[EN]

Uimhir 16 de 1974


[EN]

AN tACHT UM ORDUITHE COTHABHÁLA, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hORDUITHE COTHABHÁLA A AITHINT AGUS A FHEIDHMIÚ GO CÓMHALARTACH IDIR AN STÁT AGUS TUAISCEART ÉIREANN, SASANA AGUS AN BHREATAIN BHEAG AGUS ALBAIN. [9 Iúil, 1974] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Orduithe Cothabhála, 1974, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.

[EN]

Léiriú.

3.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “údarás iomchuí” an duine, i ndlínse chómhalartúcháin, ag a bhfuil feidhm ar comhréir le feidhm Mháistir na hArd-Chúirte faoi alt 19 (3);

[EN]

tá le “ordú feidhmiúcháin” an bhrí a shanntar dó in alt 6;

[EN]

ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, maidir le hordú cothabhála, an duine atá i dteideal na n-íocaíochtaí dá bhforálann an t-ordú;

[EN]

ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, maidir le hordú cothabhála, an duine a dhlíonn íocaíochtaí a dhéanamh faoin ordú;

[EN]

ciallaíonn “ordú cothabhála”—

[EN]

(a) ordú (lena n-áirítear ordú atharthachta nó ordú dá dhroim sin) a fhorálann suimeanna airgid a íoc go tréimhsiúil i leith cothabháil aon duine, is é sin, duine a bhfuil an duine a bhfuil sé dlite de suimeanna a íoc faoin ordú faoi dhliteanas, de réir dlí na dlínse ina ndearnadh an t-ordú, é a chothabháil, nó

[EN]

(b) ordú atharthachta nó ordú dá dhroim sin, is é sin, ordú a fhorálann duine a mbeidh breithnithe, cinnte nó dearbhaithe gurb é athair linbh áirithe é d'íoc caiteachais i ndáil le breith an linbh nó, i gcás an leanbh d'fháil bháis, d'íoc na gcaiteachas adhlactha,

[EN]

agus, i gcás ordú cothabhála a athraíodh, ciallaíonn sé an t-ordú sin arna athrú;

[EN]

ciallaíonn “imeachtaí cothabhála” imeachtaí i ndáil le hordú cothabhála a dhéanamh, a athrú nó a chúlghairm;

[EN]

ciallaíonn “fógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí”, maidir le himeachtaí cothabhála—

[EN]

(a) más sa Stát a tionscnaíodh na himeachtaí, cóip den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile a seirbheáladh sa Stát nó fógra gur eisíodh an toghairm nó an doiciméad tionscnaimh eile,

[EN]

(b) más i dTuaisceart Éireann nó i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a tionscnaíodh na himeachtaí, cóip den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile a seirbheáladh i ndlínse chómhalartúcháin, fógra go ndearnadh ordú cothabhála sealadach nó fógra gur iarradh ordú cothabhála ar chúirt,

[EN]

(c) más in Albain a tionscnaíodh na himeachtaí, cóip den eascaire, den toghairm nó den doiciméad tionscnaimh eile, mar aon le cóip den bharántas i gcóir seirbheála agus cóip den lua;

[EN]

ciallaíonn “dlínse chómhalartúcháin” Tuaisceart Éireann, Sasana agus an Bhreatain Bheag, nó Albain;

[EN]

folaíonn “cúlghairm”, maidir le hordú cothabhála, an t-ordú sin a urscaoileadh nó suim sheachtainiúil is iníoctha faoi a fhoirceannadh agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

[EN]

(2) D'fhonn amhras a sheachaint, folaíonn ordú cothabhála—

[EN]

(a) ordú den sórt sin a ghabhann le cinneadh i dtaobh stádas daoine nádúrtha,

[EN]

(b) ordú den sórt sin a fuair údarás áitiúil nó a fuarthas ina fhabhar i ndáil le cothabháil nó sochair eile a sholáthar maidir le duine a ndlíonn an féichiúnaí cothabhála, de réir dlí na dlínse ina ndearnadh an t-ordú, é a chothabháil, agus

[EN]

(c) foráil i gcomhaontú scríofa idir céilí faoina n-íocfaidh céile amháin díobh suim thréimhsiúil i leith cothabháil an chéile eile nó aon linbh dá gcuid nó i leith aon linbh a bhfuil ceachtar díobh in loco parentis dó, is é sin, comhaontú a cuireadh in ordú cúirte nó a ceadaíodh le hordú cúirte nó a ndearnadh riail chúirte de.

