Uimhir 17 de 1925.
ACHT NA nARM TEINE, 1925.
Mínithe agus léiriú.
1.—(1) San Acht so—
cialluíonn an focal “arm teine” arm teine marbhthach no arm marbhthach eile d'aon tsaghas as a bhféadfí aon urchar, piléar, no teilgeán eile do chaitheamh;
cialluíonn an focal “amuinisean” (ach amháin mar a n-úsáidtear é i dtaobh airm thoirmiscthe) amuinisean d'arm teine ach foluíonn sé, leis, gránádaí, búmbaí agus teilgeáin eile den tsórt san pe'ca is féidir iad d'úsáid le harm teine no nách féidir, agus foluíonn sé, leis, aon táthchuid no rannchuid d'aon amuinisean no teilgeán den tsórt san;
cialluíonn agus foluíonn an focal “arm toirmiscthe” aon arm d'aon tsaghas in aon chor a ceapadh chun aon fhliuchán díobhálach, gas díobhálach no rud eile díobhálach do chaitheamh, agus fós aon amuinisean (pe'ca d'aon arm den tsórt san roimhráite é no d'aon arm eile) ina bhfuil aon fhliuchán díobhálach, gas díobhálach, no rud eile díobhálach no a ceapadh no atá oiriúnach i gcóir a leithéide;
cialluíonn an focal “deimhniú airm teine” deimhniú airm teine a deonadh fén Acht so;
cialluíonn an focal “deighleálaí arm teine” duine a dhineann, a dhíolann, a chuireann ar cíos, a dheisíonn, a thástálann, a phromhann no a cheannuíonn airm teine no amuinisean, no a dheighleálann ar aon tslí eile sa chéanna, mar thrádáil no mar ghnó;
cialluíonn an focal “deighleálaí cláruithe arm teine” deighleálaí arm teine atá cláruithe de thurus na huaire sa chlár de dheighleálaithe arm teine a bunuíodh do réir an Achta so;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dineadh fén Acht so;
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.
(2) San Acht so cialluíonn an focal “port” aon áit údaruithe chun teacht isteach i Saorstát Éireann, agus foluíonn na focail “easportáil” agus “iomportáil” fé seach easportáil agus iomportáil thar teorainn talmhan chó maith le heasportáil agus iomportáil thar teorainn mhara agus is dá réir sin a léireofar gach focal atá gaolmhar leo.
Sriantachtaí le seilbh, le húsáid, agus le hiompar arm teine
2.—(1) Fé réir na n-eisceacht ón alt so a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, ní bheidh sé dleathach d'éinne, tar éis tosach feidhme an Achta so, aon arm teine ná amuinisean do bheith ar seilbh aige, d'úsáid, ná d'iompar ach sa mhéid go n-údarófar an tseilbh, an úsáid, no an t-iompar san le deimhniú airm teine a deonadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(2) Ach amháin in aon chás de sna cásanna dá ndintar eisceachtaí ón alt so ina dhiaidh seo anso, tar éis tosach feidhme an Achta so gach duine go mbeidh aon arm teine i seilbh aige no a úsáidfidh no a iomparóidh an céanna gan deimhniú airm teine bheith aige dho, no ar aon tslí seachas mar a bheidh údaruithe leis an deimhniú san, no a cheannóidh no a úsáidfidh, no go mbeidh ar seilbh aige no a iomparóidh aon amuinisean, gan deimhniú airm teine bheith aige dho, no aon mhéideanna dhe thar na méideanna a bheidh údaruithe leis an deimhniú san, no a fhágfidh gan có-líona aon choiníoll fé n-ar deonadh deimhniú airm teine dho, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chás acu so a leanas agus dintar dá réir sin na cásanna san d'eisceacht ón alt so, sé sin le rá:—
(a) arm teine do bheith ar seilbh no ar iompar ag duine fé cheadúnas, agus dá réir, a tugadh amach fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;
(b) arm teine no amuinisean do bheith ar seilbh, in úsáid, no ar iompar ag ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no d'fhórsa dhleathach phóilíneachta i Saorstát Éireann i gcó-líona a dhualgais mar bhall den tsórt san;
(c) arm teine no amuinisean do bheith ar seilbh, in úsáid, no ar iompar ag deighleálaí cláruithe arm teine i ngnáth-chúrsa a ghnótha mar dheighleálaí den tsórt san;
(d) arm teine no amuinisean do bheith ar seilbh no ar iompar, sa ghnáth-chúrsa gnótha, ag duine atá sa ghnó a bhaineann le hearraí d'iompar no do stóráil ar luach saothair;
(e) seilbh ar arm teine no ar amuinisean ar bord luinge mar chuid de ghléas na luinge;
(f) arm teine no amuinisean do bheith ar iompar ag duine, chun crícheanna spóirt amháin, fé orduithe ón té agus chun úsáide an té go bhfuil deimhniú airm teine aige i gcóir an airm teine no an amuinisin sin;
(g) gléas marbhtha daonachtach do bheith ar seilbh, ar iompar, no in úsáid, sa ghnáth-chúrsa gnótha, ag búistéir, ag marbhthóir, ag fear marbhtha capall, no ag duine eile atá sa ghnó a bhaineann le hainmhithe do mharbha ar shlí dhaonachtach.
Deona, fuirm, agus éifeacht deimhnithe airm teine.
3.—(1) Fé réir na dteorann agus na sriantacht a forchuirtar tríd an Acht so, féadfidh ceannphort Ghárda Síochána aon cheanntair, ar iarratas éinne a chomhnuíonn sa cheanntar san, agus nuair a íocfidh an duine sin an táille is gá (más gá í) de thurus na huaire do réir dlí, deimhniú airm teine do dheona don duine sin.
