Uimhir 14 de 1939.
ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (CÓ-CHEANNACH), 1939.
[5adh Iúl, 1939.]
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1939, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a ceapfar chuige sin le hordú dhéanfaidh an tAire.
Mínithe.
2.—(1) San Acht so— cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;
cialluíonn an abairt “Acht 1925” Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1925 (Uimh. 20 de 1925);
cialluíonn an abairt “connrathóir oifigiúil” duine bheidh ceaptha no tuigfear a bheith ceaptha fén Acht so chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil chun crícheanna an Achta so;
cialluíonn an focal “riail-phraghas” maidir le haon earra an praghas do luaidh an connrathóir oifigiúil le n-a mbainfidh ina iarratas chun a cheaptha mar chonnrathóir oifigiúil alos na hearra san mar phraghas ar a raibh sé toilteanach an earra san do sholáthar mar chonnrathóir oifigiúil den tsórt san.
(2) Is údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so gach duine agus cólucht acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge, no bhaile cheanntair, bord caomhnóirí, coimisinéirí baile, agus údarás sláintíochta puirt, agus
(b) duine ar n-a cheapadh le reacht no fé chun feidhmeanna no aon cheann d'fheidhmeanna aon chóluchta den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do chólíonadh, agus
(c) coiste no có-choiste no bord no có-bhord (pe'ca corpruithe no neamh-ionchorpruithe dhó) de cheann amháin no níos mó de sna cóluchtaí agus na daoine no bheidh ceaptha ag ceann amháin no níos mó de sna cóluchtaí agus na daoine luaidhtear i gceachtar de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so, agus
(d) aon chomhairle, coiste no cólucht eile do bhí, díreach roimh dháta an Achta so do rith, ina údarás áitiúil chun crícheanna Achta 1925 de bhuadh aon Achta seachas Acht 1925, agus
(e) aon chomhairle, coiste, no cólucht eile a bheidh dearbhuithe de thurus na huaire, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so, do bheith ina údarás áitiúil do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.
(3) Aon earra theastóidh o údarás áitiúil chun aon cheann dá gcomhachta no dá ndualgaisí d'fheidhmiú no do chóiíonadh, is earra í chun crícheanna an Achta so agus léireofar an focal “earra” san Acht so dá réir sin.
Comhacht don Aire chun feidhm an Achta so do leathnú.
3.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go bhfuil agus go mbeidh aon chomhairle, coiste no cólucht eile áirithe ina údarás áitiúil do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.
(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so.
Acht 1925 d'athghairm.
4.—(1) Deintear leis seo Acht 1925 d'athghairm agus is ar dháta thosach feidhme an Achta so agus ón dáta san amach a bheidh éifeacht ag an athghairm sin.
(2) Gach duine bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, ina chonnrathóir oifigiúil do ceapadh fé Acht 1925 chun crícheanna an Achta san tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, ar dháta thosach feidhme an Achta so, ina chonnrathóir oifigiúil chun crícheanna an Achta so agus tuigfear gur ceapadh é chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil den tsórt san fén Acht so ach san amhail ar an dáta agus don earra agus in aghaidh na tréimhse agus ar na téarmaí gur amhail air, di, ina haghaidh agus ortha do ceapadh é fé Acht 1925.
Dualgas generálta an Aire maidir le soláthairtí.
5.—Beidh sé de dhualgas ar an Aire gach ní is inmhianuithe do dhéanamh chun a chur ar chumas údarásanna áitiúla na soláthairtí sin d'aon earra a theastóidh uatha chun a ndualgaisí do chólíonadh d'fháil i dteanta a chéile o chonnrathóir oiriúnach no o chonnrathóirí oiriúnacha.
Connrathóir oifigiúil do cheapadh.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, o am go ham, fógra puiblí do thabhairt uaidh sa tslí sin is ceart dar leis á rá go nglacfa sé iarrataisí laistigh d'aimsir áirithe o dhaoine gur mian leo go gceapfaí iad chun bheith mar chonnrathóir oifigiúil chun earra no gach earra no aon cheann no cinn de dhá earra no níos mó a luadhfar sa bhfógra san do sholáthar d'údaráis áitiúla i rith tréimhse luadhfar sa bhfógra san.
(2) Fé réir na bhforálacha den chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, beidh gach iarratas, a déanfar do bhun fógra phuiblí ar n-a thabhairt ag an Aire fén alt so, chun duine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil, beidh sé i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus ortha san beidh—
(a) ráiteas ar an bpraghas ar a mbeidh an t-iarratasóir toilteanach an earra no na hearraí luadhfar san iarratas san do sholáthar i rith na tréimhse, agus do sna húdaráis áitiúla, a bheidh luaidhte sa bhfógra san,
(b) ráiteas á thaisbeáint, sa tslí orduithe, cadé an cháilíocht den earra san no de gach earra fé leith de sna hearraí sin a bheidh an t-iarratasóir toilteanach a sholáthar, agus
(c) ráiteas á rá go bhfuil an t-iarratasóir toilteanach cólíonadh do dhéanamh, maidir leis an earra no leis na hearraí sin, ar na coinníollacha soláthair orduithe.
(3) Pé uair nach féidir, mar gheall ar chineál na hearra no gnás na trádála no aon chúrsaí eile, iarrataisí á iarraidh go gceapfaí duine mar chonnrathóir oifigiúil alos earra áirithe do dhéanamh i ngach slí do réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so no le húdarás speisialta ar n-a thabhairt uaidh i ngach cás fé leith, a lomháil na hiarrataisí sin do dhéanamh sa bhfuirm sin is dóich leis is oiriúnaighe do réir chúrsaí an cháis agus a luadhfa sé sna rialacháin no san údarás speisialta san.
