[EN]

Uimhir 15 de 1945.


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁIN UACHTARÁIN AGUS TOGHCHÁN ÁITIÚLA, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT A CHUMASÚ AN VOTAIOCHT SA TOGHCHÁN UACHTARÁIN A DLITEAR A CHOMÓRADH SA BHLIAIN 1945 AGUS NA VÓTAÍOCHTA SNA TOGHCHÁIN CHOMHALTAÍ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA A DLITEAR A CHOMÓRADH SA BHLIAIN SIN DO THÓGAINT AN tAON LÁ AMHÁIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[1ú Bealtaine, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Toghcháin Uachtaráin agus Toghchán Áitiúla, 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” Acht Toghchán an Uachtaráin, 1937 (Uimh. 32 de 1937);

[EN]dáilcheanntar.

tá leis an bhfocal “dáilcheanntar” an bhrí a ceaptar dó le hAcht 1937, arna leasú leis an Acht so;

[EN]údarás áitiúil.

tá leis an abairt “údarás áitiúil” an bhrí a ceaptar di le hOrdú 1942;

[EN]toghchán áitiúil 1945.

ciallaíonn an abairt “toghchán áitiúil 1945” toghchán comhaltaí d'údarás áitiúil atá le comóradh sa bhliain 1945;

[EN]an ceann cóimhrimh áitiúil.

tá leis an abairt “an ceann cóimhrimh áitiúil” an bhrí a ceaptar di le hAcht 1937, arna leasú leis an Acht so;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

Ordú 1942.

ciallaíonn an abairt “toghchán uachtaráin 1945” an toghchán atá le comóradh sa bhliain 1945 chun duine do thoghadh chun oifige Uachtaráin;

toghchán uachtaráin 1945.

ciallaíonn an abairt “Ordú 1942” an tOrdú um Thoghcháin Áitiúla, 1942 (R. & O. R., Uimh. 255 de 1942), arna leasú le haon ordú ina dhiaidh sin;

rúnaí nó cléireach údaráis áitiúil.

tá leis an abairt “rúnaí nó cléireach údaráis áitiúil” an bhrí a ceaptar di le hOrdú 1942.

[EN]

Cuid II do theacht i ngníomh.

3.—(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht so i ngníomh ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt so.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go gcuirfear toghchán uachtaráin 1945 ar athló, de bhun fo-ailt (1) d'alt 12 d'Acht 1937, chun vótaíocht a thógaint, agus

[EN]

(b) ná beidh an cur-ar-athló san cealaithe de bhun fo-ailt (4) d'alt 16 d'Acht 1937,

[EN]

féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go dtiocfaidh Cuid II den Acht so i ngníomh agus air sin tiocfaidh an Chuid sin II i ngníomh láithreach.

CUID II.

Forala Maidir Leis an Votaiocht i dToghchan Uachtarain 1945 agus i dToghchain Áitiúla 1945.

[EN]

Feidhm Choda II.

4.—Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so ach amháin maidir le toghchán uachtaráin 1945 agus toghcháin áitiúla 1945.

[EN]

An vótaíocht i dtoghcháin áitiúla 1945 do thógaint an lá a tógfar an vótaíocht i dtoghchán uachtaráin 1945.

5.—D'ainneoin éinní atá in aon achtachán, tógfar an vótaíocht a bhéas le tógaint in aon toghchán de thoghcháin áitiúla 1945 an lá a bheas an vótaíocht le tógaint do thoghchán uachtaráin 1945.

[EN]

Acht 1937 do leasú:

6.—(1) Léireofar alt 20 d'Acht 1937 agus beidh éifeacht aige, sa mhéid a bhaineas sé le toghchán uachtaráin 1945, fé is dá gcuirtí na míreanna so leanas in ionad míreanna (c), (d), (e) agus (f), sé sin le rá:—

[EN]

“ (c) chun an vótaíocht do thógaint is tuigthe gur dáilcheanntar gach ceann fá leith acu so leanas—

[EN]

(i) contae-bhuirg,

[EN]

(ii) contae riaracháin (seachas contae riaracháin Mhuigheo),

[EN]

(iii) an líomatáiste (dá ngairmtear dáilcheanntar Mhuigheo Thuaidh san alt so) arb é atá ann toghlíomatáistí contae Bhéal Atha na Muice, Bhéal an Atha agus Chill Alaidh, i gcontae riaracháin Mhuigheo,

[EN]

