[EN]

Uimhir 15 de 1959.


[EN]

AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1957. [21 Iúil, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Léiriú.

1923, Uimh. 26.

1927, Uimh. 12.

1932, Uimh. 24.

1943, Uimh. 14.

1946, Uimh. 3.

1949, Uimh. 19.

1953, Uimh. 23.

1957, Uimh. 19.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Arm-Phinsean, 1949;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Arm-Phinsean, 1957;

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1957;

[EN]

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

Ailt 7 agus 8 d'Acht 1923 agus an Dara agus an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 a leasú.

2.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 8 nó 9 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, féadfar liúntas a dheonú faoi alt 7 nó 8 d'Acht 1923 do bhaintreach nó leanbh oifigigh éagtha, cibé acu a bhí nó nach raibh an bhaintreach nó an leanbh sin i gcleithiúnas, go hiomlán nó go páirteach, ar an oifigeach éagtha sin ar dháta a bháis.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní atá in alt 7 nó 8 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, féadfar liúntas a dheonú faoi alt 7 nó 8 d'Acht 1923 do bhaintreach nó leanbh saighdiúra éagtha, cibé acu a bhí nó nach raibh an bhaintreach nó an leanbh sin i gcleithiúnas, go hiomlán nó go páirteach, ar an saighdiúir éagtha sin ar dháta a bháis.

[EN]

(3) I gcás ina ndeonófar liúntas, de bhua fo-ailt (1) den alt seo, do bhaintreach nó do leanbh oifigigh éagtha, nó, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, do bhaintreach nó do leanbh saighdiúra éagtha—

[EN]

(a) tosóidh an liúntas ar cibé dáta (nach luaithe ná an dáta feidhme) a chinnfidh an tAire,

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1923 ná ag fo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1923 maidir le tosú an liúntais.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, féadfar liúntas is féidir a dheonú de bhua fo-ailt (1) nó (2) den alt seo a iarraidh tráth nach déanaí ná dhá mhí déag tar éis an dáta feidhme.

[EN]

Alt 14 (1) agus alt 15 (1) d'Acht 1927 agus an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 a leasú.

3.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 8 nó 9 de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927, féadfar liúntas a dheonú faoi mhír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927 nó faoi fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1927 do bhaintreach nó do leanbh oifigigh éagtha. cibé acu a bhí nó nach raibh an bhaintreach nó an leanbh sin i gcleithiúnas, go hiomlán nó go páirteach, ar an oifigeach éagtha sin ar dháta a bháis.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní in alt 7 nó in alt 8 de Chuid II den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927, féadfar liúntas a dheonú faoi mhír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927 nó faoi fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1927 do bhaintreach nó do leanbh saighdiúra éagtha, cibé acu bhí nó nach raibh an bhaintreach nó an leanbh sin i gcleithiúnas, go hiomlán nó go páirteach, ar an saighdiúir éagtha sin ar dháta a bháis.

[EN]

(3) I gcás ina ndeonófar liúntas, de bhua fo-ailt (1) den alt seo, do bhaintreach nó do leanbh oifigigh éagtha nó, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, do bhaintreach nó do leanbh saighdiúra éagtha—

[EN]

(a) tosóidh an liúntas—

[EN]

(i) i gcás inar éag an t-oifigeach nó an saighdiúir roimh an dáta feidhme—ar an dáta feidhme, nó

[EN]

(ii) i gcás inar éag an t-oifigeach nó an saighdiúir ar an dáta feidhme nó dá éis—cibé dáta (nach luaithe ná dáta a bháis) a chinnfidh an tAire,

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag fo-alt (8) d'alt 14 d'Acht 1927 ná ag fo-alt (5) d'alt 15 d'Acht 1927 maidir le tosú an liúntais.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, féadfar liúntas is féidir a dheonú de bhua fo-ailt (1) nó (2) den alt seo a iarraidh tráth nach déanaí ná dhá mhí déag tar éis an dáta feidhme.

[EN]

(5) I gcás ina ndearnadh aisce faoi mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927 a dheonú, roimh an dáta feidhme, do bhaintreach dhuine éagtha, ansin, d'ainneoin aon ní atá san fho-alt sin (1), féadfar liúntas a dheonú faoi mhír (ii) den fho-alt sin (1) don bhaintreach sin, agus má dheonaítear an liúntas di, ansin, déanfar an méid a íocadh léi i leith na haisce a áireamh mar airleacan ar scór an liúntais.

