Uimhir 16 de 1987
AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH (LEASÚ), 1987
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Dublin Port and Docks Act, 1869 | 1869, c. c |
Finance Act, 1895 | 1895, c. 16 |
Uimhir 16 de 1987
AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH (LEASÚ), 1987
[An tiontú oifigiúil]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Athnuachan Uirbeach, 1986.
Limistéar Duganna Theach an Chustaim: leathnú.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, Limistéar Duganna Theach an Chustaim a leathnú chun go n-áireofar ann talamh a thuairisceofar san ordú agus atá tadhlach le teorainneacha an limistéir agus atá suite—
(a) idir teorainn theas an limistéir agus lár na Life, nó
(b) ar an taobh thoir den limistéar, idir lárlíne Shráid Shirriam Uachtarach agus Shráid Shirriam Íochtarach agus lár na Life.
(2) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm, déanfar gach tagairt sa Phríomh-Acht nó san Acht seo do Limistéar Duganna Theach an Chustaim a fhorléiriú mar thagairt don limistéar a thuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht arna leathnú leis an ordú.
Gnáthchomhaltaí an Údaráis.
3.—Seachtar is líon do ghnáthchomhaltaí an Údaráis agus leasaítear dá réir sin alt 8 (2) den Phríomh-Acht trí “seachtar” a chur in ionad “ceathrar”.
Dualgas chathaoirleach an Údaráis.
4.—Beidh sé de dhualgas ar chathaoirleach an Údaráis a chinntiú go gcuirfear gnó an Údaráis i gcrích go héifeachtach.
An tÚdarás d'fháil talún go héigeantach.
5.—(1) Féadfar a údarú don Údarás talamh atá suite i Limistéar Duganna Theach an Chustaim (seachas talamh lena mbaineann alt 6) a fháil go héigeantach d'fhonn aon cheann de na feidhmeanna a shanntar dó leis an bPríomh-Acht nó faoi a chomhlíonadh trí ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanfaidh an tÚdarás agus a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a dhaingneoidh sé de réir alt 76 d'Acht na dTithe, 1966, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Beidh feidhm ag forálacha Acht na dTithe, 1966, i ndáil le talamh a fháil go héigeantach faoi fho-alt (1) amhail is dá mba fháil é faoi Chuid V den Acht sin agus chun na críche sin forléireofar tagairt d'údarás tithíochta mar thagairt don Údarás.
(3) Féadfaidh an tAire le hordú cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh lán-éifeacht a bheith leis an alt seo, nó le hordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear foráil chun aon achtachán a chur chun feidhme, a mhodhnú, a oiriúnú nó a leasú ar shlí eile.
Talamh a aistriú ó chomhlacht reachtúil chun an Údaráis.
6.—(1) (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhlacht reachtúil lena mbaineann agus le toiliú an Aire iomchuí agus an Aire Airgeadais, talamh atá suite i Limistéar Duganna Theach an Chustaim mar aon le gach ceart, cumhacht agus pribhléid i ndáil nó i dtaca leis an talamh sin a aistriú le hordú ó chomhlacht reachtúil chun an Údaráis.
(b) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo murar deimhin leis nach mbeidh úsáid na talún lena mbainfidh an t-ordú, i gcás go ndéantar é, riachtanach chun feidhmeanna an chomhlachta reachtúil lena mbaineann a chomhlíonadh.
(2) I gcás go ndéanfar ordú faoin alt seo beidh comaoin i leith an aistrithe iníoctha ag an Údarás leis an gcomhlacht reachtúil agus is éard a bheidh sa chomaoin sin cibé comaoin ar a gcomhaontófar idir an comhlacht reachtúil agus an tÚdarás nó, d'éagmais comhaontú den sórt sin, cibé méid ar a gcinnfear le headráin ar an dóigh chéanna ar gach slí le héileamh ar chúiteamh i ndáil le fáil éigeantach talún faoi alt 5.
(3) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a bheidh sonraithe san ordú agus féadfar laethanta éagsúla a shonrú amhlaidh i ndáil le codanna éagsúla den talamh lena mbaineann an t-ordú.
(4) Maidir le hordú faoin alt seo féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, iarmhartacha, idirlinne nó forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun críche aistriú talún a dhéantar faoin ordú nó is dóigh leis is gá nó is cuí de dhroim an aistrithe sin nó chun lán-éifeacht a thabhairt don aistriú sin, lena n-áirítear forálacha chun aon achtachán a chur chun feidhme, a mhodhnú, a oiriúnú nó a leasú ar shlí eile.
(5) I gcás ordú faoin alt seo a dhéanamh, tiocfaidh talamh lena mbaineann an t-ordú chun bheith agus beidh sé, ar an dáta a bheidh sonraithe san ordú i ndáil leis an talamh sin agus gan aon tíolacadh ná sannadh breise, arna dhílsiú don Údarás feadh eastát agus leas uile an chomhlachta reachtúil.
(6) Ní bheidh aon chaingean, imeachtaí, éileamh ná iarraidh de chineál nó de thuairisc ar bith ann in aghaidh comhlachta reachtúil de bhíthin amháin gur aontaigh sé glacadh le comaoin ab iníoctha faoin alt seo nó gur ghlac sé le comaoin den sórt sin.
(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon aistriú talún de bhua ordú faoin alt seo.
(8) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil, maidir leis an talamh lena mbaineann an t-ordú, go scoirfidh sé, ar theacht i ngníomh don ordú, de bheith laistigh de theorainneacha Chuan Bhaile Átha Cliath agus teorainneacha Chalafort Bhaile Átha Cliath de réir bhrí alt 2 den Dublin Port and Docks Act, 1869.
(9) Ní dhéanfar ordú faoi alt 13 den Phríomh-Acht i ndáil le talamh nach raibh suite i Limistéar Duganna Theach an Chustaim díreach roimh an Acht seo a rith.
Deontais don Údarás.
7.—(1) Ní thabharfar deontas don Údarás faoi alt 14 den Phríomh-Acht tar éis an 16ú lá de Shamhain, 1991.
(2) Aisghairtear leis seo alt 14(2) den Phríomh-Acht.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
8.—(1) Féadfar an tAcht um Athnuachan Uirbeach (Leasú), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo agus an tAcht um Athnuachan Uirbeach, 1986, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Athnuachan Uirbeach, 1986 agus 1987, a ghairm díobh.