[EN]

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó do roinn eile, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don roinn den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

Réim an Achta.

4.—Beidh éifeacht ag an Acht seo maidir le horduithe cothabhála cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh iad ach ní bheidh éifeacht acu maidir le riaráiste a d'fhaibhrigh roimh thosach feidhme an Achta seo.

[EN]

Caiteachais.

5.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Orduithe Cothabhála a Aithint agus a Fheidhmiú go Cómhalartach

Orduithe cothabhála a dhéantar i ndlínse chómhalartúcháin

[EN]

Aithint agus feidhmiú.

[C 31, 32.1, 33.3, 34.1 (cuid) agus 35]

1971, Uimh. 36.

6.—(1) Faoi réim agus de réir an Achta seo, aon ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin agus is infheidhmithe ansin tabharfar aitheantas dó sa Stát agus beidh sé infheidhmithe sa Stát nuair a dhéanfar ordú faoi fho-alt (4) tar éis do Mháistir na hArd-Chúirte iarratas a fháil ó údarás iomchuí á iarraidh go bhfeidhmeofaí an t-ordú.

[EN]

(2) Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear in alt 13 (1) ag gabháil leis an iarratas.

[EN]

(3) Ní bheidh an féichiúnaí cothabhála i dteideal, ag an gcéim seo, aon aighneacht a dhéanamh maidir leis an iarratas.

[EN]

(4) Breithneoidh an Máistir an t-iarratas go príobháideach agus déanfaidh sé ordú (dá ngairtear ordú feidhmiúcháin san Acht seo) chun an t-ordú cothabhála lena mbaineann an t-iarratas a fheidhmiú, mura measfaidh sé ó na doiciméid os a chomhair nó óna eolas féin go bhfuil a aithint agus a fheidhmiú toirmiscthe le halt 9.

[EN]

(5) Cuirfidh an Máistir faoi deara a chinneadh ar an iarratas a chur i bhfios don chreidiúnaí cothabhála agus, má bhíonn ordú feidhmiúcháin déanta, cuirfidh sé faoi deara fógra faoi sin a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí cothabhála.

[EN]

(6) (a) San fhógra a bheidh le seirbheáil ar fhéichiúnaí cothabhála faoi fho-alt (5) beidh ráiteas ag insint a chirt achomhairc faoi alt 7 (1), an tsriain a chuireann alt 7 (3) le bearta a fhorghníomhú in aghaidh a mhaoine agus forálacha alt 9.

[EN]

(b) Féadfar an fógra a sheirbheáil go pearsanta nó in aon slí inar féidir doiciméad uaschúirte a sheirbheáil de réir brí alt 23 d'Acht na gCúirteanna, 1971.

[EN]

Achomharc in aghaidh ordaithe feidhmiúcháin.

C 36.1, 37.1, 38.1, 39.1 agus 37.2]

7.—(1) I gcás ina ndéanfar ordú feidhmiúcháin, féadfaidh an féichiúnaí cothabhála achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an ordaithe laistigh de mhí tar éis fógra ina thaobh a sheirbheáil air.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón achomharcóir, na himeachtaí a bhac má bhíonn feidhmiú an ordaithe cothabhála curtha ar fionraí sa dlínse chómhalartúcháin ina ndearnadh é go dtí go mbeidh cinneadh déanta maidir le haon chineál achomhairc nó má bhíonn an t-am chun achomharc a dhéanamh gan a bheith caite agus go mbeidh an feidhmiú curtha ar fionraí go dtí go ndéanfar achomharc; sa chás deiridh sin, féadfaidh an Chúirt an tréimhse ama a leagan síos ina mbeidh bac ar na himeachtaí aici.

[EN]

(3) Le linn an ama a lamháiltear d'achomharc faoi fho-alt (1) agus go dtí go gcinnfear an t-achomharc, ní fhéadfar aon bhearta forghníomhaithe a dhéanamh in aghaidh mhaoin an fhéichiúnaí cothabhála seachas bearta a bheidh ordaithe ag cúirt agus a bheidh ceaptha chun leasanna an chreidiúnaí cothabhála a chosaint.

