Uimhir 17 de 1927.
ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (SEIRBHÍSÍ GLUAISTEÁIN AR BHÓITHRE), 1927.
Mínithe.
1.—San Acht so—
foluíonn an focal “cuideachta bhóthair iarainn” aon trambhealach go bhfuil na dividenda ar aon chuid dá chaipital íoctha urruithe fén Tramway and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, agus aon trambhealach no bóthar iarainn a stiúruítear no a bainistítear ag suirbhéir contae no ag aon duine no daoine thar ceann aon chomhairle contae no údaráis áitiúla eile;
cialluíonn an focal “seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre” seirbhís aon fheithicle a ghluaiseann uaithi fein, pe'ca ghabhann leantóir léi no ná gabhann, agus a ritheann ar bhóthar phuiblí agus a húsáidtear i bpáirt no ar fad chun paisnéirí, bagáiste pearsanta paisnéirí, postanna, agus earraí tráchtála d'aon tsaghas no saghsanna earraí tráchtála d'iompar no chun aon chríche no crícheanna acu san;
foluíonn an focal “bóthar” aon tsráid, droichead, áirse, lána cearnóg, cúirt, clamhsa, no aon bhealach no pasáiste puiblí eile;
foluíonn an focal “earraí tráchtála” earraí, minearáil, eallach stuic, agus ainmhithe de gach saghas;
foluíonn an focal “postanna” málaí puist agus pacáidí puist (nách telegrama) mar a mínítear iad san sa Post Office Act, 1908;
foluíonn an focal “éilithe” rátaí, táillí, custuim, dleachta agus éilithe eile;
cialluíonn an focal “rátaí” rátaí agus éilithe eile i dtaobh earraí tráchtála d'iompar;
cialluíonn an focal “táillí” táillí agus éilithe eile i dtaobh paisnéirí agus a gcuid bagáiste d'iompar;
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an focal “Coiste Comhairleach na Rátaí” Coiste Comhairleach na Rátaí a bunuíodh leis an Ordú um Choiste Chomhairleach na Rátaí, 1925 (Rialacha agus Orduithe Reachtúla, 1925, Uimh. 11).
Cuideachtana bóthair iarainn do chur seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre ar siúl.
2.—Aon chuideachta bhóthair iarainn go bhfuil a mbóthar iarainn no aon chuid de laistigh de Shaorstát Éireann féadfid seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre do sholáthar, do bheith dá gcuid féin acu, do chimeád i dtreo agus do bheith ar siúl acu fén Acht so agus dá réir agus féadfid a gcistí do chur chuige sin.
Ceadú línte bealaigh.
3.—(1) Ní bheidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl ag aon chuideachtain bhóthair iarainn ar aon líne bealaigh ná beidh ceaduithe de thurus na huaire ag an Aire fén alt so.
(2) Aon chuideachta bhóthair iarainn a bheartóidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre do bheith ar siúl acu go buan no go triallach ar feadh tréimhse nách sia ná bliain cuirfid fé bhráid an Aire mion-innste ar an líne bealaigh ar a mbeidh sé beartuithe ag an gcuideachtain sin an tseirbhís sin do bheith ar siúl acu agus mion-innste ar chineál na seirbhíse a bheidh beartuithe amhlaidh a bheith ar siúl agus más rud é, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, gur dó leis an Aire gur ceart é dhéanamh féadfidh an tAire an líne bealaigh sin do cheadú tar éis no gan é atharú.
(3) Pé uair is dó leis an Aire, i dtaobh líne bhealaigh a chuirfidh cuideachta bhóthair iarainn fé n-a bhráid fén alt so mar líne bhealaigh do sheirbhís ghluaisteáin ar bhóithre chun paisnéirí d'iompar, gurb ionann é go substainteach, i bpáirt no go hiomlán, agus an líne bealaigh ar a bhfuil seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre do phaisnéirí ar siúl go regleálta ag duine éigin eile seachas an chuideachta bhóthair iarainn sin le linn an churtha-fé-bhráid sin, ní cheadóidh an tAire fén alt so an líne bealaigh sin a céadluaidhtear go dtí go mbeidh fógra i dtaobh an churtha-fé-bhráid sin tabhartha aige don duine sin agus breithniú déanta aige ar pé aithris chúise (más ann di) a dhéanfidh an duine sin ina thaobh.
(4) Agus é á bhreithniú ce'ca cheadóidh sé fén alt so líne bealaigh a bheidh beartuithe no ná ceadóidh, cuimhneoidh an tAire ar a mhéid a déanfar i bpáirt no go hiomlán i Saorstát Éireann na feithiclí a húsáidfar chun crícheanna na seirbhíse gluaisteáin ar bhóithre a bheidh beartuithe a bheith ar siúl ar an líne bealaigh sin agus ar a fheabhas a bheidh sé cabhrú le déantóireacht den tsórt san chó fada agus is féidir é go réasúnta.
