Uimhir 18 de 1929.
ACHT DRÉINEÁLA AIRTÉIRIGHE (LEASÚ), 1929.
Míniú.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht” an tAcht Dréineála Airtéirighe, 1925 (Uimh. 33 de 1925).
An Príomh-Acht do chur i mbaint le contae-bhuirgí.
2.—(1) Bainfidh an Príomh-Acht le contae-bhuirg agus le comhairle chontae-bhuirge fé mar a bhaineann sé le contae agus le comhairle chontae.
(2) Nuair a beifear ag cur an Phríomh-Achta i mbaint le contaebhuirg agus le comhairle chontae-bhuirge déanfar na tagairtí ann do chontae, do chomhairle chontae, do rúnaí chomhairle chontae, do shuirbheur chontae, agus do chiste chontae do léiriú fé seach mar thagairtí do chontae-bhuirg, do chomhairle chontae-bhuirge, do bhaile-chléireach chontae-bhuirge, do shuirbheur bhuirge no neachtar acu do phrímh-innealtóir chontae-bhuirge, agus don chiste bhuirge, agus ní bhainfidh an tagairt do mhuirear ar an gcontae iomlán leis an scéal.
Gearr-theideal agus luadh.
3.—Féadfar an tAcht Dréineála Airtéirighe (Leasú), 1929, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Dréineála Airtéirighe, 1925 agus 1929, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.