[EN]

(4) Is ar phointe dlí amháin a fhéadfar an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid.

[EN]

Achomharc in aghaidh diúltú d'ordú feidhmiúcháin.

[C 40.1, 40.2 (cuid) agus 41]

8.—(1) Má dhiúltaítear d'iarratas lena mbaineann alt 6 (1), féadfaidh an creidiúnaí cothabhála achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an diúltaithe.

[EN]

(2) Seirbheálfar fógra faoin achomharc ar an bhféichiúnaí cothabhála.

[EN]

(3) Is ar phointe dlí amháin a fhéadfar an breithiúnas a tugadh ar an achomharc a chonspóid.

[EN]

Toirmeasc ar aithint agus ar fheidhmiú.

[C 27 (cuid) agus 34.2 (cuid)]

9.—Ní thabharfar aitheantas d'ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin ná ní bheidh sé infheidhmithe más rud é, agus ach amháin más rud é—

[EN]

(a) go mbeadh aithint nó feidhmiú in aghaidh beartais phoiblí,

[EN]

(b) nach ndearnadh, i gcás gur de mhainneachtain láithriú a rinneadh é, fógra faoi na himeachtaí a thionscnamh a sheirbheáil ar an duine a rinne an mhainneachtain sách luath le go bhféadfadh sé socrú a dhéanamh i dtaobh é féin a chosaint, nó

[EN]

(c) go bhfuil sé ar neamhréir le breithiúnas a tugadh i ndíospóid idir na páirtithe céanna sa Stát.

[EN]

Dlínse; ní scrúdófar brí.

[C 28.3 (cuid), 29 agus 34.3]

10.—In aon imeachtaí faoin Acht seo chun aitheantas a thabhairt d'ordú cothabhála agus é a fheidhmiú—

[EN]

(a) ní bheidh dlínse na cúirte a rinne an t-ordú inscrúdaithe, agus

[EN]

(b) ní bheidh an t-ordú inscrúdaithe maidir lena bhrí.

[EN]

Páirtfheidhmiú.

[C 42]

11.—(1) Má bhíonn forálacha nach féidir feidhmiú a ordú ina leith in ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin, féadfar ordú feidhmiúcháin a dhéanamh maidir le haon fhoráil eile a bheidh san ordú cothabhála.

[EN]

(2) Má iarrtar in iarratas lena mbaineann alt 6 (1) ordú cothabhála a fheidhmiú go páirteach, féadfaidh foráil dá réir a bheith san ordú feidhmiúcháin.

[EN]

Srian le hurrús i leith costas.

[C 45]

12.—Ní fhéadfar aon urrús ná éarlais de chineál ar bith a éileamh ar dhuine a iarrfaidh go bhfeidhmeofaí ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin ar an aon-fhoras nach sa Stát a chónaíonn sé.

[EN]

Doiciméid nach foláir a bheith ag gabháil le hiarratas ar ordú feidhmiúcháin.

[C 46, 47 agus 48]

13.—(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad na doiciméid a chuirfear ag gabháil le hiarratas lena mbaineann alt 6 (1)—

[EN]

(a) cóip dheimhnithe den ordú cothabhála iomchuí,

[EN]

(b) i gcás ordú cothabhála a rinneadh de mhainneachtain láithriú, an doiciméad bunaidh, nó cóip dheimhnithe den doiciméad bunaidh, a chruthaíonn gur seirbheáladh fógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí ar an duine a rinne an mhainneachtain,

[EN]

(c) doiciméid a chruthaíonn go bhfuil an t-ordú infheidhmithe de réir dlí na dlínse ina ndearnadh é agus gur seirbheáladh fógra faoin ordú ar an bhféichiúnaí cothabhála lasmuigh den Stát nó gur cuireadh chuige é leis an bpost cláraithe go dtí seoladh sa Stát, agus

[EN]

(d) más iomchuí, doiciméad á shuíomh go bhfuil cúnamh dlí á fháil sa dlínse sin ag an gcreidiúnaí cothabhála.

[EN]

(2) Mura dtabharfar na doiciméid a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (1) (d) ar aird, féadfaidh Máistir na hArd-Chúirte am a thabhairt lena dtabhairt ar aird, nó glacadh le doiciméid choibhéiseacha nó, más dóigh leis dóthain faisnéise a bheith ar fáil, a dtabhairt ar aird a ligean thar ceal.

