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 51 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail agus na lúibíní “(má thugann sé an mhóid a horduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann)” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na luibíní “(má dheineann sé do réir Bhuan-Orduithe Dháil Éireann)” do chur isteach ina n-ionad san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Alt 57 den Phríomh-Acht do leasú.
4.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail agus na lúibíní “(má thugann sé an mhóid a horduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann)” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na lúibíní “(má dheineann sé do réir Bhuan-Orduithe Sheanaid Éireann)” do chur isteach ina n-ionad san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Athghairm.
5.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal agus luadh.
6.—(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Leasú), 1933, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1927, agus den Acht so le chéile.
SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Uimh. agus Bliain. | Gearr-Theideal. | Méid na hAthghairme. |
An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. | ||
Fo-alt (3) d'alt 4. |