(5) Má chítear don Aire aon uair gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, líne bealaigh do cheaduigh sé fén alt so d'athbhreithniú, ath-bhreithneoidh an tAire an líne bealaigh sin tar éis pé fiosrúchán (más ann do) is oiriúnach leis do dhéanamh, agus ar dhéanamh an ath-bhreithnithe sin do féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é agus mar is dó leis is ceart, a cheadú don líne bhealaigh sin do tharrac siar no, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, pé atharuithe is dó leis is ceart do dhéanamh ar an líne bealaigh sin.
(6) I gcás buan-tseirbhíse gluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl ar feadh cuid áirithe de gach bliain agus ar feadh na coda san amháin, leanfidh an ceadú a dhin an tAire fén alt so ar an líne bealaigh ar a mbeidh an tseirbhís sin ar siúl, leanfa sé i bhfeidhm (go dtí go dtarraiceofar siar é agus fé réir aon atharú a déanfar air fén alt so) chó fada agus is ar feadh na coda céanna san, no ar feadh na coda céanna san nách mór, de gach bliain i ndiaidh a chéile a bheidh an tseirbhís sin ar siúl.
Na héilithe a húdarófar maidir le seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre.
4.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt so, féadfidh cuideachta bhóthair iarainn pé éilithe is oiriúnach léi d'éileamh agus do ghlaca maidir le seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl aici fén Acht so ach gan iad do bheith níos mó ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa sceideal d'éilithe maximum a bheidh ceaduithe de thurus na huaire (go sealadach no go buan) ag an Aire maidir leis an seirbhís sin.
(2) Aon chuideachta bhóthair iarainn go mbeidh beartuithe acu seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre do bheith ar siúl acu cuirfid fé bhráid an Aire sceideal d'éilithe maximum maidir leis an seirbhís sin, agus leis sin cuirfidh an tAire an sceideal san fé bhráid Choiste Comhairleach na Rátaí.
(3) Breithneoidh Coiste Comhairleach na Rátaí gach sceideal d'éilithe maximum a cuirfar fé n-a mbráid fén alt so agus tabharfid tuarasgabháil air don Aire chó luath agus is féidir dóibh é agus ar fháil na tuarasgabhála san don Aire breithneoidh sé í agus ceadóidh sé an sceideal san gan é atharú no tar éis pé atharuithe is oiriúnach leis do dhéanamh air no diúltóidh sé don sceideal san do cheadú, pe'ca aca is dó leis is ceart.
(4) Más dó leis gur gá é toisc dithineas do bheith leis féadfidh an tAire sceideal d'éilithe maximum a cuirfar fé n-a bhráid fén alt so do cheadú go sealadach ach stadfidh an ceadú sealadach san nuair a dhéanfidh an tAire, tar éis do tuarasgabháil Choiste Comhairleach na Rátaí do bhreithniú, an sceideal san do cheadú go buan tar éis é atharú no gan é atharú no diúltú d'é cheadú.
(5) Má thárluíonn agus nuair a thárlóidh go n-iarrfidh cuideachta bhóthair iarainn ar an Aire leasú do dhéanamh ar sceideal d'éilithe maximum do ceaduíodh fén alt so maidir le seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre atá ar siúl ag an gcuideachtain sin, no gur dó leis an Aire gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, sceideal d'éilithe maximum do ceaduíodh fén alt so do leasú, cuirfidh an tAire an sceideal san fé bhráid Choiste Comhairleach na Rátaí, agus chó luath agus is féidir dóibh é breithneoidh an Coiste sin an scéal féachaint ar cheart an sceideal san do leasú agus tabharfid tuarasgabháil air don Aire agus ar fháil na tuarasgabhála san don Aire breithneoidh sé í agus déanfa sé pé ní acu so is dó leis is ceart, eadhon, a cheadú don sceideal san do dhaingniú gan leasú ná atharú do dhéanamh air no pé leasú no atharú is dó leis is ceart do dhéanamh ar an sceideal san.
(6) Gach breath-údarás, comhacht, agus dualgas a bronntar no a forchuirtar ar Choiste Chomhairleach na Rátaí leis an Ordú um Choiste Chomhairleach na Rátaí, 1925, chun crícheanna a bhfeidhmeanna fén Harbours, Docks and Piers (Temporary Increase of Charges) Act, 1920, bronntar agus forchuirtar ar Choiste Chomhairleach na Rátaí leis seo iad chun na gcrícheanna bhaineann le nithe do chur fé n-a mbráid fén alt so den Acht so.