[EN]

(3) Tabharfar tiontú ar na doiciméid ar aird má iarrann an Máistir é; deimhneoidh duine a bheidh inniúil ar sin a dhéanamh an tiontú a bheith ceart.

[EN]

(4) I gcás ina bhfaighidh an Máistir doiciméad ina mbeidh iarratas go bhfeidhmeofaí sa Stát ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin agus a airbheartaíonn a bheith arna tharchur ag údarás iomchuí nó ar thionscnamh uaidh, féadfaidh sé, gan a thuilleadh cruthúnais, glacadh leis an doiciméad mar iarratas lena mbaineann alt 6 (1) agus mar dhoiciméad a fuarthas ó údarás iomchuí.

[EN]

(5) Doiciméad a airbheartaíonn—

[EN]

(a) gur cóip é d'ordú cothabhála a rinne cúirt i ndlínse chómhalartúcháin, nó den doiciméad a shonraítear i bhfo-alt (1) (b), agus a mbeidh deimhnithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach den chúirt sin gur cóip dhílis den chéanna í,

[EN]

(b) gur aon doiciméad eile é dá sonraítear i bhfo-alt (1), nó gur aon doiciméad coibhéiseach é lena mbaineann fo-alt (2) agus go bhfuil sé sínithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach den chúirt sin, nó

[EN]

(c) gur tiontú é a iarradh faoi fho-alt (3) agus ar dheimhnigh duine a bhí inniúil ar sin dhéanamh gur tiontú ceart é,

[EN]

féadfaidh an Máistir, gan a thuilleadh cruthúnais, glacadh leis gurb é an chóip, an doiciméad nó an tiontú sin é, de réir mar a bheidh.

[EN]

Feidhmiú ag an gCúirt Dúiche.

1886, c. 52.

1930, Uimh. 17.

1940, Uimh. 23

14.—(1) San alt seo ciallaíonn “ordú cothabhála infheidhmithe”—

[EN]

(a) ordú cothabhála a bhfuil ordú feidhmiúcháin déanta ina leith, nó

[EN]

(b) i gcás ordú cothabhála lena mbaineann alt 11, an t-ordú cothabhála a mhéid a bhfuil ordaithe é a fheidhmiú de réir an ailt sin.

[EN]

(2) (a) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú cothabhála infeidhmithe a fheidhmiú agus chun na críche sin measfar, ón dáta a rinneadh an t-ordú cothabhála, gur ordú é a rinne an Chúirt Dúiche faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, nó faoi alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, cibé acu é.

[EN]

(b) Beidh éifeacht ag mír (a) d'ainneoin gur mó aon mhéid is iníoctha faoin ordú cothabhála infheidhmithe iomchuí ná an t-uasmhéid a bhfuil dlínse ag an gCúirt Dúiche é a dhámhadh faoi na hAchtanna sin.

[EN]

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2), arna leathnú leis an bhfo-alt sin, ní fhéadfaidh cúirt sa Stát ordú cothabhála infheidhmithe a athrú ná a chúlghairm.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfaidh cúirt i ndlínse chómhalartúcháin ordú cothabhála infheidhmithe a athrú agus go gcuirfear cóip dheimhnithe den athrú go dtí an Chúirt Dúiche, beidh an t-ordú cothabhála infheidhmithe, arna athrú amhlaidh, infheidhmithe sa Stát ón dáta a ghlacfaidh an t-ordú athraithe éifeacht.

[EN]

(5) I gcás ina ndéanfaidh cúirt i ndlínse chómhalartúcháin ordú cothabhála infheidhmithe a chúlghairm agus go gcuirfear cóip dheimhnithe den ordú cúlghairme go dtí an Chúirt Dúiche, scoirfidh an t-ordú cothabhála infheidhmithe, amhail ón dáta a ghlacfaidh an t-ordú cúlghairme éifeacht, de bheith infheidhmithe sa Stát ach amháin maidir le haon riaráiste a bheidh faibhrithe ar an dáta sin.