(4) Ar an aimsir a ceapfar le fógra puiblí bhéarfaidh an tAire uaidh fén alt so do bheith caithte déanfaidh an tAire (fé réir forálacha an Achta so) gach iarratas a dhéanfaidh duine ar bith do bhun an fhógra san agus a gheobhaidh an tAire laistigh den aimsir sin do bhreithniú agus féadfaidh an tAire leis sin, más oiriúnach leis é, aon duine den tsórt san do cheapadh chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil do gach údarás áitiúil no don aicme sin d'údaráis áitiúla no do sna húdaráis áitiúla áirithe sin is ceart dar leis an Aire chun na hearra no na n-earraí bheidh luaidhte in iarratas an duine sin do sholáthar i rith na tréimhse bheidh luaidhte so bhfógra san.
(5) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, beidh gach iarratas fén alt so á iarraidh go gceapfaí duine mar chonnrathóir oifigiúil ina iarratas neamh-incheiliúrtha, agus gach duine is iarratasóir fén alt so ar cheapadh den tsórt san beidh sé de cheangal air, má ceaptar é do réir a iarratais, an ceapadh san do ghlacadh.
(6) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine ar bith a dhéanfaidh iarratas fén alt so á iarraidh go gceapfaí é mar chonnrathóir oifigiúil urrús do thabhairt don Aire, tré éarlais, banna, urraíocht no ar shlí eile fé mar ordóidh an tAire, á urrú go ndéanfaidh an duine sin (má ceaptar é mar chonnrathóir oifigiúil den tsórt san) na dualgaisí agus na hoblagáidí fén gceapadh san do chólíonadh go cuibhe, agus féadfaidh an tAire a chur mar cheangal an t-urrús san do thabhairt sara mbreithneofar an t-iarratas san agus a thabhairt do bheith mar choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar é no é thabhairt díreach roimh an duine sin do cheapadh no díreach tar éis é cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil den tsórt san agus a thabhairt do bheith mar choinníoll (roimhghabhálach no leantach, do réir mar a bheidh) a bheidh ag gabháil leis an gceapadh san.
(7) Má ceaptar duine fén alt so chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil ní bheidh an ceapadh san ina chonnradh ná ina chó-aontú idir an tAire agus an duine sin ná ní tuigfear uaidh connradh ná có-aontú do bheith eatortha.
(8) Féadfar níos mó ná aon chonnrathóir oifigiúil amháin do cheapadh fén alt so do bhun aon fhógra phuiblí áirithe bhéarfaidh an tAire uaidh fén alt so agus féadfar duine ar bith do cheapadh fén alt so chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil alos aon earra no earraí áirithe d'ainneoin é bheith ceaptha mar chonnrathóir oifigiúil alos aon earra no earraí eile.
(9) Gach uair a ceapfar connrathóir oifigiúil fén alt so cuirfidh an tAire an ceapadh in úil don duine ceapfar amhlaidh agus fós foillseoidh an tAire, ar an slí sin is ceart dar leis, fógra á rá go ndearnadh an ceapadh.
Coinníollacha maidir le háit na déantóireachta agus le téarmaí fostaíochta.
7.—(1) Féadfaidh an tAire a shocrú le hordú, maidir le gach iarratas chun duine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil chun earra luadhfar san ordú san do sholáthar, go mbeidh geallúint ón iarratasóir ina theanta á gheallúint, má ceaptar é—
(a) gur earra rinneadh no táirgeadh in Éirinn a bheidh san earra san nuair a sholáthróidh sé í do bhun an cheaptha san, agus
(b) má dheineann no má tháirgeann sé an earra san tráth ar bith i rith tréimhse a cheaptha go mbeidh an págh a íocfa sé agus na coinníollacha fostaíochta go ndéanfa sé dá réir agus an earra san á déanamh no á táirgeadh chó fábharach ar a laighead dá fhostaithe leis an bpágh agus leis na coinníollacha fostaíochta is gá agus connartha deintear le hAire Stáit á gcólíonadh.
(2) Pé uair a bheidh ordú déanta fén alt so maidir le hiarrataisí chun duine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil ní déanfar, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, aon iarratas ar dhuine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil den tsórt san do bhreithniú mara mbeidh an gheallúint a bheidh luaidhte san ordú san ina theanta.
(3) Mara ndeinidh aon chonnrathóir oifigiúil áirithe do réir gheallúna bheidh tugtha uaidh aige do bhun orduithe fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(4) Feidhmeoidh an tAire na comhachta bheirtear dó leis an alt so sa mhéid a chífear dó o am go ham é bheith praiticiúil san do dhéanamh.
(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú bheidh déanta fén gcéad fho-alt den alt so do cheiliúradh.
(6) San alt so ní fholuíonn an focal “Éire” aon líomatáiste ná fuil laistigh den líomatáiste ina bhfuil feidhm ag na dlithe a hachtuítear ag an Oireachtas.
Déanamh no táirgeadh earraí d'iniúchadh.
8.—(1) Féadfaidh an tAire a shocrú le hordú, maidir le gach iarratas chun duine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil chun earra luadhfar san ordú san do sholáthar, go mbeidh geallúint ón iarratasóir ina theanta á gheallúint, i gcás é cheapadh agus é do dhéanamh no do tháirgeadh na hearra san tráth ar bith le linn tréimhse a cheaptha, go leigfidh don Aire an déanamh no an táirgeadh san d'iniúchadh.
(2) Pé uair a bheidh ordú déanta fén alt so maidir le hiarrataisí chun duine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil ní déanfar, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, aon iarratas ar dhuine do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil den tsórt san do bhreithniú mara mbeidh an gheallúint a bheidh luaidhte san ordú san ina theanta.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú bheidh déanta fén gcéad fho-alt den alt so do cheiliúradh.