(iv) an líomatáiste (dá ngairmtear dáilcheanntar Mhuigheo Theas san alt so) arb é atá ann contae riaracháin Mhuigheo ach amháin an chuid di atá i ndáilcheanntar Mhuigheo Thuaidh,

[EN]

agus déanfar an vótaíocht a thógaint ar leithligh i ngach togh-líomatáiste áitiúil ina mbeidh gach dáilcheanntar fá leith roinnte;

[EN]

(d) chun críocha na vótaíochta, is é is ceann cóimhrimh (dá ngairmtear an ceann cóimhrimh áitiúil san Acht so) do dháilcheanntar ná—

[EN]

(i) i gcás contae-bhuirge, cláraitheoir contae na contaebhuirge sin,

[EN]

(ii) i gcás contae riaracháin (seachas contaethe Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Thiobrad Arann (an Trian Thuaidh), Thiobrad Arann (an Trian Theas) agus Mhuigheo), cláraitheoir contae na contae sin,

[EN]

(iii) i gcás contae riaracháin Bhaile Atha Cliath, foshirriam chontae Bhaile Atha Cliath nó, ar an oifig sin do scor de bheith ann, cláraitheoir contae chontae Bhaile Atha Cliath,

[EN]

(iv) i gcás contae riaracháin Chorcaighe, fo-shirriam chontae Chorcaighe nó, ar an oifig sin do scor de bheith ann, cláraitheoir contae chontae Chorcaighe,

[EN]

(v) i gcás contae riaracháin Thiobrad Arann (an Trian Thuaidh), fo-shirriam chontae Thiobrad Arann nó, ar an oifig sin do scor de bheith ann, cláraitheoir contae chontae Thiobrad Arann,

[EN]

(vi) i gcás contae riaracháin Thiobrad Arann (an Trian Theas), chláraitheoir contae chontae Thiobrad Arann,

[EN]

(vii) i gcás dáilcheanntair Mhuigheo Thuaidh, cláraitheoir contae chontae Mhuigheo,

[EN]

(viii) i gcás dáilcheanntair Mhuigheo Theas, fo-shirriam chontae Mhuigheo nó, ar an oifig sin do scor de bheith ann, cláraitheoir contae chontae Mhuigheo;

[EN]

(e) duine ar bith a mbeidh a ainm iontrálta mar thoghthóir Dála sa chlár bliantúil, arna ullmhú fán Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), do chontae riaracháin (seachas contae Mhuigheo) nó do chontae-bhuirg agus ar mian leis a vóta do thabhairt sa vótaíocht, déanfaidh sé amhlaidh sa dáilcheanntar arb é an chontae nó an chontae-bhuirg sin é, agus gach éinne a mbeidh a ainm iontrálta mar thoghthóir Dála sa chlár bliantúil, arna ullmhú fán Acht san, do chontae riaracháin Mhuigheo, agus ar mian leis vóta do thabhairt sa vótaíocht, déanfaidh sé amhlaidh—

[EN]

(i) i gcás a ainm do bheith iontrálta sa chuid den clár bhliantúil sin a bhaineas le dáilcheanntar Mhuigheo Thuaidh, i ndáilcheanntar Mhuigheo Thuaidh,

[EN]

(ii) in aon chás eile, i ndáilcheanntar Mhuigheo Theas;

[EN]

(f) is tuigthe gach dáilcheanntar fá leith acu san do bheith roinnte, chun críocha na vótaíochta, sna ceanntair chéanna vótaíochta ina mbeidh sé roinnte de thuras na huaire chun críocha toghchán comhaltaí d'údaráis áitiúla (do réir bhrí an Orduithe um Thoghcháin Áitiúla, 1942 (R. & O. R., Uimh. 255 de 1942)), agus na háiteanna a bheas ceaptha de thuras na huaire ina n-áiteanna vótaíochta i ngach ceanntar vótaíochta fá leith acu san chun críocha na dtoghchán san, is iad a bheas ina n-áiteanna vótaíochta chun an vótaíocht a thógaint;”.