(2) Más rogha leis é, ach fé réir na dteorann agus na sriantacht a forchuirtar tríd an Acht so, féadfidh an tAire, ar iarratas éinne ná fuil gnáth-chomhnaí air i Saorstát Éireann agus nuair a íocfidh an duine sin an táille is gá (más gá í) de thurus na huaire do réir dlí, deimhniú airm teine de dheona don duine sin.
(3) Leanfidh gach deimhniú airm teine i bhfeidhm go dtí an 31adh lá den chéad Iúl tar éis a dheonta, ach féadfar a rá i ndeimhniú airm teine a deonfar i rith mí Iúil go dtosnóidh an deimhniú san ar bheith i bhfeidhm an 1adh lá den chéad Lúnasa ina dhiaidh sin agus sa chás san beidh sé i bhfeidhm an 1adh lá san de Lúnasa agus ón lá san go dtí an 31adh lá den chéad Iúl ina dhiaidh sin.
(4) Beidh gach deimhniú airm teine sa bhfuirm orduithe agus oibreoidh sé chun a údarú agus déarfar ann go n-údaruíonn sé don té dá ndeonfar é—
(a) an t-arm teine áirithe go bhfuil a thuairisc sa deimhniú do bheith ar seilbh aige, d'úsáid, agus d'iompar, agus
(b) pé méid amuinisin adéarfar sa deimhniú san do cheannach don arm teine sin agus d'úsáid ann i rith na haimsire 'na mbeidh an deimhniú i bhfeidhm, agus
(c) an méid sin amháin adéarfar sa deimhniú san, den amuinisean a ceannófar amhlaidh, do bheith ar seilbh agus ar iompar aige aon uair áirithe.
(5) Más grán-ghunna an t-arm teine go mbeidh a thuairisc i ndeimhniú airm teine féadfar a rá sa deimhniú go n-údaruíonn an deimhniú agus sa chás san oibreoidh sé chun a údarú ná húsáidfar an t-arm teine sin ach chun ainmhithe no éanlaith nách géim do mharbha ar thalamh atá ar seilbh ag an té dá ndeonfar an deimhniú san.
(6) Gach arm teine go deonfar deimhniú airm teine ina thaobh marcálfar é ar an slí orduithe le huimhir no le marc eile orduithe aitheantais agus cuirfar an uimhir no an marc san sa deimhniú airm teine.
Na coiníollacha bhaineann le deimhniú airm teine do dheona.
4.—Roimh dheimhniú airm teine do dheona d'éinne fén Acht so, ní foláir do cheannphort an Ghárda Síochána no don Aire (pe'ca aca is gá sa chás) bheith deimhnitheach, i dtaobh an duine sin—
(a) go bhfuil cúis mhaith aige chun an t-arm teine gur ina chóir atá an deimhniú á iarraidh do bheith aige, agus
(b) gur féidir leigint do arm teine no amuinisean do bheith ar seilbh aige, d'úsáid, agus d'iompar gan contabhairt don tsábháltacht phuiblí ná don tsíocháin, agus
(c) nách duine é a faisnéistear leis an Acht so do bheith gan teideal chun deimhniú airm teine do bheith aige.
Ceiliúra deimhnithe airm teine.
5.—Féadfidh ceannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina gcomhnuíonn sealbhóir deimhniú airm teine an deimhniú san do cheiliúra aon uair más deimhin leis, i dtaobh sealbhóir an deimhnithe sin—
(a) ná fuil aon chúis mhaith aige chun an t-arm teine le n-a mbaineann an deimhniú do bheith aige, no
(b) gur duine é nách féidir, gan contabhairt don tsábháltacht phuiblí no don tsíocháin, leigint do arm teine do bheith ar seilbh aige, no
(c) gur duine é a faisnéistear leis an Acht so do bheith gan teideal chun deimhniú airm teine do bheith ar seilbh aige, no
(d) i gcás ina gcuireann an deimhniú airm teine teora leis na crícheanna chun ar féidir an t-arm teine le n-a mbaineann sé d'úsáid, go n-úsáideann an duine sin an t-arm teine sin chun crícheanna ná húdaruítear leis an deimhniú.
Díol airm teine má diúltuítear no má ceiliúrtar deimhniú.
6.—Má dhineann ceannphort don Ghárda Síochána diúltú do ghéille d'iarratas ag iarraidh deimhniú airm teine no deimhniú airm teine do cheiliúra agus má bhíonn arm teine, i dteanta no d'éamais amuinisin do, ar seilbh ag iarratasóir no ag sealbhóir an deimhnithe i Saorstát Éireann le linn an diúltuithe no an cheiliúrtha san, déanfidh an t-iarratasoir no an sealbhóir sin an t-arm teine sin agus an t-amuinisean san (más ann do) do sheachada láithreach don cheannphort san agus cimeádfid seisean iad, ach beidh saor-chead ag an iarratasóir no ag a sealbhóir sin an t-arm teine sin agus an t-amuinisean san (má ann do) do dhíol le héinne le n-a mbeidh an ceannphort san sást agus nuair a déanfar an díol san agus a chó-líonfidh an ceann athóir forálacha an Achta so tabharfidh an ceannphort san a t-arm teine agus an t-amuinisean san (más ann do) do cheannathóir sin.
Cead chun arm teine do thabhairt i dtír.
7.—(1) Má bhíonn arm teine ar seilbh ag duine ar bord luinge mar chuid de ghléas na luinge, féadfidh aon cheannphort don Ghárda Síochána, más oiriúnach leis é agus fé réir forálach an Achta so, cead do thabhairt amach don duine sin chun an t-arm teine sin do thabhairt i dtír chun é dheisiú agus chun a t-arm teine sin do chur á dheisiú in aon áit áirithe i Saorstát Éireann.