(4) Pé uair a bhéarfaidh connrathóir oifigiúil geallúint uaidh á rá go leigfidh don Aire déanamh no táirgeadh earra d'iniúchadh a bheidh á déanamh no á táirgeadh aige agus a bheidh le soláthar aige mar chonnrathóir oifigiúil den tsórt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh oifigeach don Aire dul isteach in aon áitreabh ina mbeidh déanamh no táirgeadh na hearra san no aon pháirt no próiseas den déanamh no den táirgeadh san ar siúl ag an gconnrathóir oifigiúil sin agus féadfaidh dul isteach amhlaidh san áitreabh san tráth ar bith nuair a bheidh an déanamh no an táirgeadh san no an pháirt no an próiseas san den déanamh no den táirgeadh san ar siúl agus féadfaidh, ar dhul isteach dó amhlaidh, an t-áitreabh san agus gléasra agus fearas an áitreibh sin d'iniúchadh agus do scrúdú agus iniúchadh agus breithniú do dhéanamh ar gach próiseas no ar aon phróiseas no próisisí den déanamh no den táirgeadh san a bheidh ar siúl san áitreabh san, agus scrúdú agus breithniú do dhéanamh ar an slí agus ar an modh a húsáidtear chun na hearra san do thástáil san áitreabh san;
(b) féadfaidh oifigeach don Aire bheidh ag déanamh iniúchta fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so in aon áitreabh somplaí den earra bheidh á déanamh no á táirgeadh i bpáirt no go hiomlán san áitreabh san agus d'aon chompáirt no có-abhar den earra san do thógaint agus do thabhairt leis gan íoc asta, agus féadfaidh na somplaí sin do thógaint tráth ar bith le linn an déanamh no an táirgeadh san do bheith ar siúl;
(c) féadfaidh oifigeach don Aire raghaidh isteach in aon áitreabh fén alt so iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh ann ar gach leabhar agus breacachán go bhfeicfear don oifigeach san é bheith riachtanach do réir réasúin iad d'iniúchadh agus do scrúdú chun déanamh no táirgeadh na hearra bheidh á déanamh no á táirgeadh i bpáirt no go hiomlán san áitreabh san d'iniúchadh sa cheart agus féadfaidh cóipeanna do dhéanamh san áitreabh san d'iomlán aon scríbhinní no d'aon chuid d'aon scríbhinní den tsórt san agus na cóipeanna san do bhreith leis;
(d) bhéarfaidh an connrathóir oifigiúil sin d'aon oifigeach don Aire a raghaidh isteach in aon áitreabh leis an gconnrathóir sin fén alt so gach saoráid réasúnta chun gach ní no aon ní no nithe do dhéanamh go dtugtar comhacht don oifigeach san leis an bhfo-alt so chun é no iad do dhéanamh san áitreabh san agus, go sonnrách, taisbeánfaidh don oifigeach san gach leabhar agus breacachán go n-iarrfaidh an t-oifigeach san fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so é thaisbeáint.
(5) Gach connrathóir oifigiúil a bhacfaidh no a choiscfidh go toiliúil oifigeach don Aire agus aon chomhacht dá dtugtar d'oifigeach don Aire leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so á feidhmiú aige in aon áitreabh no maidir le haon áitreabh leis an gconnrathóir sin, no ná déanfaidh éinní áirithe no dhiúltóidh d'éinní áirithe do dhéanamh a ceangailtear ar an gconnrathóir oifigiúil sin leis an bhfo-alt san do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dhá phunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.
(6) Gach duine (seachas an connrathóir oifigiúil go mbainfidh an scéal le n-a áitreabh) a bhacfaidh no choiscfidh go toiliúil oifigeach don Aire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar d'oifigeach don Aire leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(7) San alt so cialluíonn an abairt “oifigeach don Aire” oifigeach don Aire go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear d'oifigeach don Aire leis an alt so d'fheidhmiú, ach féadfaidh an tAire, más ceart agus pé uair is ceart san dar leis, údarás agus comhacht do thabhairt do dhuine ar bith nach oifigeach don Aire (pe'ca bheidh an duine sin i seirbhís an Riaghaltais no ná beidh) chun na gcomhacht a bheirtear leis an alt so d'oifigeach don Aire d'fheidhmiú maidir le haon chonnrathóir oifigiúil áirithe agus go generálta no ar ócáid áirithe, agus pé uair a bhéarfaidh an tAire údarás agus comhacht amhlaidh do dhuine ar bith den tsórt san tuigfear an duine sin do bheith, sa mhéid go dtugtar agus chun na gcrícheanna chun a dtugtar údarás agus comhacht dó amhlaidh, ina oifigeach don Aire do réir bhrí an ailt seo.
Ceapadh connrathóra oifigiúil do cheiliúradh.
9.—(1) Féadfaidh connrathóir oifigiúil tráth ar bith a iarraidh ar an Aire a cheapadh mar chonnrathóir den tsórt san do cheiliúradh agus leis sin féadfaidh an tAire, más deimhin leis ná cuirfidh an ceiliúradh san costas breise ar na húdaráis áitiúla gur chun earraí do sholáthar dóibh do ceapadh an connrathóir sin chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil, an ceapadh san do cheiliúradh le hordú, ach féadfaidh leis an ordú san, más ceart san dar leis, teacht in éifeacht an cheiliúrtha san do chur ar athló go dtí an dáta san ina dhiaidh sin is gá dar leis chun an chostais bhreise sin roimhráite do sheachaint.
(2) Pé uair is deimhin leis an Aire gur theip ar chonnrathóir oifigiúil connradh do chólíonadh a tuigfear, de bhuadh an Achta so no de bhuadh Achta 1925, do rinne sé le húdarás áitiúil no gur theip air geallúint a thug sé uaidh do bhun an Achta so do choimeád agus do chólíonadh, no gur theip air aon oblagáid eile a forchuirtear air leis an Acht so do chólíonadh, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ceapadh an chonnrathóra oifigiúil sin do cheiliúradh le hordú.
(3) Sara ndeinidh an tAire ceapadh connrathóra oifigiúil do cheiliúradh fén bhfó-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, bhéarfa sé don chonnrathóir oifigiúil sin fógra seachtaine i scríbhinn á rá go bhfuil ar intinn aige an ceapadh san do cheiliúradh agus breithneoidh an chúis sin (más ann di) a phléidhfidh an connrathóir oifigiúil sin leis maidir leis an gceiliúradh san sara raghaidh an fógra san in éag.
