Uimhir 17 de 1985
AN tACHT UM CHÁIN FHEIRME, 1985
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | Bunú an Bhinse Cánach Feirme agus achomhairc chuig an mBinse sin. |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | Ioncam ó cháin fheirme a áireamh i meastacháin ar chaiteachais údarás áitiúil. |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | Cáin fheirme a ghnóthú agus méideanna a fhritháireamh in aghaidh cáin fheirme. |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | Forálacha i ndáil le neamhchomhlíonadh nósanna imeachta áirithe. |
24. | |
25. | Rialacháin chun lán-éifeacht a thabhairt don Acht agus chun deacrachtaí a réiteach. |
26. | Rialacháin agus rialacha a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
27. | |
28. | |
29. |
An Binse Cánach Feirme
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958 | |
Na hAchtanna Cánach Ioncaim | |
Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889 | 1889, c. 60 |
Public Offices (Fees) Act, 1879 | 1879, c. 58 |
Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963 | |
Na hAchtanna Luachála. |
Uimhir 17 de 1985
AN tACHT UM CHÁIN FHEIRME, 1985
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
tá le “acra coigeartaithe” agus le “acraíocht choigeartaithe” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 2 den Acht seo;
ciallaíonn “talmhaíocht” fearachas agus folaíonn sé gortóireacht, fás torthaí, fás síolta, feirmeoireacht déiríochta agus síolrú agus coimeád beostoic agus talamh a úsáid mar thalamh féaraigh, mar thalamh móinéir, mar thalamh saileánaigh, mar gharraithe margaidh agus mar phlandlanna;
ciallaíonn “talamh talmhaíochta” talamh a úsáidtear go hiomlán nó go formhór, nó is féidir go réasúnach a úsáid go hiomlán nó go formhór, chun críocha fearachais, ach ní fholaíonn sé talamh a fhorbraítear mar choillearnach thráchtála nó lena úsáid go hiomlán nó go formhór le haghaidh spóirt;
ciallaíonn “gabháltas talaimh talmhaíochta” comhiomlán na talún a áitíonn an duine céanna nó na daoine céanna;
tá le “liosta aicmiúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Acht seo;
ciallaíonn “an Coimisinéir” sealbhóir oifig an Choimisinéara Cánach Feirme a bhunaítear le halt 14 den Acht seo;
ciallaíonn “cáin fheirme” an cháin is inmhuirearaithe de bhua alt 9 den Acht seo;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhme tagairtí d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhall dualgais;
ciallaíonn “ús”, i ndáil le cáin fheirme, ús is iníoctha faoi alt 11 (7) den Acht seo i leith cáin fheirme;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;
ciallaíonn “áititheoir”, i ndáil le talamh, gabháltas talaimh talmhaíochta, nó cuid de ghabháltas den sórt sin, nó feirm inchánach, an duine atá i dteideal an talamh, an gabháltas nó an fheirm, de réir mar is cuí, a úsáid nó a theachtadh go neasach, cibé acu a úsáidtear nó a theachtar an céanna go hiarbhír nó nach ndéantar, agus—
(a) más rud é gur ina cháil mar fhostaí nó gníomhaire de chuid duine eile, nó mar iontaobhaí nó mar airíoch do dhuine eile, a shealbhóidh duine talamh nó gabháltas nó feirm den sórt sin, measfar, chun críocha an Achta seo, an duine eile sin a bheith i dteideal an talamh, an gabháltas nó an fheirm a úsáid nó a theachtadh go neasach, agus
(b) más rud é gur mar ionadaí pearsanta d'áititheoir éagtha talaimh, gabháltais nó feirme den sórt sin a shealbhóidh duine é nó í nó go mbeidh seilbh chodarsna aige ar thalamh nó ar ghabháltas nó feirm den sórt sin, measfar, chun críocha an Achta seo, an duine sin a bheith i dteideal an talamh, an gabháltas nó an fheirm a úsáid nó a theachtadh go neasach, agus
(c) más rud é gur faoi ligean i gconacra, nó chun críocha reachtaireachta nó dífhéarú díomuan, a shealbhóidh duine talamh nó gabháltas nó feirm den sórt sin, measfar, chun críocha an Achta seo, an duine óna dteachtann sé é nó í a bheith i dteideal an talamh, an gabháltas nó an fheirm a úsáid nó a theachtadh go neasach:
Ar choinníoll, áfach, i gcás an talamh, an gabháltas nó an fheirm a bheith faoi réir iontaobhais lánroghnaigh (de réir bhrí an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, arna leasú) agus nach mbeidh seilbh ag aon duine air nó uirthi de cheart, go measfar, chun críocha an Achta seo, iontaobhaithe an iontaobhais a bheith i dteideal an talamh, an gabháltas nó an fheirm a úsáid nó a theachtadh go neasach,
agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;
ciallaíonn “forordaithe ag an Aire Airgeadais” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais;
tá le “feirm inchánach” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo;
tá le “liosta d'athbhreithnithe” an bhrí a shanntar dó le halt 7 (5) den Acht seo;
ciallaíonn “an Binse” an Binse Cánach Feirme a bhunaítear le halt 8 den Acht seo.
(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo measfar, chun críocha an Achta seo, i gcás duine a bhfuil baint aige le duine eile, gurb é an duine céanna é leis an duine eile sin.
(b) Más rud é—
(i) maidir le duine arb é an t-áititheoir é ar ghabháltas talaimh talmhaíochta gur gaol é (de réir bhrí alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, arna mhodhnú le mír (c) den fho-alt seo) le duine arb é an t-áititheoir é ar ghabháltas talaimh talmhaíochta eile, agus
(ii) go ndéanann áititheoir gach gabháltais díobh an gabháltas a fheirmiú agus a bhainistí ar leithligh ón ngabháltas eile,
measfar, chun críocha an Achta seo, nach bhfuil baint ag an duine a chéadluaitear leis an dara duine a luaitear.
(c) Ceist ar bith faoi bhaint a bheith ag duine le duine eile déanfar, chun críocha an Achta seo, í a chinneadh de réir alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar go bhfolaíonn “gaol” san alt sin 16 (3) dírshliochtach dearthár nó deirféar.
Acra coigeartaithe.
2.—(1) San Acht seo, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “acra coigeartaithe” aon limistéar de thalamh talmhaíochta (bíodh sé comhionann le hacra amháin nó níos mó) arb ionann a chumas measta le haghaidh táirgeadh talmhaíochta agus an cumas le haghaidh táirgeadh den sórt sin in aon acra amháin talún a d'fhéadfadh an táirgeadh measta is airde den sórt sin sa Stát a thabhairt agus ciallaíonn “acraíocht choigeartaithe”, i ndáil le gabháltas talaimh talmhaíochta, an limistéar iomlán de thalamh talmhaíochta sa ghabháltas sin, arna léiriú in acraí coigeartaithe.
(2) Nuair a bheidh an cumas le haghaidh táirgeadh talmhaíochta atá ag talamh in áit ar bith á mheas chun críocha an ailt seo—
(a) féachfar—
(i) don réimse úsáidí a fhéadfar a bhaint as an talamh chun críocha táirgeadh talmhaíochta,
(ii) do dhóthanacht na mbealaí rochtana go dtí an talamh, agus
(iii) do na dálaí seo a leanas agus d'aon dálaí aiceanta eile, a dhéanann difear do chumas na talún le haghaidh táirgeadh talmhaíochta:
(I) an cineál ithreach agus a cáilíocht,
(II) suíomh agus aeráid na háite,
(III) cibé atá an talamh ar leibhéal nó ar fána agus, más ar fána, treo na fána agus a géire,
(IV) cibé atá an talamh i bhfothain agus cibé atá cnoic nó sléibhte ina thimpeall,
(V) struchtúr an ghabháltais talaimh talmhaíochta ar cuid de an talamh,
(VI) draenáil aiceanta na talún agus aon draenáil artaireach, áitiúil nó eile a dhéanann difear don talamh agus a sholáthair údarás Stáit (de réir bhrí an Achta Maoine Stáit, 1954) nó údarás áitiúil,
(VII) dóthanacht an tsoláthair uisce chun na talún, agus
(VIII) insroichteacht na talún ag innealra feirme agus ag stoc feirme agus cumas na talún chun glacadh le hinnealra feirme agus le stoc feirme agus chun damáiste ón gcéanna a sheasamh,
(b) glacfar leis go raibh agus go bhfuil an talamh á fheirmiú agus go leanfar á fheirmiú agus go raibh agus go bhfuil gnó feirmeoireachta na talún á bhainistí go réasúnach agus réasúnta éifeachtúil agus go leanfar á bhainistí amhlaidh, agus
(c) (i) i gcás infheistíocht sa talamh a bheith ag leibhéal is airde ná leibhéal réasúnach do thalamh i gcoitinne nó i gcás nach sroicheann sí an leibhéal sin, déanfar neamhshuim de chumas ar bith de chuid na talún le haghaidh táirgeadh talmhaíochta, nó d'easpa cumais den sórt sin sa talamh, is inchurtha i leith an chuid den infheistíocht sin is airde ná an leibhéal réasúnach sin a dúradh, nó i leith na heaspa sin san infheistíocht, de réir mar a bheidh.
(ii) I bhfomhír (i) den mhír seo ciallaíonn “infheistíocht”, i ndáil le talamh, infheistíocht sa talamh maidir leis an méid seo a leanas—
(I) leasacháin nó substaintí eile a úsáid chun an talamh a fheabhsú d'úsáid talmhaíochta,
(II) leibhéalú agus míntíriú ginearálta ar an talamh,
(III) bolláin, clocha, crainn, fiaile, aiteann nó fásra gan mhaith eile a ghlanadh as an talamh,
(IV) soláthar uisce agus draenacha agus díogacha a chur ar fáil agus a chothabháil don talamh,
(V) fálta ar an talamh a ghearradh agus fothain a chur ar fáil agus a chothabháil don talamh,
(VI) foirgnimh fheirme, clóis, poill sciodair nó sadhlais agus róid a dhéanamh agus a chothabháil ar an talamh, nó
(VII) meaisíní (lena n-áirítear innealra feirme) a sholáthar lena n-úsáid ar an talamh,
nó maidir le nithe eile dá samhail.
Feirm inchánach.
3.—(1) San Acht seo, faoi réir fhorálacha an ailt seo, ciallaíonn “feirm inchánach” gabháltas talaimh talmhaíochta atá liostaithe ar liosta aicmiúcháin nó ar liostaí aicmiúcháin agus a bhfuil 20 acra coigeartaithe ar a laghad d'acraíocht choigeartaithe inti.
(2) Más rud é—
(a) go mbeidh beirt nó níos mó, cibé mar nascthionóntaí, mar thionóntaí i gcoiteannas nó mar thionóntaí eile, ag áitiú gabháltas talaimh talmhaíochta (dá ngairtear an gabháltas céadluaite feasta san fho-alt seo) a bheidh liostaithe ar liosta aicmiúcháin nó ar liostaí aicmiúcháin, agus
(b) maidir le duine de na daoine sin (dá ngairtear an duine céadluaite feasta san fho-alt seo) gurb é an t-aon áititheoir é ar ghabháltas talaimh talmhaíochta eile a bheidh liostaithe ar liosta aicmiúcháin nó ar liostaí aicmiúcháin nó go n-áitíonn sé an gabháltas sin mar nascthionónta, mar thionónta i gcoiteannas, nó mar thionónta eile, i dteannta duine nó daoine eile (nach é an duine céanna duine díobh ar a laghad leis an duine nó le duine de na daoine arb é an t-áititheoir eile nó duine de na háititheoirí eile ar an ngabháltas céadluaite é),
déanfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an gabháltas céadluaite suite, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir, acraíocht choigeartaithe an ghabháltais chéadluaite a chionroinnt ar na daoine a áitíonn é, i cibé slí is dóigh leis an údarás nó leis na húdaráis sin a dúradh is cóir agus déanfaidh an t-údarás nó na húdaráis sin laistigh de 14 lá den chionroinnt sin fógra i scríbhinn, maille le sonraí i scríbhinn, i dtaobh na cionranna a chur leis an bpost chuig na háititheoirí ar an ngabháltas céadluaite, nó a thabhairt dóibh, agus i ndáil leis an gcéad bhliain dá ndéantar, tar éis an fógra sin a bheith faighte ag na háititheoirí sin, cáin fheirme i leith an ghabháltais chéadluaite a éileamh, agus i ndáil le gach bliain dá éis sin—
(i) déanfar an acraíocht choigeartaithe a bheidh cionroinnte amhlaidh ar an duine céadluaite a chur le hacraíocht choigeartaithe ghabháltas eile an duine chéadluaite, arna cionroinnt, más cuí, faoin alt seo,
(ii) measfar, chun críocha an Achta seo, gur aon ghabháltas talaimh talmhaíochta amháin an acraíocht iomlán sin dá dtagraítear i mír (i) den fho-alt seo agus go mbeidh acraíocht choigeartaithe aici comhionann le suim na n-acraíochtaí coigeartaithe sin a dúradh, agus
(iii) measfar, chun críocha an Achta seo, nach cuid d'acraíocht choigeartaithe an ghabháltais chéadluaite an acraíocht choigeartaithe de chuid an ghabháltais chéadluaite a bheidh cionroinnte amhlaidh ar an duine céadluaite.
