[EN]

Uimhir 15 de 1949.


[EN]

AN tACHT UM AN ACHT BUANUITHE SCÉIMEANNA CÚITIMH, 1946 (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA BUANUITHE SCÉIMEANNA CÚITIMH, 1946, IONAS GO bhFÉADFAR LEASUITHE A DHÉANAMH AR NA SCÉIMEANNA CÚITIMH DO SHIBHIALTAIGH, DON FHÓRSA COSANTA ÁITIÚIL AGUS DO NA CAOMHNÓIRÍ ÁITIÚLA A BUANAÍODH LEIS AN ACHT SIN. [15ú Iúil, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um an Acht Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 (Uimh. 19 de 1946).

[EN]

Alt 1 den Phríomh-Acht a leasú.

2.—Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

[EN]

“(5) Féadfar na Scéimeanna (lena n-áirítear na Scéimeanna arna leasú faoin bhfo-alt seo) a leasú le scéim eile arna déanamh ag an Aire Airgeadais agus féadfaidh aon leasú den tsórt sin bheith cúlghabhálach.”

[EN]

Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.

3.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

[EN]

“(5) Féadfar na Scéimeanna (lena n-áirítear na Scéimeanna arna leasú faoin bhfo-alt seo) a leasú le scéim eile arna déanamh ag an Aire Cosanta le toiliú an Aire Airgeadais agus féadfaidh aon leasú den tsórt sin bheith cúlghabhálach.”

[EN]

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

4.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

[EN]

“(5) Féadfar na Scéimeanna (lena n-áirítear na Scéimeanna arna leasú faoin bhfo-alt seo) a leasú le scéim eile arna déanamh ag an Aire Dlí agus Cirt le toiliú an Aire Airgeadais agus féadfaidh aon leasú den tsórt sin bheith cúlghabhálach.”

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht um an Acht Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 agus 1949, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.