(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le ceapadh connrathóra oifigiúil do cheiliúradh fén alt so ar shlí seachas ar iarratas uaidh féin, sé sin le rá:—
(a) raghaidh an ceiliúradh san in éifeacht ar an dáta san (nach dáta roimh dháta orduithe dhéanta an cheiliúrtha san) a luadhfar chuige sin san ordú san agus ón dáta san amach;
(b) i gcás an chonnrathóra oifigiúil le n-a mbainfidh an ceiliúradh san do bheith ina chonnrathóir oifigiúil de bhuadh dhá cheapadh no níos mó alos earraí deifriúla, bainfidh an ceiliúradh san leis an gceapadh mar chonnrathóir oifigiúil gur ina thaobh do thárla an teip as a dtáinig an ceiliúradh san ach féadfaidh, más dóich leis an Aire san do bheith ceart agus go luadhfaidh amhlaidh in ordú déanta an cheiliúrtha san, baint le gach ceapadh den tsórt san no leis na ceaptha san agus leis an gcuid sin de sna ceaptha san is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san;
(c) ní dhéanfaidh aon cheiliúradh den tsórt san dochar ná deifir d'aon chonnradh tuigfear de bhuadh an Achta so no de bhuadh Achta 1925 do bheith déanta idir an connrathóir oifigiúil le n-a mbainfidh an ceiliúradh san agus údarás áitiúil roimh an lá raghaidh an ceiliúradh san in éifeacht, ná ní scaoilfe sé an connrathóir oifigiúil sin ná an t-údarás áitiúil sin o n-a n-oblagáidí fé seach fén gconnradh san.
(5) Pé uair a déanfar ceapadh connrathóra oifigiúil do cheiliúradh fén alt so scuirfidh an connrathóir oifigiúil sin, an lá raghaidh an ceiliúradh san in éifeacht, de bheith ina chonnrathóir oifigiúil de bhuadh an cheaptha bheidh ceiliúrtha amhlaidh, ach ní chuirfidh an ceiliúradh san deireadh le haon cheapadh eile ná ní dhéanfaidh deifir d'aon cheapadh eile ag ceapadh an chonnrathóra oifigiúil sin chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil mara gcuiridh ordú déanta an cheiliúrtha san an ceiliúradh san i mbaint leis an gceapadh eile sin.
Údaráis áitiúla do cheannach earraí o chonnrathóirí oifigiúla.
10.—(1) Aon údarás áitiúil go dteastóidh uatha, chun a ndualgaisí do chólíonadh, soláthar d'aon earra go mbeidh connrathóir oifigiúil ceaptha dhi maidir leis an údarás áitiúil sin féadfaid ordú, ar an méid den earra san a theastóidh uatha amhlaidh, do chur, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, go dtí connrathóir oifigiúil don earra san maidir leis an údarás áitiúil sin, agus leis sin tuigfear connradh infheidhmithe do bheith déanta ag an údarás áitiúil sin agus ag an gconnrathóir oifigiúil sin chun an mhéide do horduíodh amhlaidh den earra san do ghlacadh agus do sholáthar fé seach ar an riailphraghas agus í den cháilíocht adubhairt an connrathóir oifigiúil sin ina iarratas ar é do cheapadh a bhí sé toilteannach a sholáthar agus do réir na gcoinníollacha soláthair orduithe alos na hearra san.
(2) D'ainneoin forálacha aon achtacháin le n-a gceangailtear ar údarás áitiúil fógráin do thabhairt amach, tairgsintí do ghlacadh. connartha do dhéanamh, no gabháil tré aon roimh-chúrsa eile roimh soláthar d'aon earra áirithe d'fháil, féadfaidh údarás áitiúil soláthar den earra san d'fháil, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus dá réir, o chonnrathóir oifigiúil don earra san maidir leis an údarás áitiúil sin gan na fógráin sin do thabhairt amach, na tairgsintí sin do ghlacadh, na connartha san (lasmuich de chonnradh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so) do dhéanamh, ná gabháil tríd an roimh-chúrsa san.
(3) Beidh feidhm ag alt 10 den Finance Act, 1901, (ar n-a leasú no ar n-a leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin) agus ag gach achtachán eile atá i bhfeidhm anois no a hachtófar ina dhiaidh seo agus le n-a n-atharuítear no le n-a n-atharófar connartha de dhruim reachtúcháin a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis a ndéanta, beidh feidhm acu maidir le gach connradh a tuigtear leis an alt so do bheith déanta ag údarás áitiúil agus ag connrathóir oifigiúil fé is dá ndeintí an connradh san ar an dáta ar ar iarr, no ar an dáta is déanaí ar ar iarr, an connrathóir oifigiúil sin é do cheapadh mar chonnrathóir oifigiúil don údarás áitiúil sin alos na hearra le n-a mbainfidh an connradh san.
Earraí ionadathacha.
