Uimhir 16 de 1930.
ACHT CHUN ÉANACHA FIADHAINE DO CHAOMHAINT, 1930.
Míniú ar théarmaí.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
cialluíonn agus foluíonn an abairt “éanacha fiadhaine” na héanacha fiadhaine uile nách éanacha géim do réir bhrí an Achta chun Géim do Chosaint, 1930.
An t-am coiscthe i gcás éanacha fiadhaine.
2.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i rith na tréimhse idir an 1adh lá de Mhárta agus an 31adh lá d'Iúl agus an dá lá san d'áireamh (dá ngairmtear an t-am coiscthe san Acht so) in aon bhliain—
(a) éan fiadhain ar bith do lámhach ná tabhairt fé n-a lámhach go feasach agus go toiliúil, ná
(b) bád ar bith d'úsáid chun éan fiadhain ar bith do lámhach no chun a chur fé ndeár é do lámhach, ná
(c) dol, gaiste, líon, ná gléas eile ar bith d'úsáid chun éan fiadhain ar bith do thógaint ina bheathaidh no do mharbha no chun tabhairt fé n-a thógaint ina bheathaidh no é do mharbha, ná
(d) éan fiadhain ar bith a tógadh ina bheathaidh no a marbhadh le goirid roimhe sin do dhíol ná do thaisbeaint ná do thairisgint chun a dhíolta ná do bheith ar seilbh aige ná fé n-a chúram ach amháin i rith na gcúig lá déag tosaigh den am coiscthe.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas chomhairle chontae no chontae-bhuirge an t-am coiscthe maidir leis na héanacha fiadhaine uile no le haon tsaghas no saghasanna áirithe éanacha fiadhaine do chur i bhfaid no d'atharú sa chontae no sa chontae-bhuirg sin agus féadfa sé, le hordú ar bith ina dhiaidh sin ar n-a dhéanamh ar iarratas den tsórt chéanna, aon ordú den tsaghas do céad-luadhadh do leasú no do cheiliúra, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsaghas do céad-luadhadh léireofar an t-alt so agus beidh éifeacht aige, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, sa chontae no sa chontae-bhuirg agus maidir leis na héanacha fiadhaine le n-a mbaineann an t-ordú san, fé is da mb'é an t-am coiscthe, mar do cuireadh i bhfaid no mar do hatharuíodh leis an ordú san é, do bheadh luaidhte sa chéad fho-alt den alt so in ionad an ama choiscthe atá luaidhte ann.
(3) Féadfaidh an tAire le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas chomhairle chontae no chontae-bhuirge a thoirmeasc, ar réasúin speisialta bheidh luaidhte san iarratas san, go marbhófaí no go dtógfaí sa chontae no sa chontae-bhuirg sin no in aon pháirt no páirteanna áirithe dhi éan fiadhain ar bith no aon tsaghas no saghsanna áirithe éanacha fiadhaine i rith aon tréimhse no tréimhsí áirithe (seachas an t-am coiscthe agus de bhreis air) de gach bliain agus féadfa sé, le hordú ar bith ina dhiaidh sin ar n-a dhéanamh ar iarratas den tsórt chéanna, aon ordú den tsaghas do céad-luadhadh do leasú no do cheiliúra agus pé uair a déanfar aon ordú den tsaghas do céad-luadhadh léireofar an t-alt so agus beidh éifeacht aige, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, sa chontae, sa chontae-bhuirg, no sa líomatáiste eile agus maidir leis na héanacha fiadhaine le n-a mbaineann an t-ordú san, fé is dá ndeintí an tréimhse no na tréimhsí a luaidhtear san ordú san do luadh sa chéad fho-alt den alt so mar chuid den am choiscthe no mar bhreis no mar bhreiseanna ar an am coiscthe a luaidhtear ann.