[EN]

(2) An t-oifigeach clárathachta do gach líomatáiste clárathachta fá leith, do réir bhrí an Achta Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), déanfaidh, maidir le gach togh-líomatáiste contae nó contae-bhuirge ina líomatáiste clárathachta, liost fá leith (ar a mbeidh comhartha idirdhealaitheach) d'ullmhú ar a mbeidh sloinneadh, in ord aibítre, ainm baiste, agus arm-uimhir agus arm-aonad gach duine fá leith a bheas i dteideal a chláruithe mar phost-vótálaí sa chlár de thoghthóirí (a thiocfas i bhfeidhm an 1ú lá de Mheitheamh, 1945) don líomatáiste chlárathachta san, agus uimhreacha as a chéile do chur leis na hainmneacha i ngach liost den tsórt san, agus déanfar na tagairtí atá in alt 29 d'Acht 1937 do liost de phost-vótálaithe do léiriú, maidir le feidhm an ailt sin i gcás toghcháin uachtaráin 1945, mar thagairtí do na liostaí a hullmhófar fán bhfo-alt so.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) deimhniú do thabhairt (fá alt 22 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), arna oiriúnú agus arna thonasc trí Ordú 1942, agus arna leathnú le halt 7 den Acht so) do dhuine ar bith á údarú dhó vótáil i stáisiún vótaíochta seachas an stáisiún a mbeadh sé i dteideal, mura mbeadh san, vótáil ann i dtoghchán de thoghcháin áitiúla 1945, agus

[EN]

(b) an duine sin do bheith i dteideal vótála i dtoghchán uachtaráin 1945,

[EN]

is tuigthe, chun críocha Rialach 7 den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1937, gurb é an stáisiún vótaíochta a sonnrófar sa deimhniú an stáisiún vótaíochta a bheas ceaptha don duine sin.

[EN]

Alt 22 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna thonasc trí Ordú 1942, d leathnú chun go mbainfidh le comhaltaí den Ghárda Síochána agus de na Caomhnóirí Áitiúla.

7.—I gcás comhalta den Ghárda Síochána nó de na Caomhnóirí Áitiúla is toghthóir ag toghchán de thoghcháin áitiúla 1945 do bheith ag gabháil do dhualgais maidir leis an toghchán san agus a dhualgais do bheith, dar leis an gceann cóimhrimh áitiúil, de shaghas a choiscfeadh é ar vótáil ag an stáisiún vótaíochta a mbeadh sé i dteideal vótála ann, mura mbeadh san, beidh feidhm maidir leis ag alt 22 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), arna oiriúnú agus arna thonasc trí Ordú 1942, fé is dá mbeadh sé ar fostú ag an gceann cóimhrimh chun aon chríche maidir leis an toghchán san agus go mbeadh cúrsaí a fhostaíochta, dar leis an gceann cóimhrimh, de shaghas a choiscfeadh é ar vótáil ag an stáisiún vótaíochta a mbeadh sé i dteideal vótála ann, mura mbeadh san.

[EN]

Sárú sicréideachta.

8.—(1) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 31 d'Acht 1937 le duine ar bith lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht 1923.

[EN]

(2) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht 1923 le duine ar bith lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 31 d'Acht 1937.

[EN]

(3) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 31 d'Acht 1937 le duine ar bith lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1923.

[EN]

(4) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1923 le duine ar bith lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 31 d'Acht 1937.

[EN]

(5) San alt so ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), arna oiriúnú agus arna thonasc trí Ordú 1942.

[EN]

Bailíocht pháipéir bhallóide a cuirfear sa bhosca ballóide mí-cheart.

9.—Ní bheidh páipéar ballóide do thoghchán uachtaráin 1945 nó d'aon toghchán de thoghcháin áitiúla 1945 neamhbhailí de bhíthin amháin é chur i mbosca ballóide do chuir an ceann cóimhrimh áitiúil ar fáil agus nach é an bosca ballóide iomchuibhe é.

[EN]

An ceann cóimhrimh áitiúil do bheith ina cheann cóimhrimh ag toghcháin áitiúla 1945 maidir le tógaint na vótaíochta.

10.—Is é an ceann cóimhrimh áitiúil do dháilcheanntar is ceann cóimhrimh maidir le tógaint na vótaíochta in aon togh-líomatáiste áitiúil sa dáilcheanntar chun críocha toghcháin de thoghcháin áitiúla 1945.

[EN]

Forála maidir le cáiliú agus ainmniú iarrthóirí i dtoghchán de thoghcháin áitiúla 1945.

11.—Chun iarrthóir a bheith cáilithe agus chun é d'ainmniú i dtoghchán de thoghcháin áitiúla 1945 is tuigthe duine ar bith atá cláraithe sa chlár de thoghthóirí rialtais áitiúil do líomatáiste chlárathachta áirithe a tháinig i bhfeidhm an lú lá de Mheitheamh, 1944, ach ná beidh cláraithe sa chlár de thoghthóirí rialtais áitiúil don líomatáiste chlárathachta san a thiocfas i bhfeidhm an lú lá de Mheitheamh, 1945, do bheith cláraithe sa chlár san is déanaí a luaitear.