(2) Gach cead a tabharfar amach fén alt so ní fhanfa sé i bhfeidhm ach ar feadh pé tréimhse (nách sia ná mí in aon chás), o dháta a thabhartha amach, a ainmneoidh an té iarrfidh an cead agus a cheadóidh an ceannphort a thabharfidh amach an céanna agus a luadhfidh seisean sa chead.
Daoine gan teideal acu chun deimhniú ná cead airm teine do bheith ar seilbh acu.
8.—(1) Faisnéistear leis seo na daoine seo a leanas do bheith gan teideal chun deimhniú airm teine do bheith ar seilbh acu sé sin le rá:—
(a) éinne fé bhun cúig mblian déag, agus
(b) éinne atá tugtha don ól, agus
(c) éinne nách slán meabhair, agus
(d) éinne gur dhin aon chúirt i Saorstát Éireann é do dhaora in aon choir, chun pian-tseirbhíse ar feadh aon téarm ná fuil deire leis, no gur laistigh de chúig blian roimh ré a bhí deire leis, agus
(e) éinne gur dhin aon chúirt i Saorstát Éireann é do dhaora in aon choir, chun príosúntachta ar feadh aon téarma nách giorra ná trí mhí agus ná fuil deire leis, no gur laistigh de chúig bliana roimh ré a bhí deire leis agus
(f) éinne atá fé fhaire na póilíneachta, agus
(g) éinne atá ceangailte le bannaí chun an tsíocháin do chimeád no chun bheith dea-iompartha, ceangal le n-a ngabhann sé mar choiníoll gan an duine sin do bheith i seilbh ná d'úsáid ná d'iompar aon airm teine ná amuinisin.
(2) Éinne a bheidh, de bhua an ailt seo, gan teideal chun deimhniú airm teine bheith ar seilbh aige beidh sé, leis, gan teideal chun cead do bheith ar seilbh aige fén Acht so maidir le haon arm teine ná amuinisean.
Cimeádfar clár de dheighleálaithe arm teine.
9.—(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár clár de dheighleálaithe arm teine do bhunú agus do chimeád.
(2) Gach éinne a bheidh cláruithe, díreach roimh dhul in éag d'Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924 (Uimh. 9 de 1924), mar a buanuíodh é le hAcht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1925, sa chlár de dheighleálaithe arm teine a cimeádtar do réir rialachán a dineadh fén Acht san, beidh teideal aige, aon uair roimh dhul in éag don Acht san, a iarraidh, do réir forálacha an ailt seo, go gclárófí é sa chlár de dheighleálaithe arm teine a bunófar fén alt so, agus gach éinne a iarrfidh san amhlaidh agus a íocfidh an táille is gá (más gá) do réir dlí de thurus na huaire beidh teideal aige chun a chláruithe, i dtosach agus o thosach feidhme an Achta so, sa chlár dheiridh sin a luadhadh.
(3) Einne a dhéanfidh, tar éis tosach feidhme an Achta so, a iarraidh, do réir forálacha an ailt seo, go gclárófí é sa chlár de dheighleálaithe arm teine agus an táille is gá (más gá) de thurus na huaire do réir dlí a íoc agus a chur ina luí ar an Aire go bhfuil sé díreach chun gnó do dhéanamh mar dheighleálaí arm teine i Saorstát Éireann in áitreabh atá oiriúnach don ghnó san, féadfar é chlárú sa chlár san, ach nuair a bheidh an tAire ag breithniú aon iarratais den tsórt san le n-a n-iarrtar clárú tabharfa sé aire do charachtar an iarratasóra, don méid deighleálaithe cláruithe arm teine atá sa chomhursanacht ina bhfuil an t-iarratasóir chun gnó do chur ar siúl, agus go generálta don tsábhaltacht phuiblí agus do chimeád na síochána.
(4) Gach clárú ar dhuine sa chlár de dheighleálaithe arm teine leanfa sé i bhfeidhm go ceann bliana, mara ndintar é cheiliúra roimhe sin, agus ragha sé in éag ansan, agus gach athnuachaint ar aon chlárú den tsórt san ní leanfa sí i bhfeidhm ach go ceann bliana o dháta an chéad chlárú no an athnuachaint is déanaí roimpi, pe'ca aca é, do dhul in éag.
(5) Beidh teideal ag gach deighleálaí cláruithe arm teine chun a chlárú sa chlár de dheighleálaithe arm teine d'athnuachaint aon uair laistigh de mhí roimh dhul in éag dá sheana-chlárú no dá sheana-athnuachaint, ar a iarraidh sin do réir forálacha an ailt sin agus ar íoc na táille is gá (más gá) de thurus na huaire do réir dlí.
(6) Gach iarratas le n-a n-iarrfar clárú do dhéanamh sa chlár de dheighleálaithe arm teine no athnuachaint an chláruithe sin déanfar é chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.
(7) Gach duine a clárófar sa chlár de dheighleálaithe arm teine beidh teideal aige, ar dhéanamh an chláruithe sin agus ar dhéanamh gach athnuachaint air, deimhniú i scríbhinn ar an gclárú no ar an athnuachaint sin d'fháil on Aire.
Sriantachtaí le déanamh agus le díol arm teine.
10.—(1) I dtosach feidhme an Achta so agus dá éis sin, ní bheidh sé dleathach d'éinne aon arm teine ná amuinisean do dhéanamh, do dhíol, do dheisiú, do thástáil, do phromha, ná do chur ar díol, ná do bheith ar seilbh aige chun a dhíolta, a dheisithe, a thástála, ná a phromhtha, mar thrádáil ná mar ghnó, mara mbeidh sé cláruithe sa chlár de dheighleálaithe arm teine.
