Uimhir 15 de 1980
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1980
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960.
1.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:
(a) íocaíochtaí faoi fho-ailt (a) go (d) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú,
(b) íocaíochtaí faoi Alt 1 d'Airteagal III den Chomhaontú,
(c) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 2 d'Airteagal IV den Chomhaontú,
(d) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1ú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,
(e) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £3,100,070 de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,
(f) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £5,819,705, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,
(g) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £6,230,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,
(h) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1980, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1978, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1978 |