(4) Gach duine dhéanfaidh aon ghníomh no ní contrárdha don alt so beidh sé (mara gceaduítear an gníomh no an ní sin de thurus na huaire le hordú fén Acht so) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, más rud é agus sa mhéid gur i dtaobh éin fhiadhain ar bith dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do deineadh an cionta, fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach éin fhiadhain den tsórt san gur ina thaobh a deineadh an cionta agus más rud é agus sa mhéid gur i dtaobh éanacha fiadhaine ná luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do deineadh an cionta dlighfear é d'imdhearga agus do scaoile chun siúil ar íoc na gcostas do, má sé an chéad chionta aige é, agus má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin dlighfear pionós ná raghaidh thar deich scillinge do chur air in aghaidh gach éin fhiadhain den tsórt san gur ina thaobh do deineadh an cionta.
(5) Féadfaidh an tAire le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas chomhairle chontae no chontae-bhuirge a dhearbhú go mbainfidh an t-alt so, laistigh den chontae no den chontae-bhuirg sin no d'aon pháirt no páirteanna áirithe dhi, maidir le haon tsaghas áirithe éanacha fiadhaine ná luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé is dá luaidhtí an saghas san éanacha fiadhaine sa Sceideal san, agus nuair a déanfar aon ordú den tsórt san léireofar an t-alt so agus beidh éifeacht aige do réir téarmaí an orduithe sin.
(6) Ní bhainfidh an t-alt so le húnaer ná le sealbhaire aon talmhan ná le héinne go n-údarás uaidh maidir le héanacha fiadhaine ar bith ná luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do thógaint ina mbeathaidh no do mharbha ar an talamh san.
(7) Duine 'na gcuirfear ina leith éan fiadhain do marbhadh le goirid roimhe sin do dhíol no do thaisbeáint no do thairisgint chun a dhíolta no do bheith ar seilbh aige no fé n-a chúram contrárdha don alt so beidh sé ina leor-chosaint do a chruthú—
(a) gur marbhadh an t-éan fiadhain sin i Saorstát Éireann agus go raibh a mharbha dleathach an uair do rinneadh é agus don duine do rinne é, no
(b) gur marbhadh an t-éan fiadhain sin lasmuich de Shaorstát Éireann, agus má deintear an chosaint seo beidh iomportáil an éin fhiadhain isteach i Saorstát Éireann tar éis bháis do ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an éan do mharbha lasmuich de Shaorstát Éireann.
Ceadanna speisialta chun éanacha fiadhaine do thógaint no do mharbha.
3.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas chomhairle chontae no chontae-bhuirge, a cheadú, ar réasúin speisialta bheidh luaidhte san iarratas san, go ndéanfaí aon tsaghas áirithe éanacha fiadhaine do thógaint ina mbeathaidh no do mharbha no iad do thógaint ina mbeathaidh agus do mharbha sa chontae no sa chontae-bhuirg sin no in aon pháirt no páirteanna áirithe dhi gach bliain no aon bhliain no blianta áirithe i rith na tréimhse go léir no i rith aon choda áirithe den tréimhse gurb é an t-am coiscthe é, de bhua an Achta so no de bhua ordú do rinneadh fén Acht so, don tsaghas san éanacha fiadhaine sa chontae no sa chontae-bhuirg sin no sa pháirt no sna páirteanna áirithe sin di, agus féadfa sé, le hordú ar bith ina dhiaidh sin ar n-a dhéanamh ar iarratas den tsórt chéanna, aon ordú den tsaghas san do céad-luadhadh do cheiliúra no do leasú.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas an Aire Tailte agus Iascaigh, a cheadú, chun iascach do chaomhaint, go ndéanfaí aon tsaghas áirithe éanacha fiadhaine do thógaint ina mbeathaidh no do mharba no iad do thógaint ina mbeathaidh agus do mharbha in aon cheanntar áirithe iascaigh no in aon pháirt no páirteanna áirithe dhe gach bliain no aon bhliain no blianta áirithe i rith na tréimhse go léir no i rith aon choda áirithe den tréimhse gurb é an t-am coiscthe é, de bhua an Achta so no de bhua ordú do rinneadh fén Acht so, don tsaghas san éanacha fiadhaine sa cheanntar iascaigh sin no sa pháirt no sna páirteanna áirithe sin de agus féadfa sé, le ordú ar bith ina dhiaidh sin ar n-a dhéanamh ar iarratas den tsórt chéanna, aon ordú den tsaghas san do céad-luadhadh do cheiliúra no do leasú.
