[EN]

Uimhir 17 de 1935.


[EN]

ACHT PÓNAÍ (SOLÁTHAR AGUS COTHABHÁIL), 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH ÚDARÁS ÁITIÚIL DO SHOLÁTHAR AGUS DO CHOTHABHÁIL PHÓNAÍ AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [24adh Bealtaine, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]

foluíonn an abairt “clárathóir contae” fo-shirriam ach ní fholuíonn aon chlárathóir contae ná beidh comhachta, dualgaisí, ceartanna agus oblagáidí fo-shirriaim aistrithe chuige de thurus na huaire de bhuadh ailt 54 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), no eile;

[EN]

léireofar an abairt “an clárathóir contae” mar thagairt don chlárathóir chontae gur ina líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an póna no an áit gur maidir leis a húsáidtear an abairt sin;

[EN]

foluíonn an focal “póna” aon chlós, foirgint, no áitreabh a bheidh déanta nó oiriúnuithe chun áirnéis no ainmhithe geobhfar no tógfar fé aon phróiseas dlí no barántas dleathach no ainmhithe gheobhfar ag treaspás, ag fánaíocht nó ar seachrán no áirnéis nách fios cé is únaer uirthi no nách féidir teacht ar a húnaer, do ghlacadh, do chothabháil, do choinneáil no do shlánchoimeád ann;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

(2) Chun crícheanna an Achta so is údarás áitiúil gach cólucht acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) comhairle chontae-bhuirge;

[EN]

(b) comhairle chontae;

[EN]

(c) comhairle bhuirge;

(d) comhairle bhailecheanntair.

[EN]

E de dhualgasar údaráis áitiúla pónaí do sholáthar.

2.—(1) Déanfaidh gach údarás áitiúil pé pónaí ordóidh an clárathóir contae, le haontú an Aire, go generálta no in aon chás áirithe do sholáthar i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san agus déanfaidh gach údarás áitiúil gach póna sholáthróid fén Acht so do chothabháil do réir an Achta so.

[EN]

(2) Pé uair, tar éis an Achta so do rith, a dhéanfaidh údarás áitiúil do réir na hoblagáide chuige sin a cuirtear ortha leis an Acht so áit do sholáthar chun é theacht chun bheith agus chun é bheith ina phóna agus is deimhin leis an gclárathóir contae an áit sin do bheith oiriúnach chun é d'úsáid mar phóna agus do bheith i dtreo mhaith agus ar staid mhaith bhéarfaidh an clárathóir contae amach don údarás áitiúil sin deimhniú á dhearbhú an áit sin do bheith ina phóna agus leis sin tiocfaidh an áit sin chun bheith agus beidh sé ina phóna ar n-a sholáthar ag an údarás áitiúil sin fén Acht so.

[EN]

(3) Pé uair a bhíonn aon áit do sholáthruigh údarás áitiúil mar phóna roimh an Acht so do rith á úsáid mar phóna le linn an Achta so do rith déanfaidh an clárathóir contae, más deimhin leis agus nuair is deimhin leis an áit sin do bheith oiriúnach chun é d'úsáid mar phóna agus do bheith i dtreo mhaith agus ar staid mhaith, deimhniú do thabhairt amach don údarás áitiúil sin á dhearbhú an áit sin do bheith ina phóna agus leis sin tiocfaidh an áit sin chun bheith agus beidh sé ina phóna agus tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fén Acht so do sholáthruigh an t-údarás áitiúil sin é.

[EN]

(4) I gcás áit do sholáthruigh údarás áitiúil mar phóna roimh an Acht so do rith do bheith á úsáid mar phóna le linn an Achta so do rith ní chuirfidh éinní san alt so cosc leis an áit sin do leanúint de bheith á úsáid mar phóna go dtí go dtabharfar amach ina thaobh deimhniú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so no deimhniú fén Acht so á rá nách gá an áit sin a thuilleadh mar phóna.

[EN]

Scur de phóna d'úsáid.

3.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, i dtaobh póna do sholáthruigh údarás áitiúil fén Acht so no i dtaobh áite do sholáthruigh údarás áitiúil mar phóna roimh an Acht so do rith agus do bhí á úsáid mar phóna le linn an Achta so do rith ach ná beidh deimhnithe fén Acht so é bheith ina phóna, nách gá é a thuilleadh mar phóna toisc póna eile do sholáthar ina ionad no toisc aon chúis eile, féadfaidh an clárathóir contae, le haontú an Aire, deimhniú do thabhairt amach don údarás áitiúil sin á dhearbhú gan an póna no an áit sin do bheith ina phóna a thuilleadh agus leis sin scuirfidh an póna no an áit sin de bheith ina phóna no de bheith ion-úsáidte go dleathach mar phóna.