(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon deighleálaí arm teine aon arm teine ná amuinsean do dhíol le héinne (nách deighleálaí cláruithe arm teine ná duine a húdaruíodh go hoifigiúil) mara ndinidh an té le n-a ndíolfar an t-arm teine no an t-amuinisean san, le linn an díola san—
(a) deimhniú airm teine do thaisbeáint, á údarú dho an t-arm teine no an t-amuinisean san do cheannach no do thógaint ar cíos (pe'ca aca é), no
(b) a chruthú chun sástacht an deighleálaí arm teine sin go bhfuil sé, de bhua an Achta so, i dteideal chun an t-arm teine no an t-amuinisean san do bheith ar seilbh aige gan deimhniú airm teine ina chóir do bheith aige.
(3) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne a dhíolfidh arm teine no amuinisean le héinne (nách deighleálaí cláruithe arm teine ná duine a húdaruíodh go hoifigiúil)—
(a) có-líona do dhéanamh ar na horduithe (más ann dóibh) a bheidh dírithe chun an díoltóra san agus a bheidh sa deimhniú airm teine go ndéanfidh an té le n-a ndíolfar an t-arm teine no an t-amuinisean san é thaisbeáint le linn an díola san, agus
(b) i gcás arm teine do dhíol, fógra i dtaobh an díola san do chur tríd an bpost cláruithe, laistigh d'ocht n-uaire is dachad a’ chluig tar éis an díola san, go dtí ceannphort Ghárda Síochána an cheanntair in ar deonadh an deimhniú airm teine roimhráite.
(4) Ní bheidh sé dleathach d'aon deighleálaí cláruithe arm teine a thógaint air féin aon arm teine ná amuinisean do dheisiú, do thástáil, ná do phromha d'éinne (nách deighleálaí cláruithe arm teine ná duine a húdaruíodh go hoifigiúil) mara dtaisbeánaidh an duine sin don deighleálaí arm teine sin, sara dtóga sé air féin an deisiú, an tástáil, no an promha san do dhéanamh mar adubhradh, deimhniú airm teine á údarú don duine sin an t-arm teine no an t-amuinisean san do bheith ar seilbh aige, no cead á údarú don duine sin an t-arm teine sin do thabhairt i dtír chun a dheisithe.
(5) Gach éinne a sháróidh aon cheann d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.
(6) San alt so—
(a) cialluíonn an focal “duine a húdaruíodh go hoifigiúil” duine dar údaruigh an tAire Cosanta an gnó atá i gceist do dhéanamh chun crícheanna Fórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no dar údaruigh an tAire an gnó atá i gceist do dhéanamh chun crícheanna aon fhórsa dhleathaigh phóilíneachta i Saorstát Éireann, agus
(b) foluíonn an focal “díol” cur ar cíos agus tabhairt ar iasacht agus foluíonn an focal “ceannach” tógaint ar cíos agus fáil ar iasacht, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar leo san.
Ainmneacha do chur as an gclár de dheighleálaithe arm teine.
11.—(1) Féadfidh an tAire, ar iarratas éinne atá cláruithe sa chlár de dheighleálaithe arm teine, ainm an duine sin do chur as an gclár roimhráite.
(2) Más deimhin agus nuair is deimhin leis an Aire, i dtaobh éinne atá cláruithe sa chlár de dheighleálaithe arm teine—
(a) ná fuil sé ag déanamh gnótha a thuille mar dheighleálaí arm teine, no
(b) ná fuil áit ghnótha aige a thuille mar dheighleálaí arm teine den tsórt san i Saorstát Éireann, no
(c) nách féidir leigint do an gnó san do dhéanamh a thuille gan contabhairt don tsábháltacht phuiblí no don tsíocháin, no
(d) gur chiontuigh cúirt údaráis inniúla é i gcionta fén Acht so no fé aon alt de,
féadfidh an tAire ainm an duine sin do chur as an gclár roimhráite.
(3) Nuair a cuirfar as an gclár de dheighleálaithe arm teine, fén alt so, ainm éinne atá cláruithe sa chlár san, tabharfidh an duine sin suas láithreach don Aire an deimhniú a tugadh do fén Acht so ar é bheith cláruithe sa chlár san, agus éinne ná tabharfidh suas an deimhniú san amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus fíneáil eile ná raghaidh thar dhá phunt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.
Cimeádfidh deighleálaí arm teine clár.
12.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach deighleálaí cláruithe arm teine clár do chimeád no a chur fé ndeár clár do chimeád de gach ceannach, tógaint ar cíos, díol, deisiú agus gnó eile ar airm teine no ar amuinisean no i dtaobh arm teine no amuinisin a dhin sé agus, laistigh de cheithre huaire fichead a’ chlug tar éis gach gnótha den tsórt san, na mion-innste orduithe ar an gnó san do chur, no a chur fé ndeár iad do chur, isteach sa chlár san.
(2) Nuair nách eol don deighleálaí arm teine na mion-innste ar aon ghnó áirithe a héilítear leis an alt so a chur isteach sa chlár roimhráite, beidh sé de dhualgas air, le linn críochnú an ghnótha san no roimhe sin, na mion-innste sin d'éileamh ar an té le n-a mbeidh an gnó á dhéanamh agus beidh sé de dhualgas ar an duine sin nuair a déanfar an t-éileamh san na mioninnste sin do sholáthar dá réir sin.
(3) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána no aon oifigeach custum agus máil gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo d'iniúcha ar gach tráth réasúnta chun aon chríche a eireoidh as an Acht so no as aon rialachán a dineadh fé no a eireoidh maidir leis sin, agus ar a éileamh san air beidh sé de dhualgas ar an deighleálaí arm teine ag á mbeidh no dá mbeidh an clár san á chimeád an clár san do thaisbeáint chun go n-iniúchfadh an ball san den Ghárda Síochána no an t-oifigeach eile sin custum agus máil é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil, agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás gan na scríbhinní bunaidh do bheith ar fáil) a éileoidh an ball no an t-oifigeach san go réasúnta chun deimhin do dhéanamh d'aon iontráil sa chlár san no chun aon fhágaint-ar-lár ann do mhíniú.
