Uimhir 17 de 1979
AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1979
[An tiontú oifigiúil]
[16 Iúil, 1979.]
Bainc thaisce iontaobhais do thabhairt iasachtaí.
1.—Beidh, agus measfar go raibh riamh, éifeacht le halt 3 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965, ionann is dá ndéanfaí “(lena n-áirítear, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, iasachtaí a thabhairt (bídís urraithe le morgáistí ar thalamh nó ar aon leas i dtalamh nó ar shlí eile) agus airgead a bheidh ar taisce sa bhanc ag taisceoirí a úsáid chun iasachtaí a thabhairt)” a chur isteach i ndiaidh “aon ghnó” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(1) Féadfaidh iontaobhaithe bainc thaisce iontaobhais, le toiliú an Aire Airgeadais, aon ghnó (lena n-áirítear, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, iasachtaí a thabhairt (bídís urraithe le morgáistí ar thalamh nó ar aon leas i dtalamh nó ar shlí eile) agus airgead a bheidh ar taisce sa bhanc ag taisceoirí a úsáid chun iasachtaí a thabhairt) a ghabháil de láimh ar dóigh dó, i dtuairim an Aire sin, an chnuaisciúin a spreagadh agus a bheith in acmhainn airgeadais an bhainc. |
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965 |