11.—(1) Pé uair a bheidh connrathóir oifigiúil ceaptha ag an Aire no bheidh sé chun é cheapadh chun earra áirithe (dá ngairmtear an earra bhunaidh san alt so) do sholáthar d'údarás áitiúil amháin no níos mó, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú earra áirithe eile (dá ngairmtear an earra ionadathach san alt so) do bheith ina hearra in ionad na hearra bunaidh.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire aon ordú den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, sé sin le rá:—
(a) gach tráth cheannóidh údarás áitiúil an earra ionadathach a bheidh luaidhte san ordú san tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb í an earra bhunaidh le n-a mbainfidh an t-ordú san do ceannuíodh;
(b) féadfaidh duine bheidh ar intinn an earra ionadathach san do sholáthar a iarraidh é do cheapadh, agus féadfar é do cheapadh, mar chonnrathóir oifigiúil chun na hearra bunaidh sin do sholáthar;
(c) pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil caindíocht den earra bhunaidh sin d'ordú fén Acht so o chonnrathóir oifigiúil a bheidh ceaptha chun na hearra bunaidh sin do sholáthar, is dleathach don chonnrathóir oifigiúil sin (fé réir cólíonadh forálacha an Achta so agus na n-orduithe, na rialachán agus na bhfógairtí bheidh déanta no tugtha fé agus a bhainfidh leis an earra bhunaidh sin agus le n-a soláthar) an chaindíocht chéanna den earra ionadathaigh sin do sholáthar don údarás áitiúil sin in ionad na hearra bunaidh sin;
(d) pé uair a dhéanfaidh connrathóir oifigiúil caindíocht den earra ionadathaigh sin do sholáthar d'údarás áitiúil, fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, in ionad na caindíochta céanna den earra bhunaidh sin, tuigfear an soláthar san do bheith ina chólíonadh ag an gconnrathóir oifigiúil sin ar an gconnradh idir an t-údarás áitiúil sin agus an connrathóir oifigiúil sin a bheidh tar éis eirghe fén Acht so de bhuadh an orduithe ón údarás áitiúil sin ar an gcaindíocht san den earra bhunaidh sin.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú bheidh déanta fén gcéad fho-alt den alt so do cheiliúradh no do leasú.
Meastacháin o údaráis áitiúla ar a riachtanaisí.
12.—(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a cheangal ar aon údarás áitiúil meastachán, ar an gcaindíocht iomlán d'earra áirithe bheidh ag teastáil ón údarás áitiúil sin i rith tréimhse áirithe chun crícheanna a gcomhachta agus a ndualgaisí, do chur fé n-a bhráid sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus laistigh d'aimsir áirithe.
(2) Pé uair a cheanglóidh an tAire fén alt so ar údarás áitiúil an meastachán san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur chuige, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an t-oifigeach orduithe don údarás áitiúil sin an meastachán san a éileoidh an tAire amhlaidh d'ullamhú agus cuirfidh an meastachán san fé bhráid an údaráis áitiúil sin laistigh den aimsir sin a bhéarfaidh go mbeidh ar chumas an údaráis áitiúil sin déanamh do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den fho-alt so;
(b) breithneoidh an t-údarás áitiúil sin an meastachán san a chuirfidh an t-oifigeach orduithe sin fé n-a mbráid amhlaidh agus ceadóid an meastachán san gan atharú no gus na hatharuithe sin is ceart dar leo (fé mar is dóich leo is ceart);
(c) cuirfidh an t-údarás áitiúil sin an meastachán san, mar a bheidh sé ceaduithe amhlaidh acu, fé bhráid an Aire laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an éileamh san ón Aire.
(3) Pé uair, tar éis d'údarás áitiúil meastachán do chur fé bhráid an Aire fén alt so do bhun éilimh ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so, a cheapfaidh an tAire fén Acht so connrathóir oifigiúil amháin chun na hearra le n-a mbainfidh an meastachán san do sholáthar don údarás áitiúil sin (pe'ca ina n-aonar no i dteanta údarás áitiúil eile é) i rith tréimhse bheidh có-thráthach leis an tréimhse no ina mbeidh an tréimhse le n-a mbainfidh an meastachán san agus, sa mhéid go mbainfidh an ceapadh san leis an earra san do sholáthar don údarás áitiúil sin, go ndéanfaidh an tAire é, agus go n-iarrfaidh an connrathóir oifigiúil sin é, go sonnrách ar fhoras an mhéastacháin sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) cuirfidh an tAire in úil don údarás áitiúil sin láithreach go ndearnadh agus gur hiarradh an ceapadh san ar an bhforas san agus go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt so agus ag an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so dá réir sin;
(b) beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil sin an chaindíocht (dá ngairmtear an chaindíocht mheasta san alt so) den earra san a bheidh luaidhte sa mheastachán san mar an chaindíocht di a bheadh ag teastáil ón údarás áitiúil sin i rith na tréimhse sin le n-a mbainfidh an meastachán san d'ordú agus do ghlacadh ón gconnrathóir oifigiúil sin, fén Acht so agus dá réir, i rith na tréimhse sin.
(4) Pé uair a bheidh sé de dhualgas ar údarás áitiúil, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, an chaindíocht mheasta d'earra d'ordú agus do ghlacadh o chonnrathóir oifigiúil áirithe i rith tréimhse áirithe, ansan agus sa chás san—
(a) mara ndeinidh an t-údarás áitiúil sin an chaindíocht mheasta den earra san d'ordú agus do ghlacadh on gconnrathóir oifigiúil sin i rith na tréimhse sin, is dleathach don chonnrathóir oifigiúil sin an oiread san den earra san do sheachadadh don údarás áitiúil sin, laistigh den aimsir orduithe tar éis na tréimhse sin do bheith caithte, a dhéanfaidh suas, i dteanta an mhéide (más ann dó) den earra san a ghlac an t-údarás áitiúil sin i rith na tréimhse sin, an chaindíocht mheasta den earra san agus tuigfear chun gach críche gur orduigh an t-údarás áitiúil sin fén Acht so an méid den earra san a seachadfar amhlaidh, agus
(b) má dheineann an t-údarás áitiúil sin soláthar den earra san is mó ná an chaindíocht mheasta dhi d'ordú agus do ghlacadh ón gconnrathóir oifigiúil sin i rith na tréimhse sin, beidh an connrathóir oifigiúil sin (d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht so) i dteideal praghas a bheidh an percentáiste orduithe níos mó ná an riailphraghas d'éileamh ar an údarás áitiúil sin agus d'fháil uatha ar an oiread san den earra san a hordófar agus a glacfar amhlaidh thar an gcaindíocht mheasta den earra san.
