Uimhir 18 de 1940.
ACHT COMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ), 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
[10adh Iúl, 1940.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939).
An Príomh-Acht do bhuanú.
2.—(1) Mara gcuirtear deireadh le n-a ré feidhme roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, agus raghaidh in éag ansan mara gcinnidh an tOireachtas a mhalairt.
(2) Féadfaidh an Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luatha ná an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.
(3) Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 13 den Phríomh-Acht.
Gearr-theideal.
3.—Féadfar an tAcht Comhachta Práinne (Buanú), 1940, do ghairm den Acht so.