(4) Má ráiníonn d'aon deighleálaí cláruithe arm teine—
(a) gan clár mar a héilítear leis an alt so do chimeád no gan a chur fé ndeár é chimeád, no
(b) maidir le haon iontráil a héilítear leis an alt so a dhéanamh sa chlár san, gan í dhéanamh no gan a chur fé ndeár í dhéanamh sa chlár san laistigh den aimsir a horduítear leis an alt so, no
(c) aon iontráil do dhéanamh no a chur fé ndeár í dhéanamh sa chlár san agus a fhios aige go bhfuil sí bréagach no go gcuirfadh sí duine amú in aon phonc táchtach,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(5) Einne ar a n-éilítear leis an alt so aon mhion-innste do thabhairt do dheighleálaí chláruithe arm teine, má dhiúltuíonn sé do sna mion-innste sin do thabhairt uaidh amhlaidh no má thugann sé uaidh aon mhion-innste den tsórt san atá bréagach no a chuirfadh duine amú in aon phonc táchtach agus a fhios san aige, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.
(6) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) folóidh iniúcha cláir no scríbhinne cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as, agus
(b) tuigfar gur dhin ball den Ghárda Síochána no oifigeach custum agus máil a éileamh go cuibhe go leigfí dho clár no scríbhinn eile d'iniúcha má dineadh an t-éileamh san de ráite béil, san áitreabh ina gcimeádtar an clár no an scríbhinn sin, ar bhainisteoir, ar rúnaí, ar chimeádaí leabhar, no ar bhall eile d'fhuirinn chléireachais an áitribh sin, agus
(c) tuigfar gur dhin an deighleálaí cláruithe arm teine féin diúltú no faillí maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun a iniúcha má dhin duine ar fostú aige é in aon áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl ag an deighleálaí cláruithe arm teine mar dheighleálaí den tsórt san.
Iniúcha ar stoc deighleálaí arm teine.
13.—(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gach tráth réasúnta dul isteach in áitreabh aon deighleálaí chláruithe arm teine agus iniúcha dhéanamh san áit sin ar aon airm teine agus amuinisean a gheobhfar ann agus ar aon abhair a húsáidtear i ndéanamh, i ndeisiú, i dtástáil, no i bpromha an chéanna agus a gheobhfar san áitreabh san.
(2) Gach duine a choiscfidh no a bhacfidh aon bhall den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Cosc le déanamh agus le seilbh, etc., arm le n-a gcaithtear fliucháin díobhálacha.
14.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne gan údarás ón Aire Cosanta aon arm toirmiscthe, mar a mínítear é san Acht so, do dhéanamh, do dhíol, do cheannach, do thógaint ar cíos, do chur ar cíos, d'úsáid, ná d'iompar, ná é bheith ar seilbh, i gcimeád, ná fé n-a chúram aige, ná, go bhfios do, é bheith ina áitreabh aige.
(2) Gach duine a dhéanfidh, a dhíolfidh, a cheannóidh, a thógfidh ar cíos, a chuirfidh ar cíos, a úsáidfidh, no a iomparóidh aon arm toirmiscthe mar a mínítear amhlaidh é, no go mbeidh sé ar seilbh, i gcimeád no fé n-a chúram aige, no, go bhfios do, go mbeidh sé ina áitreabh aige, agus san tar éis tosach feidhme an Achta so agus gan údarás ón Aire Cosanta, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phiantseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.
Seilbh ar airm teine le hintinn duine do chur i gcontabhairt bháis.
15.—Einne go mbeidh aon airm teine no amuinisean ar seilbh no fé n-a chúram aige tar éis rithte an Achta so—
(a) le hintinn duine do chur i gcontabhairt bháis no díobháil mhór do dhéanamh do mhaoin, no
(b) le hintinn a chur ar chumas éinne eile duine do chur i gcontabhairt bháis no díobháil mhór do dhéanamh do mhaoin leis an arm teine no leis an amuinisean san,
pe'ca a dineadh aon díobháil do dhuine no de mhaoin tríd sin no nár dineadh beidh sé ciontach i bhfeleontacht, agus ar a chiontú ann féadfar é chur fé phian-tseirbhís ar feadh téarma nách sia ná fiche bliain, no fé phríosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain, agus geallbhruidfar an t-arm teine no an t-amuinisean roimhráite.
Srian le heasportáil no le haistriú arm teine no amuinisean.
16.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon arm teine ná amuinisean do chonsighniú—
(a) chun é easportáil as Saorstát Éireann, ná
(b) chun é aistriú o áit go háit eile i Saorstát Éireann,
mara mbeidh an easportáil no an t-aistriú san údaruithe i scríbhinn ag ceannphort Ghárda Síochána an cheanntair óna gconsighneofar an t-arm teine no an t-amuinisean san chun é d'easportáil no d'aistriú.
(2) Gach duine a dhéanfidh, contrárdha d'fhorálacha an ailt seo, aon arm teine no amuinisean do chonsighniú chun é d'easportáil no d'aistriú mar adubhradh, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.
(3) Ar chiontú éinne mar gheall ar fhorálacha an ailt seo do shárú, más leis an duine a ciontuíodh amhlaidh aon arm teine no amuinisean le n-a mbaineann an cionta, féadfidh an chúirt, i dteanta aon phionóis eile a molfar fén Acht so, pé ordú is oiriúnach leis an gcúirt do dhéanamh i dtaobh geallbhruide an airm teine no an amuinisin sin.
(4) Ní tuigfar an cionta san, sárú forálacha an ailt seo, do bheith déanta ag sealbhóir deimhniú airm teine tríd an t-arm teine no aon amuinisean d'iompar as Saorstát Éireann no ann atá údaruithe leis an deimhniú san a bheith ar iompar ag sealbhóir an deimhnithe.
