[EN]

Uimhir 15 de 1976


[EN]

AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946 AGUS 1969, D'AISGHAIRM NA nACHTANNA PÁ TALMHAÍOCHTA, 1936 GO 1969, AGUS NA nACHTANNA UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE), 1950 GO 1975, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[18 Bealtaine, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1969, Uimh. 14.

1946, Uimh. 26.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1969;

[EN]

ciallaíonn “fostóir talmhaíochta” duine a fhostaíonn daoine eile mar oibrithe talmhaíochta;

[EN]

ciallaíonn “oibrí talmhaíochta” duine ar fostú faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta ar obair thalmhaíochta a obair, nó cuid dá obair, faoin gconradh, ach ní fholaíonn sé duine ar obair tís formhór a oibre faoi aon chonradh den sórt sin;

[EN]

folaíonn “talmhaíocht” gairneoireacht, aon táirge intomhalta a tháirgeadh a fhástar le díol nó le tomhailt nó le haghaidh úsáide eile, feirmeoireacht déiríochta, feirmeoireacht éanlaithe clóis, talamh a úsáid mar thalamh innír, mar thalamh móinéir nó mar thalamh féaraigh nó mar úllort nó mar thalamh sailí nó mar thalamh coille, nó le haghaidh garraithe margaidh, garraithe príobháideacha, mar thalamh altran nó mar fhaichí imeartha, nó le ainmhithe a aireachasú nó a thógáil nó a thraenáil agus aon ghníomhaíochtaí teagmhasacha eile a bhaineann le talmhaíocht;

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946.

[EN]

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) San Acht seo ciallaíonn ‘ oibrí ’ aon duine 15 bliana d'aois nó níos mó a bhfuil conradh déanta aige le fostóir nó a oibríonn faoi chonradh d'fhostóir, cibé acu conradh i ndáil le saothar láimhe, saothar cléireachais nó eile é, cibé acu sainráite nó intuigthe, ó bhéal nó i scríbhinn dó, agus cibé acu conradh seirbhíse nó printíseachta é nó conradh aon obair nó saothar a dhéanamh go pearsanta, ach ní fholaíonn sé—

[EN]

(a) duine ar fostú ag an Stát nó faoin Stát,

[EN]

(b) múinteoir meánscoile,

[EN]

(c) múinteoir scoile náisiúnta,

[EN]

(d) oifigeach d'údarás áitiúil,

[EN]

(e) oifigeach do choiste gairmoideachais,

[EN]

(f) oifigeach do choiste talmhaíochta, nó

[EN]

(g) oifigeach do choiste freastail scoile.”.

[EN]

Leasú iarmhartach.

3.—Aisghairtear leis seo alt 66 den Phríomh-Acht a mhíníonn “oibrí” chun críocha Chuid VI den Acht sin.

[EN]

Comhchoiste oibreachais a bhunú d'oibrithe talmhaíochta.

4.—(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith bunóidh an Chúirt, le hordú, comhchoiste oibreachais leis na feidhmeanna a shanntar dó le Cuid IV den Phríomh-Acht a fheidhmiú i ndáil le hoibrithe talmhaíochta agus a bhfostóirí.

[EN]

(2) Ní bhainfidh ailt 35 go 40 den Phríomh-Acht leis an gcomhchoiste oibreachais a bhunófar faoin alt seo ach measfar, faoi réir alt 5 den Acht seo, gur comhchoiste oibreachais de réir brí alt 34 den Phríomh-Acht an coiste sin.

[EN]

Modhnú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

5.—Bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (a bhaineann le comhdhéanamh, oifigigh agus imeachtaí comhchoistí oibreachais) leis an gcomhchoiste oibreachais a bhunófar faoi alt 4 den Acht seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

[EN]

(a) ceapfaidh an tAire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh cathaoirleach an choiste agus beirt ar a mhéid de chomhaltaí neamhspleácha an choiste;

[EN]

(b) ceapfaidh an Chúirt comhaltaí ionadaitheacha (fostóirí) an choiste as rolla a ullmhóidh an tAire agus a thíolacfaidh sé don Chúirt tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí talmhaíochta is oiriúnach leis an Aire agus le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh;

[EN]

(c) ceapfaidh an Chúirt comhaltaí ionadaitheacha (oibrithe) an choiste (ar comhlíon leis an líon comhaltaí ionadaitheacha (fostóirí) ) as rolla a ullmhóidh an tAire agus a thíolacfaidh sé don Chúirt tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaitheach d'oibrithe talmhaíochta is oiriúnach leis an Aire agus le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh;

[EN]

(d) ní bheidh feidhm ag mír 2 (2).

