Uimhir 18 de 1952.
ACHT NA dTRÉIDLIA, 1952.
[An tiontó oifigiúil].
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1931” Acht na Máinlia Beithíoch, 1931 (Uimh. 36 de 1931);
ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle na dTréidlia;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin a dhéanfas an Chomhairle;
ciallaíonn “an clár” clár na dtréidlia atá á choimeád ag an gComhairle, agus forléireofar an focal “cláraithe” dá réir sin;
folaíonn“tréidliacht” máinliacht na tréidliachta.
(2) Gairmfear Clár Tréidlia na hÉireann den Chlár.
Sealbhóir céime tréidliachta a bheith cáilithe mar thréidlia.
2.—(1) Más rud é—
(a) go mbronnann ollscoil sa Stát céim thréidliachta, agus
(b) go bhfuil an tAire sásta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, go ndearnadh na cúrsaí léinn le haghaidh na céime i gcoláiste nó foras eile a cheadaigh sé chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, agus
(c) gur dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, go dtugann na scrúduithe don chéim leor-ráthaíocht go bhfuil an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an tréidliacht a chleachtadh go héifeachtach ag sealbhóirí na céime,
féadfaidh an Rialtas, le hordú, a threorú go gclárófar sa chlár aon duine ar a mbronnfar an chéim, fad a leanfas an t-ordú i bhfeidhm, ar an duine sin dá iarraidh sin sa tslí ordaithe agus d'íoc na táille is gá.
(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.
Feidhmeanna formhaoirseachta na Comhairle.
3.—(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas den alt seo chun a áirithiú go dtugann na cúrsaí léinn atá le saothrú ag mic léinn le haghaidh céime a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire, agus an caighdeán inniúlachta is gá le haghaidh na céime sin, leor-ráthaíocht go bhfuil an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an tréidliacht a chleachtadh go héifeachtach ag sealbhóirí na céime; agus beidh de dhualgas ar an gComhairle na cumhachta a bheirtear di leis na forála sin d'fheidhmiú a mhéid is gá chun na críche sin.
(2) Beidh cumhacht ag an gComhairle chun daoine a cheapadh le cuairteanna a thabhairt ar aon choláiste nó foras eile a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus tuarascáil a thabhairt ar na cúrsaí léinn, an fhoireann, an chóiríocht agus an trealamh atá ar fáil chun tréineáil sa tréidliacht a thabhairt agus ar na socruithe agus na saoráidí eile atá ann le haghaidh na tréineála sin.
(3) (a) Féadfaidh an Chomhairle daoine a cheapadh chun bheith i láthair ag scrúduithe le haghaidh céime a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus chun tuarascáil a thabhairt don Chomhairle i dtaobh leor-chaighdeáin na scrúduithe agus i dtaobh aon nithe eile a bhaineas leis sin agus a dteastóidh tuarascáil ina dtaobh ón gComhairle.
(b) Ní údaróidh aon ní sa bhfo-alt seo do dhuine a ceapfar faoin bhfo-alt seo cur isteach ar stiúrú aon scrúduithe.
(4) Ar aon tuarascáil a tugadh faoin alt seo d'fháil—
(a) cuirfidh an Chomhairle cóip di go dtí an ollscoil atá i gceist;
(b) féadfaidh an ollscoil, laistigh de mhí tar éis di an chóip d'fháil, nótaí ar an tuarascáil nó agóidí ina coinne a chur chun na Comhairle;
(c) a luaithe is féidir tar éis deireadh na míosa sin, cuirfidh an Chomhairle chun an Aire cóip den tuarascáil agus d'aon nótaí uirthi nó agóidí ina coinne a rinneadh go cuí, maraon le tuairimí na Comhairle ar an tuarascáil agus ar aon nótaí nó agóidí den tsórt sin.
(5) Gach ollscoil a bheireas céim a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire, bhéarfaidh sí don Chomhairle, ar an gComhairle dá iarraidh sin i scríbhinn, pé eolas a bheas sonraithe san iarratas i dtaobh na gcúrsaí léinn agus na scrúduithe le haghaidh na céime.
An comhaontú sa sceideal a dhaingniú.
4.—(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (dá ngairmtear an comhaontú sceidealta san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige.
(2) (a) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú eile a déanfar idir na páirtithe sa chomhaontú sceidealta maidir le tréineáil, clárú agus rialú tréidlia agus nithe a bhaineas leis sin.
(b) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoin bhfo-alt seo mura ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas ach, ar a dhaingniú amhlaidh, beidh feidhm dlí aige agus beidh éifeacht aige in ionad na bhforál comhréire d'Acht 1931 a sonrófar san ordú.
Cumhacht chun socrú a dhéanamh i dtaobh an Chomhairle d'athchóiriú.
5.—(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, socrú a dhéanamh i dtaobh an Chomhairle d'athchóiriú chun éifeacht a thabhairt d'aon ordú nó comhaontú a déanfar mar foráltar i bhfo-alt (2) d'alt 4 nó aon uair is deimhin leo, tar éis don Aire agus don Chomhairle dul i gcomhairle le chéile, gur gá sin a dhéanamh.