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais limistéar is mó ná 20 acra coigeartaithe a fhorordú chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus fho-alt (3) d'alt 4 den Acht seo d'aon bhliain sa tréimhse ó dháta rite an Achta seo go dtí deireadh na bliana díreach tar éis na bliana ina gcuirfear tiomsú na liostaí aicmiúcháin i gcrích, agus beidh éifeacht leis na fo-ailt sin, d'aon bhliain dá mbeidh limistéar forordaithe amhlaidh mar a dúradh, amhail is dá ndéanfaí an limistéar a bheidh forordaithe amhlaidh a chur in ionad an limistéir a bheidh de thuras na huaire sonraithe sna fo-ailt sin.
Gabháltais talaimh talmhaíochta a aicmiú.
4.—(1) Tiomsóidh an Coimisinéir liosta (ar a dtabharfar liosta aicmiúcháin) i cibé foirm a chinnfidh an tAire Airgeadais i leith limistéar feidhme gach údaráis áitiúil sa Stát, ar a mbeidh gach gabháltas talaimh talmhaíochta sa limistéar feidhme sin a mbeidh a acraíocht choigeartaithe cinnte faoi fho-alt (3) den alt seo agus (maidir leis na gabháltais sin a mbeidh cuid díobh suite i limistéir fheidhme de chuid is mó ná údarás áitiúil amháin) i leith na coda sa limistéar feidhme sin.
(2) Síneoidh an Coimisinéir gach liosta aicmiúcháin agus luafar ann ainm agus seoladh aon úinéara agus áititheora agus tuairisc orthu (a mhéid is eol sin don Choimisinéir), acraíocht, acraíocht choigeartaithe (arna cinneadh ag an gCoimisinéir faoin alt seo) agus suíomh gach gabháltais talaimh talmhaíochta, nó cuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar an liosta.
(3) Cinnfidh an Coimisinéir acraíocht choigeartaithe na ngabháltas seo a leanas—
(a) gach gabháltas talaimh talmhaíochta a bhfuil 20 acra coigeartaithe ar a laghad ina acraíocht choigeartaithe,
(b) gach gabháltas talaimh talmhaíochta ar lú ná 20 acra coigeartaithe a acraíocht choigeartaithe ach gurb amhlaidh di, i gcás í a chur le hacraíocht choigeartaithe aon chuid nó codanna de ghabháltas nó de ghabháltais talaimh talmhaíochta a chionroinntear faoi alt 3 den Acht seo ar an duine a áitíonn an gabháltas céadluaite, go mbeadh, i dtuairim an Choimisinéara, 20 acra coigeartaithe ar a laghad in iomlán na n-acraíochtaí coigeartaithe,
(c) gach gabháltas talaimh talmhaíochta a áitíonn beirt nó níos mó, cibé mar nascthionóntaí, mar thionóntaí i gcoiteannas nó mar thionóntaí eile agus gurb amhlaidh dá acraíocht choigeartaithe, i gcás í a chionroinnt faoi alt 3 den Acht seo agus an chuid a chionroinntear amhlaidh ar aon duine de na daoine sin a chur le hacraíocht choigeartaithe aon ghabháltais nó aon ghabháltas talaimh talmhaíochta eile, arna cionroinnt nó arna gcionroinnt faoin alt sin 3 más cuí, a bheidh ar áitiú ag an duine sin, go mbeadh, i dtuairim an Choimisinéara, 20 acra coigeartaithe ar a laghad in iomlán na n-acraíochtaí coigeartaithe,
agus déanfaidh sé, maidir le gabháltas den sórt sin a bheidh suite i limistéar feidhme de chuid is mó ná údarás áitiúil amháin, acraíochtaí coigeartaithe na gcodanna den ghabháltas i ngach limistéar den sórt sin a chinneadh.
(4) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis déanamh amhlaidh, acraíocht choigeartaithe gabháltais talaimh talmhaíochta a chinneadh faoin alt seo agus an gabháltas a chur ar liosta aicmiúcháin agus na sonraí i ndáil leis a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a thaifeadadh ar liosta aicmiúcháin—
(a) d'ainneoin nach ndeachaigh aon oifigeach, de bhun alt 17 den Acht seo, isteach ar an ngabháltas chun críocha an ailt seo ar an gcúis gur coisceadh air sin a dhéanamh, nó
(b) d'ainneoin nár tugadh, mar fhreagra ar iarratas ó oifigeach don Choimisinéir ar fhaisnéis faoin alt sin 17, aon fhaisnéis i ndáil leis an talamh d'aon oifigeach den sórt sin faoin alt sin nó d'ainneoin gur tugadh faisnéis i ndáil leis an talamh dó amhlaidh nach bhfuil dóthanach, nó atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.
(5) Déanfaidh an Coimisinéir—
(a) a luaithe is féidir tar éis an lú lá de Mheán Fómhair, 1986, ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta sin, cóipeanna de na liostaí aicmiúcháin a bheidh tiomsaithe faoin alt seo i gcaitheamh na tréimhse dar críoch an dáta sin, cibé a bheidh an tiomsú i ngach cás curtha i gcrích nó nach mbeidh, a chur chuig na húdaráis áitiúla ar lena limistéir fheidhme a bhaineann siad,
(b) a luaithe is féidir tar éis an lú lá de Mhárta, 1987, ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta sin, cóipeanna de na liostaí aicmiúcháin ar leanadh dá dtiomsú faoin alt seo i gcaitheamh na tréimhse 6 mhí dar críoch an dáta sin, cibé a bheidh an tiomsú i ngach cás curtha i gcrích nó nach mbeidh, a chur chuig na húdaráis áitiúla ar lena limistéir fheidhme a bhaineann siad,
(c) a luaithe is féidir tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1987, ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta sin, cóipeanna de na liostaí aicmiúcháin ar leanadh dá dtiomsú faoin alt seo i gcaitheamh na tréimhse 6 mhí dar críoch an dáta sin, cibé a bheidh an tiomsú i ngach cás curtha i gcrích nó nach mbeidh, a chur chuig na húdaráis áitiúla ar lena limistéir fheidhme a bhaineann siad, agus
(d) a luaithe is féidir tar éis gach 1ú lá de Mheán Fómhair dá éis sin go dtí go mbeidh tiomsú na liostaí aicmiúcháin go léir curtha i gcrích, ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis gach dáta acu sin, cóipeanna de na liostaí aicmiúcháin ar leanadh dá dtiomsú i gcaitheamh na dtréimhsí 12 mhí dar críoch na dátaí sin, a chur chuig na húdaráis áitiúla ar lena limistéir fheidhme a bhaineann siad.
Liostaí aicmiúcháin a chur ar taispeáint.
5.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil, laistigh de 14 lá ón dáta a bhfaighidh sé cóip de liosta aicmiúcháin arna thiomsú faoi alt 4 (1) den Acht seo—
(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán a bheidh ar cúrsaíocht ina limistéar feidhme á lua go bhféadfar cóip den liosta a iniúchadh in oifigí sonraithe de chuid an údaráis áitiúil sa limistéar sin idir 10 a.m. agus 5 p.m. ar laethanta sonraithe i rith an 21 lá díreach tar éis an fhoilsithe sin, agus
(b) cóip de na sonraí sa liosta a bhaineann le gabháltas talaimh talmhaíochta nó le cuid de ghabháltas den sórt sin a chur leis an bpost chuig gach úinéir agus áititheoir, nó a thabhairt do gach úinéir agus áititheoir, ar ghabháltas nó ar chuid den sórt sin a bheidh sonraithe sa liosta agus arb eol dó é bheith ann agus arb eol dó a ainm agus a sheoladh agus ar úinéir nó áititheoir é nár cuireadh cóip den sórt sin chuige roimhe sin faoin mír seo.
(2) Beidh cóip de liosta aicmiúcháin dá dtagraítear i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil lena hiniúchadh ag comhaltaí den phobal sna hoifigí a bheidh sonraithe san fhógra, ar na laethanta agus idir na tráthanna a bheidh sonraithe ann, agus beidh cead ag comhaltaí den phobal dul isteach sna hoifigí sin agus an chóip a iniúchadh ar na laethanta agus idir na tráthanna réamhráite.
Achomhairc i ndáil le liostaí aicmiúcháin.
6.—(1) (a) Féadfaidh úinéir nó áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar chuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar liosta aicmiúcháin achomharc a dhéanamh in aghaidh aon sonra de na sonraí a bheidh taifeadta ar an liosta i ndáil leis an ngabháltas nó leis an gcuid, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an gCoimisinéir nó a thabharfaidh sé don Choimisinéir nó a thabharfar dó thar a cheann, laistigh de 28 lá ón gcéad uair, tar éis an liostaithe sin, a foilsíodh fógra, de bhun alt 5 den Acht seo, i dtaobh an liosta.
(b) Féadfaidh údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an gCoimisinéir, nó a thabharfar dó, laistigh de 28 lá ó fhógra i leith an liosta aicmiúcháin iomchuí a fhoilsiú de bhun an ailt sin 5—
(i) achomharc a dhéanamh in aghaidh aon sonra de na sonraí ar an liosta i ndáil le haon ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó le cuid de ghabháltas den sórt sin, ina limistéar feidhme, a bheidh liostaithe ar an liosta, nó
(ii) iarratas a dhéanamh chun gabháltas talaimh talmhaíochta, nó cuid de ghabháltas den sórt sin, nár liostaíodh roimhe sin ar an liosta a liostú amhlaidh agus chun na sonraí iomchuí i ndáil le gabháltas nó cuid de ghabháltas den sórt sin a thaifeadadh ar an liosta,
agus, ar fhógra faoin mír seo a fháil, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, a luaithe is féidir, cóip de na sonraí iomchuí ón bhfógra a chur leis an bpost chuig aon úinéir nó áititheoir, nó a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir, ar an ngabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar an gcuid de ghabháltas den sórt sin, lena mbaineann, a mbeidh a ainm agus a sheoladh taifeadta ar an liosta nó sonraithe ar an bhfógra.
(2) Beidh i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo na sonraí, más cuí, a taifeadadh ar an liosta aicmiúcháin iomchuí i dtaobh an ghabháltais talaimh talmhaíochta, nó an chuid de ghabháltas den sórt sin, lena mbaineann an t-achomharc nó an t-iarratas faoi thrácht maille le sonraí i dtaobh an leasaithe a éilítear agus forais an achomhairc nó an iarratais.
(3) A luaithe is féidir tar éis don Choimisinéir fógra a fháil faoi fho-alt (1) den alt seo cuirfidh sé faoi deara go gcuirfear in iúl don úinéir nó don áititheoir lena mbaineann, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuige nó a thabharfar dó, go bhféadfaidh sé, laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisinéir i ndáil leis an ábhar agus tar éis don Choimisinéir aon uiríll den sórt sin a rinneadh laistigh den am a bheidh sonraithe amhlaidh a bhreithniú, cinnfidh sé ar chóir an liosta aicmiúcháin iomchuí a leasú agus má chinneann sé gur chóir é a leasú, cinnfidh sé an leasú agus cuirfidh sé faoi deara an liosta aicmiúcháin iomchuí a leasú dá réir.
(4) Más rud é, mar gheall ar chinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo, go leasófar liosta aicmiúcháin, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, a luaithe is féidir, fógra i scríbhinn faoin leasú a chur leis an bpost chuig aon úinéir nó áititheoir, nó a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir, arb eol dó é bheith ann agus arb eol dó a ainm agus a sheoladh agus ar úinéir nó áititheoir é ar aon ghabháltas talaimh talmhaíochta dá ndéanann an leasú difear (seachas an gabháltas lena mbaineann an t-achomharc nó an t-iarratas faoi thrácht).
(5) Gach bliain suas go dtí an bhliain tar éis na bliana a mbeidh críoch curtha le tiomsú na liostaí aicmiúcháin faoi alt 4 den Acht seo agus an bhliain sin san áireamh, agus go dtí go mbeidh aon achomhairc nó iarratais faoin alt seo i ndáil leis na liostaí sin cinnte aige, tiomsóidh an Coimisinéir—
(a) maidir le limistéar feidhme gach údaráis áitiúil lena mbaineann, liosta de na hachomhairc agus de na hiarratais a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo agus a cinneadh i rith na bliana díreach roimhe sin i ndáil le gabháltais talaimh talmhaíochta, agus le codanna de ghabháltais den sórt sin, sa limistéar sin a raibh leasuithe ar na liostaí aicmiúcháin lena mbaineann le déanamh, agus déanta, maidir leo, agus
(b) maidir le limistéar feidhme gach údaráis áitiúil lena mbaineann, liosta de na hachomhairc agus de na hiarratais a rinneadh faoin bhfo-alt sin (1) agus a cinneadh i rith na bliana díreach roimhe sin i ndáil le gabháltais talaimh talmhaíochta, agus le codanna de ghabháltais den sórt sin, sa limistéar sin nach raibh leasuithe ar na liostaí aicmiúcháin lena mbaineann le déanamh, ná déanta, maidir leo.
(6) (a) Gach liosta a thiomsóidh an Coimisinéir faoi fho-alt (5) den alt seo, síneoidh an Coimisinéir é agus luafar ann ainm agus seoladh aon úinéara agus áititheora agus tuairisc orthu (a mhéid is eol sin don Choimisinéir), acraíocht, acraíocht choigeartaithe agus suíomh gach gabháltais talaimh talmhaíochta, nó cuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar an liosta.
(b) Gach liosta dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin (5) sonrófar ann aon leasú ar an liosta aicmiúcháin iomchuí a bheidh arna dhéanamh faoin alt seo sa bhliain lena mbaineann an liosta, i dteannta sonraí i dtaobh aon chinnidh faoi fho-alt (10) (a) den alt seo, a dhéanann difear do ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó do chuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar an liosta.