[EN]

(2) Pé uair a bhéarfaidh an clárathóir contae deimhniú amach fén alt so d'údarás áitiúil féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le ceadú ón Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an clós, an fhoirgint, no an t-áitreabh le n-a mbaineann an deimhniú san do dhíol, do thabhairt suas no do chur de láimh ar shlí eile no d'úsáid chun aon chríche dleathaighe agus an sochar (más ann do) do gheobhfar as aon díol, tabhairt suas no cur-de-láimh den tsórt san cuirfid chun críche é i pé slí ordóidh an tAire sin.

[EN]

Pónaí do rialú, etc.

4.—(1) Fé réir orduithe generálta no áirithe an Aire is fén gclárathóir contae a bheidh rialú agus bainistí gach póna dhéanfaidh údarás áitiúil do sholáthar agus do chothabháil fén Acht so.

[EN]

(2) Na costaisí (sa mhéid ná deintear leis an Acht so no ná déanfar fé a mhalairt de shocrú ina dtaobh) fé n-a raghaidh clárathóir contae maidir le rialú agus bainistí gach póna dhéanfaidh údarás áitiúil do sholáthar agus do chothabháil fén Acht so isé an t-údarás áitiúil gur ina líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an póna san a ghlanfaidh iad agus tuigfear na costaisí sin do bheith ina gcuid de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin chun an phóna san do sholáthar agus do chothabháil.

[EN]

Coimeádaithe póna do cheapadh.

5.—(1) Gach údarás áitiúil go mbeidh aon phóna ina líomatáiste feidhmiúcháin ceapfaid, chó minic agus is gá é, do gach póna fé leith den tsórt san agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) íocfaid duine ceart oiriúnach chun bheith ina choimeádaí ar an bpóna san agus ceapfaid amhlaidh freisin agus íocfaid pé méid daoine cearta oiriúnacha (más aon mhéid é) ordóidh an clárathóir contae, go generálta no in aon chás áirithe, chun bheith ina gcongantóirí don choimeádaí phóna san.

[EN]

(2) Pé uair a theipfidh ar údarás áitiúil ar feadh trí mhí aon cheapadh do dhéanamh is gá don údarás san do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do dhéanamh féadfaidh an tAire an ceapadh san do dhéanamh agus i ngach cás den tsórt san ordóidh sé an tslí ina dtabharfar luach saothair don té ceapfar amhlaidh.

[EN]

(3) Pé uair a thárlóidh folúntas i bpost coimeádaí póna ceapfar fén alt so no i bpost congantóra d'aon choimeádaí póna den tsórt san féadfaidh an clárathóir contae fé n-a mbeidh rialú agus bainistí an phóna gur ina thaobh do thárla an folúntas san duine do cheapadh chun an phuist sin do líonadh go sealadach go dtí go líonfar an post san go cuibhe fén alt so agus i ngach cás den tsórt san bhéarfar luach saothair don té ceapfar amhlaidh sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina dtugtaí luach saothair don té do shealbhuigh an post san sarar thárla an folúntas san.

[EN]

(4) Más o údarás áitiúil a gheibheann aon choimeádaí póna ceapfar fén alt so no aon chongantóir d'aon choimeádaí póna den tsórt san a íocaíocht no a luach saothair i bpáirt no go hiomlán féadfaidh an tAire no an t-údarás áitiúil sin é bhriseadh as a phost mar choimeádaí póna no congantóir den tsórt san agus i ngach cás eile féadfaidh an tAire é bhriseadh as an bpost san aige.

[EN]

(5) Ní bhainfidh an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), ná Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), le héinne ceapfar ná le haon cheapadh déanfar fén alt so.

[EN]

Dualgaisí agus luach saothair coimeádaithe póna.

6.—(1) Déanfaidh gach coimeádaí póna an póna dá gceapfar é mar choimeádaí póna fén Acht so do rialú agus do bhainstí ach is don chlárathóir chontae agus thar ceann agus fé réir orduithe an chlárathóra chontae déanfar an rialú agus an bhainistí sin.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an ailt seo isé slí ina dtabharfar luach saothair do gach coimeádaí póna ceapfar fén Acht so ná tré tháillí a hordófar fén Acht so no tríd an údarás áitiúil a cheapfaidh é d'íoc luach saothair leis de pé méid ar a gcinnfidh an t-údarás áitiúil sin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no tré sna táillí sin agus an luach saothair sin le chéile.