(2) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoi fho-alt (1) mura ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas ach, ar a dhaingniú amhlaidh, beidh feidhm dlí aige agus beidh éifeacht aige in ionad na bhforál comhréire d'Acht 1931 a sonrófar san ordú.
(3) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1), go sonrach,—
(a) socrú a dhéanamh i dtaobh toghadh comhaltaí tofa na Comhairle, i dtaobh téarma oifige na gcomhaltaí sin a rialú, i dtaobh corrfholúntais a líonadh, agus i dtaobh toghadh agus seilbh oifige Uachtaráin na Comhairle,
(b) an córam do chruinnithe den Chomhairle a shonrú agus an líon íosta de chomhaltaí den Chomhairle a bhféadfar lena vótaí ainmneacha a bhaint den chlár, agus
(c) pé socrú eile a dhéanamh is gá chun gnó na Comhairle a sheoladh go cuí agus go héifeachtach.
(4) Má bhíonn an Chomhairle á hathchóiriú faoin alt seo, féachfaidh an Rialtas chuige go mbeidh tromlach comhaltaí na Comhairle ina n-ionadaithe a bheas tofa le vótaí daoine cláraithe a chónaíos sa Stát, agus go mbeidh ar an gComhairle ionadaí amháin don Aire agus ionadaí amháin do gach ollscoil a bheireas céim a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire.
Cumhacht chun socrú a dhéanamh i dtaobh oblagáidí áirithe ar an gComhairle agus ar dhaoine cláraithe.
6.—D'ainneoin aon ní in Acht 1931, féadfaidh an tAire, ar iarratas nó le comhthoiliú na Comhairle, rialacháin a dhéanamh chun socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas, go ginearálta nó maidir le haon bhliain nó blianta áirithe—
(a) an tráth a tionólfar cruinniú bliantúil reachtúil na Comhairle;
(b) an bhliain arb iníochta ina leith, agus an tráth is iníochta, táillí cláraitheachta agus táillí bliantúla daoine cláraithe;
(c) an dáta ar faoina threoir a cuirfear an t-eagrán bliantúil den chlár le chéile,
agus beidh éifeacht ag na rialacháin in ionad na bhforál comhréire d'Acht 1931 a sonrófar sna rialacháin.
Cumhacht araíonachta bhreise a thabhairt don Chomhairle.
7.—(1) Folóidh cumhacht na Comhairle chun ainm duine a bhaint den chlár do réir ailt 36 d'Acht 1931 cumhacht is infheidhmithe sa tslí chéanna chun a threorú nach mbeidh éifeacht, ar feadh pé tréimhse a sonrófar sa treorú, ag clárú a ainme sa chlár.
(2) Aon uair a bhéarfar treorú mar foráltar i bhfo-alt (1), cuirfidh an Chomhairle chun an duine sin láithreach leis an bpost fógra scríofa i dtaobh éifeacht a chláruithe a bheith ar fionraí agus i dtaobh na cúise a bhí leis.
(3) Aon uair tar éis dó an fógra d'fháil féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an gComhairle an fhionraíocht a chealú agus féadfaidh an Chomhairle, ar an iarratas a bhreithniú, diúltú don iarratas nó, le treorú speisialta, géilleadh dhó ar pé coinníollacha is cuí leis an gComhairle.
(4) Féadfaidh duine ar cúis mhíshásaimh leis éifeacht a chláruithe d'fhionraí, nó faid na tréimhse fionraíochta, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte.
(5) Ar aon achomharc den tsórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt pé treoracha is cuí leo a thabhairt san ábhar agus ní bheidh dul thar aon ordú ón gCúirt faoin alt seo.
(6) I ngach cás ina ndéanfar éifeacht chláruithe dhuine sa chlár d'fhionraí faoin alt seo, cuirfidh an Chomhairle an fhionraí agus nádúir ghinearálta na cúise a bhí léi in iúl láithreach don Aire.
Cleachtadh na tréidliachta ag daoine neamhchláraithe.
8.—Gan dochar do ghinearáltacht alt 46 agus 47 d'Acht 1931, measfar, chun críocha an Achta sin, duine ar bith a bhíos, ar luaíocht, ag cóireáil ainmhithe le duine eile, a bheith á chur i gcéill nó á thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ag cleachtadh na tréidliachta agus á thabhairt le tuiscint gur tréidlia cláraithe é.
Cumhacht don Chomhairle chun talamh a shealbhú.
9.—Beidh cumhacht ag an gComhairle talamh d'fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
Bronntanais don Chomhairle.
10.—(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún agus maoine eile a ghlacadh ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós na bronntóirí.
(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
11.—(1) Féadfar Acht na dTréidlia, 1952, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1931 mar aon ní amháin.
(3) Féadfar Achta na dTréidlia, 1931 agus 1952, a ghairm d'Acht 1931 agus den Acht seo le chéile.
AN SCEIDEAL
Comhaontú a rinneadh an 20ú lá de Bhealtaine, 1949, maidir le ceapadh nó toghadh comhaltaí breise de Chomhairle Choláiste Ríoga na dTréidlia agus le híoc táillí leis a n gComhairle sin.
