Uimhir 15 de 1971
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (INRÁTAITHEACHT CHÍOSANNA) (CEALÚ), 1971
[An tiontú oifigiúil.]
Inrátaitheacht chíosanna áirithe a chealú.
1838, c.56.
1.—Ní bheidh aon duine a fhaigheann cíos i leith oidhreachtán atá díolmhaithe ó rátú faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, faoi dhliteanas a rátaithe i leith an chíosa, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo agus alt 3 den Acht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1971.
Síneadh ar an tréimhse a luaitear in alt 21(3A) den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.
2.—Déantar leis seo an tréimhse a luaitear in alt 21 (3A) den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960) a shíneadh bliain agus, dá réir sin, déanfar an tagairt san alt sin don tréimhse deich mbliana dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1960, a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse aon bhliain déag dar tosach an lá sin.
Aisghairm.
3.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
Cosaint.
4.—Gach rud a rinne údarás rátúcháin de réir brí an Achta Rialtais Áitiúil, 1946, sular achtaíodh an tAcht seo agus in oirichill an tAcht seo a achtú, beidh aige agus measfar go raibh aige ariamh an bhailíocht agus an éifeacht (más ann) a bheadh aige dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an rud sin.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
5.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Inrátaitheacht Chíosanna) (Cealú), 1971, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.
(3) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1971, a ghairm d'Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1965, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna Rialtais (Baile Átha Cliath), 1930 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1967, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.
(5) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1971, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1955, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.
(6) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 go 1971, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 agus 1955, agus den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.
(7) Faoi réir alt 1 (2) de seo, measfar gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1970.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
12 & 13 Vict. c. 104 | Poor Relief (Ireland) Act, 1849. | Alt 10. |
15 & 16 Vict. c. 63 | Valuation (Ireland) Act, 1852. | “and in the case of land or buildings used exclusively for public, scientific, or charitable purposes, as hereinafter specified, half the annual rent derived by the owner or other person interested in the same, so far as the same can or may be ascertained by the said commissioner of valuation;” in alt 12. |
17 & 18 Vict. c. 8 | Valuation (Ireland) Act, 1854. | An coinníoll a ghabhann le halt 2. |
61 & 62 Vict. c. 37 | Local Government (Ireland) Act, 1898. | “and except that if made heretofore in respect of a half rent under section sixty-three of the Poor Relief (Ireland) Act, 1838, and the enactments amending the same,” in alt 52 (1). |
An tAcht Rialtais Aitiiúla (Baile Átha Cliath), 1930. | “, ach ní oibreoidh an eisceacht san chun aon leath-chíosa, do bheadh inrátuithe i gcóir an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaora ó n-a bheith inrátuithe i gcóir an ráta chathardha,” in alt 69 (2); | |
“22/100” agus “Gach leath-chíos is inchurtha fé ráta na mbocht fé alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus fé sna hachtacháin le n-a leasuítear an tAcht san” sa Dara Sceideal. | ||
“,ach ní oibreoidh an eisceacht san chun aon leath-chíosa, do bheadh inrátuithe i gcóir an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaoradh ó n-a bheith inrátuithe i gcóir an ráta chathardha” in alt 28 (2); | ||
“1/3” agus “Gach leath-chíos is ionchurtha fé ráta na mbocht fé alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus fé sna hachtacháin le n-a leasuítear an tAcht san”, sa Dara Sceideal. | ||
“, ach ní thiocfaidh de sin aon leath-chíos do bheadh inrátuithe i leith an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaoradh ó n-a bheith ionrátuithe i leith an ráta chathardha”, in alt 27 (2); | ||
“⅗” agus “Gach leath-chíos is inchurtha fén ráta dealbhais fé alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus fé sna hachtacháin le n-a leasuítear an tAcht san,” sa Sceideal. | ||
“, ach ní thiocfaidh de sin aon leath-chíos, do bheadh ionrátuithe chun na ráta dhealbhais dá mba ná rithfí an tAcht so, do shaoradh ó n-a bheith ionrátuithe chun an ráta chathardha,” in alt 19 (2); | ||
“1/3” agus “Gach leath-chíos is ionrátuithe chun an ráta dhealbhais fé alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus fé sna hachtacháin lena leasuítear an céanna.” sa Chéad Sceideal. | ||
Mír (c) d'alt 13 (1); alt 21 (3A) (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960); | ||
“½” agus “Leath-chíosa is inrátuithe chun an ráta dhealúis faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus na hachtacháin á leasú sin,” sa dá áit ina bhfuil siad faoi seach sa Dara Sceideal. |