[EN]

Forléiriú ailt 14 (2) (d) agus ailt 15 (2) (d) d'Acht 1927.

4.—(1) Baineann an t-alt seo le duine éagtha—

[EN]

(a) d'fhónaigh sna fórsaí, agus

[EN]

(b) dar deonaíodh pinsean, agus

[EN]

(c) dar deonaíodh freisin pinsean pósta de réir ráta atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1946 nó de réir ráta atá leagtha amach i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1949, agus

[EN]

(d) nach raibh ag fáil pinsin phósta ar dháta a bháis ar an ábhar go raibh a bhanchéile marbh agus nach raibh aon chlann ann dá phósadh a raibh pinsean pósta iníoctha ina leith, agus

[EN]

(e) is duine—

[EN]

(i) más pinsean créachta an pinsean a deonaíodh dó— a raibh, ar dháta a bháis, leanbh leis (leanbh de phósadh a rinneadh sular bhain an chréacht dó ar ina leith a deonaíodh an pinsean) ar marthain agus, má ba oifigeach an duine, ar mhac é faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó iníon faoi bhun bliain agus fiche d'aois nó, má ba shaighdiúir an duine, ar mhac é faoi bhun sé bliana déag d'aois nó iníon faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, nó

[EN]

(ii) más pinsean míthreora an pinsean a deonaíodh dó—a raibh, ar dháta a bháis, leanbh leis (leanbh de phósadh a rinneadh sular urscaoileadh é as na fórsaí) ar marthain agus, má ba oifigeach an duine, ar mhac é faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó iníon faoi bhun bliain agus fiche d'aois nó, má ba shaighdiúir an duine, ar mhac é faoi bhun sé bliana déag d'aois nó iníon faoi bhun ocht mbliana déag d'aois.

[EN]

(2) Aon duine éagtha lena mbaineann an t-alt seo, measfar, chun críocha na bhforálacha seo a leanas d'Acht 1927, is é sin, mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 14 agus mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 15, go raibh sé ag fáil pinsin phósta ar dháta a bháis.

[EN]

(3) Ní dhéanfar aon liúntais a dheonófar de bhua na leasuithe a dhéantar le fo-alt (2) den alt seo a íoc amhail ó dháta is luaithe ná an dáta feidhme.

[EN]

Srian le liúntais do bhaintreacha agus do leanaí a dheonú faoi ailt 14 (2) agus 15 d'Acht 1927.

5.—(1) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927 nó san fho-alt sin arna leasú le halt 4 den Acht seo, ní dhéanfaidh an tAire, ar aon duine, ná mar gheall ar aon duine, d'fháil bháis lena mbaineann an fo-alt sin de bhua míre (b), (c) nó (d) den fho-alt sin, aon liúntas ná aisce a dheonú faoin bhfo-alt sin do bhaintreach an duine sin ná d'aon leanbh leis, muran rud é, i gcás na baintrí, go raibh sí pósta leis an duine sin sular urscaoileadh as na fórsaí é nó, i gcás linbh, gur de phósadh é a rinneadh sular urscaoileadh an duine sin as na fórsaí.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1927 nó san fho-alt sin arna leasú le halt 3 den Acht seo, ní dhéanfaidh an tAire, ar aon duine, ná mar gheall ar aon duine, d'fháil bháis lena mbaineann an fo-alt sin de bhua míre (c) nó (d) den fho-alt sin, aon liúntas ná aisce a dheonú faoin bhfo-alt sin do bhaintreach an duine sin ná d'aon leanbh leis muran rud é, i gcás na baintrí, go raibh sí pósta leis an duine sin sular bhain an chréacht dó dar éag sé nó, i gcás linbh, gur de phósadh é a rinneadh sular bhain an chréacht sin don duine sin.

[EN]

(3) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927 nó san fho-alt sin arna leasú le halt 4 den Acht seo, ní dhéanfaidh an tAire, ar aon duine, ná mar gheall ar aon duine, d'fháil bháis lena mbaineann an fo-alt sin de bhua míre (b), (c) nó (d) den fho-alt sin, aon liúntas ná aisce a dheonú faoin bhfo-alt sin do bhaintreach an duine sin ná d'aon leanbh leis muran rud é, i gcás na baintrí, go raibh sí pósta leis an duine sin sular bhain an chréacht dó dar éag sé nó, i gcás linbh, gur de phósadh é a rinneadh sular bhain an chréacht sin don duine sin.

[EN]

(4) Ní fhorléireofar fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo mar nithe a dhéanann difir d'oibriú fo-ailt (3) d'alt 40 d'Acht 1953.