(5) Mara ndeinidh údarás áitiúil meastachán do chur fé bhráid an Aire do réir éilimh chuige sin ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so ar an údarás áitiúil sin agus go gceapfaidh an tAire connrathóir oifigiúil amháin fén Acht so chun na hearra le n-ar bhain an t-éileamh san do sholáthar don údarás áitiúil sin i rith tréimhse bheidh có-thráthach leis an tréimhse no ina mbeidh an tréimhse le n-ar bhain an t-éileamh san, beidh an connrathóir oifigiúil sin (d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht so) i dteideal praghas a bheidh an percentáiste orduithe níos mó ná an riailphraghas d'éileamh ar an údarás áitiúil sin agus d'fháil uatha ar gach soláthar den earra san a ordóidh agus a ghlacfaidh an t-údarás áitiúil sin uaidh i rith na tréimhse sin le n-ar bhain an t-éileamh san.
Deighleáil le daoine nach connrathóirí oifigiúla do thoirmeasc.
13.—(1) Pé uair a bheidh connrathóir oifigiúil amháin no níos mó ceaptha chun earra áirithe do sholáthar i rith tréimhse áirithe do gach údarás áitiúil no d'aon aicme d'údaráis áitiúla no d'aon údaráis áitiúla áirithe, ní dhéanfaidh aon údarás áitiúil den tsórt san (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) aon chaindíocht den earra san no d'earra a bheidh dearbhuithe de thurus na huaire, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so, do bheith ina hearra in ionad na hearra san d'ordú ná do ghlacadh i rith na tréimhse sin, ná ní dhéanfaidh aon bhall ná oifigeach d'aon údarás áitiúil den tsórt san (ach amháin mar adubhradh) an céanna d'ordú thar ceann an údaráis áitiúil sin i rith na tréimhse sin, o dhuine ar bith seachas an connrathóir oifigiúil sin no duine de sna connrathóirí oifigiúla san, do réir mar a bheidh.
(2) Pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil soláthar d'aon earra d'ordú agus do ghlacadh o dhuine ar bith i gcás gur sárú ar an bhfo-alt san roimhe seo den alt so an t-ordú agus an glacadh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) gach íocaíocht a dhéanfaidh an t-údarás áitiúil sin leis an duine sin ar aon chaindíocht den earra san a hordófar agus a glacfar amhlaidh, beidh sí ina híocaíocht nea-dhleathach agus féadfaidh iniúchóir cuntaisí an údaráis áitiúil sin deighleáil léi dá réir sin mara dtaisbeántar gurbh fhéidir don duine sin an íocaíocht san do bhaint den údarás áitiúil sin go dleathach tré imeacht dlí;
(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fógra do sheirbheáil ar an údarás áitiúil sin agus ar an duine sin, tríd an bpost, á rá gur sárú ar fho-alt (1) den alt so an t-údarás áitiúil sin d'ordú agus do ghlacadh aon chaindíochta den earra san ón duine sin;
(c) ní bheidh an duine sin i dteideal aon airgead do bhaint den údarás áitiúil sin ar aon chuid den earra san ná mar gheall uirthi a hordófar agus a glacfar uaidh amhlaidh má chruthuíonn an t-údarás áitiúil sin go raibh fógra tugtha don duine sin á rá gur shárú, agus go raibh a fhios aige gur shárú, ar fho-alt (1) den alt so an t-ordú agus an glacadh san nuair do sholáthruigh sé an earra san don údarás áitiúil sin;
(d) má dheineann duine o n-a n-ordóidh agus o n-a nglacfaidh údarás áitiúil aon chaindíocht d'earra contrárdha d'fho-alt (1) den alt so a chruthú ná raibh fógra tugtha dhó á rá gur shárú, agus ná raibh a fhios aige gur shárú, mar adubhradh, an t-ordú agus an glacadh san nuair a sholáthruigh sé aon chaindíocht áirithe den earra san don údarás áitiúil sin do bhun an orduithe sin, beidh sé i dteideal an praghas có-aontuithe, maraon le hairgead eile is iníoctha ar an gcaindíocht áirithe sin den earra san, d'fháil ón údarás áitiúil sin agus do bhaint díobh.
(3) Má dheineann aon bhall no oifigeach d'údarás áitiúil aon chaindíocht d'earra ar bith d'ordú go toilteannach thar ceann an údaráis áitiúil sin o dhuine ar bith i gcás gur sárú ar fho-alt (1) den alt so an t-ordú san, beidh an ball no an t-oifigeach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear (gan dochar d'é bheith ionchurtha fé fhor-mhuirear no muirear agus cuntaisí an údaráis áitiúil sin á n-iniúchadh) fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.
Saoirsí o n-a bheith d'oblagáid earraí do cheannach o chronnrathóirí oifigiúla.
14.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é, rialacháin do dhéanamh ag tabhairt comhachta d'údaráis áitiúla i gcásanna áirithe chun soláthar d'aon earra no earraí áirithe no d'aon earra ar bith do cheannach o dhuine nach é an connrathóir oifigiúil don údarás áitiúil sin é alos na hearra go gceannófar soláthar di amhlaidh agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, na srianta agus na coinníollacha san is ceart dar leis d'fhorchur maidir le húdaráis áitiúla d'fheidhmiú na comhachta bhéarfar dóibh amhlaidh.
(2) D'ainneoin éinní atá san Acht so, ní bheidh aon cheannach a dhéanfaidh údarás áitiúil, fé réim agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, ina shárú ar aon alt den Acht so de bhíthin an earra is abhar don cheannach san do cheannach o dhuine nach é an connrathóir oifigiúil don údarás áitiúil sin é alos na hearra san agus dá bhíthin sin amháin.
Earraí sholáthróidh connrathóirí oifigiúla do thástáil.