(7) A luaithe is féidir gach bliain seolfaidh an Coimisinéir chuig gach údarás áitiúil lena mbaineann, cóip d'aon liostaí a bheidh tiomsaithe aige faoi fho-alt (5) den alt seo i ndáil le limistéar feidhme an údaráis i leith na bliana díreach roimhe sin.
(8) Déanfaidh údarás áitiúil, laistigh de 14 lá ón dáta a bhfaighidh sé cóip de liosta arna thiomsú faoi fho-alt (5) den alt seo—
(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán a bheidh ar cúrsaíocht ina limistéar feidhme á lua go bhféadfar cóip den liosta a iniúchadh in oifigí sonraithe de chuid an údaráis áitiúil sa limistéar sin idir 10 a.m. agus 5 p.m. ar laethanta sonraithe i rith an 21 lá díreach tar éis an fhoilsithe sin, agus
(b) fógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig gach úinéir agus áititheoir, nó a thabhairt do gach úinéir agus áititheoir, ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar chuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh sonraithe ar an liosta agus arb eol dó é a bheith ann agus arb eol dó a ainm agus a sheoladh, ar fógra é—
(i) faoi leasú ar bith a rinneadh faoin alt seo ar an liosta aicmiúcháin iomchuí, agus faoi shonraí i dtaobh aon chinnidh faoi fho-alt (10) (a) den alt seo, a dhéanann difear don ghabháltas nó don chuid, nó
(ii) nach ndearnadh aon leasú den sórt sin,
cibé acu is cuí.
(9) Beidh cóip de liosta dá dtagraítear i bhfógra faoi fho-alt (8) den alt seo ar fáil lena hiniúchadh ag comhaltaí den phobal sna hoifigí a bheidh sonraithe san fhógra, ar na laethanta agus idir na tráthanna a bheidh sonraithe ann, agus beidh cead ag comhaltaí den phobal dul isteach sna hoifigí sin agus an chóip a iniúchadh ar na laethanta agus idir na tráthanna réamhráite.
(10) Aon leasú ar liosta aicmiúcháin faoin alt seo nó (i gcás achomhairc in aghaidh cinnidh faoin alt seo) faoi alt 8 den Acht seo, beidh éifeacht leis—
(a) i gcás iarratais faoi fho-alt (1) (b) (ii) den alt seo, amhail ar agus ó cibé dáta a chinnfidh an Coimisinéir nó, más iomchuí, an Binse nó an Ard-Chúirt, agus
(b) in aon chás eile, amhail ar an agus ón gcéad uair, tar éis an chinnidh faoi alt 4 (3) den Acht seo maidir leis an ngabháltas talaimh talmhaíochta lena mbaineann, a rinneadh fógra faoi alt 5 den Acht seo a fhoilsiú de bhun an ailt sin.
Athbhreithniú ar liostaí aicmiúcháin.
7.—(1) (a) Féadfaidh úinéir nó áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta nó ar chuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar liosta aicmiúcháin, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an gCoimisinéir nó a thabharfaidh sé don Choimisinéir nó a thabharfar dó thar a cheann, iarratas a dhéanamh tráth ar bith ar aon sonra de na sonraí a bheidh taifeadta ar an liosta i ndáil leis an ngabháltas nó leis an gcuid a athbhreithniú.
(b) Féadfaidh údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig an gCoimisinéir nó trína thabhairt dó, iarratas a dhéanamh tráth ar bith—
(i) ar aon sonra de na sonraí ar an liosta i ndáil le haon ghabháltas talaimh talmhaíochta nó le cuid de ghabháltas den sórt sin ina limistéar feidhme a bheidh liostaithe ar an liosta aicmiúcháin iomchuí, a athbhreithniú, nó
(ii) ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó cuid de ghabháltas den sórt sin, nár liostaíodh cheana a liostú ar an liosta aicmiúcháin iomchuí agus ar na sonraí iomchuí i ndáil le gabháltas nó le cuid den sórt sin a thaifeadadh ar an liosta,
agus ar fhógra faoin mír seo a fháil, cuirfidh an Coim isinéir faoi deara, a luaithe is féidir, cóip de na sonraí iomchuí ón bhfógra a chur leis an bpost chuig aon úinéir nó áititheoir, nó a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir, ar an ngabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar an gcuid de ghabháltas den sórt sin, lena mbaineann, a mbeidh a ainm agus a sheoladh taifeadta ar an liosta nó sonraithe ar an bhfógra.
(2) Beidh i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo na sonraí, más cuí, a taifeadadh ar an liosta aicmiúcháin iomchuí i dtaobh an ghabháltais talaimh talmhaíochta, nó an chuid de ghabháltas den sórt sin, lena mbaineann an t-iarratas faoi thrácht, maille le sonraí i dtaobh an athbhreithnithe a éilítear agus forais an iarratais.
(3) Faoi réir fho-alt (12) den alt seo, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil faoi fho-alt (1) den alt seo, go gcuirfear in iúl don úinéir nó don áititheoir lena mbaineann, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuige nó a thabharfar dó, go bhféadfaidh sé, laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisinéir i ndáil leis an ábhar agus tar éis don Choimisinéir aon uiríll den sórt sin a rinneadh laistigh den am a bheidh sonraithe amhlaidh a bhreithniú, cinnfidh sé ar chóir an liosta aicmiúcháin iomchuí a leasú agus, má chinneann sé gur chóir é a leasú, cinnfidh sé an leasú agus cuirfidh sé faoi deara an liosta aicmiúcháin iomchuí a leasú dá réir.
(4) Más rud é, mar gheall ar chinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo, go leasófar liosta aicmiúcháin, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, a luaithe is féidir, fógra i scríbhinn faoin leasú a chur leis an bpost chuig aon úinéir nó áititheoir, nó a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir, arb eol dó é a bheith ann agus arb eol dó a ainm agus a sheoladh agus ar úinéir nó áititheoir é ar aon ghabháltas talaimh talmhaíochta dá ndéanann an leasú difear (seachas gabháltas lena mbaineann an t-iarratas faoi thrácht).
(5) Tiomsóidh an Coimisinéir, roimh an 1ú lá de Shamhain i ngach bliain—
(a) maidir le limistéar feidhme gach údaráis áitiúil lena mbaineann, liosta (ar a dtabharfar liosta d'athbhreithnithe) de na hiarratais a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo agus a cinneadh i rith an 12 mhí dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin i ndáil le gabháltais talaimh talmhaíochta, agus le codanna de ghabháltais den sórt sin, sa limistéar sin a raibh leasuithe ar na liostaí aicmiúcháin lena mbaineann le déanamh, agus déanta, maidir leo, agus
(b) maidir le limistéar feidhme gach údaráis áitiúil lena mbaineann, liosta de na hiarratais a rinneadh faoin bhfo-alt sin (1) agus a cinneadh i rith an 12 mhí sin a dúradh i ndáil le gabháltais talaimh talmhaíochta, agus le codanna de ghabháltais den sórt sin, sa limistéar sin nach raibh leasuithe ar na liostaí aicmiúcháin lena mbaineann le déanamh, ná déanta, maidir leo.
(6) (a) Gach liosta a thiomsóidh an Coimisinéir faoi fho-alt (5) den alt seo síneoidh an Coimisinéir é agus luafar ann ainm agus seoladh aon úinéara agus áititheora agus tuairisc orthu (a mhéid is eol sin don Choimisinéir), acraíocht, acraíocht choigeartaithe agus suíomh gach gabháltais talaimh talmhaíochta, nó cuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar an liosta.
(b) Sonrófar i ngach liosta d'athbhreithnithe aon leasú ar an liosta aicmiúcháin iomchuí arna dhéanamh faoin alt seo, nó aon chinneadh arna dhéanamh faoi fho-alt (10) (a) den alt seo, sa tréimhse 12 mhí lena mbaineann an liosta agus a dhéanann difear do ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó do chuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh liostaithe ar an liosta.
(7) Déanfaidh an Coimisinéir, tráth nach déanaí ná an 1ú lá de Shamhain i ngach bliain, cóip d'aon liosta d'athbhreithnithe nó de liosta eile a bheidh tiomsaithe aige faoi fho-alt (5) den alt seo i ndáil le limistéar feidhme an údaráis sa 12 mhí dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin, a chur chuig gach údarás áitiúil lena mbaineann.
(8) Déanfaidh údarás áitiúil, laistigh de 14 lá ón dáta a bhfaighidh sé cóip de liosta d'athbhreithnithe nó de liosta eile arna thiomsú faoi fho-alt (5) den alt seo—
(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán a bheidh ar cúrsaíocht ina limistéar feidhme á lua go bhféadfar cóip den liosta a iniúchadh in oifigí sonraithe de chuid an údaráis áitiúil sa limistéar sin idir 10 a.m. agus 5 p.m. ar laethanta sonraithe i rith an 21 lá díreach tar éis an fhoilsithe sin, agus
(b) fógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig gach úinéir agus áititheoir, nó a thabhairt do gach úinéir agus áititheoir, ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar chuid de ghabháltas den sórt sin, a bheidh sonraithe ar an liosta agus arb eol dó é a bheith ann agus arb eol dó a ainm agus a sheoladh, ar fógra é:
(i) faoi leasú ar bith a rinneadh faoin alt seo ar an liosta aicmiúcháin iomchuí, agus faoi shonraí i dtaobh aon chinnidh faoi fho-alt (10) (a) den alt seo, a dhéanann difear don ghabháltas nó don chuid, nó
(ii) nach ndearnadh aon leasú den sórt sin,
cibé acu is cuí.
(9) Beidh cóip de liosta dá dtagraítear i bhfógra faoi fho-alt (8) den alt seo ar fáil lena hiniúchadh ag comhaltaí den phobal sna hoifigí a bheidh sonraithe san fhógra, ar na laethanta agus idir na tráthanna a bheidh sonraithe ann, agus beidh cead ag comhaltaí den phobal dul isteach sna hoifigí sin agus an chóip a iniúchadh ar na laethanta agus idir na tráthanna réamhráite.
(10) Aon leasú ar liosta aicmiúcháin faoin alt seo nó (i gcás achomhairc in aghaidh cinnidh faoin alt seo) faoi alt 8 den Acht seo beidh éifeacht leis mar a leanas:
(a) i gcás go raibh, maidir leis an ngabháltas talaimh talmhaíochta lena mbaineann, iompar den chineál a shonraítear in alt 17 (4) den Acht seo faoi áititheoir an ghabháltais nó faoina sheirbhíseach nó faoina ghníomhaire, maidir le cibé bliain a chinnfidh an Coimisinéir nó, más cuí, an Binse nó an Ard-Chúirt (lena n-áirítear bliain roimh an mbliain ina ndearnadh an t-iarratas faoin alt seo lena mbaineann an leasú) agus maidir le gach bliain dá éis sin, agus
(b) in aon chás eile, maidir leis an gcéad bhliain eile tar éis na bliana ina ndearnadh an t-iarratas iomchuí faoi fho-alt (1) den alt seo agus maidir le gach bliain dá éis sin,
agus más rud é, in aon chás lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, go mbeidh méid i leith cáin fheirme nó cáin fheirme bhreise iníoctha d'aon bhliain de dhroim leasú den sórt sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur éilíodh é faoi alt 11 den Acht seo don bhliain sin ar dháta dhul in éag an bhliain sin don tréimhse a shonraítear in alt 12 (2) den Acht seo nó, i gcás dáta a bheith forordaithe faoi fho-alt (2) den alt sin 11 don bhliain sin, ar an dáta sin.
(11) Féadfaidh an tAire Airgeadais dáta seachas aon dáta a shonraítear i bhfo-ailt (5) agus (7) den alt seo a fhorordú chun críocha na bhfo-alt sin agus le linn aon tréimhse ina mbeidh dáta forordaithe amhlaidh mar a dúradh beidh éifeacht leis na fo-ailt sin amhail is dá gcuirfí an dáta a bheidh forordaithe amhlaidh in ionad an dáta a dúradh a bheidh arna shonrú san fho-alt sin (5) nó (7), de réir mar a bheidh, díreach roimh an bhforordú sin.
(12) (a) Ní thabharfaidh an Coimisinéir aird ar iarratas faoin alt seo má chinneann sé nár tháinig aon athrú ábhartha ó thráth an chinnidh nó an athbhreithnithe is déanaí (más ann) faoin Acht seo ar na himthosca a rialaíonn acraíocht choigeartaithe an ghabháltais lena mbaineann agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don duine a dhéanfaidh iarratas den sórt sin.
(b) An chéad dul isteach ar thalamh a chuimsítear sa ghabháltas lena mbaineann ag oifigeach don Choimisinéir a tharlóidh tar éis an dul isteach sin a chosc nó tar éis bac nó constaic a chur ar oifigeach don Choimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi alt 17 den Acht seo i ndáil leis an talamh measfar chun críocha mhír (a) den fho-alt seo gur athrú ábhartha é ar na himthosca a rialaíonn acraíocht choigeartaithe na talún agus, i gcás éifeacht a bheith le fo-alt (8) den alt sin agus an chéad dul isteach sin mar a dúradh ar an talamh a chuimsítear sa ghabháltas lena mbaineann a bheith déanta, tabharfaidh an Coimisinéir, d'ainneoin an fho-ailt sin, aird ar iarratas faoin alt seo i ndáil leis an ngabháltas lena mbaineann.
Bunu an Bhinse Cánach Feirme agus achomhairc chuig an mBinse sin.