[EN]

(3) Pé uair a déanfar coimeádaí póna ceapfar fén Acht so do cheapadh ar na téarmaí go bhfuighidh sé luach saothair ón údarás áitiúil a cheapfadh é agus go ndéanfa sé cuntas in aon táillí de sna táillí orduithe gheobha sé do thabhairt don údarás áitiúil sin agus na táillí sin d'íoc leo, ansan agus sa chás san déanfaidh an coimeádaí póna san cuntas sna táillí orduithe uile gheobha sé do thabhairt don údarás áitiúil sin agus na táillí sin d'íoc leo.

[EN]

Pónaí do dheisiú mara ndeinidh an t-údarás áitiúil amhlaidh.

7.—(1) Pé uair a theipfidh ar údarás áitiúil no fhailleoid treo ceart agus staid cheart do choimeád ar aon phóna áirithe is gá don údarás san do réir an Achta so do chothabháil féadfaidh an tAire a údaru don chlárathóir chontae a chur fé ndeár pé deisiúchán no obair eile do dhéanamh ar an bpóna san is gá.

[EN]

(2) Pé uair a theipfidh ar údarás áitiúil no fhailleoid leorsholáthar do chur ar fáil d'aon tsubstaint no rud a theastóidh chun úsáid cheart chuibhe do dhéanamh d'aon phóna áirithe is gá don údarás áitiúil sin, do réir an Achta so, do chothabháil féadfaidh an clárathóir contae, le toiliú an Aire, a chur fé ndeár go gcuirfear ar fáil pé méid (nách mó a chostas ná deich bpúint) den tsubstaint no den rud san a mheasfa sé, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh clárathóir contae fén alt so a chur fé ndeár deisiúchán no obair eile do dhéanamh no a chur fé ndeár aon tsubstaint no rud do chur ar fáil beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh an clárathóir contae sin ag déanamh an deisiúcháin no na hoibre eile sin no á chur fé ndeár é dhéanamh no á chur fé ndeár an tsubstaint no an rud san do chur ar fáil (pe'ca aca é) beidh an clárathóir contae sin i dteideal iad do bhaint mar fhiacha síbhialta, in aon chúirt dlighinse inniúla, den údarás áitiúil ar a mbeidh sé de dhualgas fén Acht so an póna do chothabháil ar a ndearnadh an deisiúchán no an obair eile sin no gur ina chóir do cuireadh an tsubstaint no an rud san ar fáil;

[EN]

(b) deimhniú i scríbhinn ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid aon chostaisí no caiteachaisí den tsórt a luaidhtear sa chéad mhír den fho-alt so beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar mhéid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin chun críche aon imeachta chun na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin do bhaint amach fén alt so.

[EN]

Rialacháin.

8.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) pónaí do bhainistí agus do rialáil go generálta;

[EN]

(b) comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna coimeádaithe póna;

[EN]

(c) na táillí a híocfar le coimeádaithe póna agus na daoine íocfaidh na táillí sin;

[EN]

(d) na táillí sin do chur de láimh agus an méid (más aon mhéid é) de sna táillí sin fhéadfaidh aon choimeádaí póna do choimeád;

[EN]

(e) ainmhithe gheobhfar ag treaspás, ag fánaíocht no ar seachrán, no áirnéis nach fios cé is únaer uirthi no nách féidir teacht ar a húnaer, do dhíol no do chur de láimh no do dhíthiú agus an t-am gur dá éis a déanfar an díol no an cur-de-láimh no an díthiú san;

[EN]

(f) aon airgead do gheobhfar de bharr aon díola fén mír dheiridh sin roimhe seo do chur de láimh;

[EN]

(g) éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha d'aon rialachán a déanfar fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Ciontaí.

