Uimhir 16 de 1940.
ACHT COMHACHTA PRÁINNE (LEASÚ) (Uimh. 2), 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
[3adh Iúl, 1940.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939).
Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.
2.—Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “ná socrú do dhéanamh chun daoine seachas daoine fé dhlí mhíleata do thriail ag arm-chúirteanna” atá anois sa bhfo-alt san do scriosadh amach as.
Daoine do thriail go hachmair agus do phionósú alos ciontaí áirithe.
3.—Féadfaidh an Riaghaltas socrú do dhéanamh, le hOrdú fé alt 2 den Phríomh-Acht, chun duine ar bith adeirtear do rinne aon chionta luadhfar san ordú san do chur á thriail, ar shlí achmair, ag oifigigh choimisiúnta de sna Fórsaí Cosanta agus, i gcás an duine sin do chiontú sa chionta san, chun é dhaoradh chun báis agus chun an phionóis sin do chur i ngníomh, agus ní luighfidh aon athchomharc alos an chiontuithe ná an daortha san.
Ré an Achta so.
4.—Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm an fhaid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus an fhaid sin amháin.
Gearr-theideal agus có-luadh.
5.—(1) Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Leasú) (Uimh. 2), 1940, do ghairm den Acht so.
(2) Airmheofar an tAcht so ar na hAchtanna gur féidir na hAchtanna Comhachta Práinne, 1939 agus 1940, do ghairm díobh le chéile.