8.—(1) (a) Déanfar, de bhua an ailt seo, binse ar a dtabharfar an Binse Cánach Feirme agus dá ngairtear an Binse san Acht seo, a bhunú ar cibé dáta a fhorordóidh an tAire Airgeadais chun achomhairc faoi fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a éisteacht agus a chinneadh.
(b) Beidh éifeacht le forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an mBinse.
(2) (a) (i) Féadfaidh úinéir nó áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an mBinse nó a thabharfaidh sé don Bhinse, nó a thabharfar dó thar a cheann, laistigh de 28 lá ón dáta a ndearnadh, de bhun fho-alt (8) d'alt 6 den Acht seo nó fho-alt (8) d'alt 7 den Acht seo, fógra a fhoilsiú i ndáil le cinneadh faoin alt sin 6 nó 7, de réir mar a bheidh, nó ón dáta a fuair sé an fógra faoi fho-alt (12) den alt sin 7, achomharc a dhéanamh chuig an mBinse in aghaidh an chinnidh.
(ii) Féadfaidh údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an mBinse, nó a thabharfar don Bhinse, laistigh de 28 lá ón dáta a ndearnadh, de bhun fho-alt (8) d'alt 6 den Acht seo nó fho-alt (8) d'alt 7 den Acht seo, fógra a fhoilsiú i ndáil le cinneadh faoin alt sin 6 nó 7, de réir mar a bheidh, nó ón dáta a fuair sé an fógra faoi fho-alt (12) den alt sin 7, achomharc a dhéanamh chuig an mBinse in aghaidh an chinnidh.
(b) Beidh i bhfógra faoi mhír (a) den fho-alt seo na sonraí, más cuí, a taifeadadh ar an liosta aicmiúcháin iomchuí i dtaobh an ghabháltais talaimh talmhaíochta, nó an chuid de ghabháltas den sórt sin, lena mbaineann an t-achomharc faoi thrácht, maille le sonraí i dtaobh an chinnidh ar ina aghaidh a dhéantar an t-achomharc agus i dtaobh fhorais an achomhairc.
(c) Tarchuirfidh an Binse cóip de gach fógra a gheobhaidh sé faoi mhír (a) den fho-alt seo chuig an gCoimisinéir (arb é a bheidh ina fhreagróir san achomharc lena mbaineann, agus i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc sin) agus chuig aon duine eile a ndealraíonn sé go bhfuil leas aige i gcinneadh an achomhairc lena mbaineann nó ar dóigh go ndéanfadh an cinneadh lena mbaineann difear dó agus beidh an duine sin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc.
(3) (a) Féadfaidh áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an mBinse, nó a thabharfar don Bhinse, achomharc a dhéanamh chuig an mBinse in aghaidh cionroinnt ar acraíocht choigeartaithe an ghabháltais faoi alt 3 den Acht seo, laistigh de 28 lá ón dáta a ndearnadh fógra faoin gcionroinnt a chur chuige nó a thabhairt dó faoin alt sin 3.
(b) Beidh i bhfógra faoi mhír (a) den fho-alt seo na sonraí a taifeadadh ar an liosta aicmiúcháin iomchuí i dtaobh an ghabháltais talaimh talmhaíochta lena mbaineann an t-achomharc faoi thrácht, maille le sonraí i dtaobh na cionranna ar ina haghaidh a dhéantar an t-achomharc agus i dtaobh fhorais an achomhairc.
(c) Tarchuirfidh an Binse cóip de gach fógra a gheobhaidh sé faoi mhír (a) den fho-alt seo chuig na háititheoirí (seachas an t-áititheoir a dhéanann an t-achomharc) ar an ngabháltas talaimh talmhaíochta lena mbaineann, chuig gach údarás áitiúil lena mbaineann (arb iad a bheidh ina bhfreagróirí san achomharc lena mbaineann agus i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éist eacht an achomhairc sin) agus chuig aon duine eile a ndealraíonn sé go bhfuil leas aige i gcinneadh an achomhairc lena mbaineann nó ar dóigh go ndéanfadh an cinneadh lena mbaineann difear dó agus beidh an duine sin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc.
(d) Aon athrú ar chionroinnt faoi alt 3 den Acht seo a dhéantar faoi fho-alt (1) den alt seo nó (i gcás achomhairc in aghaidh cinnidh faoin bhfo-alt sin) faoi fho-alt (4) den alt seo, beidh éifeacht leis amhail ar an agus ón dáta a bhfaighidh an t-áititheoir lena mbaineann an fógra iomchuí dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.
(4) Féadfaidh páirtí in achomharc chuig an mBinse nó aon úinéir nó áititheoir eile ar ghabháltas talaimh talmhaíochta dá ndéanann an cinneadh difear achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí laistigh de 28 lá ón dáta a fógraíodh cinneadh an achomhairc ag an mBinse.
(5) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara a luaithe is féidir an liosta aicmiúcháin iomchuí a leasú i gcás aon leasú den sórt sin a bheith le déanamh de bhun cinnidh ón mBinse nó breithe ón Ard-Chúirt i ndáil le hachomharc faoin alt seo agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn i dtaobh an leasaithe don údarás áitiúil, nó do na húdaráis áitiúla, lena mbaineann.
(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is dóigh leis is gá a cheapadh ó am go ham as measc a chuid oifigeach le cabhrú leis an mBinse a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.
Cáin fheirme a mhuirearú.
9.—(1) Déanfar, i leith gach feirme inchánach, cáin, dá ngairfear cáin fheirme, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc gach bliain ag tosú cibé bliain a fhorordófar.
(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo agus alt 21 den Acht seo, déanfaidh an duine arb amhlaidh maidir leis, ar an dáta a bhforordófar an ráta cánach feirme don bhliain sin faoi fho-alt (4) den alt seo, go mbeidh sé taifeadta ar an liosta aicmiúcháin iomchuí nó ar na liostaí aicmiúcháin iomchuí gurb é an t-áititheoir é ar fheirm inchánach, cáin fheirme i leith na feirme d'aon bhliain a íoc leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an fheirm suite.
(b) Más rud é, ar an dáta a bhforordófar an ráta cánach feirme d'aon bhliain mar a dúradh, gurb amhlaidh, maidir le beirt nó níos mó (cibé mar nascthionóntaí, mar thionóntaí i gcoiteannas nó mar thionóntaí eile agus cibé atá nó nach bhfuil baint acu, nó ag cuid acu, lena chéile) go mbeidh sé taifeadta ar an liosta aicmiúcháin iomchuí nó ar na liostaí aicmiúcháin iomchuí gurb iad na háititheoirí iad ar fheirm inchánach agus nach duine ceachtar acu ar a gcionroinntear cuid den fheirm faoi alt 3 (2) den Acht seo, dlífear ar na daoine sin i gcomhpháirt agus go leithleach an cháin fheirme is iníoctha i leith na feirme don bhliain sin a íoc leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an fheirm suite.
(c) Más rud é, ar an dáta a ndéantar an ráta cánach feirme d'aon bhliain a fhorordú mar a dúradh—
(i) go mbeidh sé taifeadta ar an liosta aicmiúcháin iomchuí nó ar na liostaí aicmiúcháin iomchuí maidir le beirt nó níos mó gurb iad na háititheoirí iad ar fheirm inchánach,
(ii) gurb é a bheidh i nduine amháin nó níos mó díobh duine nó daoine ar a ndéantar cuid nó codanna de ghabháltas talaimh talmhaíochta arb é an fheirm é a chionroinnt faoin alt sin 3 (2), agus
(iii) nach é a bheidh i nduine amháin nó níos mó díobh duine nó daoine ar a ndéantar cuid nó codanna den ghabháltas sin a dúradh a chionroinnt mar a dúradh,
dlífear ar an duine nó ar na daoine dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír seo (i gcomhpháirt agus go leithleach i gcás níos mó ná duine amháin den sórt sin a bheith i gceist) an cháin fheirme (más ann) is iníoctha don bhliain sin i leith cibé méid den fheirm nach mbeidh cionroinnte mar a dúradh a íoc leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an fheirm suite.
(3) I gcás feirm inchánach a bheith suite i limistéar feidhme de chuid is mó ná aon údarás áitiúil amháin, déanfar cibé méid den cháin fheirme is iníoctha i leith na feirme a ríomhfar faoi threoir acraíocht choigeartaithe an chuid den fheirm atá suite i limistéar feidhme aon údaráis den sórt sin, a íoc leis an údarás sin.
(4) (a) Faoi réir alt 10 den Acht seo, íocfar cáin fheirme gach bliain inarb iníoctha í de bhua fho-alt (1) den alt seo, i leith feirmeacha inchánach, de réir cibé ráta a bheidh forordaithe don bhliain sin in aghaidh gach acra choigeartaithe de na hacraíochtaí coigeartaithe a bheidh taifeadta i leith na ngabháltas talaimh talmhaíochta, nó na gcodanna de ghabháltais den sórt sin, arb iad na feirmeacha iad ar na liostaí aicmiúcháin iomchuí ar an dáta a bhforordaítear an ráta cánach feirme don bhliain sin faoin bhfo-alt seo.
(b) (i) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, forordófar faoin mír sin don chéad bhliain dá mbeidh cáin fheirme iníoctha de bhua fho-alt (1) den alt seo, gur ráta £10 in aghaidh an acra choigeartaithe an ráta cánach feirme agus forordófar faoin mír sin d'aon bhliain dá mbeidh cáin fheirme iníoctha mar a dúradh (seachas an chéad bhliain sin) ráta cánach feirme a bhfuil an coibhneas céanna idir é agus £10 agus atá idir leibhéal measta na n-ioncam feirme an bhliain díreach roimhe sin agus leibhéal measta na n-ioncam feirme sa bhliain 1985.
(ii) Sa mhír seo ciallaíonn “leibhéal measta na n-ioncam feirme”—
(I) i ndáil leis an mbliain 1985, an t-ioncam a thig ó fhéinfhostaíocht, agus ioncam trádála eile, i dtalmhaíocht don bhliain sin arna mheas ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus arna fhoilsiú i bhFeasachán Staidrimh na hÉireann arna eisiúint ag an Oifig sin do mhí an Mheithimh sa bhliain 1986, agus
(II) i ndáil le haon bhliain eile, an t-ioncam a thig ó fhéinfhostaíocht, agus ioncam trádála eile, i dtalmhaíocht arna mheas ag Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus arna thabhairt i scríbhinn don Aire roimh dheireadh na bliana sin nó a luaithe is feidir an bhliain díreach tar éis na bliana sin.
(5) Más rud é gurb é a bheidh in acraíocht choigeartaithe iomlán feirme inchánach, líon d'acraí coigeartaithe agus codán d'acra coigeartaithe, íocfar i leith an chodáin, cáin fheirme de mhéid a mbeidh an coibhneas céanna idir í agus an ráta cánach feirme ar acra coigeartaithe amháin agus atá idir an codán agus acra coigeartaithe amháin.
(6) Aon tagairtí san alt seo agus in alt 11 den Acht seo don duine a mbeidh sé taifeadta maidir leis ar liosta aicmiúcháin nó ar liostaí aicmiúcháin, gurb é an t-áititheoir é ar fheirm inchánach, nó ar chuid d'fheirm inchánach, is tagairtí iad don duine a mbeidh sé taifeadta maidir leis ar an liosta sin gurb é an t-áititheoir é ar an ngabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar an gcuid de ghabháltas den sórt sin, arb é an fheirm sin nó an chuid sin d'fheirm é nó, de réir mar a bheidh, don duine arb é an t-áititheoir é ar ghabháltas talaimh talmhaíochta, nó ar chuid de ghabháltas den sórt sin, dá dtagraítear in alt 3 (2) (ii) den Acht seo, arb é an fheirm inchánach nó cuid den fheirm inchánach é.
(7) Measfar, chun críocha an Achta seo, nach mbeidh duine ná acraíocht choigeartaithe taifeadta ar liosta aicmiúcháin ar dháta áirithe mura mbeidh an taifead sin curtha in iúl faoin Acht seo ar an dáta sin nó roimhe don údarás áitiúil lena mbaineann.
Faoiseamh imeallach.
10.—Más rud é, maidir le hacraíocht choigeartaithe gabháltais talaimh talmhaíochta is feirm inchánach a bheidh taifeadta ar an liosta aicmiúcháin nó ar na liostaí aicmiúcháin iomchuí ar an dáta a bhforordaítear an ráta cánach feirme d'aon bhliain faoi alt 9 (4) den Acht seo, gurb ionann an acraíocht sin agus an líon acraí coigeartaithe a bheidh sonraithe don bhliain sin in alt 3 (1) den Acht seo nó gur mó í de 4 acra choigeartaithe ar a mhéid ná an líon sin, déanfar an cháin fheirme is iníoctha i leith na feirme don bhliain sin a laghdú—
(a) más ionann an acraíocht choigeartaithe agus an líon sin a dúradh nó más 1 acra coigeartaithe nó faoina bhun an bhreis, ⅘ú den cháin fheirme is iníoctha ar leith ón alt seo,
(b) más mó an bhreis ná 1 acra coigeartaithe ach nach mó í ná 2 acra choigeartaithe, ⅗ú den cháin fheirme is iníoctha ar leith ón alt seo,
(c) más mó an bhreis ná 2 acra choigeartaithe ach nach mó í ná 3 acra choigeartaithe, ⅖ú den cháin fheirme is iníoctha ar leith ón alt seo, agus
(d) más mó an bhreis ná 3 acra choigeartaithe ach nach mó í ná 4 acra choigeartaithe, ⅕ú den cháin fheirme is iníoctha ar leith ón alt seo.