[EN]

(6) Measfar, chun críocha fho-alt (2) agus faoi réir alt 4, gur suim is iníoctha de bhua ordú a rinneadh faoi na hachtacháin dá dtagraítear san fho-alt sin (2), arna leathnú leis an bhfo-alt sin, aon riaráiste faoi ordú cothabhála infheidhmithe agus aon chostais i leith an ordaithe sin a dhámhaigh cúirt i ndlínse chómhalartúcháin in aghaidh an fhéichiúnaí cothabhála.

[EN]

(7) Is é an breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche cúirte dúiche ina gcónaíonn an féichiúnaí cothabhála faoin ordú cothabhála iomchuí a fheidhmeoidh an dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche leis an alt seo.

[EN]

(8) (a) Déanfaidh an féichiúnaí cothabhála aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infheidhmithe a íoc, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san ordú, leis an gcléireach cúirte dúiche don cheantar cúirte dúiche ina gcónaíonn an féichiúnaí de thuras na huaire lena tarchur go dtí an creidiúnaí cothabhála nó, i gcás údarás poiblí a bheith údaraithe ag an gcreidiúnaí an tsuim sin a ghlacadh, go dtí an t-údarás poiblí sin.

[EN]

(b) Mura ndéanfar aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infheidhmithe a íoc go cuí agus má iarrann an creidiúnaí cothabhála i scríbhinn é, déanfaidh an cléireach cúirte dúiche iarratas faoi alt 8 (a bhaineann le feidhmiú orduithe cothabhála áirithe) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, agus chun na críche sin déanfar na tagairtí san alt sin (seachas fo-ailt (4) agus (5)) don iarratasóir a fhorléiriú mar thagairtí don chléireach cúirte dúiche.

[EN]

(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear do cheart creidiúnaí cothabhála dul ar aghaidh chun aon suim is iníoctha le cléireach cúirte dúiche faoi mhír (a) a ghnóthú.

[EN]

(9) Tabharfaidh féichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infheidhmithe fógra faoi aon athrú ar a sheoladh do chléireach cúirte dúiche an cheantair chúirte dúiche ina raibh cónaí air agus, má mhainníonn sé gan cúis réasúnach é sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

(10) Má bhíonn dhá chléireach cúirte dúiche nó níos mó ann don cheantar cúirte dúiche iomchuí, forléireofar tagairt san alt seo do chléireach cúirte dúiche mar thagairt d'aon duine de na cléirigh sin.

[EN]

(11) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ceantar cúirte dúiche Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

[EN]

Doiciméid áirithe a sheirbheáil.

1964, Uimh. 11.

15.—Féadfar doiciméad maidir le himeachtaí cothabhála i ndlínse chómhalartúcháin a gheobhaidh Máistir na hArd-Chúirte ó údarás iomhcuí lena sheirbheáil ar an duine ar tionscnaíodh na himeachtaí ina aghaidh a sheirbheáil in aon slí inar féidir doiciméad Cúirte Dúiche a sheirbheáil de réir brí alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964.

[EN]

Cosaint.

16.—Ní mheasfar go gcoiscfidh aon ní san Acht seo (seachas alt 9) aitheantas a thabhairt d'ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin agus a gheobhadh, ar leith ón Acht seo, aitheantas sa Stát.

Orduithe cothabhála a rinneadh sa Stát

[EN]

Dlínse nuair is i ndlínse chómhalartúcháin a chónaíonn an cosantóir agus doiciméid a tharchur.

17.—(1) I gcás ina dtionscnófar imeachtaí faoin Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, nó faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, in aghaidh duine a chónaíonn i ndlínse chómhalartúcháin chun go ndéanfar, go n-athrófar nó go gcúlghairfear ordú cothabhála, beidh an dlínse chéanna ag an gcúirt na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh a bheadh aici dá mba sa Stát a chónaigh an duine sin agus gur seirbheáladh toghairm air láithriú os comhair na cúirte.

[EN]

(2) Is é an breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche cúirte dúiche ina gcónaíonn an duine a thionscain na himeachtaí a fheidhmeoidh an dlínse a thugtar le fo-alt (1), a mhéid a bheidh an dlínse sin dílsithe don Chúirt Dúiche.