(5) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chonsighniú a déanfar ar aon arm teine no amuinisean is le Fórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no le haon fhórsa dleathach póilíneachta i Saorstát Éireann no a ceannuíodh no a bheidh ceaptha chun úsáide aon dreama acu san.
Sriantachtaí le hiomportáil arm teine, arm toirmiscthe agus amuinisin.
17.—(1) Ní hiomportálfidh éinne isteach i Saorstát Éireann aon arm teine, amuinisean, ná arm toirmiscthe mara mbeidh an iomportáil sin údaruithe le ceadúnas leanúnach a deonadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm an uair sin, no le ceadúnas ócáideach a deonadh fén alt so agus a bhaineann leis an arm teine, leis an amuinisean no leis an arm toirmiscthe áirithe a hiomportálfar amhlaidh.
(2) Féadfidh an tAire Cosanta ceadúnas ócáideach do dheona do pé duine, ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis, chun arm toirmiscthe d'iomportáil, agus oibreoidh gach ceadúnas ócáideach den tsórt san chun a údarú agus déarfar ann go n-údaruíonn sé an t-arm toirmiscthe a luaidhtear sa cheadúnas san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann tríd an bport, ag an duine, laistigh den aimsir, agus fé sna coiníollacha a hainmnítear sa cheadúnas san.
(3) Ar a iarraidh air sa tslí orduithe féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas leanúnach do dheona d'aon deighleálaí cláruithe arm teine chun airm teine no amuinisean d'iomportáil, agus oibreoidh gach ceadúnas leanúnach den tsórt san chun a údarú agus déarfar ann go n-údaruíonn sé airm teine agus amuinisean go generálta no aon tsaghas no saghsanna áirithe arm teine agus amuinisin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann tríd an bport, ag an deighleálaí cláruithe, i rith na tréimhse (nách sia ná sé mhí), agus fé sna coiníollacha a hainmnítear sa cheadúnas san.
(4) Ar a iarraidh sin air sa tslí orduithe féadfidh an tAire ceadúnas ócáideach, chun arm teine, i dteanta no d'éamais amuinisin do d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, do dheona d'éinne go bhfuil deimhniú airm teine aige, no 'na bhféadfí a leithéid do dheona dho, i gcóir an airm teine agus an amuinisin (más ann do) go bhfuil an ceadúnas ócáideach á iarraidh ina chóir, no d'éinne atá ina dheighleálaí chláruithe arm teine, agus oibreoidh gach ceadúnas ócáideach den tsórt san chun a údarú agus déarfar ann go n-údaruíonn sé an t-arm teine agus an méid amuinisin (más ann do) a luaidhtear sa cheadúnas san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann tríd an bport, ag an duine, laistigh den aimsir (nách sia ná mí), agus fé sna coiníollacha a hainmnítear sa cheadúnas san.
(5) Féadfidh an tAire gach ceadúnas leanúnach a dheonfidh an tAire fén alt so d'atharú no do cheiliúra aon uair roimh dhul in éag don cheadúnas san.
(6) Má iomportálann éinne isteach i Saorstát Éireann arm teine no arm toirmiscthe no aon amuinisean gan ceadúnas no ar aon tslí eile seachas do réir ceadúnais fén alt so ag údarú na hiomportála san no, i gcás amuinisin, i gcaindíochtaí is mó ná na caindíochtaí a húdaruítear amhlaidh, no mara gcó-líona sé aon choiníoll áirithe dá n-ainmnítear i gceadúnas a deonadh do fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.
(7) Ní dhéanfidh seilbh ar cheadúnas a deonadh fén alt so scaoile ar an oblagáid a bheidh ar dhuine aon deimhniú, cead, no údarás is gá do réir aon fhorála eile den Acht so d'fháil no do bheith ar seilbh aige.
(8) Ní bhainfidh an t-alt so le haon airm teine, amuinisean ná arm toirmiscthe d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a hiomportálfar amhlaidh fé údarás an Aire Cosanta chun úsáide Fórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no fé údarás an Aire chun úsáide aon fhórsa dhleathaigh phóilíneachta i Saorstát Éireann.
Comhachta oifigeacha custum agus máil.
18.—Beidh ag oifigigh custum agus máil, maidir le haon airm teine agus amuinisean go gcoisctar no go sriantar a n-iomportáil. a n-easportáil no a n-aistriú leis an Acht so, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin do réir dlí maidir le hearraí eile go bhfuil a n-iomportáil no a n-easportáil coiscthe no srianta do réir dlí.
Comhachta agus dualgaisí oifigeacha d'Oifig an Phuist.
19.—Féadfidh aon oifigeach don Aire Puist agus Telegrafa aon phacáid phuist go bhfuil a fhios aige no go bhfuil amhrus aige go bhfuil arm teine no arm toirmiscthe no aon amuinisean inti do choinneáil agus do scrúdú agus, más gá é, í oscailt chuige sin, agus má bhíonn arm teine no arm toirmiscthe no aon amuinisean i bpacáid phuist a coinneofar amhlaidh, déanfidh oifigigh an Aire sin pé fiosrú ina thaobh is dó leo is ceart, agus deighleálfid leis an bpacáid sin agus le n-a bhfuil inti (ar a n-áirítear an t-arm teine, an t-arm toirmiscthe, no an t-amuinisean) do réir orduithe an Aire Dlí agus Cirt no aon cheannphuirt den Ghárda Síochána, agus féadfid an phacáid sin agus a bhfuil inti do choinneáil faid a bheidh an fiosrú san á dhéanamh agus go dtí go bhfuighfar na horduithe sin.
Cosc le hairm teine no amuinisean do ghlaca i ngeall.
20.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon gheall-bhrócaer aon arm teine ná amuinisean do ghlaca i ngeall o éinne.