Toirmeasc ar éanacha beo bréagtha, glaedh glas, etc., d'úsáid.
4.—Gach duine dhéanfaidh éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) éan beo ar bith agus é ceangailte d'úsáid mar fhear bréige, no
(b) éan beo ar bith d'úsáid mar bhréagán agus é ceangailte no é feistithe le cuibhreacha no aon fhearaistí eile den tsórt san i slí go ngortófaí é no é dall no ciothramach no gortuithe, no
(c) glaedh glas no substaint ar bith den tsórt san d'úsáid chun éan fiadhain ar bith do thógaint no breith air ina bheathaidh, no chun tabhairt fé san do dhéanamh, no
(d) éan fiadhain ar bith do thógaint no tabhairt fé n-a thógaint le dubhán no le gléas eile den tsórt san,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air no más rogha leis an gCúirt é príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ceithre lá déag.
Dolaí ar chuaillí, ar chrainn no ar chairn.
5.—Gach duine dhéanfaidh aon dol preabach, gaiste, no gléas eile den tsórt san is dócha do dhéanfadh díobháil d'éan fiadhain ar bith do theangmhódh leis do ghreamú no do shuidheamh no do chur ar inneall ar aon chuaille, crann, no carn cré no cloch, agus gach duine a cheadóidh no a fhuilingeoidh no a chuirfidh fé ndeár go feasach aon dol preabach, gaiste, no gléas eile den tsórt san do ghreamú no do shuidheamh no do chur ar inneall amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar dachad scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus pionós ná raghaidh thar cúig púint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.
Toirmeasc ar éanacha do chimeád i gcásaí ró-chumhanga.
6.—(1) Duine ar bith a chimeádfaidh no a choinneoidh éan in aon chás no cimeádán eile ná beidh árd agus fada agus leathan a dhóthain chun leigint don éan san a sciatháin do shíne agus léimt timpeall go saoráideach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(2) Ní bhainfidh an t-alt so le héanlaithe clóis do réir bhrí an Poultry Act, 1911, ná le héan ar bith a cimeádfar no a coinneofar i gcás no i gcimeádán eile—
(a) le linn a iompartha ar tír no ar uisce, no
(b) le linn a thaisbeánta chun críche taisbeántais no comórtais phuiblí maran sia ná dhá uair seachtód a chluig ar fad an t-am a cimeádfar no a coinneofar mar sin é chun a thaisbeánta amhlaidh.
Toirmeasc ar uibheacha do thógaint no do dhíthiú.
7.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh ar iarratas chomhairle chontae no chontae-bhuirge, a thoirmeasc ar réasúin a bheidh luaidhte san iarratas san go dtógfaí no go ndítheofaí, go generálta no aon bhliain no blianta áirithe, sa chontae no sa chontae-bhuirg sin no in aon pháirt no páirteanna áirithe dhi uibheacha éin fhiadhain ar bith no uibheacha aon tsaghas no saghsanna áirithe éanacha fiadhaine, agus féadfaidh an tAire, le hordú ar bith ina dhiaidh sin ar n-a dhéanamh ar iarratas den tsórt chéanna, aon ordú den tsaghas san do céadluadhadh do cheiliúra no do leasú.
(2) D'ainneoin go n-athghairmtear an Wild Birds Protection Act, 1894, leis an Acht so, gach ordú do rinneadh fén Acht san agus do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith fanfa sé i bhfeidhm agus féadfar a leasú no a cheiliúra ar gach slí díreach fé is dá mba fén alt so a déanfaí é.