[EN]

(3) (a) Ar imeachtaí lena mbaineann fo-alt (1) a thionscnamh, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte na doiciméid a shonraítear i mír (b) chuig Máistir na hArd-Chúirte agus tarchuirfidh seisean iad chuig an údarás iomchuí sa dlínse chómhalartúcháin iomchuí más dóigh leis go bhfuil dóthain faisnéise sa ráiteas dá dtagraítear i mír (b) (ii) chun gur chóir é sin a dhéanamh.

[EN]

(b) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i mír (a)—

[EN]

(i) fógra faoi na himeachtaí a thionscnamh ina mbeidh ráiteas ag insint brí an ghearáin nó an iarratais, cibé acu é,

[EN]

(ii) ráiteas faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh ag tabhairt a bhfuil d'eolas aige i dtaobh cá bhfuil an duine ar tionscnaíodh na himeachtaí ina aghaidh,

[EN]

(iii) ráiteas faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh ag tabhairt a bhfuil d'eolas aige lena urasú an duine sin a aithint,

[EN]

(iv) grianghraf den duine sin, má tá sin ar fáil, agus

[EN]

(v) aon doiciméad iomchuí eile.

[EN]

Srian le horduithe cothabhála a dhéanamh, etc.

18.—In aon imeachtaí faoi na hachtacháin dá dtagraítear in alt 17 (1) in aghaidh duine a chónaíonn i ndlínse chómhalartúcháin, ní dhéanfar, ní athrófar ná ní chúlghairfear ordú cothabhála mura rud é—

[EN]

(a) go ndearnadh fógra faoi na himeachtaí a thionscnamh a sheirbheáil air de réir dlí na dlínse sin sách luath le go bhféadfadh sé socrú a dhéanamh i dtaobh é féin a chosaint, agus

[EN]

(b) go raibh ráiteas san fhógra ag insint brí an ghearáin nó an iarratais, cibé acu é.

[EN]

Ordú cothabhála a tharchur go dtí dlínse chómhalartúcháin lena fheidhmiú.

19.—(1) I gcás gur i ndlínse chómhalartúcháin a chónaíonn an féichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála a rinneadh sa Stát, féadfaidh an creidiúnaí cothabhála a iarraidh go ndéanfaí an t-ordú a tharchur go dtí an dlínse sin lena fheidhmiú.

[EN]

(2) Is chuig cláraitheoir nó cléireach na cúirte a rinne an t-ordú a dhéanfar an t-iarratas.

[EN]

(3) (a) Más dealraitheach don chláraitheoir nó don chléireach gur i ndlínse chómhalartúcháin a chónaíonn an féichiúnaí cothabhála,

[EN]

(i) cuirfidh sé fógra faoin ordú chuig an bhféichiúnaí sin leis an bpost cláraithe, agus

[EN]

(ii) cuirfidh sé na doiciméid a shonraítear i mír (b) chuig Máistir na hArd-Chúirte agus tarchuirfidh seisean iad chuig an údarás iomchuí sa dlínse sin más dóigh leis go bhfuil dóthain faisnéise sa ráiteas dá dtagraítear i mír (b) (v) chun gur chóir é sin a dhéanamh.

[EN]

(b) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i mír (a) (ii)—

[EN]

(i) cóip dheimhnithe den ordú cothabhála,

[EN]

(ii) i gcás ordú cothabhála a rinneadh de mhainneachtain láithriú, an doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe den doiciméad bunaidh a chruthaíonn gur seirbheáladh fógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí ar an duine a rinne an mhainneachtain,

[EN]

(iii) deimhniú faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh á dheimhniú go bhfuil an t-ordú cothabhála infheidhmithe sa Stát agus gur cuireadh fógra faoi go dtí an féichiúnaí cothabhála leis an bpost cláraithe,

[EN]

(iv) deimhniú faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh ag deimhniú aon riaráiste faoin ordú,

[EN]

(v) ráiteas faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh ag tabhairt a bhfuil d'eolas aige i dtaobh cá bhfuil an féichiúnaí cothabhála,

[EN]

(vi) ráiteas faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh ag tabhairt a bhfuil d'eolas aige lena urasú an féichiúnaí cothabhála a aithint,

[EN]

(vii) grianghraf den fhéichiúnaí cothabhála, má tá sin ar fáil, agus

[EN]

(viii) aon doiciméad iomchuí eile.

