Uimhir 15 de 1940.
ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE) (LEASÚ), 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
[27adh Meitheamh, 1940.]
An Príomh-Acht.
1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926).
(2) Déanfar an tAcht so agus an Príomh-Acht do léiriú mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann, chun crícheanna an Achta san, beidh aige san Acht so an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.
(3) I gcás ar bith ina ndearnadh an Príomh-Acht do chur i mbaint le haon oifig no fostaíocht áirithe, no feidhm do thabhairt don Phríomh-Acht maidir le haon bhord no coiste no cólucht eile (corparuithe no neamh-ionchorparuithe), tré Acht ar bith eile, is gus na leasuithe agus fé réir na leasuithe deintear air leis an Acht so bhainfidh an Príomh-Acht leis an oifig no leis an bhfostaiocht san no bheidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an gcólucht san.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a cheapfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe chuige sin.
Gan an Príomh-Acht do bhaint le banaltraí ná le mná cabhartha.
3.—D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, ní bhainfidh an tAcht san le hoifig no fostaíocht bhanaltran fé údarás áitiúil ná le hoifig no fostaíocht mhná cabhartha fé údarás áitiúil, agus déanfar an abairt “oifig le n-a mbaineann an tAcht so” do léiriú, agus beidh éifeacht aici, dá réir sin sa Phríomh-Acht.
Comhacht chun dearbhuithe áirithe do cheiliúradh.
4.—(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le haontú na gCoimisinéirí, dearbhú, ar n-a dhéanamh aige (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht, do cheiliúradh ar fad no maidir le hoifig no fostaíocht áirithe no le hoifigí no fostaíochtaí áirithe.
(2) Pé uair a déanfar aon dearbhú den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúradh fén bhfo-alt san, ansan, gach oifig no fostaíocht gur maidir léi ceiliúrfar an dearbhú san amhlaidh, scuirfidh leis sin de bheith ina hoifig no ina fostaíocht (do réir mar a bheidh) le n-a mbaineann an Príomh-Acht, ach féadfar dearbhú nua do dhéanamh maidir leis an gcéanna tráth ar bith ina dhiaidh sin fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht.
Cuid d'alt 5 den Phríomh-Acht d'athghairm.
5.—Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht dar tosach na focail “no go dtí” agus dar críoch na focail “is túisce thárlóidh”.
Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.
6.—Leasuítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tré sna focail “de mhí” do scriosadh as fo-alt (2) den alt san agus tré sna focail “de dhá mhí” do chur ina n-ionad san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Gearr-theideal agus có-luadh.
7.—(1) Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) (Leasú), 1940, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.