[EN]

Uimhir 14 de 1973


[EN]

AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN SEIRBHÍSE POIBLÍ AGUS COISTE AR A dTABHARFAR COISTE COMHAIRLEACH NA SEIRBHÍSE POIBLÍ A BHUNÚ, DO SHAINIÚ CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS AN CHOISTE AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1966. [17 Iúil, 1973] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

tá le “an Coiste” an bhrí a shonraítear in alt 4 (1) den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí;

[EN]

ciallaíonn “an tseirbhís phoiblí” Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit agus cibé comhlachtaí arna mbunú le reacht nó faoi reacht a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí dheontais nó iasachtaí a thabharfaidh Aire Stáit nó trí eisiúint scaireanna a thógfaidh Aire Stáit is comhlachtaí a bheidh ainmnithe de thuras na huaire le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis comhairle (más aon chomhairle í) an Choiste maidir leis an ábhar a bhreithniú.

[EN]

An lá ceaptha.

2.—Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

[EN]

Roinn na Seirbhíse Poiblí.

1925, Uimh. 24.

1924, Uimh. 16.

1939, Uimh. 36.

3.—(1) Ar an lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairfear Roinn na Seirbhíse Poiblí nó (i mBéarla) the Department of the Public Service.

[EN]

(2) Aire na Seirbhíse Poiblí nó (i mBéarla) the Minister for the Public Service a thabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun Roinn na Serbhíse Poiblí agus a ghairfear de.

[EN]

(3) Sannfar an Roinn Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí don duine céanna.

[EN]

(4) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1966, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925, le Roinn na Seirbhíse Poiblí agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

[EN]

(5) Chun críocha alt 6 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939, measfar Roinn na Seirbhíse Poiblí agus oifig Aire na Seirbhíse Poiblí a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a dhéanfar maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin alt sin 6 (1) roimh an lá ceaptha, ní déarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha.

[EN]

Bunú an Choiste.

4.—(1) Ar an lá ceaptha beidh comhlacht arna bhunú de bhua an ailt seo dá ngairfear Coiste Comhairleach na Seirbhíse Poiblí nó (i mBéarla) the Public Service Advisory Council chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh (dá ngairtear an Coiste san Acht seo).

[EN]

(2) Bainfidh forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo leis an gCoiste.

[EN]

Feidhmeanna an Choiste i gcoitinne.

5.—(1) Is iad seo feidhmeanna an Choiste i gcoitinne—

[EN]

(a) comhairle a thabhairt don Aire maidir le heagrú na seirbhíse poiblí agus maidir le nithe a bhaineann le pearsanra sa tseirbhís phoiblí nó a dhéanann difear dóibh, agus

[EN]

(b) comhairle a thabhairt don Aire aon uair a iarrfaidh an tAire sin—

[EN]

(i) maidir le haon ghné d'eagrú na seirbhíse poiblí nó den phearsanra sa tseirbhís phoiblí nó maidir le haon ní a bhaineann leis an eagrú nó leis an bpearsanra sin nó a dhéanann difear dóibh agus a shonróidh an tAire san iarratas, agus

[EN]

(ii) maidir le comhlachtaí a ainmniú ag an Aire faoi alt 1 den Acht seo.

[EN]

(2) Beidh ag an gCoiste na cumhachtaí go léir is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a ghabhfaidh leis an gcomhlíonadh sin.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

6.—(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1966, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL

Coiste Comhairleach na Seirbhíse Poiblí

1. (1) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí den Choiste cathaoirleach agus seacht ngnáthchomhalta agus is é an tAire a cheapfaidh iad.

(2) Ar dhuine de na comhaltaí beidh Rúnaí Roinn na Seirbhíse Poiblí de thuras na huaire.

(3) Is é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach an Choiste agus ní duine é a mbeidh post lánaimsire aige sa tseirbhís phoiblí.

2. Is é téarma oifige comhalta den Choiste (seachas an comhalta arb é Rúnaí Roinn na Seirbhíse Poiblí é) cibé tréimhse nach faide ná ceithre bliana a chinnfidh an tAire agus é á cheapadh.

3. Aon chomhalta den Choiste a scoirfidh ar chúis ar bith d'oifig a shealbhú ní bheidh sé i dteideal a athcheaptha ina chomhalta nó go mbeidh tréimhse ceithre bliana caite tar éis an scoir sin.

4. (1) Féadfaidh an tAire comhalta den Choiste a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta den Choiste éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a sheoladh chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as tráth a gheofar an litir.

5. (1) Má ainmnítear comhalta den Choiste mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Choiste.

(2) Duine a bheidh i dteideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Ordaithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choiste.

6. Beidh comhalta den Choiste dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

7. Íocfaidh an tAire le comhalta den Choiste cibé suimeanna i leith costas is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach.

8. Beidh vóta ag cathaoirleach an Choiste agus ag gach gnáthcomhalta den Choiste ag cruinniú den Choiste.

9. (1) Beidh ag an gCoiste cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeannna a chomhlíonadh.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus ionad an chéad chruinnithe den Choiste.

10. (1) Ceathrar comhalta is córam do chruinniú den Choiste.

(2) Ag cruinniú den Choiste—

(a) is é cathaoirleach an Choiste, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an Choiste as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Choiste a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú le bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

11. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Choiste a mbeidh easaontas ina taobh i measc na gcomhaltaí a bheidh i láthair a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

12. Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

13. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Coiste a nós imeachta agus a ghnó le buanordaithe nó ar shlí eile.

14. (1) Tabharfaidh an Coiste tuarascáil in aghaidh na bliana don Aire madir le heagrú na seirbhíse poiblí agus maidir le cleachtais phearsanra sa tseirbhís phoiblí. Tabharfaidh an Coiste a chéad tuarascáil faoin mír seo tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag tar éis an lae cheaptha agus bainfidh an tuarascáil leis an tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá sin. Bainfidh gach tuarascáil dá éis sin leis an tréimhse dhá mhí dhéag a thosóidh díreach i ndiaidh na tréimhse lenar bhain an tuarascáil deireanach roimhe sin agus tabharfar í tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis deireadh na tréimhse lena mbaineann sí.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna de gach tuarascáil den sórt sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.