Fianaise

[EN]

Fianaise a fháil ó dhlínse chómhalartúcháin.

20.—Féadfaidh cúirt, chun críche aon imeachtaí faoin Acht seo nó imeachtaí lena mbaineann alt 17 (1), iarratas a chur chuig Máistir na hArd-Chúirte lena tharchur go dtí an t-údarás iomchuí i ndlínse chómhalartúcháin go nglacfaí fianaise sa dlínse sin ó dhuine a chónaíonn ansin maidir le cibé ábhair a bheidh sonraithe san iarratas.

[EN]

Fianaise a ghlacadh do chúirt i ndlínse chómhalartúcháin.

21.—(1) Má fhaigheann Máistir na hArd-Chúirte, chun críche aon imeachtaí cothabhála i gcúirt i ndlínse chómhalartúcháin nó aon imeachtaí i gcúirt den sórt sin chun ordú cothabhála a fheidhmiú, iarratas ó údarás iomchuí go nglacfaí fianaise sa Stát ó dhuine a chónaíonn ansin maidir le hábhair a bheidh sonraithe san iarratas, iarrfaidh an Máistir ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche an fhianaise sin a ghlacadh.

[EN]

(2) Déanfaidh an breitheamh, tar éis dó fógra faoin am agus faoin áit a nglacfar an fhianaise a thabhairt do cibé daoine agus i cibé slí is oiriúnach leis, an fhianaise a ghlacadh agus cuirfidh sé faoi deara taifead di a chur go dtí an Máistir lena tharchur go dtí an t-údarás iomhcuí óna bhfuarthas an t-iarratas.

[EN]

(3) Beidh na cumhachtaí céanna ag an mbreitheamh maidir le iallach a chur ar dhaoine freastal agus doiciméid a thabhairt ar aird agus maidir le fianaise a ghlacadh is atá ag an gCúirt Dúiche le linn caingean a bheith á héisteacht.

[EN]

(4) Duine a n-iarrfar go nglacfaí a fhianaise faoi fho-alt (1), beidh aige, i ndáil le glacadh na fianaise, na cearta céanna a bheadh aige le linn caingean a bheith á héisteacht sa Chúirt Dúiche.

[EN]

(5) I gcás aon duine nach páirtí in imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) freastal de bhun iarratais faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an breitheamh lena mbainfidh a ordú go n-íocfar leis an duine sin as cistí poiblí cibé suim i modh caiteachas ar féidir leis an gCúirt Dúiche a ordú í a íoc i leith finné le linn caingean a bheith á héisteacht.

[EN]

Fianaise in imeachtaí.

22.—(1) In aon imeachtaí faoin Acht seo nó in aon imeachtaí lena mbaineann alt 17 (1), mura léir leis an gcúirt cúis mhaith dá mhalairt—

[EN]

(a) aon doiciméad ina mbeidh iarratas go bhfeidhmeofaí sa Stát ordú cothabhála a rinneadh i ndlínse chómhalartúcháin agus a airbheartóidh a bheith arna tharchur chuig Máistir na hArd-Chúirte ag údarás iomchuí nó ar thionscnamh údaráis iomchuí féadfar glacadh leis, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise gur iarratas é lena mbaineann alt 6 (1) agus gur ó údarás iomchuí a fuair an Máistir é;

[EN]

(b) aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é d'ordú cothabhála, nó d'ordú ag athrú nó ag cúlghairm ordú cothabhála, a rinne cúirt i ndlínse chómhalartúcháin agus a bheith deimhnithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach den chúirt sin gur cóip dhílis den ordú é, féadfar glacadh leis, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an ordú;

[EN]

(c) aon ráiteas i ndoiciméad a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach cúirte i ndlínse chómhalartúcháin—

[EN]

(i) gur doiciméad é ina bhfuil fianaise nó coimriú ar fhianaise a tugadh in imeachtaí sa chúirt sin nó fianaise nó coimriú ar fhianaise a glacadh sa dlínse sin le haghaidh imeachtaí cothabhála sa Stát, cibé acu de thoradh iarratais faoi alt 20 nó eile é, nó gur cóip dhílis den doiciméad sin é,

[EN]

(ii) gur doiciméad é a fuarthas i bhfianaise in imeachtaí sa chúirt sin, nó gur cóip dhílis é de dhoiciméad a fuarthas amhlaidh, nó

