[EN]

Uimhir 18 de 1934.


[EN]

ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM), 1934.


ACHT CHUN RÁTA AN DIÚITÉ CHUSTUM AR IM DO MHÉADÚ AGUS CHUN SOCRÚ EILE I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [18adh Bealtaine, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An diúité ar im d'atharú.

1.—Déanfar an diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1931 (Uimh. 14 de 1931), d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc, ar an im go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Abrán, 1934, no dá éis sin, do réir ocht bpingne an púnt in ionad an ráta luaidhtear san alt san.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum), 1934, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so i dteanta na nAchtanna Custum.