(2) Má dhineann geall-bhrócaer aon arm teine no amuinisean do ghlaca i ngeall o éinne beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.
Féadfidh an Gárda Síochána airm teine, etc., áirithe do lorg agus do thógaint.
21.—(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead a bheith aige istigh—
(a) in aon áitreabh a húsáidtear chun airm teine no amuinisean do dhéanamh, do dhíol, do dheisiú, do thástáil, no do phromha ann, no
(b) in áitreabh éinne i mbun gnó earraí d'iompar ar luach saothair, no
(c) in aon stóras no áitreabh eile le héinne i mbun gnó earraí do stóráil ar luach saothair, no
(d) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug, no in aon áitreabh duga, no
(e) in aon long, bád, bhaigín traenach, mótar, laraí, trucail no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.
(2) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána scrúdú dhéanamh ar aon airm teine no amuinisean, no ar aon chás, bosca no pacáiste a gheobha sé in aon áit go ragha sé isteach ann fé údarás an ailt seo no ar aon áit phuiblí no ann, agus féadfa sé aon chás, bosca, no pacáiste den tsórt san d'oscailt go gcreideann sé no go bhfuil amhrus aige, agus san le réasún, go bhfuil airm teine no amuinisean ann, agus féadfa sé aon airm teine no amuinisean a thógaint a gheobhfar in aon áit den tsórt san roimhráite agus go gcreideann sé no go bhfuil amhrus aige, agus san le réasún, go bhfuilid á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann no á n-easportáil as no go bhfuilid á n-aistriú no gur haistríodh iad o áit go háit eile i Saorstát Éireann contrárdha d'fhorálacha an Achta so.
(3) Ar a éileamh san air do bhall den Ghárda Síochána beidh sé de dhualgas ar gach éinne go bhfuil aon airm teine no amuinisean i gcimeád no fé n-a chúram aige in aon áit den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, no ar aon áit phuiblí no ann, gach caoi réasúnta do thabhairt don bhall san ar na hairm teine agus an t-amuinisean san do scrúdú agus, ar a éileamh san air don bhall san, aon scríbhinní atá ar seilbh aige agus a bhaineann leis na hairm teine no leis an amuinisean san do thaisbeáint don bhall san.
(4) Má dhineann éinne—
(a) aon bhall den Ghárda Síochána do chosc no do bhac i bhfeidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no
(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné, no d'únaer aon arm teine no amuinisin, no aon cháis, bosca, no pacáiste 'na bhfuil teideal ag an mball san chun a scrúduithe fén alt so, no fios aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúltú don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don bhall san, no
(c) aon ainm no eolas eile, atá bréagach no a chuirfadh duine amú, do thabhairt, go toiliúil no ar nóscuma-liom, don bhall san ar aon chonsighneoir, consighné no únaer den tsórt san,
beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.
(5) Má thógann aon bhall den Ghárda Síochána aon airm teine no amuinisean fén alt so beidh sé de dhualgas ar an mball san an tógaint sin do chur in úil don únaer no don chonsighneoir no don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no go luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé eolas do chur ortha).
(6) Má chítar don Aire gur dineadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin a dineadh fé do shárú maidir le haon airm teine no amuinisean a tógadh fén alt so, geallbhruidfar na hairm teine no an t-amuinisean san don Aire, agus má chítar don Aire nár dineadh aon tsárú den tsórt san agus nár tugadh fé maidir le haon airm teine ná amuinisean den tsórt san a tógadh mar adubhradh deighleálfar leis na hairm teine no leis an amuinisean san do réir orduithe únaera no consighneora an chéanna no, mara dtugtar orduithe ina dtaobh, díolfar iad agus íocfar sochar glan a ndíolta leis an gconsighneoir.
Comhachta ballra an Ghárda Síochána.
22.—(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar éinne a thabharfa sé fé ndeara no a chreidfe sé bheith i seilbh, ag úsáid, no ag iompar airm teine no aon amuinisin, a dheimhniú airm teine do thaisbeáint, agus mara dtaisbeánaidh an duine sin deimhniú airm teine á údarú dho an t-arm teine no an t-amuinisean san bheith ar seilbh aige, d'úsáid, no d'iompar (pe'ca is gá sa chás) agus leigint don bhall san an deimhniú san do léigheamh, féadfidh an ball san den Ghárda Síochána ainm agus seola an duine sin d'éileamh air mara dtaisbeánaidh an duine sin go bhfuil teideal aige do réir dlí chun an t-arm teine no an t-amuinisean san do bheith ar seilbh aige, d'úsáid, no d'iompar (pe'ca is gá sa chás) an uair sin san áit sin gan deimhniú airm teine do bheith aige in a chóir.
(2) Ar a éileamh san air do bhall den Ghárda Síochána fén alt so, má dhiúltuíonn éinne dá ainm agus dá sheola do thabhairt don bhall san no má thugann sé dho ainm no seola atá bréagach no a chuirfadh duine amú, in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(3) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas ar éinne a dhéanfidh, nuair a héileofar air fén alt so é, diúltú dá ainm agus dá sheola do thabhairt uaidh no ainm no seola do thabhairt uaidh 'na bhfuil a fhios ag an mball den Ghárda Síochána d'éiligh é no 'na bhfuil amhrus aige go bhfuil sé bréagach no go gcuirfadh sé duine amú in aon phonc táchtach.
(4) I dteanta aon chomhachtanna eile a bronntar air leis an Acht so no ar aon tslí eile, féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána éinne a chreidfe sé bheith i seilbh no ag úsáid no ag iompar airm teine no amuinisin, contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an Achta so, do stad agus do chuardach agus fós é ghabháil gan barántas agus an duine sin do chuardach agus, pe'ca déanfa sé é ghabháil no ná déanfidh, féadfa sé aon arm teine no amuinisean a bheidh ar seilbh no in úsáid no ar iompar aige do thógaint agus do choinneáil.