15.—(1) Féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh tré n-a bhféadfar cáilíocht no cineál aon earra sholáthróidh connrathóir oifigiúil d'údarás áitiúil do thástáil no d'fháil amach tré mhiondealú no ar shlí eile ar iarratas agus ar chostas an údaráis áitiúil sin agus, chuige sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh le hordú fén alt so, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) socrú do dhéanamh chun tástálanna tréimhsiúla no eile do dhéanamh ar shomplaí d'earraí sholáthróidh connrathóirí oifigiúla d'údaráis áitiúla;
(b) na daoine dhéanfaidh na tástálanna san ar shomplaí d'earraí áirithe agus na meáin tré n-a ndéanfar agus an modh ina ndéanfar iad d'ordú;
(c) an nós imeachta i gcoitinne maidir leis na tástálanna san, ar a n-áirmhítear iarrataisí ar aon tástáil den tsórt san agus toradh aon tástála den tsórt san do chur in úil do dhaoine le n-a mbainfidh, do rialáil;
(d) an deimhniú no an cruthú eile bheidh le tabhairt ar thoradh aon tástála den tsórt san, agus na daoine do bhéarfaidh an deimhniú no an cruthú eile sin uatha, agus na daoine dá dtabharfar an deimhniú no an cruthú eile sin d'ordú;
(e) a shocrú aon deimhniú no cruthú eile den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do bhéarfar alos aon tástála áirithe do bheith, maidir leis na somplaí dob abhar don tástáil sin, ina fhianaise dhochlaoidhte chun gach críche ar thoradh na tástála san.
(2) Pé uair a forálfar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so go mbeidh aon deimhniú no cruthú eile áirithe ina fhianaise dhochlaoidhte chun gach críche ar thoradh tástála do rinneadh fé sna rialacháin sin, glacfaidh gach cúirt dlí leis an deimhniú no leis an gcruthú eile sin, maidir leis na somplaí dob abhar den tástáil sin, mar fhianaise dho-chlaoidhte ar thoradh na tástála san agus glacfaidh gach cúirt dlí freisin leis an gcéanna mar chrúthú, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an tástáil sin fé réim agus do réir na rialachán san.
(3) San alt so foluíonn an focal “tástáil” gach modh chun éinní no aon ruda, is abhar do thástáil fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, do thástáil, d'fhiosrú, no d'fháil amach agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
An Coiste Comhairlitheach um Sholáthairtí Áitiúla.
16.—(1) An Coiste Comhairlitheach um Sholáthairtí Áitiúla (dá ngairmtear an coiste san alt so) do bunuíodh do bhun ailt 9 d'Acht 1925 chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire maidir le cólíonadh a dhualgaisí fén Acht san, déanfar, d'ainneoin an Acht san do bheith á athghairm leis an Acht so, é do bhuanú agus do chothabháil fén Acht so chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire maidir le cólíonadh a dhualgaisí fén Acht so.
(2) Gach duine do bhí ina bhall den choiste díreach roimh an Acht so do rith leanfa sé de bheith ina bhall den tsórt san tar éis an Achta so do rith agus tuigfear, chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, gur fén Acht so do ceapadh é chun bheith ina bhall den tsórt san agus san ar an lá ar ar ceapadh agus in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh a ceapadh é fé alt 9 d'Acht 1925.
(3) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so is seisear a cheapfaidh an tAire o am go ham mar is gá é a bheidh ar an gcoiste agus—
(a) beidh beirt acu, tráth a gceaptha, ina mbaill toghtha de chomhairlí contae, agus
(b) beidh beirt acu, tráth a gceaptha, ina mbaill toghtha de chomhairlí contae-bhuirge, buirge no bailecheanntair no de choimisinéirí baile, agus
(c) beidh duine acu ionadathach d'fhostóirí bheidh ag gabháil do thionnscal no do thráchtáil, agus
(d) beidh duine acu ionadathach do cheárd-chumainn.
(4) Sara gceapfaidh an tAire ball den choiste, ragha sé i gcomhairle le haon chomhlachas a bheidh de thurus na huaire ionadathach do chomhairlí contae no contae-bhuirge, comhairlí bailecheanntair, baile-choimisinéirí no lucht tionnscail agus tráchtála no ceárd-chumainn, fé mar is gá sa chás.
(5) Maran éag no eirghe as roimhe sin dóibh coinneoidh baill uile agus fé seach an choiste a mballraíocht fé seach ar feadh na tréimhse sin o am a gceaptha ordóidh an tAire ach beid, má bhíd cáilithe ar gach slí eile, ion-athcheaptha.
(6) Triúr ball den choiste is quorum agus déanfaidh baill an choiste, ag gach cruinniú, an cathaoirleach don chruinniú san do thoghadh as a líon féin, agus beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gcathaoirleach san.
(7) Beidh rúnaí ag an gcoiste agus isé an tAire ainmneoidh é.
(8) Tiocfaidh an coiste le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad.
(9) Déanfaidh an coiste breithniú agus bhéarfaidh comhairle don Aire ar gach ní a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid agus féadfaidh an coiste freisin, ar a ndeiscréid, breithniú do dhéanamh agus, más oiriúnach leo é, tuairisc do thabhairt don Aire ar éinní eile bhainfidh le hearraí do sholáthar d'údaráis áitiúla fén Acht so no dhéanfaidh deifir don chéanna.
(10) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é féadfaidh an tAire íocaíochtaí d'íoc le baill den choiste mar aisíoc i gcostaisí taistil agus mar íoc i liúntas cothuithe.
Costaisí.
17.—(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire no aon Aire eile chun an Achta so do chur in éifeacht.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais áitiúla deimhneoidh an tAire, le hordú, cadé an tsuim do caitheadh, an bhliain airgeadais áitiúil sin, as airgead do soláthruíodh fé fho-alt (1) den alt so chun an Achta so do chur in éifeacht, agus cáinmheasfa sé an tsuim sin ar na contaethe agus ar na contae-bhuirgí uile agus fé seach do réir an mhéide is luach bliantúil fé sna hAchtanna Luachála don mhaoin is ionrátuithe i gcóir ráta dhealbhais sna contaethe agus sna contae-bhuirgí sin fé seach agus cuirfe sé cóipeanna den ordú san chun comhairle gach contae agus contae-bhuirge den tsórt san.