9.—Gach duine—

[EN]

(a) dhéanfaidh damáiste d'aon phóna no bhrisfidh isteach ann, no

[EN]

(b) scaoilfidh no thógfaidh as aon phóna aon ainmhithe no áirnéis a bheidh á gcoimeád go dleathach ann, no

[EN]

(c) bhainfidh feidhm as fóiréigean, bagairtí no breabanna chun a chur in áirithe go ndéanfar aon ainmhithe no áirnéis a bheidh á gcoimeád go dleathach in aon phóna do scaoileadh no do bhreith chun siúil, no

[EN]

(d) bhainfidh feidhm as fóiréigean, bagairtí no breabanna chun a thabhairt ar éinne bheidh ceaptha fén Acht so chun bheith ina choimeádaí phóna no ina chongantóir do choimeádaí phóna gan oifig an choimeádaí no an chongantóra san do ghabháil le n-a ais no d'fheidhmiú no chun é chosc ar an oifig sin do ghabháil le n-a ais no d'fheidhmiú no chun a thabhairt ar éinne den tsórt san dualgaisí na hoifige sin d'fheidhmiú go mí-ionnraic no go faillíoch,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná naoi mí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Leigheas tré mhandamus in aghaidh údaráis áitiúla dhéanfaidh faillí.

10.—(1) Pé uair a theipfidh ar údarás áitiúil no fhailleoid dualgas do chólíonadh a cuirtear ar an údarás áitiúil sin leis an Acht so luighfidh imeachta um fhaoiseamh tré mhandamus, ar agra an Aire, chun a chur fhiachaint ar an údarás áitiúil sin an dualgas san do chólíonadh.

[EN]

(2) Luighfidh imeachta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'ainneoin leigheas eile do bheith ann agus beidh na himeachta san gan dochar don leigheas eile sin agus ní scór chun an fhaoisimh a hiarrfar sna himeachta san do dhiúltadh an leigheas eile sin do bheith ann.

[EN]

Údaráis áitiúla do chruinniú costaisí.

11.—(1) Isé slí ina gcruinneofar na costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil chun pónaí do sholáthar agus do chothabháil no chun éinní eile do dhéanamh maidir le pónaí do réir an Achta so ná—

[EN]

(a) i gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus buirge Dhún Laoghaire, tríd an ráta bárdais agus

[EN]

(b) i gcás aon chontae-bhuirge eile, tríd an ráta tré n-a gcruinnítear costaisí (seachas costaisí caomhnóirí no costaisí bhaineann leis an ráta dealbhais) fé fho-alt (3) d'alt 46 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus

[EN]

(c) i gcás buirge no bailecheanntair, tríd an ráta tré n-a gcruinnítear costaisí fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus

[EN]

(d) i gcás contae, tríd an ráta dealbhais go cothrom ar an gcontae gan aon bhuirg ná bailecheanntar atá ann d'áireamh.

[EN]

(2) Pé uair a bheidh aon phóna, a bheidh soláthruithe agus á chothabháil do réir an Achta so ag aon údarás áitiúil amháin (dá ngairmtear an príomh-údarás áitiúil sa bhfo-alt so) ag fónamh no á úsáid mar phóna do líomatáiste fheidhmiúcháin údaráis no údarásanna áitiúla eile (dá ngairmtear na húdaráis áitiúla rann íocacha sa bhfo-alt so) íocfaidh gach ceann fé leith de sna húdaráis áitiúla rann-íocacha leis an bpríomh-údarás áitiúil, ar éileamh an phríomh-údaráis áitiúla, pé cion de chostaisí soláthruithe agus cothabhála an phóna san ar a gcó-aontóidh na húdaráis áitiúla san no cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cheal an chó-aontuithe sin agus bainfidh an chéad fho-alt den alt so le gach suim is iníoctha ag údarás áitiúil rann-íocach fén bhfo-alt so fé is dá mba chostaisí do réir bhrí an chéad fho-ailt sin an tsuim sin.

[EN]

(3) Tuigfear chun crícheanna an ailt seo luach saothair choimeádaí phóna agus chongantóirí coimeádaí phóna aon phóna soláthrófar agus a bheidh á chothabháil fén Acht so do bheith ina chuid de chostaisí cothabhála an phóna san.

[EN]

Ciontaí do chúiseamh.

12.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Costaisí.

13.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire ag cur an Achta so in éifeacht.

[EN]

Athghairm.

14.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal.

15.—Féadfar an tAcht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935, do ghairm den Acht so.

[EN]

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

14 & 15 Vic., c. 92.

An Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851.

Alt 19, ach amháin mír 7 de agus mír 8 de o thosach na míre sin go dtí na focail “the Sub-Inspector of Constabulary of the District.”

17 & 18 Vic., c. 103.

An Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Alt 71, o sna focail “but previous to such sale” go deireadh an ailt.