(3) Gach duine a dhéanfaidh ubh ar bith do thógaint no do dhíthiú no a ghríosóidh éinne eile chun ubh ar bith do thógaint no do dhíthiú contrárdha d'ordú a déanfar fén alt so no a buanuítear leis an alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach uibh den tsórt san do tógadh no do díthíodh amhlaidh.
Toirmeasc ar éanacha fiadhaine d'easportáil.
8.—Gach duine dhéanfaidh éan fiadhain beo ar bith d'aon tsaghas éanacha fiadhaine dá luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'easportáil no tabhairt fé n-a easportáil no a chuirfidh fé ndeár go n-easportálfar é no go dtabharfar fé n-a easportáil amach as Saorstát Éireann chun a dhíolta beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, má sé an chéad chionta aige é, pionós ná raghaidh thar deich scillinge do chur air in aghaidh gach éin fé leith gur ina thaobh a rinneadh an cionta agus má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin pionós ná raghaidh thar dhá phúnt in aghaidh gach éin fé leith gur ina thaobh a rinneadh an cionta no, in ionad no i dteanta an phionóis dheiridh sin a luaidhtear, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ceithre lá déag.
Féadfaidh an chúirt geallbhruide d'ordú.
9.—Nuair a ciontófar duine ar bith i gcionta fén Acht so féadfaidh an chúirt a ordú, mar bhreis ar aon phionós a cuirfear ar an duine sin, go ndéanfar aon dol, líon, gaiste, no éan bréagtha no aon éan fiadhain no aon ubh éin fhiadhain gur ina thaobh a rinneadh an cionta do gheallbhruide agus do chur de láimh fé mar ordóidh an chúirt.
Orduithe d'fhoillsiú.
10.—(1) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire fén Acht so foillseofar é san Iris Oifigiúil agus beidh cóip den Iris Oifigiúil ina mbeidh ordú ar bith den tsórt san ina fhianaise ar an ordú san do dhéanamh agus ar a mbeidh ann.
(2) Gach comhairle chontae no chontae-bhuirge go mbeidh i bhfeidhm inti no in aon pháirt di de thurus na huaire ordú ar bith do rinneadh fén Acht so no a buanuítear leis an Acht so (seachas ordú do rinneadh ar iarratas an Aire Tailte agus Iascaigh) bhéarfaidh fógra puiblí gach bliain i dtaobh an orduithe sin i rith na dtrí seachtain roimh thosach na tréimhse den bhliain ina mbeidh an t-ordú san i ngníomh.
(3) Gach fógra puiblí is gá do thabhairt do réir an ailt seo bhéarfar é—
(a) más fógra é i dtaobh ordú bhaineann le hiomlán na contae no na contae-bhuirge, tríd an ordú san d'fhógairt i dhá bpáipéar nuachta léightear sa chontae no sa chontae-bhuirg sin agus a foillsítear i Saorstát Éireann;
(b) más fógra é i dtaobh ordú ná baineann ach le páirt den chontae no den chontae-bhuirg, tríd an ordú san d'fhógairt i dhá bpáipéar nuachta léightear sa pháirt sin no in aice leis an bpáirt sin den chontae no den chontae-bhuirg sin agus a foillsítear i Saorstát Éireann agus tré fhógraí i dtaobh an orduithe sin do chur suas in áiteanna so-fheicsithe sa pháirt sin no in aice leis an bpáirt sin;
(c) i ngach cás, i pé slí eile a mheasfaidh an chomhairle do bheith oiriúnach no a ordóidh an tAire d'fhonn an t-ordú do chur in úil don phuiblíocht.
(4) Féadfaidh an tAire Tailte agus Iascaigh pé fógra puiblí (más ann do) is oiriúnach leis do thabhairt no a chur fé ndeár é do thabhairt i dtaobh ordú ar bith a déanfar fén Acht so ar iarratas uaidh.
Orduithe le leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.
11.—Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Costaisí.