Íoc cánach feirme.
11.—(1) Beidh cáin fheirme dlite agus iníoctha ar an dáta a bheidh dhá sheachtain i ndiaidh an dáta a n-éilítear í.
(2) (a) Déanfaidh údarás áitiúil, i leith gach bliana—
(i) a luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in alt 12 (2) den Acht seo, nó
(ii) i gcás dáta a bheith forordaithe faoi mhír (b) den fho-alt seo don bhliain sin, a luaithe is féidir tar éis an dáta a bheidh forordaithe amhlaidh,
trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig gach duine, nó a thabharfar do gach duine, a mbeidh sé taifeadta maidir leis ar an liosta aicmiúcháin iomchuí gurb é an t-áititheoir é ar fheirm inchánach, nó ar chuid d'fheirm inchánach, ina limistéar feidhme ar an dáta a bhforordófar an ráta cánach feirme don bhliain sin faoi alt 9 (4) den Acht seo, a chur in iúl dó cad é an méid cánach feirme is iníoctha aige don bhliain sin i leith na feirme inchánach nó i leith na coda agus a cheangal ar an duine sin an cháin sin a íoc leis an údarás áitiúil de réir an Achta seo agus measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, gurb é an dáta a sheolfar an fógra chuig an duine nó, de réir mar a bheidh, a thabharfar dó é an dáta a n-éilítear cáin fheirme i leith na feirme inchánach nó na coda.
(b) Féadfar dáta a fhorordú chun críocha mhír (a) den fho-alt seo d'aon bhliain, ar bliain í sa tréimhse ó dháta rite an Achta seo go deireadh na bliana díreach tar éis na bliana ina gcuirfear tiomsú na liostaí aicmiúcháin i gcrích.
(3) (a) I gcás rialacháin faoi mhír (b) den fho-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, féadfaidh an t-áititheoir ar fheirm inchánach, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh a shonróidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla, ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an fheirm suite, ó am go ham agus faoi réir aon rialacháin faoi mhír (b) den fho-alt seo a chomhlíonadh, in áit cáin fheirme a íoc i leith na feirme de réir fho-alt (1) den alt seo, í a íoc leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla de réir an fho-ailt seo.
(b) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha mhír (a) den fho-alt seo agus féadfar leis na rialacháin sin, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, socrú a dhéanamh lena n-aghaidh seo a leanas go léir nó le haghaidh aon cheann díobh:
(i) socrú trína bhféadfar cáin fheirme a íoc ina tráthchodanna,
(ii) na coinníollacha a shonrú (lena n-áirítear coinníollacha a shonrú ag údarás áitiúil) faoina bhféadfaidh duine cáin fheirme a íoc ina tráthchodanna faoin bhfo-alt seo agus na coinníollacha a fhéadfar a shonrú amhlaidh,
(iii) an modh le méid agus líon na dtráthchodanna sin a ríomh agus na dátaí a mbeidh siad iníoctha, lena n-áirítear socrú lena n-íoc sula bhforordaítear an ráta cánach feirme iomchuí,
(iv) modh íoctha na dtráthchodanna sin,
(v) i gcás nár íocadh tráthchuid de cháin fheirme ar an dáta arbh iníoctha í faoi na rialacháin nó roimh an dáta sin, socrú trína ndéanfar an cháin fheirme, nó cibé méid di a bheidh neamhíoctha, a íoc ar cibé dáta a shonróidh an t-údarás áitiúil, ar dáta é nach luaithe ná an dáta ar a mbeadh an cháin fheirme iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo.
(c) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo d'imthosca éagsúla agus d'aicmí éagsúla cásanna.
(4) (a) I gcás achomharc nó iarratas a bheith déanta faoi alt 6 nó 7 den Acht seo agus nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar an achomharc nó ar an iarratas agus nach mbeidh an liosta aicmiúcháin nó na liostaí aicmiúcháin iomchuí leasaithe go cuí más gá, déanfar cáin fheirme i leith na feirme inchánach iomchuí a ríomh agus a íoc de réir alt 9 den Acht seo.
(b) I gcás achomharc a bheith déanta faoi alt 8 (3) den Acht seo agus nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar an achomharc, déanfar, fad a bheidh an cinneadh sin ar feitheamh, cáin fheirme i leith na feirme inchánach iomchuí, a ríomh agus a íoc amhail is dá mba nach ndearnadh an t-achomharc.
(5) Más rud é, de dhroim leasú ar liosta aicmiúcháin de bhun achomhairc nó iarratais faoin alt sin 6 nó 7 a cinneadh go críochnaitheach nó de dhroim athrú ar chionroinnt faoi alt 3 (2) den Acht seo de bhun achomhairc faoi alt 8 (3) den Acht seo a cinneadh go críochnaitheach, go ndearna duine nach raibh faoi dhliteanas cáin fheirme a íoc, an cháin sin a íoc nó go ndearnadh ró-íocaíocht den cháin sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann méid na híocaíochta nó na ró-íocaíochta a íoc leis an duine a rinne í.
(6) Más rud é, de dhroim leasú nó athrú den sórt sin a dúradh, go dtitfidh sé ar dhuine méid a íoc i leith cánach feirme nó cánach feirme breise nó i leith úis is iníoctha ar an gcáin sin faoin Acht seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an duine, nó a thabharfar dó, an méid a chur in iúl dó agus beidh an méid sin dlite den duine sin agus iníoctha aige leis an údarás áitiúil dhá sheachtain tar éis dháta faighte an fhógra sin.
(7) (a) I gcás méid cánach feirme a bheith dlite agus neamhíoctha ar feadh tréimhse is mó ná dhá mhí tar éis an dáta a mbeidh sé dlite agus iníoctha faoin Acht seo, déanfaidh an duine a bheidh faoi dhliteanas an méid a dúradh a íoc, ús simplí, gan asbhaint cánach ioncaim, ar an méid, arna ríomh de réir ráta 1¼ faoin gcéad in aghaidh gach mí nó cuid de mhí den tréimhse, a íoc leis an údarás áitiúil lena mbaineann agus beidh an t-ús sin dlite agus iníoctha dhá sheachtain tar éis an dáta a ndéanann an t-údarás áitiúil lena mbaineann, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an duine sin a dúradh nó a thabharfar dó, íoc an úis a éileamh.
(b) Cuirfear íocaíocht ar cuntas cánach feirme i bhfeidhm—
(i) i gcás ús a bheith dlite ar an gcáin ar dháta na híocaíochta, ar íoc an úis a bheidh dlite amhlaidh, a mhéid is indéanta sin, agus
(ii) i gcás aon iarmhéid den íocaíocht a bheith neamhíoctha, ar íoc cibé méid den cháin is ionann agus an t-iarmhéid sin.
(c) Féadfaidh údarás áitiúil, más deimhin leis gur cuí sin a dhéanamh, iomlán aon mhéid nó cuid d'aon mhéid is iníoctha leis faoi mhír (a) den fho-alt seo a mhaitheamh.
(8) Más rud é, i dtuairim údaráis áitiúil, gur chruatan ró-mhór ar dhuine áirithe arb iníoctha aige cáin fheirme, nó ús is iníoctha ar cháin fheirme faoin Acht seo, an cháin nó an t-ús a íoc tráth áirithe, féadfaidh an t-údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost chuig an duine nó a thabharfar dó, gníomh nó gníomh breise faoin Acht seo, lena áirithiú go n-íocfar go hiomlán nó go páirteach méid na cánach nó an úis a dúradh a fhionraí ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus más rud é, i ndáil le haon mhéid cánach feirme, go mbeidh fionraí ann faoin bhfo-alt seo ar feadh aon tréimhse—
(a) ní bheidh feidhm maidir leis an méid sin ag fo-alt (7) den alt seo i leith na tréimhse sin, agus
(b) leanfaidh alt 21 (seachas fo-alt (5)) den Acht seo, d'ainneoin na fionraí, d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an méid sin ar feadh na tréimhse sin.
(9) Measfar, chun críocha fho-alt (4) nó (5) den alt seo, cinneadh críochnaitheach a bheith déanta ar achomharc nó ar iarratas dá dtagraítear sna fo-ailt sin—
(a) i gcás nach ndearnadh achomharc faoi fho-alt (2) d'alt 8 den Acht seo i ndáil le cinneadh an achomhairc nó an iarratais, ar dhul in éag don am le hachomharc den sórt sin a thionscnamh,
(b) i gcás go ndearnadh achomharc faoin bhfo-alt sin (2) i ndáil le cinneadh den sórt sin, ach nach ndearnadh achomharc faoi fho-alt (4) den alt sin 8 i ndáil leis an ábhar, ar dhul in éag don am le hachomharc faoin bhfo-alt sin (4) a thionscnamh,
(c) i gcás go ndearnadh achomharc faoin bhfo-alt sin (4) i ndáil le cinneadh den sórt sin, ar an achomharc a chinneadh,
(d) i gcás go ndearnadh achomharc faoi fho-alt (3) den alt sin 8—
(i) más rud é nach ndearnadh achomharc faoin bhfo-alt sin (4) in aghaidh an chinnidh ar an achomharc céadluaite, ar dhul in éag don am le hachomharc den sórt sin a thionscnamh, agus
(ii) más rud é go ndearnadh achomharc faoin bhfo-alt sin (4) in aghaidh cinnidh den sórt sin, ar an achomharc a chinneadh.
Taifead cánach feirme.
12.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil, a luaithe is féidir tar éis an ráta cánach feirme a fhorordú do bhliain faoi alt 9 den Acht seo taifead a thiomsú, i cibé foirm a bheidh forordaithe, don bhliain sin, ar a dtabharfar taifead cánach feirme, ina mbeidh na sonraí a bheidh taifeadta ar an liosta aicmiúcháin dá limistéar feidhme ar dháta an fhorordaithe sin mar aon le sonraí faoin méid cánach feirme is iníoctha don bhliain sin i leith gach feirme inchánach iomchuí, nó cuid d'fheirm den sórt sin.
(2) A luaithe is féidir tar éis d'údarás áitiúil taifead cánach feirme a chríochnú, foilseoidh an t-údarás fógra i nuachtán a bheidh ar cúrsaíocht ina limistéar feidhme á rá go bhféadfar cóip den taifead a iniúchadh in oifigí sonraithe den údarás áitiúil sa limistéar sin idir 10 a.m. agus 5 p.m. ar laethanta sonraithe i gcaitheamh an 21 lá díreach tar éis an fhoilsithe sin.
(3) Beidh cóip de thaifead cánach feirme dá dtagraítear i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil lena hiniúchadh ag comhaltaí den phobal sna hoifigí a bheidh sonraithe san fhógra, ar na laethanta agus idir na tráthanna a bheidh sonraithe ann, agus beidh cead ag comhaltaí den phobal dul isteach sna hoifigí sin agus an chóip a iniúchadh ar na laethanta agus idir na tráthanna réamhráite.
(4) Féadfaidh údarás áitiúil taifead cánach feirme a bheidh tiomsaithe aige a leasú tráth ar bith chun earráidí agus easnaimh sa taifead cánach feirme sin a cheartú.
(5) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead cánach feirme, nó de shliocht as taifead cánach feirme, agus a airbheartóidh go bhfuil air deimhniú arna shíniú ag oifigeach don údarás áitiúil a thiomsaigh an taifead cánach feirme á rá gur cóip é den chineál sin a dúradh, beidh sé, gan cruthú faoi shíniú an duine a shínigh an doiciméad, nó gurbh é, tráth sínithe an doiciméid, an t-oifigeach sin a dúradh é, ina fhianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe a luaitear ar an taifead cánach feirme sin, nó ar an sliocht sin, de réir mar a bheidh.
Ioncam ó chain fheirme a áireamh i meastacháin ar chaiteachais údarás áitiúil.
13.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil, ina mheastachán caiteachas (de réir bhrí an Achta um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955) do gach bliain airgeadais áitiúil, arb í an bhliain airgeadais áitiúil sin í a bheidh forordaithe, agus do gach bliain airgeadais áitiúil dá éis sin, méid an ioncaim, arna mheas i cibé modh a bheidh forordaithe, a fhaibhreoidh chuige i leith cáin fheirme don bhliain sin a áireamh sna meastacháin sin.
(2) Féadfar, más cuí leis an Aire é, comhshocraíochtaí a fhorordú chun críocha fho-alt (1) den alt seo, d'aon bhliain airgeadais áitiúil sa tréimhse ó dháta rite an Achta seo go dtí deireadh na bliana díreach i ndiaidh na bliana ina gcuirtear tiomsú na liostaí aicmiúcháin go léir i gcrích, ar comhshocraíochtaí iad seachas comhshocraíochtaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire le go ndéanfaidh údaráis áitiúla na hioncaim a fhaibhreoidh chucu an bhliain sin ó cháin fheirme a mheas agus le go dtabharfaidh siad cuntas i leith na n-ioncam sin.
An Coimisinéir Cánach Feirme.
14.—(1) Beidh arna bhunú, ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta rite an Achta seo nó ar feadh cibé tréimhse is faide ná sin a fhorordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, oifig Coimisinéara Cánach Feirme agus an Coimisinéir Cánach Feirme a thabharfar ar shealbhóir na hoifige agus gairtear “an Coimisinéir” de san Acht seo.
(2) Is é an tAire Airgeadais a cheapfaidh an Coimisinéir.
(3) (a) Beidh an Coimisinéir i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaidh sé cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim nó scéimeanna a dhéanamh, agus a chur i gcrích de réir théarmaí an chéanna, chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Choimisinéara Cánach Feirme nó i leith na ndaoine sin.