(3) Déanfaidh comhairle gach contae agus contae-bhuirge an méid a cáinmheasfar ar an gcontae no ar an gcontae-bhuirg sin leis an ordú san d'íoc leis an Aire agus déanfaid an méid a bheidh le n-íoc amhlaidh do chruinniú, i gcás contae, tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus, i gcás contae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath agus Luimnigh, tríd an ráta cathardha agus, i gcás contae-bhuirgí Chorcaighe agus Phortláirge, tríd an ráta dealbhais.
(4) Má bhíonn aon airgead iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so, féadfar, mara n-íocfaidh an chomhairle sin an t-airgead san, é do bhaint as aon airgead is iníoctha ag aon Aire leis an gcomhairle sin chun aon chríche ar bith, ach, i gcás airgid is iníoctha amach as Cuntas an Chánachais Áitiúil (Éirinn), déanfar an asbaint sin fé réir éilithe an chiste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do sna héilithe sin.
(5) Tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur cuid de chostaisí an Aire na héilithe sin, in aghaidh aois-liúntais agus liúntaisí eile agus aiscí is iníoctha ar dhuine d'éag no d'eirghe as, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, do bheith ceart.
(6) Na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire no aon Aire eile chun Acht 1925 do chur in éifeacht i rith na bliana airgeadais áitiúla a thiocfaidh an tAcht so i ngníomh tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur chun an Achta so do chur in éifeacht do chuathas fútha.
(7) An t-airgead uile íocfaidh comhairle chontae no chontaebhuirge leis an Aire do bhun an ailt seo déanfaidh an tAire é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
Comhachta cigirí.
18.—(1) Féadfaidh aon oifigeach don Aire a cheapfaidh no a údaróidh an tAire chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon teaghlach, óispidéal, óispidéal meabhair-ghalair, no fundúireacht eile bheidh dílsithe in údarás áitiúil agus á bhainistí acu agus iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh ann ar aon earraí a ceannuíodh don fhundúireacht san agus cuntas do dhéanamh den chaindíocht d'aon earra den tsórt san a bheidh sa bhfundúireacht san an uair sin;
(b) bheith i láthair ag aon chruinniú den chomhairle no den bhord no den choiste, go mbeidh bainistí aon fhundúireachta den tsórt san roimhráite de chúram ortha, ag á mbeidh ceannach aon earra don fhundúireacht san no éinní eireoidh as aon cheannach den tsórt san no bhainfidh leis le breithniú, agus páirt do thógaint sna himeachta (seachas vótáil) ag an gcruinniú san.
(2) Gach duine bhacfaidh oifigeach don Aire a ceapfar no a húdarófar chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so no chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú aon chomhachta dílsítear ann de bhuadh an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Rialacháin.
19.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun an nós imeachta do cheapadh a leanfaidh údaráis áitiúla agus iad ag cur an Achta so in éifeacht;
(b) chun a ordú cadé an modh ina gceapfar no ina gcinnfear (le n-a n-áirmhítear ceapadh do réir somplaí) an caighdeán cáilíochta d'aon earra go mbeidh an tAire tar éis connrathóir oifigiúil do cheapadh no go mbeidh sé ar intinn é do cheapadh ina cóir;
(c) chun a údarú go soláthróidh an tAire somplaí oifigiúla d'aon earra go mbeidh sé ar intinn connrathóir oifigiúil do cheapadh ina cóir agus chun socrú do dhéanamh chun na somplaí oifigiúla san do lóisteáil chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht;
(d) chun éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no á ordú no le hordú.
(2) Féadfaidh an tAire a ordú, le fógairt speisialta, ná beidh feidhm maidir le hearra áirithe no gur go n-atharuithe áirithe a bheidh feidhm maidir le hearra áirithe ag aon rialacháin áirithe a bheidh déanta fén alt so, no go mbeidh feidhm maidir le hearra áirithe ag foráil ná beidh feidhm aici maidir leis an earra san de bhuadh aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so.
(3) Má bheirtear fógairt speisialta alos aon earra áirithe fén alt so, féadfaidh duine ar bith, d'iarr sarar tugadh an fhógairt sin go gceapfaí é mar chonnrathóir oifigiúil chun na hearra san do sholáthar agus ná beidh ceaptha do bhun an iarratais sin, an t-iarratas san do tharrac siar tráth ar bith sara gceaptar é amhlaidh.
(4) Fógairt speisialta bhéarfar fén alt so alos aon earra áirithe ní bheidh feidhm aici maidir le haon chonnrathóir oifigiúil chun na hearra san do sholáthar do ceapadh chun bheith ina chonnrathóir oifigiúil den tsórt san sarar tugadh an fhógairt sin faid a leanfaidh de bheith ina chonnrathóir oifigiúil den tsórt san de bhuadh an cheaptha san.
(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le fógairt speisialta, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar fhógairt speisialta a bheidh tugtha roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear fógairt speisialta bheidh tugtha fén bhfo-alt so.
(6) San Acht so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so no le fógairt speisialta ar n-a tabhairt fén alt so no le có-oibriú rialachán ar n-a ndéanamh amhlaidh agus fógartha speisialta ar n-a tabhairt amhlaidh, do réir mar a bheidh oiriúnach.
Rialacháin do leagadh fé bhráid an Oireachtais.
20.—Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar d'éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
An tAire do cheapadh oifigeach.
21.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus pé méid oifigeach is dóich leis is gá do cheapadh chun cabhruithe leis chun a dhualgaisí fén Acht so do chólíonadh, agus beidh gach oifigeach den tsórt san i seilbh oifige ar na téarmaí sin agus bhéarfar luach saothair dó do réir na rátaí sin agus ar an slí sin a cheadóidh an tAire Airgeadais.
Cúisithe.
22.—Féadfar cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh ar agra an Aire.