[EN]

(iii) gur cóip dhílis é den doiciméad a shonraítear in alt 13 (1) (b),

[EN]

féadfar, gan a thuilleadh cruthúnais, glacadh leis mar fhianaise ar aon fhíoras a bheidh luaite ann an méid céanna a bheadh fianaise bhéil ar an bhfíoras sin ó dhéantóir an ráitis inghlactha sna himeachtaí sin;

[EN]

(d) aon ráiteas i ndoiciméad a airbheartóidh a bheith sínithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach de chúirt i ndlínse chómhalartúcháin agus—

[EN]

(i) gur doiciméad é a shonraítear in alt 13 (1) (seachas mír (a)),

[EN]

(ii) gur doiciméad coibhéiseach é lena mbaineann alt 13 (2),

[EN]

(iii) gur doiciméad é a shuíonn go ndearnadh fógra i dtaobh imeachtaí a thionscnamh i ndlínse chómhalartúcháin chun ordú cothabhála a rinneadh sa dlínse sin a athrú nó a chúlghairm a sheirbheáil ar an duine ar ina aghaidh a tionscnaíodh na himeachtaí, nó

[EN]

(iv) gur deimhniú é ar aon riaráiste faoi ordú cothabhála,

[EN]

féadfar, gan a thuilleadh cruthúnais, glacadh leis mar fhianaise ar aon fhíoras a bheidh luaite nó deimhnithe ann an méid céanna is a bheadh fianaise bhéil ar an bhfíoras sin ó dhéantóir an ráitis inghlactha sna himeachtaí sin;

[EN]

(e) aon ráiteas i ndoiciméad a airbheartóidh—

[EN]

(i) gur measúnacht chánach é nó ráiteas eile nó deimhniú a bhaineann le cáin,

[EN]

(ii) gur ráiteas nó deimhniú ar thuilleamh é,

[EN]

(iii) gur deimhniú dochtúra é,

[EN]

(iv) gur ráiteas nó deimhniú é go raibh duine fostaithe nó dífhostaithe ar feadh tréimhse sonraithe,

[EN]

(v) gur ráiteas nó deimhniú é gur seirbheáladh an fógra dá dtagraítear in alt 18 (a) de réir dlí na dlínse cómhalartúcháin iomchuí,

[EN]

(vi) gur litir í a scríobh páirtí in imeachtaí cothabhála a chónaíonn i ndlínse chómhalartúcháin, nó

[EN]

(vii) gur mionnscríbhinn nó doiciméad eile é a rinne nó a shínigh páirtí den sórt sin,

[EN]

féadfar, gan a thuilleadh cruthúnais, glacadh leis mar fhianaise ar aon fhíoras a bheidh luaite nó deimhnithe ann an méid céanna is a bheadh fianaise bhéil ar an bhfíoras sin ó dhéantóir an ráitis inghlactha sna himeachtaí sin.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha fho-alt (1) le tiontú ar aon doiciméad dá dtagraítear ann má airbheartaíonn sé a bheith deimhnithe ag duine a bhí inniúil ar sin a dhéanamh an tiontú sin a bheith ceart.

[EN]

(3) Féadfar ráiteas is inghlactha mar fhianaise de bhua fho-alt (1) (d), (1) (e) nó (2) a chruthú trí chóip (arna fíordheimhniú i cibé slí a cheadóidh an chúirt) den doiciméad ina bhfuil an ráiteas nó den chuid ábhartha de a thabhairt ar aird, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an doiciméad ar marthain.

[EN]

(4) Nuair a bheifear ag meas na creidiúnachta (más aon chreidiúnacht í) is cóir a thabhairt do ráiteas a ghlacfar mar fhianaise de bhua fho-alt (1) (c), (1) (d) nó (1) (e), tabharfar aird ar aon fhianaise eile a bheidh ar fáil ag an gcúirt agus ar aon imthosca as a bhféadfar, le réasún, aon tátal a bhaint faoi chruinneas nó neamhchruinneas an ráitis, lena n-áirítear aon chúis a bheith ag déantóir an ráitis lena thabhairt air fíorais a cheilt nó a mhífhaisnéisiú agus cibé acu faoi mhionn nó nárbh ea a rinneadh an ráiteas.