(c) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim nó scéimeanna ag leasú nó ag cúlghairm scéim nó scéimeanna faoin alt seo (lena n-áirítear scéim faoin mír seo) a dhéanamh, agus a chur i gcrích de réir théarmaí an chéanna.
(4) Beidh an Coimisinéir neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.
(5) Beidh duine a cheapfar ina Choimisinéir i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana, a chinnfidh an tAire Airgeadais agus é á cheapadh, ach féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair is cuí leis, an ceapachán a fhadú (lena n-áirítear ceapachán a bheidh fadaithe roimhe sin faoin bhfo-alt seo) go ceann cibé tréimhse breise, nach faide ná cúig bliana, is cuí leis.
(6) Féadfaidh an Coimisinéir na gníomhartha nó na nithe sin go léir a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo.
(7) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh an tAire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.
(8) Beidh feidhm maidir le foireann an Choimisinéara ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, agus ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus ag na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.
(9) Tabharfaidh an Coimisinéir don Aire Airgeadais cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
(10) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais an Coimisinéir a chur as oifig tráth ar bith.
(b) Má chuirtear an Coimisinéir as oifig faoin bhfo-alt seo, cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go gcuirfear ráiteas i dtaobh na gcúiseanna gur cuireadh as oifig é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(11) (a) Aon uair a dhealraíonn sé don Aire Airgeadais go bhfuil an Coimisinéir neamhábalta go sealadach ar a dhualgais a urscaoileadh, féadfaidh an tAire Airgeadais duine a cheapadh chun gníomhú in áit an Choimisinéara le linn na neamhábaltachta sin nó ar feadh cibé tréimhse is giorra ná sin is cuí leis an Aire Airgeadais.
(b) Beidh ag duine a cheapfar faoi mhír (a) den fho-alt seo, feidhmeanna uile an Choimisinéara agus measfar go bhfolaíonn tagairtí san Acht seo don Choimisinéir tagairtí do dhuine den sórt sin.
(12) Aon uair a iarrfaidh an Coimisinéir amhlaidh, ceadóidh an Foras Talúntais agus an Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta, nó ceadóidh ceachtar díobh, don Choimisinéir talamh talmhaíochta a bheidh á áitiú acu nó ag ceachtar acu, de réir mar a bheidh, a úsáid chun críocha a fheidhmeanna (lena n-áirítear oiliúint a chuid oifigeach) faoin Acht seo.
(13) A thúisce a scoirfidh oifig Choimisinéara Cánach Feirme—
(a) tiocfaidh feidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo chun bheith dílsithe, agus beidh siad dílsithe, don Choimisinéir Luachála (de réir bhrí na nAchtanna Luachála),
(b) forléireofar gur tagairtí don Choimisinéir Luachála (de réir na brí a dúradh) tagairtí san Acht seo don Choimisinéir,
agus forléireofar an tAcht seo agus beidh éifeacht leis dá réir sin maille le haon mhodhnuithe eile is gá.
An Coimisinéir Cánach Feirme do tharmligean feidhmeanna.
15.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir aon fheidhm dá chuid feidhmeanna faoin Acht seo a tharmligean chuig aon oifigeach amháin nó níos mó don Choimisinéir ach ní dhéanfaidh sé feidhm i ndáil le hachomharc ná le hiarratas faoi alt 6 den Acht seo a tharmligean chuig oifigeach don Choimisinéir a chomhlíon feidhm roimhe sin faoin Acht seo i ndáil leis an ngabháltas talaimh talmhaíochta lena mbaineann.
(2) I gcás feidhm a tharmligean faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) déanfaidh an t-oifigeach don Choimisinéir, ar chuige a tharmligtear an fheidhm, an fheidhm a chomhlíonadh faoi threoir ghinearálta, agus faoi réir rialú ginearálta, an Choimisinéara, agus
(b) déanfaidh an t-oifigeach don Choimisinéir, ar chuige a tharmligtear an fheidhm, an fheidhm a chomhlíonadh de réir cibé teorainneacha (más ann) a bheidh sonraithe sa tarmligean i ndáil leis an limistéar nó leis an tréimhse ina mbeidh an fheidhm le comhlíonadh aige nó i ndáil lena mhéid a bheidh an fheidhm le comhlíonadh aige.
(3) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, i gcás feidhm a bheith tarmligthe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Coimisinéir in aon chás áirithe maidir le comhlíonadh na feidhme, a chur in iúl don oifigeach don Choimisinéir lena mbaineann go bhfuil sé beartaithe aige an fheidhm a chomhlíonadh, nó leanúint den fheidhm a chomhlíonadh, é féin, amhail ar agus ó dháta sonraithe agus, má dhéanann sé amhlaidh, beidh an fheidhm, amhail ar an agus ón dáta a bheidh sonraithe amhlaidh, inchomhlíonta ag an gCoimisinéir agus ní ag an oifigeach don Choimisinéir lena mbaineann.
(4) Féadfaidh tarmligean faoin alt seo baint a bheith aige le comhlíonadh feidhme go ginearálta nó le comhlíonadh feidhme i gcás áirithe nó in aicme cáis áirithe nó i ndáil le talamh i limistéar áirithe.
(5) (a) Féadfaidh an Coimisinéir tarmligean a chúlghairm faoin alt seo tráth ar bith go ginearálta nó i ndáil le cás áirithe nó aicme cáis áirithe nó i ndáil le talamh i limistéar áirithe.
(b) Más rud é, maidir le cás áirithe, go gcúlghairfear tarmligean feidhme faoin alt seo tráth nach mbeidh an fheidhm sin comhlíonta go hiomlán, féadfaidh an Coimisinéir leanúint den fheidhm a chomhlíonadh maidir leis an gcás.
(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais treoracha ginearálta a thabhairt don Choimisinéir maidir le feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo agus déanfaidh an Coimisinéir de réir treoracha ar bith den sórt sin.
Faisnéis.
16.—(1) Féadfaidh oifigeach don Choimisinéir a bheidh údaraithe ag an gCoimisinéir chun na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú, cibé leabhair agus taifid de chuid an Choimisinéara Luachála nó údaráis áitiúil is cuí leis an oifigeach chun críocha comhlíonadh feidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó de shleachta astu, agus, chun críocha an iniúchta agus na cóipeála sin, beidh teacht aige gach tráth réasúnach ar na leabhair agus ar na taifid sin.
(2) D'ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht a fhorchuirtear ar na Coimisinéirí Ioncaim faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó faoi aon achtachán eile, féadfaidh údarás áitiúil nó oifigeach don Choimisinéir a bheidh údaraithe ag an gCoimisinéir chun na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú, chun críocha fheidhmeanna an údaráis áitiúil, nó, de réir mar a bheidh, an Choimisinéara faoin Acht seo a chomhlíonadh, cibé faisnéis i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim is cuí leis an údarás áitiúil nó leis an oifigeach, de réir mar a bheidh, chun críocha fheidhmeanna an údaráis áitiúil nó, de réir mar a bheidh, an Choimisinéara faoin Acht seo i ndáil le húinéireacht nó áitiú talún agus gabháltas talaimh talmhaíochta, a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Dul isteach ar thalamh.
17.—(1) Féadfaidh oifigeach don Choimisinéir a bheidh údaraithe ag an gCoimisinéir chun na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach chun críocha feidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo a chomhlíonadh agus féadfaidh sé ansin cibé suirbhéanna, iniúchtaí, tástálacha agus scrúduithe a sheoladh agus cibé tomhais agus cibé samplaí ithreach a thógáil is cuí leis chun na feidhmeanna réamhráite a chomhlíonadh agus déanfaidh aon duine a gheofar ar an talamh cibé faisnéis a bheidh ar eolas nó ar fáil aige i ndáil leis an talamh agus lena úinéireacht agus lena áitiú a iarrfaidh an t-oifigeach agus atá, i dtuairim an oifigigh, ag teastáil go réasúnach chun na feidhmeanna réamhráite a chomhlíonadh, a thabhairt don oifigeach sin.
(2) Gan dochar d'fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh oifigeach don Choimisinéir a bheidh údaraithe ag an gCoimisinéir chun na cumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear leis an bpost cláraithe chuig duine, nó a thabharfar do dhuine, a gcreideann an t-oifigeach gurb é an t-úinéir nó an t-áititheoir ar thalamh é, nó gur seirbhíseach nó gníomhaire de chuid úinéara nó áititheora talún é agus gurb é atá freagrach as a bhainistí, a iarraidh ar an duine cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach i ndáil leis an talamh agus lena úinéireacht agus lena áitiú a bheidh sonraithe san fhógra agus a bheidh, i dtuairim an oifigigh, ag teastáil go réasúnach chun feidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(3) Duine a dtabharfar fógra dó nó a seolfar fógra chuige faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a bhfaighidh sé an fógra, de réir an iarratais ar fhaisnéis san fhógra sin.
(4) Duine—
(a) a choisceann ar oifigeach don Choimisinéir dul isteach ar thalamh nó a chuireann isteach air, nó a bhacann é, ar shlí eile, agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo, nó
(b) a sháraíonn fo-alt (1) nó (3) den alt seo, nó
(c) a dhéanann, mar fhreagra ar iarratas ar fhaisnéis faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, faisnéis a thabhairt d'oifigeach don Choimisinéir atá bréagach nó míthreorach i ní ábhartha,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(5) Is cosaint do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo i ndáil le hiarratas ar fhaisnéis faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a thaispeáint nach raibh an fhaisnéis a iarradh ar eolas nó ar fáil ag an duine agus gur chuir sé sin in iúl d'oifigeach don Choimisinéir tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an iarratais ar an bhfaisnéis.
(6) Is cosaint do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (4) (c) den alt seo a thaispeáint nárbh eol dó go raibh an fhaisnéis lena mbaineann an cion bréagach nó míthreorach.
(7) Oifigeach don Choimisinéir a bheidh ag comhlíonadh feidhmeanna faoi fho-alt (1) den alt seo tabharfar barántas dó a bheidh sínithe ag an gCoimisinéir á údarú dó na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar dó leis an bhfo-alt sin agus tabharfaidh sé an barántas ar aird lena iniúchadh ag duine ar bith dá ndéanann an feidhmiú sin difear má iarrann an duine air déanamh amhlaidh.
(8) Más rud é, de dheasca gníomhartha nó iompar den chineál a shonraítear i bhfo-alt (4) (a) den alt seo ag duine nó ag a sheirbhíseach nó ag a ghníomhaire, go gcuirfear bac ar an gCoimisinéir i gcomhlíonadh aon fheidhmeanna dá chuid faoin Acht seo i ndáil le haon talamh, ní thabharfaidh an Coimisinéir aird ar aon achomharc ón duine faoi alt 6 den Acht seo i ndáil leis an talamh ná ar iarratas ón duine faoi alt 7 den Acht seo i ndáil leis an talamh.
Cáin fheirme a ghnóthú agus méideanna a fhritháireamh in aghaidh cáin fheirme.
18.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil aon mhéid a bheidh dlite i leith cáin fheirme, nó i leith úis ar an gcáin sin, agus is iníoctha ag duine leis an údarás áitiúil, a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil aon mhéid is iníoctha ag an údarás áitiúil le duine a fhritháireamh go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí, in aghaidh aon mhéid is iníoctha ag an duine leis an údarás áitiúil i leith cáin fheirme nó i leith úis ar an gcáin sin.
(3) (a) Aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach d'údarás áitiúil agus a luafaidh go bhfuil, i leith feirm inchánach shonraithe, nó i leith cuid shonraithe d'fheirm inchánach shonraithe, méid sonraithe de cháin fheirme dlite agus iníoctha leis an údarás áitiúil sin ag duine sonraithe in aghaidh bliana sonraithe, beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a shínigh an doiciméad nó gurbh é an duine sin, tráth sínithe an doiciméid, an t-oifigeach sin a dúradh, ina fhianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh luaite sa doiciméad.
(b) Aon doiciméad a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach d'údarás áitiúil agus a luafaidh go bhfuil méid sonraithe dlite agus iníoctha leis an údarás áitiúil sin ag duine sonraithe i leith úis is iníoctha faoin Acht seo in aghaidh tréimhse sonraithe i leith méid sonraithe de cháin fheirme i leith feirm inchánach shonraithe, nó i leith cuid shonraithe d'fheirm inchánach shonraithe, in aghaidh bliana sonraithe, beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a shínigh an doiciméad, nó gurbh é an duine sin, tráth sínithe an doiciméid, an t-oifigeach sin a dúradh, ina fhianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh luaite sa doiciméad.
Forálacha a bhaineann le foirceannadh agus féimheacht.
19.—(1) I measc na bhfiach a ndéanfar faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, i ndáileadh sócmhainní cuideachta a bheidh á foirceannadh, iad a íoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, áireofar na méideanna go léir a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha i leith cáin fheirme, nó i leith úis ar an gcáin sin, ag an gcuideachta faoin Acht seo sa dá mhí dhéag roimh thosach feidhme an fhoirceanta nó an ordaithe foirceanta, agus beidh éifeacht leis an Acht sin dá réir sin agus ní éileofar cruthú foirmiúil ar na fiacha dár tugadh tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhféadfar a mhalairt a fhoráil le rialacha faoin Acht sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo más chun críocha athchóiriú nó cónascadh le cuideachta eile amháin a fhoirceantar cuideachta go toilteanach.