Geallbhruide arm teine, etc., i gcásanna áirithe.
23.—(1) Má dintar éinne do chiontú i gcionta fén Acht so, no é chiontú in aon choir ina ndaorfar é chun pian-tseirbhíse no chun príosúntachta, no a ordú é bheith fé fhaire na póilíneachta no a ordú dho dul fé cheangal bannaí chun an tsíocháin do chiméad no bheith dea-iompartha, ceangal le n-a ngabhann sé mar choiníoll gan an ciontathóir do bheith i seilbh, ná d'úsáid, ná d'iompar airm teine, féadfidh an chúirt 'na gciontófar an duine sin ina láthair, no a dhéanfidh an t-ordú san, pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh aon arm teine, arm toirmiscthe, no amuinisean a fuarthas i seilbh an duine sin, no a bhí in úsáid no ar iompar aige, do gheallbhruide, no i dtaobh conus a deighleálfar leis, agus féadfa sí aon deimhniú airm teine bheidh ar seilbh ag an duine sin do chur ar nea-mbrí.
(2) Má dhineann an chúirt deimhniú airm teine do chur ar nea-mbrí fén alt so, cuirfe sí fé ndeár fógra i dtaobh na neambríochainte sin do chur láithreach go dtí ceannphort Ghárda Síochána an líomatáiste in ar deonadh an deimhniú.
Orduithe cuardaigh.
24.—(1) Más dó le haon cheannphort den Ghárda Síochána go bhfuil cúis réasúnta chun a cheapa go bhfuiltar tar éis cionta fén Acht so do dhéanamh, no go bhfuiltar á dhéanamh no chun a dhéanta, féadfa sé ordú i scríbhinn (dá ngairmtear ordú cuardaigh san Acht so) do thabhairt amach d'aon bhall no baill den Ghárda Síochána fé n-a láimh a bheidh ainmnithe san ordú san chun aon áit no áitreabh a bheidh ainmnithe san ordú san do chuardach.
(2) Le hordú cuardaigh a tabharfar amach fén alt so údarófar don bhall den Ghárda Síochána a bheidh ainmnithe ann dul isteach san áit no san áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú aon uair laistigh de cheithre huaire fichead a’ chluig tar éis tabhairtamach an orduithe chuardaigh sin, agus san le héigean más gá é, agus an áit no an t-áitreabh ina raghfar amhlaidh do scrúdú, agus ainmneacha agus seolta aon daoine a gheobhfar ann do thógaint agus, más áitreabh deighleálaí arm teine an t-áitreabh, aon leabhair agus páipéirí a bhaineann le gnó an deighleálaí arm teine sin do thógaint.
(3) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána, a bheidh ag déanamh cuardaigh fé ordú cuardaigh, gabháil do dhéanamh gan barántas ar éinne a gheobhfar san áit no san áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú agus 'na bhfuil réasún aige chun a chreidiúint go bhfuil sé ciontach i gcionta fén Acht so.
Pionóisí.
25.—Einne a dhéanfidh cionta fén Acht so ná foráltar aon phionós eile dho leis an Acht so, féadfar, ar scór gach cionta fé leith den tsórt san—
(a) ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile; no
(b) ar a chiontú ann ar díotáil, fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Eisceachtaí.
26.—(1) Ní bhainfidh éinní san Acht so, i dtaobh arm teine, le haon arm teine seanda a díolfar, a ceannófar, a hiomprófar, no a bheidh ar seilbh ag duine mar chuirialtacht no mar órnáid.
(2) Na forálacha den Acht so a bhaineann le hamuinisean, beid mar bhreis le haon achtachán a bhaineann le ciméad agus díol pléascán agus ní mar bhaint uaidh.
Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh.
27.—(1) Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun an tAcht so do chur in éifeacht agus go sonnrach féadfa sé leis na rialacháin sin fuirmeacha deimhnithe airm teine agus ceadanna a tabharfar amach fén Acht so d'ordú agus fuirm an chláir a chimeádfidh deighleálaithe cláruithe arm teine, agus fós éinní no aon rud eile dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.
Buanú leathrannach ar Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924.
28.—D'ainneoin éinní contrárdha dho san in Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1925 (Uimh. 10 de 1925), leanfidh Acht na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924 (Uimh. 9 de 1924), agus gach rialachán a dineadh fé agus a bheidh i bhfeidhm an 31adh lá d'Iúl, 1925, leanfid i bhfeidhm tar éis an lae sin ach ní thar mar is gá chun údarás agus comhacht do thabhairt chun cúiseamh agus triail do dhéanamh agus, má fachtar ciontach iad, chun ciontú agus daora do dhéanamh, fén Acht san na nArm Teine (Forálacha Sealadacha), 1924, agus fé sna rialacháin sin, tar éis an 31adh lá san d'Iúl, 1925, ar dhaoine gur cuireadh ina leith roimh an 31adh lá san d'Iúl, 1925, no air no dá éis, gur dhineadar an lá san no roimhe sin, aon chionta fén Acht san no aon bhrise ar aon rialachán den tsórt san roimhráite, agus chun údarás agus comhacht do thabhairt chun aon athchomharc (ar a n-áirítear athchomharc i bhfuirm cáis aithriste) i gcoinnibh aon chiontú agus daortha (pe'ca roimh an 31adh lá san d'Iúl, 1925, no air, no dá éis), mar gheall ar chionta fén Acht san no mar gheall ar bhrise aon rialacháin den tsórt san, do thabhairt ar aghaidh, d'éisteacht, agus breith do thabhairt air tar éis an 31adh lá san d'Iúl, 1925.
Athghairm.
29.—Athghairmtear an Firearms Act, 1920, leis seo.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
30.—(1) Féadfar Acht na nArm Teine, 1925, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Lúnasa, 1925.