12.—(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar costaisí ar bith fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Tailte agus Iascaigh ag cur an Achta so in éifeacht.
(2) Is tré ráta na mbocht a cruinneofar costaisí ar bith fé n-a raghaidh comhairle chontae-bhuirge ag cur an Achta so in éifeacht agus, i gcás contae, is mar mhuirear ar an gcontae go hiomlán a déanfar san.
Athghairm.
13.—(1) Athghairmtear leis seo na hAchtanna a luaidhtear sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Gach ordú do rinneadh fé Acht ar bith a hathghairmtear leis an Acht so agus do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, más rud é agus sa mhéid go leathnuíonn no go srianann sé foráil d'aon Acht athghairmthe den tsórt san no go gcuireann sé léi agus go bhféadfadh an tAire é dhéanamh fén Acht so maidir leis an bhforáil chó-réire den Acht so fanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige agus féadfar a leasú no a cheiliúra ar gach slí díreach fé is dá ndeineadh an tAire é fén Acht so maidir leis an bhforáil chó-réire sin den Acht so.
Gearr-theideal.
14.—Féadfar an tAcht chun Eanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930, do ghairm den Acht so.
CEAD SCEIDEAL.
Bunnán Léana. | Murlach | Gobadán (gach cineál) |
Londubh. | Faireog | Cánóg |
Caipín Dubh. | Fuiseog (gach cineál) | Sríoc |
Caltóg Gealbhan Guib | Gleoiseach (gach cineál) | Gealbhan Fearnóige Corr Leathadach |
Reamhair | Gabhlán Binne | Traona Breac |
Bustard (gach cineál) | Meirliún | Colmán Gorm |
Gearra-Ghuirt California. | Túirne Lín Seabhac Ceannan | Caipín Aitinn Crotach Cloch |
Cathóg Dheargchosach Crosghob | Ulchabhán (gach cineál) | Clocharán Ainle |
Cuach | Roilleach | Eala |
Crotach | Seabhac Seilge | Gabhlán Gaoithe |
Gabha Dubh Amadán Móinteach | Peadairín na Stoirme (gach cineál) | Geabhróg (gach cineál) |
Breacóg | Falaróp | Smólach (gach cineál) |
Gealbhan (gach cineál ach amháin an Gealbhan Cuilinn) Fulmair | Cuilsealgaire Breac Cuiltreachán Crosán Ladhrán Trágha | Meanntán (gach cineál ach amháin an Meanntán Mór agus an Meanntán Gorm) |
Ugasdún | Ceanndeargán | Gealbhan Crainn |
Oríol Ordha | Faocha Rua | Féarán Breac |
Gealbhan Fóthanáin | Gealbhan Giolcaighe | Glasóg (gach cineál) |
Lúnadán (gach cineál) | Ceolaire Giolcaighe | Traona Uisce |
Ladhrán Glas | Feadóg Chladaigh | Riabhóg Choille |
Ean Aille (gach cineál) | Colm Aille | Snagdarach |
Gearrán Ard | Roller | Cammhuin |
Upupa | Cearc Ghainimhe | Gealbhan Buidhe |
DARA SCEIDEAL.
Cathóg Dheargchosach | Gleoiseach | Fuiseog |
Crosghob | Seabhac Seilge | Gleoiseach Sléibhe |
Gealbhan Fóthanáin | Gleoisín Cúildearg | Riabhóg Choille |
Murlach | Gealbhan Fearnóige |
TREAS SCEIDEAL.
Wild Birds Protection Act, 1880 (43 & 44 Vic., c. 35).
Wild Birds Protection Act, 1881 (44 & 45 Vic., c. 51).
Wild Birds Protection Act, 1894 (57 & 58 Vic., c. 24).
Wild Birds Protection Act, 1902 (2 Edw. VII., c. 6).
Wild Birds Protection Act, 1904 (4 Edw. VII., c. 4).
Wild Birds Protection Act, 1908 (8 Edw. VII., c. 11).