(3) I measc na bhfiach a ndéanfar, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, i ndáileadh maoine féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, iad a íoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, áireofar na méideanna go léir a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha i leith cáin fheirme, nó i leith úis ar an gcáin sin, faoin Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta sa dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe breithnithe, i gcás féimhigh, nó an chomhdaithe ar achainí comhshocraíochta, i gcás féichiúnaí comhshocraíochta, agus beidh éifeacht leis an Acht sin dá réir sin, agus ní éileofar cruthú foirmiúil ar na fiacha dár tugadh tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhféadfar a mhalairt a fhoráil le horduithe ginearálta faoin Acht sin.
Dualgas aistriú talún etc. a chur in iúl d'údarás áitiúil agus leasú dá dhroim sin ar liostaí aicmiúcháin.
20.—(1) I gcás talamh, nó leas i dtalamh, a aistriú (seachas le huacht nó ar dhíthiomnacht) ó dhuine go duine eile, beidh sé mar dhualgas ar an mbeirt duine sin, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis dháta an aistrithe, an t-aistriú a chur in iúl i scríbhinn don údarás áitiúil nó do na húdaráis áitiúla ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an talamh suite.
(2) I gcás talamh, nó leas i dtalamh, a aistriú go duine le huacht nó ar dhíthiomnacht, beidh sé mar dhualgas ar an duine sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta an aistrithe, an t-aistriú a chur in iúl i scríbhinn don údarás áitiúil nó do na húdaráis ar ina limistéar feidhme nó ina limistéir fheidhme atá an talamh suite agus beidh sé mar dhualgas ar ionadaí pearsanta an duine ar faoina uacht nó ar ar a dhíthiomnacht a aistrítear an talamh nó an leas sa talamh, mar a dúradh, an t-aistriú a chur in iúl i scríbhinn don údarás áitiúil sin nó do na húdaráis áitiúla sin tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta ar ar deonaíodh dó probháid den uacht sin, nó litreacha riaracháin eastát an dara duine a luaitear.
(3) (a) Nuair a chuirfidh aon duine aistriú talún nó leasa i dtalamh, faoin alt seo, in iúl d'údarás áitiúil beidh sé mar dhualgas ar an údarás áitiúil an t-aistriú a chur in iúl don Choimisinéir agus ar é a bheith curtha in iúl dó amhlaidh, agus tar éis dó aon iniúchtaí a dhéanamh is dóigh leis is gá, déanfaidh an Coimisinéir aon leasuithe cuí, de dhroim an aistrithe, ar an liosta aicmiúcháin nó ar na liostaí aicmiúcháin lena mbaineann agus cuirfidh sé aon leasuithe den sórt sin in iúl i scríbhinn don údarás áitiúil agus cuirfidh an t-údarás áitiúil aon leasuithe den sórt sin in iúl don duine sin.
(b) Aon leasú ar liosta aicmiúcháin faoi mhír (a) den fho-alt seo measfar, chun críocha alt 7 (12) (a) den Acht seo, gur athrú é ar dhálaí a rialaíonn acraíocht choigeartaithe na talún lena mbaineann.
(4) Duine a sháraíonn fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.
Cáin fheirme a bheith ina muirear ar thalamh.
21.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, aon cháin fheirme a bheidh dlite agus iníoctha in aghaidh aon bhliana i leith feirm inchánach nó cuid d'fheirm inchánach agus aon ús a bheidh dlite agus iníoctha ar an gcáin sin, tiocfaidh siad, ar an dáta a dtiocfaidh siad chun bheith dlite agus iníoctha amhlaidh chun bheith, agus leanfaidh siad de bheith go dtí go n-íocfar iad, ina muirear ar an talamh arb amhlaidh maidir leis, ar an dáta a bhforordófar an ráta cánach feirme don bhliain sin faoi alt 9 den Acht seo, go mbeidh sé taifeadta ar an liosta aicmiúcháin iomchuí nó ar na liostaí aicmiúcháin iomchuí, gurb é an talamh é atá sa ghabháltas talaimh talmhaíochta arb é an fheirm é agus beidh tosaíocht ar aon mhuirir agus leasanna a chruthófar i leith na talún ag an gcáin agus ag aon ús den sórt sin:
Ar choinníoll, i gcás aon mhaoin shocraithe a chuimsítear i dtalamh atá faoi réir muirir faoin alt seo a bheith faoi réir aon chumhacht díola, malartaithe nó fo-roinnte, nach ndéanfaidh an muirear cánach feirme nó an muirear úis ar an gcáin sin ar an talamh an duine a bheidh i dteideal an chumhacht sin a fheidhmiú, nó aon duine a gceanglaítear air toiliú le feidhmiú na cumhachta sin, a thoirmeasc ón gcumhacht sin a fheidhmiú nó ó thoiliú lena feidhmiú, de réir mar a bheidh; agus má fheidhmítear aon chumhacht den sórt sin, déanfar an cháin fheirme agus aon ús ar an gcáin sin, in ionad iad a mhuirearú ar an talamh céadluaite, iad a mhuirearú ar an talamh a gheofar agus ar gach airgead a thagann d'fheidhmiú na cumhachta agus ar gach infheistíocht den airgead sin.
(2) Má dhéantar talamh atá faoi mhuirear cánach feirme nó faoi mhuirear úis ar an gcáin sin a chur faoi mhorgáiste nó a dhíol ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid agus más díolachán bona fide é ní fhanfaidh an talamh faoi mhuirear cánach feirme ná faoi mhuirear aon úis ar an gcáin sin amhail in aghaidh an cheannaitheora nó an mhorgáistí mura mó ná £20,000 méid na comaoine nó an fhéich morgáiste nó mura mó ná £20,000 san iomlán méid na comaoine nó an fhéich morgáiste, mar aon le méid na comaoine nó an fhéich morgáiste ar aon díol nó morgáiste eile den sórt sin idir na páirtithe céanna laistigh de 2 bhliain roimh dháta an díola nó an mhorgáiste.
(3) Ní fhanfaidh talamh, amhail in aghaidh ceannaitheora nó morgáistí bona fide, faoi mhuirear cánach feirme ná faoi mhuirear úis ar an gcáin sin a muirearaíodh ar an talamh, ná ní dhlífear an céanna a íoc ar an talamh sin, tar éis 12 bhliain a bheith imithe in éag ón dáta ar ar tháinig an cháin nó an t-ús chun bheith muirearaithe amhlaidh.
(4) Ní bheidh cáin fheirme ná ús ar an gcáin sin mar mhuirear ar thalamh faoi fho-alt (1) den alt seo amhail in aghaidh cheannaitheoir nó mhorgáistí bona fide na maoine sin ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra ná in aghaidh duine a fhaigheann teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi.
(5) Uair ar bith a bheidh talamh faoi réir muirir de bhua an ailt seo, féadfaidh údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an talamh nó cuid den talamh suite agra a dhéanamh i leith áititheoir na talún, nó an chuid den talamh, trí chaingean nó trí imeacht iomchuí eile in aon chúirt dlínse inniúla chun—
(a) an cháin fheirme nó aon ús ar an gcáin sin atá muirearaithe ar an talamh, nó
(b) i gcás nach bhfuil ach cuid den talamh suite i limistéar feidhme an údaráis áitiúil sin, an cháin fheirme is iníoctha i leith na coda nó aon ús ar an gcáin sin
a íoc leis an údarás áitiúil sin, agus féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh á ordú don áititheoir an cháin nó an t-ús sin a íoc.
(6) Beidh feidhm ag alt 72 den Acht um Chlárú Teidil, 1964, amhail is dá bhfolódh tagairtí ann do dhleacht eastáit tagairtí do cháin fheirme agus d'ús is iníoctha faoin Acht seo ar cháin fheirme.
Admhálacha agus deimhnithe.
22.—(1) Nuair a íocfaidh duine aon mhéid i leith cáin fheirme nó i leith úis ar an gcáin sin tabharfaidh an t-údáras áitiúil lena mbaineann admháil don duine ar an íocaíocht.
(2) Déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, ar iarratas chuige ó dhuine a d'íoc cáin fheirme nó ús ar an gcáin sin i leith feirm inchánach agus ar cibé táille (más ann) a chinnfidh an t-údarás sin a bheith íoctha leis, deimhniú a thabhairt don duine sin, i cibé foirm is cuí leis an údarás, i dtaobh an mhéid de cháin fheirme nó d'ús a d'íoc sé leis an údarás sin i leith na feirme sin.
(3) Déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, ar iarratas chuige ó dhuine is áititheoir, nó iar-áititheoir, ar aon talamh agus ar cibé táille (más ann) a chinnfidh an t-údarás sin a bheith íoctha leis, más deimhin leis gur íocadh nó go n-íocfar aon cháin fheirme nó aon ús ar an gcáin sin a bheidh muirearaithe ar an talamh sin agus iníoctha leis an údarás sin, nó nach bhfuil aon cháin fheirme inmhuirearaithe i leith na talún sin, deimhniú a thabhairt don duine chuige sin, i cibé foirm is cuí leis an údarás, agus urscaoilfidh an deimhniú sin an talamh sin ó dhliteanas maidir le haon cháin fheirme nó le hús ar an gcáin sin (más ann) a mhéid a bheidh sonraithe sa deimhniú.
(4) Ní dhéanfaidh deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo talamh a urscaoileadh ó dhliteanas i leith cáin fheirme ná úis ar an gcáin sin, i gcás calaoise nó faillí fíorais ábhartha a nochtadh agus, in aon chás, ní dhéanfaidh sé difear do cháin fheirme, ná d'ús ar an gcáin sin, is iníoctha i leith aon talún eile:
Ar choinníoll go ndéanfaidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith ina urscaoileadh ar an gcáin fheirme go léir agus ar an ús go léir ar an gcáin sin is iníoctha i leith aon fheirme inchánach a áirítear sa deimhniú, ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra i dtaobh na calaoise nó na faillí sin agus duine a fhaigheann teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi, a shaoradh ó dhliteanas i leith cánach nó úis den sórt sin.
Forálacha i ndáil le neamhchomhlíonadh nósanna imeachta áirithe.
23.—(1) Ní bheidh an liostú iomchuí ar an liosta aicmiúcháin lena mbaineann ná taifead ar an liosta sin ná leasú air neamhbhailí de dheasca neamhchomhlíonadh alt 5 (1) (b), 6 (8) (b) nó 7 (8) (b) den Acht seo i ndáil le húinéir nó áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta nó cuid de ghabháltas den sórt sin.
(2) Más rud é nach bhféadfar, de thoradh forála den Acht seo a údaraíonn iarratas nó achomharc (seachas achomharc chun na hArd-Chúirte), an t-iarratas nó an t-achomharc a dhéanamh ach amháin laistigh de thréimhse shonraithe, ní ghlacfar leis an iarratas nó leis an achomharc, más leis an bpost a chuirfear é, tráth is déanaí ná an tríú lá tar éis na tréimhse sin agus aon achomharc a chuirfear amhlaidh agus nach nglacfar leis amhlaidh beidh sé neamhbhailí amhail is dá mba nach ndearnadh in am é.
Forálacha i ndáil le cionta.
24.—(1) (a) Féadfaidh an Coimisinéir cion faoi alt 17 den Acht seo a ionchúiseamh.
(b) Maidir le cion faoi alt 20 den Acht seo féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an talamh lena mbaineann an cion suite é a ionchúiseamh.
(c) Féadfaidh an tAire Airgeadais cion faoin Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a ionchúiseamh.
(2) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir, ina chomhalta den choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile, ar an gcomhlacht lena mbaineann, nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí ar an gcomhlacht sin nó ina oifigeach eile dó, measfar go ndearna an duine sin an cion freisin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.
Rialacháin chun lán-éifeacht a thabhairt don Acht agus chun deacrachtaí a réiteach.
25.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo.
(2) Más rud é, ar bhealach ar bith, go mbainfidh deacracht leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh is dóigh is gá nó is fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfaidh aon rialachán den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid is dóigh is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don rialachán.
(3) Ní fhéadfar aon rialachán a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo tar éis dhá bhliain a bheith imithe in éag ó dháta rite an Achta seo.
Rialacháin agus rialacha a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
26.—Gach rialachán nó riail faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an riail, de réir mar a bheidh, a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó na rialach, de réir mar a bheidh, beidh an rialachán nó an riail, de réir mar a bheidh, ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin riail.
Táillí.
27.—(1) Déanfar táillí de cibé méideanna a fhorordóidh an tAire Airgeadais a íoc (seachas ag údarás áitiúil) i cibé aicmí cásanna a bheidh forordaithe—
(a) leis an gCoimisinéir maidir le hachomhairc faoi alt 6 den Acht seo agus maidir le hiarratais faoi alt 7 den Acht seo, agus
(b) leis an mBinse maidir le hachomhairc faoi alt 8 den Acht seo.
(2) I gcás táille a bheith iníoctha faoin alt seo, ní thabharfar aird ar an achomharc faoin alt sin 6, ar an iarratas faoin alt sin 7 nó ar an achomharc faoin alt sin 8, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an táille mura mbeidh sí ag gabháil leis an bhfógra i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin 6, i bhfo-alt (1) den alt sin 7 nó i bhfo-alt (2) nó (3) den alt sin 8, de réir mar a bheidh.
(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, i leith táillí is iníoctha de bhua an ailt seo.
Caiteachais an Aire agus an Aire Airgeadais.
28.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
29.—Féadfar an tAcht um Cháin Fheirme, 1985, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL
An Binse Cánach Feirme
1. (1) Is iad a bheidh ar an mBinse cathaoirleach agus cibé líon de leaschathaoirligh (más ann) agus de ghnáthchomhaltaí a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, arb é an líon é is gá i dtuairim an Aire Airgeadais, leis an mBinse do chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.