[EN]

Alt 7 d'Acht 1943 a leasú.

6.—Chun críocha ailt 7 d'Acht 1943, arna leasú le fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 41 d'Acht 1953—

[EN]

(a) ciallaíonn an abairt “an tsuim bhliantúil iomchuí”, maidir le duine atá seachtó bliain d'aois nó níos mó,—

[EN]

(i) maidir le fear singil nó bean singil nó baintreach fir nó baintreach mná gan chlann, £78,

[EN]

(ii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann a chéile nó a céile ach atá gan chlann, £97. 10. 0.,

[EN]

(iii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann a chéile nó a céile agus ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £97. 10. 0 agus £10. 8. 0 i leith gach linbh,

[EN]

(iv) maidir le baintreach fir nó baintreach mná ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £78 agus £10. 8. 0 i leith gach linbh;

[EN]

(b) ciallaíonn an abairt “an tsuim bhliantúil iomchuí”, maidir le duine atá faoi bhun seachtó bliain d'aois,—

[EN]

(i) maidir le fear singil nó bean singil nó baintreach fir nó baintreach mná gan chlann, £104,

[EN]

(ii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann a chéile nó a céile ach atá gan chlann, £130,

[EN]

(iii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann a chéile nó a céile agus ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £130 agus £10. 8. 0. i leith gach linbh,

[EN]

(iv) maidir le baintreach fir nó baintreach mná ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £104 agus £10. 8. 0. i leith gach linbh.

[EN]

Srian le liúntais do bhaintreacha agus do leanaí a dheonú faoi alt 2 (1) d'Acht 1946.

7.—D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1946, ní dheonóidh an tAire aon liúntas ná aisce faoin bhfo-alt sin do bhaintreach dhuine éagtha ná do leanbh le duine éagtha muran rud é, i gcás na baintrí, go raibh sí pósta leis an duine sin sular bhain an chréacht dó ar ina leith a deonaíodh dó an pinsean créachta a luaitear san fho-alt sin nó, i gcás linbh, gur de phósadh é a rinneadh sular bhain an chréacht sin don duine sin.

[EN]

Alt 4 (1) d'Acht 1953 a leasú.

8.—(1) Cuirfear isteach i bhfo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1953 an dá mhír nua seo a leanas—

[EN]

“(aa) liúntas bliantúil de £125 a dheonú don mhac buaneaslán amháin sin leis an duine marbh sin a ordóidh an tAire, ar choinníoll go raibh buan-easláine ar an mac sin sula raibh 18 mbliana d'aois slán aige,

[EN]

(ab) liúntas bliantúil de £125 a dheonú, don iníon bhuaneaslán amháin sin leis an duine marbh sin a ordóidh an tAire, ar choinníoll go bhfuil an iníon sin gan pósadh nó ina baintreach, an fhad atá sí gan pósadh nó ina baintreach (de réir mar a bheidh), agus ar choinníoll go raibh buan-easláine ar an iníon sin sula raibh 21 bliain d'aois slán aici.”

[EN]

agus, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, beidh éifeacht dá réir sin ag Cuid II d'Acht 1953 agus ag alt 35 d'Acht 1957.

[EN]

(2) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “liúntas linbh” liúntas faoi mhír (aa) nó (ab) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1953.

[EN]

(b) I gcás inarb é cúis bhuan-easláine iarratasóra a iarrfaidh liúntas linbh gníomh nó mainneachtain a líomhnaíodh ar dhuine eile agus go ndearna an duine eile sin (cibé acu a d'admhaigh sé dliteanas nó nár admhaigh) cúiteamh a íoc ann leis an iarratasóir, féadfaidh an tAire, más é a thuairim gur cóir é sna himthosca, diúltú don iarratas nó, má ghéilleann sé dó, an liúntas a laghdú cibé méid is cuí leis.

[EN]

(c) I gcás ina ndeonófar liúntas linbh—

[EN]

(i) tosóidh an liúntas cibé dáta (nach luaithe ná an dáta feidhme) a chinnfidh an tAire,

[EN]

(ii) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1953 ná ag fo-alt (2) d'alt 35 d'Acht 1957 maidir le tosú an liúntais.

[EN]

Alt 6 d'Acht 1953 a leasú.

9.—I bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1953 (a ordaíonn teorainn ama chun iarratais faoi Chuid II den Acht sin a dhéanamh) forléireofar na tagairtí do dháta Acht 1953 a rith mar thagairtí don dáta feidhme.