(7) D'ainneoin éinní atá san alt so ní éileoidh ná ní ghlacfidh cuideachta bhóthair iarainn, gan cead ón Aire, maidir le seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl aici fén Acht so, aon éilithe ar son aon tráchta a raghaidh thar na héilithe is ísle d'éilíodh agus do ghlacadh an chuideachta san go dtí san ar son an tráchta san ar an seirbhís sin.
(8) Féadfidh cuideachta bhóthair iarainn aon éileamh d'éilimh sí go dleathach fén alt so d'éileamh agus d'fháil in aon chúirt údaráis inniúla mar fhiacha síbhialta.
Toirmeasc ar sheirbhísí do tharrac siar no eirghe asta.
5.—(1) Aon chuideachta bhóthair iarainn atá tar éis tosnú ar sheirbhís ghluaisteáin ar bhóithre do bheith ar siúl aici seachas seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre atá ar siúl go triallach fén Acht so, ní tharraiceoidh sí siar an tseirbhís sin ná ní eireoidh sí aisti gan cead ón Aire faid a bheidh sé dleathach fén Acht so an tseirbhís sin do bheith ar siúl agus í atharuithe no gan atharú uirthi.
(2) Aon chuideachta bhóthair iarainn a dhéanfidh (ar aon chúis seachas leor-chúiseanna lasmuich dá smacht) seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre do tharrac siar no eirghe aisti contrárdha don alt so beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur uirthi in aghaidh gach lae a leanfar den tsárú san.
(3) Aon tseirbhís ghluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl ar feadh cuid áirithe de gach bliain ní tuigfar go bhfuil sí tarraicthe siar ná go bhfuil eirithe aisti do réir bhrí an ailt seo faid is ar feadh na coda céanna san no ar feadh na coda céanna san nách mór de gach bliain i ndiaidh a chéile a bheidh sí ar siúl.
Postanna d'iompar ar sheirbhísí gluaisteáin ar bhóithre.
6.—(1) Bainfidh an Conveyance of Mails Act, 1893, le gach seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl ag cuideachta bhóthair iarainn fén Acht so, agus chun críche na bainte sin folóidh an focal “tramway,” san Acht san, seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl ag cuideachta bhóthair iarainn fén Acht so agus folóidh an focal “tramway company,” san Acht san, cuideachta bhóthair iarainn go mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl acu fén Acht so.
(2) I dteanta forálacha fo-alt (2) d'alt 2 den Conveyance of Mails Act, 1893, mar a dintar leis an alt so é chur i mbaint, agus gan dochar do sna forálacha san, cuirfar fé bhráid an Bhínse Bhóthair Iarainn agus breithneoidh an Bínse sin gach aighneas, idir an tAire Puist agus Telegrafa agus cuideachta bhóthair iarainn 'na mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl acu fén Acht so, i dtaobh iompar postanna ar an seirbhís ghluaisteáin sin ar bhóithre (marab aighneas é le n-a mbaineann an fo-alt san (2) ).
(3) Pé uair eireoidh aon aighneas, idir an tAire Puist agus Telegrafa agus cuideachta bhóthair iarainn 'na mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl acu fén Acht so, i dtaobh iompar postanna ar an seirbhís ghluaisteáin sin ar bhóithre (agus aighneas le n-a mbaineann fo-alt (2) d'alt 2 den Conveyance of Mails Act, 1893, d'áireamh) leanfidh an chuideachta bhóthair iarainn sin, faid a bheidh an t-aighneas san á shocrú, de sna seirbhísí le n-a mbaineann an t-aighneas san do dhéanamh.
Udarú connartha bhaineann le seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre.
7.—Aon chuideachta bhóthair iarainn go mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl acu no a bheartóidh í bheith ar siúl acu fén Acht so, féadfid connartha do dhéanamh maidir leis an seirbhís sin do ghléasa, do chimeád i dtreo, d'oibriú agus do chimeád ar siúl.
Cuntaisí do chimeád agus do thabhairt i dtaobh seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre.
8.—(1) Déanfidh cuideachta bhóthair iarainn go mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl aici fén Acht so cuntaisí do chimeád agus cuntaisí do thabhairt uaithi i dtaobh na seirbhíse sin fé mar ordóidh an tAire o am go ham.
(2) Aon chuideachta bhóthair iarainn ná cimeádfidh cuntas no ná tabharfidh cuntas uaithi is gá dhi de bhua an ailt seo a chimeád no a thabhairt uaithi beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar chúig púint do chur uirthi in aghaidh gach lae a leanfidh an fhaillí sin.
Airgead do chruinniú chun crícheanna seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre.