Tá Rialtas a Shoilse i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus Rialtas Phoblacht na hÉireann tar éis comhaontú mar leanas:—
1. (1) I dteannta na gcomhaltaí de Chomhairle Choláiste Ríoga na dTréidlia (dá ngairmtear an Coláiste anseo ina dhiaidh seo) a sonraítear in ailt a naoi agus a dó dhéag den Veterinary Surgeons Act, 1948 (11 agus 12 Geo. 6 c. 52), beidh cúigear comhaltaí breise (dá ngairmtear na hionadaithe Éireannacha anseo ina dhiaidh seo) ar an gComhairle sin mar leanas, is é sin le rá—
(i) Duine amháin, arna cheapadh ag Aire Talmhaíochta Phoblacht na hÉireann, a bheas (mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig nó é a dhícháiliú nó é a chur as oifig ag an Aire sin) i seilbh oifige go ceann ceithre bliana agus a bheas inathcheaptha;
(ii) Ceathrar arb iad na comhaltaí tofa ginearálta iad, de thuras na huaire, de Chomhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann faoi Acht na Máinlia Beithíoch, 1931 (Uimh. 36 de 1931).
(2) Scarfaidh na hionadaithe Éireannacha lena n-oifig mar chomhaltaí de Chomhairle athchóirithe an Choláiste, agus beidh deireadh leis an gClásal seo den Chomhaontú seo, mura n-athnuaitear é, ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den Choláiste a tionólfar tar éis foráil a theacht in éifeacht do réir dlithe Phoblacht na hÉireann á fhoráil go ndéanfar duine ar bith a mbronnfaidh Ollscoil i bPoblacht na hÉireann céim tréidliachta air le linn an dlí sin a bheith i bhfeidhm a chlárú do réir an dlí sin i gClár na dTréidlia a bheas á choimeád ag Comhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann.
2. (1) Gach duine a bheas de thuras na huaire cláraithe i gClár Tréidlia na Ríochta Aontaithe agus fós i gClár na dTréidlia a bheas á choimeád ag Comhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann, déanfaidh sé, i leith gach bliana nó coda de bhliain a bheas sé ina chónaí lasmuigh de límistéir dlínse Rialtas Phoblacht na hÉireann nó (pé áit a mbeidh sé ina chónaí) a bheas ag cleachtadh, nó á thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ag chleach tadh, nó go bhfuil sé ullamh chun bheith ag cleachtadh, na tréidliachta lasmuigh den límistéir sin, pé táille bhliantúil (más ann) d'íoc le Comhairle an Choláiste a ordós an Chomhairle sin de bhun ailt a cúig is fiche den Veterinary Surgeons Act, 1948, adúradh, ach sin faoi réir a laghduithe de shuim ghiní amháin i gcás duine ar bith ar íoc Comhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann an tsuim sin ina leith le Comhairle an Choláiste i leith na tréimhse sin.
(2) Beidh feidhm, faoi réir a bhfuil ráite roimhe seo, ag forála an ailt sin a cúig is fiche maidir le gach duine den tsórt dá dtagartar sa chlásal seo.
(3) Sa chlásal seo ciallaíonn an focal “bliain” tréimhse dhá mhí dhéag dár tosach an dáta i ngach bliain chaileandair a bheas an táille bhliantúil sin iníoctha le Comhairle an Choláiste.
3. Na forála den Chomhaontú idir Rialtas a Shoilse i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus Rialtas a Shoilse i Saorstát Éireann maidir le clárú agus rialú tréidlia, a daingníodh agus dár tugadh éifeacht reachtúil leis an Veterinary Surgeons (Irish Free State Agreement) Act, 1932 (22 Geo. 5. c. 10), agus le hAcht na Máinlia Beithíoch, 1931, adúradh, faoi seach, beidh acu (faoi réir forál an Veterinary Surgeons Act, 1948, adúradh) éifeacht faoi réir forál an Chomhaontuithe seo.
4. (1) Tiocfaidh an Comhaontú seo (ach amháin clásal 2 dhe seo) in éifeacht ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den Choláiste a tionólfar tar éis dáta an Orduithe i gComhairle trína ndéanfaidh a Shoilse foráil, faoi alt a fiche den Veterinary Surgeons Act, 1948, adúradh, chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú seo.
(2) Tiocfaidh clásal 2 den Chomhaontú seo in éifeacht ar an gcéad dáta, i ndiaidh an dáta dá dtagartar sa bhfo-chlásal deiridh roimhe seo, a bheas an táille bhliantúil a luaitear sa chlásal sin 2 iníoctha le Comhairle an Choláiste.
Arna shíniú thar ceann Rialtas a Shoilse i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann.
PHILIP NOEL-BAKER,
Rúnaí Stáit um Chaidreamh an Chomhfhlaithis.
Arna shíniú thar ceann Rialtas Phoblacht na hÉireann.
JOHN W. DULANTY,
Ard-Choimisinéir na hÉireann.