[EN]

Alt 39 (3) d'Acht 1953 a leasú.

10.—Maidir le fo-alt (3) d'alt 39 d'Acht 1953, a mhéid a fhorálann sé go ndéanfar gach iarratas ar phinsean pósta faoi na hachtacháin dá dtagraítear ann laistigh de dhá mhí déag ó dháta Acht 1953 a rith, ní bhainfidh sé le hiarratas ag iarraidh pinsin phósta faoi na hachtacháin sin ó dhuine nach raibh, tráth ar bith laistigh den dá mhí déag sin, ag fáil pinsin chréachta ná pinsin mhíthreora faoi na hAchtanna.

[EN]

Alt 49 (1) d'Acht 1953 a leasú.

11.—Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 49 d'Acht 1953 (a bhaineann le críochnaitheacht dámhachtaintí faoi alt 12 d'Acht 1927) le diúltú do phinsean nó aisce a dhámhadh faoin alt sin 12 i leith créachta, ach amháin nuair a diúltaíodh an dámhachtain a dhéanamh ar an bhforas amháin nach raibh aon mhíchumas ar an duine a d'iarr an céanna.

[EN]

Srian le pinsin bhreise agus pinsin phósta a dheonú.

12.—(1) I gcás pinsean créachta a dheonú faoi na hAchtanna do dhuine a d'fhónaigh sna fórsaí agus ar fear pósta é chun críocha, cibé ceann d'fhorálacha na nAchtanna a bhaineann leis an bpinsean créachta sin a dheonú, ansin ní dheonófar pinsean breise ná pinsean pósta dó muran rud é—

[EN]

(a) go raibh an bhean is céile dó ar dháta tosaithe an phinsin chréachta pósta leis roimh an dáta a bhain an chréacht dó ar ina leith a bheidh an pinsean créachta arna dheonú, nó

[EN]

(b) go bhfuil leanbh leis (is leanbh de phósadh a rinneadh sular bhain an chréacht sin dó) ar marthain agus, má ba oifigeach an duine, ar mac é faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó iníon faoi bhun bliain agus fiche d'aois nó, má ba shaighdiúir an duine, ar mac é faoi bhun sé bliana déag d'aois nó iníon faoi bhun ocht mbliana déag d'aois.

[EN]

(2) I gcás pinsean míthreora a dheonú faoi na hAchtanna do dhuine a d'fhónaigh sna fórsaí agus ar fear pósta é chun críocha cibé ceann d'fhorálacha na nAchtanna a bhaineann leis an bpinsean míthreora sin a dheonú, ansin, ní dheonófar pinsean breise ná pinsean pósta dó muran rud é—

[EN]

(a) go raibh an bhean is céile dó ar dháta tosaithe an phinsin mhíthreora pósta leis roimh dháta a urscaoilte as na fórsaí, nó

[EN]

(b) go bhfuil leanbh leis (is leanbh de phósadh a rinneadh roimh dháta a urscaoilte as na fórsaí) ar marthain agus, má ba oifigeach an duine, ar mac é faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó iníon faoi bhun bliain agus fiche d'aois nó, má ba shaighdiúir an duine, ar mac é faoi bhun sé bliana déag d'aois nó iníon faoi bhun ocht mbliana déag d'aois.

[EN]

(3) Ní fhorléireofar fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú fo-ailt (2) d'alt 39 d'Acht 1953.

[EN]

Forálacha maidir le huchtleanaí.

1952. Uimh. 25.

13.—(1) San alt seo, ciallaíonn “uchtáil” uchtáil, agus ciallaíonn “uchtleanbh” leanbh arna uchtáil, faoin Acht Uchtála, 1952.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) athchomhalta de na fórsaí lenar iníoctha pinsean créachta agus a bhanchéile d'uchtáil linbh roimh an dáta a bhain an chréacht dó ar ina leith is iníoctha an pinsean créachta, nó

[EN]

(b) athchomhalta de na fórsaí lenar iníoctha pinsean míthreora agus a bhanchéile d'uchtáil linbh roimh dháta a urscaoilte as na fórsaí,

[EN]

áireofar an leanbh sin, chun críocha na bhforálacha sin de na hAchtanna (ach amháin Acht 1932) agus an Achta seo a bhaineann le pinsin bhreise nó le pinsin phósta, mar leanbh leis na huchtálaithe a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) ina ndearna athchomhalta éagtha de na fórsaí lenarbh iníoctha pinsean créachta agus a bhanchéile leanbh a uchtáil roimh dháta a urscaoilte as na fórsaí, nó

[EN]

(b) ina ndearna athchomhalta éagtha de na fórsaí lenarbh iníoctha pinsean míthreora agus a bhanchéile leanbh a uchtáil roimh dháta a urscaoilte as na fórsaí,

[EN]

áireofar an leanbh sin, chun críocha na bhforálacha sin de na hAchtanna (ach amháin Acht 1932) agus an Achta seo a bhaineann le liúntais chleithiúnaithe, mar leanbh leis na huchtálaithe a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.