(2) Is é an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh siad i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tráth a gceaptha, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(3) Is é a bheidh i dtéarma oifige comhalta den Bhinse cibé tréimhse nach faide ná 3 bliana a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, tráth a cheaptha aige agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh comhalta den Bhinse in-athcheaptha mar chomhalta den sórt sin.
(4) Féadfaidh comhalta den Bhinse tráth ar bith éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire Airgeadais agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an dáta agus ón dáta a bhfaighfear an litir.
(5) I gcás go dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhinse, féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis sin a dhéanamh, cibé bearta is gá a dhéanamh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige dár ceapadh an comhalta a bhí ann roimhe.
(6) íocfar le comhaltaí den Bhinse cibé luach saothair (más ann), agus cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham.
(7) (a) I gcás go ndéanfar comhalta den Bhinse a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó go measfar, de bhun alt 15 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, gur toghadh é chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhinse.
(b) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhinse.
2. (1) Déanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás comhalta den Bhinse a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach air.
(2) Má scoireann cathaoirleach an Bhinse, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhinse, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBinse.
(3) Beidh cathaoirleach an Bhinse i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin go dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar chomhalta den Bhinse mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhinse, beidh sé in-athcheaptha mar chathaoirleach ar an mBinse.
3. (1) Déanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás comhalta den Bhinse a cheapadh chun bheith ina leaschathaoirleach ar an mBinse.
(2) Má scoireann leaschathaoirleach ar an mBinse, le linn a théarma oifige mar leaschathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhinse, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina leaschathaoirleach ar an mBinse.
(3) Beidh leaschathaoirleach ar an mBinse i seilbh oifige mar leaschathaoirleach den sórt sin go dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar chomhalta den Bhinse mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina leaschathaoirleach ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhinse, beidh sé in-athcheaptha mar leaschathaoirleach ar an mBinse.
4. Uair ar bith a bheidh cathaoirleach an Bhinse den tuairim gurbh fhóirsteanach, le dlús a chur le gnó an Bhinse, an Binse do ghníomhú trí rannáin, féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin agus má thugann sé ordú amhlaidh, ansin, go dtí go gcúlghairfidh sé a ordú—
(a) féadfaidh an Binse gníomhú trí cibé líon rannán a chinnfidh cathaoirleach an Bhinse ó am go ham,
(b) is iad a bheidh i rannán den Bhinse, trí chomhalta den Bhinse arna roghnú ag cathaoirleach an Bhinse ar cathaoirleach ar an mBinse nó leaschathaoirleach ar an mBinse duine amháin ar a laghad acu,
(c) déanfaidh cathaoirleach an Bhinse na hachomhairc a bheidh le cinneadh ag rannán den Bhinse a shannadh don rannán sin,
(d) is é a bheidh ina chathaoirleach ar rannán den Bhinse cathaoirleach an Bhinse nó, mura comhalta den rannán cathaoirleach an Bhinse, an comhalta den rannán is leaschathaoirleach ar an mBinse, agus
(e) chun críocha achomhairc a bheidh sannta dó, beidh ag rannán den Bhinse cumhachtaí uile an Bhinse agus beidh ag cathaoirleach ar rannán den Bhinse cumhacht uile chathaoirleach an Bhinse agus aon tagairtí san Acht seo don Bhinse agus do chathaoirleach an Bhinse forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do rannán agus do chathaoirleach ar rannán, faoi seach.
5. (1) Más triúr, agus aon uair gur triúr, líon chomhaltaí an Bhinse, tabharfaidh na trí chomhalta éisteacht d'achomharc chuig an mBinse agus déanfaidh siad cinneadh air.
(2) Más mó ná triúr, agus aon uair gur mó ná triúr, líon chomhaltaí an Bhinse agus nach mbeidh ordú faoi mhír 4 den Sceideal seo i bhfeidhm, tabharfaidh trí chomhalta den Bhinse a bheidh roghnaithe ag cathaoirleach an Bhinse éisteacht d'achomharc chuig an mBinse agus déanfaidh siad cinneadh air, agus mura mbeidh cathaoirleach an Bhinse i measc na gcomhaltaí de a bheidh roghnaithe chun an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh, déanfaidh duine de na comhaltaí sin a bheidh roghnaithe ag cathaoirleach an Bhinse gníomhú mar chathaoirleach ar an mBinse.
6. (1) Comórfaidh an Binse suíonna agus ag na suíonna féadfaidh an Binse fianaise a thógáil agus aighneachtaí a ghlacadh ón achomharcóir agus ón bhfreagróir in achomharc faoi alt 8 den Acht seo agus ó aon duine eile ar dealraitheach leas a bheith aige i gcinneadh an achomhairc agus ar difear dó an cinneadh sin nó féadfaidh sé fianaise a thógáil agus a ghlacadh thar ceann na ndaoine sin.
(2) Is go príobháideach a chomórfar suíonna den Bhinse.
7. Aon fhinné a mbeidh a fhianaise tugtha, á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Bhinse beidh teideal aige chun na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna a bhíonn ag finné i gcúirt.
8. Féadfaidh gur cinneadh ó thromlach na gcomhaltaí a éistíonn achomharc aon chinneadh de chuid an Bhinse ag an achomharc nó i ndáil leis an achomharc.
9. Féadfaidh cathaoirleach an Bhinse—
(a) ordú a thabhairt i scríbhinn do dhuine, a mbeidh a fhianaise ag teastáil ón mBinse, láithriú os comhair an Bhinse ar dháta agus ag tráth agus ag ionad a bheidh sonraithe san ordú agus fianaise a thabhairt ansin agus aon doiciméad nó rud a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht, a bheidh sonraithe san ordú, a thabhairt ar aird,
(b) a ordú d'aon duine den sórt sin aon doiciméad nó rud sonraithe a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht a thabhairt ar aird dó,
(c) aon orduithe eile a thabhairt chun críche achomhairc a dhealraíonn dó a bheith réasúnach agus cóir.
10. Aon duine—
(a) dá dtabharfar ordú faoi mhír 9 den Sceideal seo láithriú os comhair an Bhinse agus, ar aon suim a bheith tairgthe dó maidir le caiteachais i leith a láithrithe, ar suim í a mbeadh finné faoi thoghairm láithriú os comhair na Cúirte Dúiche ina teideal, nach ndéanfaidh, gan chúis ná leithscéal cóir, de réir an ordaithe,
(b) ar é do láithriú os comhair an Bhinse de bhun ordú faoin mír sin 9, a dhiúltóidh an mionn a ghlacadh ar an mBinse á éileamh sin air nó a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a bhféadfadh an Binse freagra a éileamh uirthi go dlíthiúil,
(c) nach ndéanfaidh, gan chúis ná leithscéal cóir, de réir ordaithe faoi fhomhír (a) den mhír sin 9 i ndáil le fianaise a thabhairt nó le doiciméad nó rud a thabhairt ar aird nó de réir ordaithe faoi fhomhír (b) nó (c) den mhír sin 9, nó
(d) a dhéanfaidh aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair an Bhinse ar díspeagadh ar an gcúirt a bheadh ann dá ndéanfaí é i ndáil le himeachtaí os comhair cúirte ag finné sa chúirt,
beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £700, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.
11. Má thugann duine fianaise bhréige os comhair an Bhinse in imthosca ina mbeadh sé ciontach i mionnú éithigh dá mba os comhair cúirte a thabharfadh sé an fhianaise, beidh sé ciontach sa chion sin.
12. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh an nós imeachta sin ag an mBinse a chinnfidh an Binse le rialacha a dhéanfaidh sé le toiliú an Aire Airgeadais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacha foráil a dhéanamh—
(a) chun dáta, tráth agus ionad an tsuí iomchuí den Bhinse a chur in iúl do na daoine lena mbaineann,
(b) chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann a gcásanna a chur faoi bhráid an Bhinse go pearsanta nó trí ionadaí,
(c) chun an Binse do dhéanamh ceistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile mar a chinnfidh an Binse) ar fhinnéithe os a chomhair,
(d) chun daoine lena mbaineann, nó daoine thar a gceann, do dhéanamh ceistiú agus croscheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile mar a chinnfidh an Binse) ar fhinnéithe os comhair an Bhinse,
(e) chun an Binse do chinneadh ar chóir fianaise os comhair an Bhinse a thabhairt faoi mhionn,
(f) chun cathaoirleach an Bhinse do chur mionn ar fhinnéithe os comhair an Bhinse,
(g) chun fógra a thabhairt ag suí den Bhinse faoi chinneadh nó faoi chinntí an Bhinse i ndáil le hachomharc chuige, agus
(h) chun taifead dóthanach a dhéanamh ar imeachtaí an Bhinse.
13. (1) Faoi réir fhomhír (3) den mhír seo, féadfaidh an Binse, maidir le costais agus caiteachais duine, a bheidh bainteach in achomharc chuige faoin Acht seo, i leith an achomhairc, a ordú go n-íocfaidh duine eile a bheidh bainteach san achomharc na costais agus na caiteachais sin, féadfaidh sé méid aon chostas agus caiteachas den sórt sin a chinneadh agus, mura bhfuil cúis mhaith aige gan sin a dhéanamh, féadfaidh sé ordú a thabhairt go n-íocfaidh an freagróir nó an t-achomharcóir, de réir mar a bheidh, ar theip air in achomharc, costais agus caiteachais achomharcóra nó freagróra ar éirigh leis san achomharc chuig an mBinse faoin Acht seo i leith an achomhairc.
(2) Maidir le méid costas agus caiteachas duine a mbeidh ordú tugtha ag an mBinse faoin mír seo é a íoc leis an duine sin, féadfaidh an duine sin an méid sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine dá mbeidh ordú tugtha ag an mBinse é a íoc.
(3) Ní thabharfaidh an Binse aon ordú go mbeidh costais agus caiteachais achomharcóra nó freagróra in achomharc chuige faoin Acht seo le híoc ag úinéir nó áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta seachas an gabháltas sin lena mbaineann an t-achomharc.
14. (1) I gcás leas tairbhiúil a bheith ag comhalta den Bhinse i dtalamh is ábhar d'achomharc faoi alt 8 den Acht seo nó in aon talamh a ndéanfaidh, nó ar dóigh go ndéanfadh, achomharc den sórt sin difear dó, nó i gcás aon leas eile a bheith aige san achomharc ar dhóigh dó tionchar a bheith aige air i ndáil le cinneadh an achomhairc, déanfaidh an comhalta—
(a) an cineál leasa atá aige a nochtadh don Bhinse,
(b) staonadh ó aon pháirt a ghlacadh sa díospóireacht, ná sa bhreithniú, ar an achomharc,
(c) staonadh ó vótáil nó ó ghníomhú ar shlí eile mar chomhalta den Bhinse i ndáil le cinneadh an achomhairc.
(2) Chun críocha na míre seo, measfar leas tairbhiúil i dtalamh a bheith ag comhalta den Bhinse—
(a) más eisean nó más é a chéile, úinéir nó áititheoir na talún nó páirt-úinéir nó páirt-áititheoir na talún, cibé mar nascthionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó mar thionónta eile, i dteannta duine nó daoine eile, nó
(b) má tá baint aigesean nó ag a chéile le húinéir nó le háititheoir na talún nó más fostóir nó fostaí nó príomhaí nó gníomhaire úinéir nó áititheoir na talún é, nó más iontaobhaí nó airíoch i leith na talún é don úinéir nó don áititheoir sin, nó duine a bhaineann leis an úinéir nó leis an áititheoir sin.
(3) Chun críocha na míre seo, aon leas i dtalamh nó aon leas eile in achomharc faoi alt 8 den Acht seo atá chomh fada amach nó chomh neamhshuntasach sin nach bhféadfar go réasúnach glacadh leis gur dóigh tionchar a bheith aige ar an duine ag a bhfuil an leas ní mheasfar gur leas tairbhiúil sa talamh é nó, de réir mar a bheidh, gur leas eile é in achomharc faoin alt sin 8.
(4) (a) Aon duine a sháraíonn ceanglas den mhír seo nó a mhainníonn déanamh dá réir, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.
(b) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfomhír seo, is cosaint é don duine a chúisítear sa chion a chruthú nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis aige lena chreidiúint tráth an chiona a líomhnaítear—
(i) go raibh leas tairbhiúil aige sa talamh lena mbaineann, nó
(ii) gur leas tairbhiúil a raibh feidhm i ndáil leis ag ceanglas den mhír seo an leas tairbhiúil lena mbaineann an cion a líomhnaítear.
(c) Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a thionscnóidh imeachtaí i leith ciona faoin bhfo-alt seo nó is lena thoiliú amháin a thionscnófar iad.
(5) Comhalta den Bhinse a chiontófar i gcion faoi fhomhír (4) den mhír seo scoirfidh sé ar an gciontú sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.
(6) Má dhéanann duine a bhfuil leas tairbhiúil aige i dtalamh lena mbaineann achomharc faoi alt 8 den Acht seo ceanglas den mhír seo a shárú nó má mhainníonn sé déanamh dá réir, cuirfidh an sárú nó an mhainneachtain sin cinneadh an achomhairc ó bhail.
(7) Más rud é, de bhua fhomhír (6) den mhír seo, go gcuirtear cinneadh ón mBinse ar achomharc faoi alt 8 den Acht seo ó bhail, cinnfidh an Binse an t-achomharc athuair.