9.—Tré fheidhmiú gach comhachta no aon chomhachta dá bhfuil aici le linn rithte an Achta so chun airgead do chruinniú tré iasachtaí d'fháil no tré stoc nua do bhunú agus do thabhairt amach mar chaipital bhreise, féadfidh cuideachta bhóthair iarainn go mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl aici fén Acht so airgead do chruinniú o am go ham fé mar is gá chun feithiclí, gluaisteáin, garáistí, oifigí, meaisínteacht, gléasra, agus feisteas do sholáthar chun crícheanna na seirbhíse sin, agus d'ainneoin aon achtacháin ina choinnibh sin beidh sé ina chrích chun a bhféadfidh an chuideachta san airgead do chruinniú tré aon chomhacht den tsórt san roimhráite d'fheidhmiú feithiclí, gluaisteáin, garáistí, oifigí, meaisínteacht, gléasra, no feisteas den tsórt san do sholáthar.
An bhaint a bheidh ag na seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre le gnó eile cuideachtana bóthair iarainn.
10.—(1) Chun crícheanna Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), tuigfar, i dtaobh seirbhíse gluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl ag cuideachta bhóthar iarainn fén Acht so, gur gnó é ar siúl ag an gcuideachtain mar ghnó chabhartha no fo-ghnó dá bóthar iarainn, gnó ná fuil na héilithe bhaineann leis fé údarás an bhínse bhóthair iarainn.
(2) Ní tuigfar aon tseirbhís ghluaisteáin ar bhóithre a bheidh ar siúl ag cuideachta bhóthair iarainn fén Acht so do bheith ina cuid de ghnó na cuideachtan san chun críche aon chó-aontú idir an chuideachta san agus an tAire Puist agus Telegrafa a thugann teideal don chuideachtain sin telegrama do chur chun siúil in aisce no do réir ráta laigheaduithe.
Fo-dhlithe i dtaobh seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre.
11.—(1) Féadfaidh cuideachta bhóthair iarainn go mbeidh seirbhís ghluaisteáin ar bhóithre ar siúl acu fén Acht so fo-dhlithe do dhéanamh chun taisteal ar an seirbhís sin agus úsáid agus oibriú na seirbhíse sin agus feidhmiú éilithe bhaineann léi do rialú agus féadfid, le haon fho-dhlí den tsórt san, a ordú cadé an pionós, nách mó ná fíneáil dachad scilling, a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhaidh cúirt údaráis achmair a bheith ciontach i sárú na fo-dhlí sin.
(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon fho-dhlí a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire í agus ar bheith daingnithe amhlaidh di tiocfidh gach fodhlí den tsórt san i ngníomh an lá a cheapfidh an tAire chuige sin nuair a bheidh sé á daingniú no, mara n-orduítear aon dáta den tsórt san amhlaidh, díreach tar éis an daingnithe sin.
(3) Foillseofar ar pé slí ordóidh an tAire gach fo-dhlí a déanfar fén alt so.
(4) Einne gheobhaidh cúirt údaráis achmair ciontach i sárú fodhlí a bheidh déanta fén alt so féadfidh an chúirt sin é dhaora chun dul fé aon phionós nách mó ná an pionós a bheidh orduithe leis an bhfo-dhlí sin in aghaidh an tsáruithe sin no, mara mbeidh aon phionós orduithe amhlaidh, fé aon phionós nách mó ná fíneáil dachad scilling.
(5) Pé uair a thiocfidh dainnseur no crá don phuiblíocht no d'aon chuid den phuiblíocht no pé uair is eagal do réir réasúin a leithéid do theacht as sárú ar fho-dhlí a bheidh déanta fén alt so, féadfidh aon oifigeach no seirbhíseach don chuideachta bhóthair iarainn do dhin an fho-dhlí sin cur isteach do dhéanamh chun an dainnseur no an crá san do chasa i leataoibh, do chur as an slí, no do chosc agus go sonnrách féadfa sé, le fóiréigean más gá é, an té bheidh ag sárú na fo-dhlí sin amhlaidh do chur as áitreabh na cuideachtan san no as aon fheithicil leo, ach ní chuirfidh aon chur-isteach ná cur-as den tsórt san deire le hindliteacht aon phionóis mar gheall ar an sárú san ná ní dhéanfa sé dochar di.
Deire le comhachta reachtúla atá ann fé láthair.
12.—Gach foráil atá in aon Acht (pe'ca Acht puiblí generálta no áitiúil no pearsanta é) de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no in aon Acht (pe'ca Acht puiblí no príobháideach é) den Oireachtas agus le n-a n-údaruítear d'aon chuideachta bhóthair iarainn áirithe seirbhísí gluaisteáin ar bhóithre no aon tseirbhís áirithe den tsórt san do bheith ar siúl acu, scuirfe sí d'éifeacht do bheith aici i gceann sé mí tar éis rithte an Achta so.
Gearr-theideal.
13.—Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Seirbhísí Gluaisteáin ar Bhóithre), 1927, do ghairm den Acht so.