[EN]

(4) I gcás ina ndearna duine dar deonaíodh liúntas speisialta faoi alt 7 d'Acht 1943 agus a bhanchéile leanbh a uchtáil roimh an dáta a thosaigh an liúntas speisialta, measfar, chun críocha an ailt sin 7, gur leanbh leis na huchtálaithe an leanbh sin a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) ina mbeidh pinsean breise nó pinsean pósta iníoctha le haon duine is fear pósta chun críocha na nAchtanna de bhrí amháin go bhfuil uchtleanbh aige, agus

[EN]

(b) go mbeidh an t-uchtleanbh sin ag fáil liúntais is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó as cistí údaráis áitiúil nó aon chomhlachta eile a bunaíodh le reacht, agus

[EN]

(c) ina mbeidh an liúntas sin iníoctha de dhroim seirbhísí a thug athair nádúrtha an linbh nó a mháthair, ba sheirbhísí a bhfuarthas luach saothair ina leith as airgead nó cistí den sórt sin,

[EN]

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(i) má bhíonn méid an liúntais sin sa bhliain ar cóimhéad le méid bhliantiúl, nó níos mó ná méid bhliantúil, an phinsin sin, ní bheidh an pinsean sin iníoctha an fhad a leanfaidh an liúntas sin de bheith iníoctha,

[EN]

(ii) más lú méid an liúntais sin sa bhliain ná méid bhliantúil an phinsin sin, is é meid den phinsean sin a bheidh iníoctha, an fhad a leanfaidh an liúntas sin de bheith á íoc, méid is comhionann leis an difríocht idir méid an liúntais sin sa bhliain agus méid an phinsin sin sa bhliain.

[EN]

(6) I gcás—

[EN]

(a) uchtleanbh lenar iníoctha liúntas cleithiúnaí faoi na hAchtanna (dá ngairtear an liúntas faoi na hAchtanna san fho-alt seo) a bheith ag fáil aon liúntais leanúnaigh eile (dá ngairtear an dara liúntas san fho-alt seo) is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó as cistí údaráis áitiúil nó aon chomhlachta eile a bunaíodh le reacht, agus

[EN]

(b) an dara liúntas a bheith iníoctha de dhroim seirbhísí a thug athair nádúrtha an linbh nó a mháthair ba sheirbhísí a bhfuarthas luach saothair ina leith as airgead nó cistí den sórt sin,

[EN]

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(i) má bhíonn méid an dara liúntais sin sa bhliain ar cóimhéad le méid, nó níos mó ná méid, an liúntais faoi na hAchtanna, ní bheidh an liúntas faoi na hAchtanna iníoctha an fhad a leanfaidh an dara liúntas de bheith iníoctha,

(ii) más lú méid an dara liúntais sa bhliain ná méid an liúntais faoi na hAchtanna, is é an méid den liúntas faoi na hAchtanna a bheidh iníoctha, an fhad a leanfaidh an dara liúntas de bheith á íoc, méid is comhionann leis an difríocht idir méid an dara liúntais sa bhliain agus méid an liúntais faoi na hAchtanna.

[EN]

Athghairm.

14.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

15.—(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1959, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Athghairtear

Alt 14.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 14 de 1943.

An tAcht Arm-Phinsean, 1943.

I bhfo-alt (9) d'alt 7, an míniú ar an abairt “an tsuim bliantúil oiriúnach”.

Uimh. 23 de 1953.

An tAcht Arm-Phinsean, 1953.

I bhfo-mhír (iv) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 41, na focail “más deimhin leis an Aire gur dámhadh go cuí é ar iarratas a rinneadh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith”; fo-alt (4) d'alt 41.

Uimh. 19 de 1957.

An tAcht Arm-Phinsean, 1957.

Alt 36; i bhfo-alt (1) d'alt 38, na focail agus na figiúirí “agus a pósadh roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1942”.