Uimhir 14 de 1975
AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (MAOIR THRÁCHTA), 1975
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile;
tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí a shanntar dó le halt 3 (1) d'Acht 1961;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.
Údaráis áitiúla d'fhostú maor tráchta.
1920, c. 72.
2.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, tar éis comhairle a ghlacadh le Coimisinéir an Gharda Síochána, socruithe a dhéanamh chun go ndéanfaidh daoine a bheidh fostaithe ag an údarás na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i limistéar feidhmiúcháin an údaráis.
(2) Is iad na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) feidhmeanna i leith cionta faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1973, a bhaineann le toirmeasc nó srian ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh,
(b) feidhmeanna a bhaineann le cion faoi rialacháin faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas i leith feithicle a eisíodh faoin Acht sin a ghreamú agus a bheith ar iompar ar an bhfeithicil mar a fhorordaítear leis na rialacháin sin.
(3) Maoir thráchta a ghairfear de dhaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a thugtar orthu san Acht seo.
(4) Chun críocha an ailt seo, folaíonn limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil limistéar aon údaráis áitiúil lena ndearnadh comhaontú faoi alt 7 den Acht seo.
Forálacha a bhaineann le cionta áirithe i leith feithiclí.
3.—(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta díobh seo a leanas a ndearbhóidh an tAire le rialacháin a dhéanfar tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Dlí agus Cirt gur cionta iad lena mbaineann an t-alt seo, eadhon, aon chion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1973, a bhaineann le toirmeasc nó srian ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh agus cion faoi rialacháin faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas feithicle a eisíodh faoin Acht sin a ghreamú agus a bheith ar iompar ar an bhfeithicil mar a fhorordaítear leis na rialacháin sin.
(2) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh don duine á rá—
(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion,
(b) go bhféadfaidh an duine, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe, a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil a bheidh sonraithe san fhógra,
(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.
(3) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo, agus úsáid feithicle inneallghluaiste i gceist ina dhéanamh, á dhéanamh nó déanta, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil á rá—
(a) go líomhnaítear go ndearnadh an cion,
(b) go bhféadfaidh duine a dhlífear a ionchúiseamh i leith an chiona, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe, a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil a bheidh sonraithe san fhógra,
(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.
(4) I gcás ina ndéanfar fógra a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó a ghreamú faoi fho-alt (3) den alt seo—
(a) féadfaidh duine lena mbainfidh an fógra, i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra, agus a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil a bheidh sonraithe san fhógra,
(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil sin an íocaíocht a ghlacadh, admháil uirthi a thabhairt agus an t-airgead a íocadh amhlaidh a choinneáil lena dhiúscairt de réir an Achta seo, agus ní bheidh aon íocaíocht a ghlacfar amhlaidh inghnóthaithe in aon chúinse ag an duine a d'íoc í,
(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.
(5) (a) Ní dhéanfaidh aon duine, ach duine lena mbainfidh an fógra, fógra a bheidh greamaithe d'fheithicil faoi fho-alt (3) den alt seo a bhaint anuas ná ní bhainfidh le fógra den sórt sin.
(b) Aon duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur air.
(6) Féadfar suimeanna éagsúla a fhorordú chun críocha fho-alt (2) (b) agus fho-alt (3) (b) den alt seo i leith cionta éagsúla, aicmí éagsúla feithiclí agus cionta a líomhnaítear a rinneadh in áiteanna poiblí áirithe nó i limistéir éagsúla.
(7) In aon ionchúiseamh i leith cion lena mbaineann an t-alt seo is ar an gcosantóir a bheidh an fhreagracht a shuíomh go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.
(8) Déanfar airgead a fhaibhreoidh chuig údarás áitiúil faoin alt seo a dhiúscairt de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire.
Forálacha a bhaineann le maoir thráchta.
4.—(1) Aon duine a bhacfaidh maor tráchta a bheidh ag gníomhú i mbun dualgais beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur air.
(2) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann alt 3 den Acht seo, cion faoi alt 3 (5) den Acht seo nó cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé ainm agus seoladh an duine a iarraidh nó a éileamh air.
(3) I gcás ina n-iarrfar nó ina n-éileofar a ainm agus a sheoladh ar dhuine faoin alt seo agus go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur air.
(4) I gcás ina n-iarrfaidh nó ina n-éileoidh maor tráchta faisnéis ar dhuine faoin alt seo, ní bheidh de cheangal ar an duine géilleadh don iarratas nó don éileamh mura dtarbharfaidh an maor ar aird, má iarrann an duine air é, aitheantas oifigiúil air féin.
Ionchúiseamh gcionta.
5.—Féadfaidh údarás áitiúil ionchúiseamh a thionscnamh i leith cion lena mbaineann alt 3 den Acht seo, i leith cion faoi alt 3 (5) den Acht seo nó i leith cion faoi alt 4 den Acht seo.
Forálachá ginearálta maidir le rialacháin.
6.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Údarás áitiúil d'fheidhmiú cumhachta faoin Acht seo d'údarás áitiúil eile.
7.—Féadfaidh údarás áitiúil comhaontú a dhéanamh le húdarás áitiúil eile go mbeidh aon chumhacht a thugtar don údarás chéadluaite leis an Acht seo infheidhmithe thar a cheann ag an dara húdarás a luaitear agus ón uair a dhéanfar an comhaontú sin amhlaidh tiocfaidh an chumhacht sin chun bheith infheidhmithe ag an dara húdarás a luaitear.
Caiteachais údarás áitiúil.
8.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt i leith caiteachas údaráis áitiúil faoin Acht seo.
Caiteachais an Aire.
9.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
10.—Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975, a ghairm den Acht seo.