[EN]

Na hAchtanna Pá Talmhaíochta, 1936 go 1969, a aisghairm.

1936, Uimh. 53.

6.—(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna Pá Talmhaíochta, 1936 go 1969.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, aon ordú a rinneadh faoi alt 17 den Acht um Págh Talmhaíochta, 1936, agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur ordú rialaithe fostaíochta é.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an dáta a dhéanfaidh an Chúirt an chéad ordú rialaithe fostaíochta faoi alt 43 den Phríomh-Acht tar éis don chomhchoiste oibreachais a bhunófar faoi alt 4 den Acht seo do chur tograí faoi bhráid na Cúirte faoi alt 42 den Acht sin.

[EN]

Modhnú ar alt 49 den Phríomh-Acht.

7.—Ní bhainfidh alt 49 (2) den Phríomh-Acht, a bhaineann le fostóirí do chur fógraí áirithe ar taispeáint, le fostóirí talmhaíochta.

[EN]

Ranna breise den Chúirt.

8.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur fóirsteanach, ar mhaithe le gnó na Cúirte a dhéanamh níos luaithe, go gcuirfí roinn nó ranna eile leis an gCúirt féadfaidh sé, d'ainneoin aon ní in Acht 1969, le hordú, a dhéanfar le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, socrú a dhéanamh le haghaidh roinne breise nó ranna breise den sórt sin.

[EN]

(2) Beidh roinn den Chúirt dá ndéanfar socrú faoin alt seo comhdhéanta de leas-chathaoirleach den Chúirt (a bheidh ina chathaoirleach ar an roinn), comhalta oibrithe agus comhalta fostóirí, agus beidh feidhm ag ailt 3 (b) agus 3 (c) d'Acht 1969 maidir le roinn den sórt sin ionann is dá mba roinn faoin Acht sin í.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ceapfaidh sé leas-chathaoirleach den Chúirt, agus beidh feidhm ag ailt 4 (4) go 4 (7) d'Acht 1969 (arna leasú leis an Acht seo) maidir le leas-chathaoirleach a cheapfar faoin Acht seo ionann is dá mba thagairtí do leaschathaoirleach a cheapfar faoin Acht seo na tagairtí sna hailt sin do leas-chathaoirleach.

[EN]

(4) Íocfar le leas-chathaoirleach (cibé acu faoin alt seo nó faoi alt 4 (4) d'Acht 1969 a ceapadh é) cibé luach saothair (ar mhodh táillí nó tuarastail) agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(5) Aisghairtear leis seo alt 4 (5) d'Acht 1969.

[EN]

Leasú iarmhartach ar alt 2 d'Acht 1969.

9.—Leasaítear leis seo Acht 1969 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:

[EN]

“2.—(1) Beidh an Chúirt comhdhéanta de chathaoirleach (dá ngairtear an cathaoirleach san Acht seo), de leas-chathaoirleach

[EN]

nó de leas-chathaoirligh agus de ghnáth-chomhaltaí.

[EN]

(2) Beidh an líon leas-chathaoirleach comhionann leis an líon ranna sa Chúirt lúide ceann.

(3) Beidh an líon gnáthchomhaltaí comhionann le dhá oiread an lín ranna sa Chúirt agus beidh sé roinnte go cothrom idir comhaltaí oibrithe agus comhaltaí fostóirí.”.

[EN]

Leasú ar alt 5 d'Acht 1969.

10.—Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1969 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

[EN]

“(8) Deonóidh an tAire do Joseph Stapleton Quigley, agus íocfaidh sé leis, nuair a éireoidh sé as bheith ina chomhalta den Chúirt gan é a athcheapadh, aisce ar cóimhéid le tuarastal bliana amháin ar an dáta a éireoidh sé as.”.

[EN]

Na hAchtanna um Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta, 1950 go 1975, a aisghairm.

11.—(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna um Laethanta Saoire Oibrithe Talmhaíochta, 1950 go 1975.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar thosach feidhme rialachán faoin Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973, a dhéanann socrú chun an tAcht sin a fheidhmiú i ndáil le hoibrithe talmhaíochta.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12.—(1) Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail, 1976, a ghairm den Acht seo agus forléireofar é féin agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, a ghairm de na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 agus 1969, agus den Acht seo le chéile.