[EN]

Costais cheann cóimhrimh áitiúla maidir le toghcháin áitiúla 1945.

12.—(1) Na héilithe a dhéanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil do dháilcheanntar mar gheall ar sheirbhísí do thug sé agus costais fána ndeachaidh sé chun nó i dtaobh an vótaíocht a thógaint i dtoghchán áitiúil 1945 comhaltaí d'údarás áitiúil, is tuigthe chun críocha ailt 21 d'Acht 1937 gur éilithe iad mar gheall ar sheirbhísí do thug sé agus costais fána ndeachaidh sé chun nó i dtaobh an vótaíocht a thógaint i dtoghchán uachtaráin 1945, ach cionroinnfidh an tAire Airgeadais ar an údarás áitiúil sin an chuid de na héilithe sin is dóigh leis is inchurtha i leith na seirbhísí agus na gcostas fána ndeachaidh an ceann cóimhrimh áitiúil chun nó i dtaobh an vótaíocht a thógaint sa toghchán áitiúil sin 1945 agus íocfaidh an t-údarás áitiúil sin leis an Aire Airgeadais an chuid a cionroinnfear air amhlaidh.

[EN]

(2) Aon airgead a gheobhaidh an tAire Airgeadais fán alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin.

[EN]

Costais cheann cóimhrimh ag toghcháin áitiúla 1945.

13.—Déanfaidh an tAire scála d'éilithe uasta d'ordú chun críocha toghchán áitiúla 1945 agus beidh teideal ag gach ceann cóimhrimh ag toghchán de thoghcháin áitiúla 1945 chun a éilithe réasúnta ach gan iad san a bheith níos mó ná an tsuim a bheas sonnraithe sa scála san i leith seirbhísí agus costas de na saghsanna uile agus fá seach a bheas luaite sa scála san agus a dhéanfaidh sé nó fána raghaidh sé go cuibhe chun nó i dtaobh toghchán de thoghcháin áitiúla 1945 do chomóradh.

[EN]

Rialacháin.

14.—Féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh le rialacháin i dtaobh pé nithe, maidir leis an vótaíocht i dtoghchán uachtaráin 1945 agus i dtoghcháin áitiúla 1945, is dóigh leis is gá nó is fóirstineach chun éifeacht a thabhairt d'fhorála na Coda so den Acht so, agus féadfaidh go sonnruch le haon rialacháin den tsórt san—

[EN]

(a) socrú do dhéanamh chun cártaí vótaíochta sa bhfoirm a hordófar leis na rialacháin do thabhairt amach do dhaoine a bheas i dteideal vótála i dtoghchán uachtaráin 1945,

[EN]

(b) na cumhachta agus na dualgais a mhíniú a bheas ag cinn chóimhrimh áitiúla, rúnaithe agus cléirigh údarás áitiúla agus daoine eile a fostófar maidir leis an vótaíocht,

[EN]

(c) pé modhnuithe do dhéanamh, chun críocha toghcháin uachtaráin 1945, ar Acht 1937 a chífear dó bheith riachtanach chun gur féidir an toghchán san do chomóradh do réir an Achta so nó chun go mb'fhusaide nó go mba luathaide a stiúrófaí agus a críochnófaí an toghchán san,

[EN]

(d) pé modhnuithe do dhéanamh, chun críocha toghchán áitiúla 1945, ar na hachtacháin a bhaineas le toghcháin áitiúla nó ar aon ordú nó rialacháin fúthu san a chífear dó bheith riachtanach chun gur féidir na toghcháin sin do chomóradh do réir an Achta so nó chun go mb'fhusaide nó go mba luathaide a stiúrófaí agus a críochnófaí na toghcháin sin,

[EN]

(e) a shocrú go mbeidh na páipéirí ballóide a bheas le húsáid i dtoghchán uachtaráin 1945 so-aitheanta, trí pé seift d'úsáid a shonnróidh an tAire sna rialacháin, thar na cinn a bheas le húsáid i dtoghcháin áitiúla 1945,

[EN]

(f) socrú do dhéanamh chun na boscaí ballóide céanna nó boscaí ballóide ar leithligh d'úsáid i stáisiún vótaíochta maidir le toghchán uachtaráin 1945 agus le haon cheann nó cinn de thoghcháin áitiúla 1945.