Uimhir 18 de 1970
ACHT NA dTITHE, 1970
[An tiontú oifigiúil]
Acht 1966.
1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1966” Acht na dTithe, 1966.
Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar.
2.—Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1966 trí na fo-ailt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis.
Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar d'feirmeoirí agus da dhaoine eile.
3.—Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1966 trí na fo-ailt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis.
Deontais ón Aire chun árasáin nó teaghasáin a thógáil.
4.—Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1966 trí na fo-ailt atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur leis.
Ranníocaí ón Aire i leith muirir iasachta bhliantúla de chuid údarás tithíochta.
5.—Leasaítear leis seo alt 44 (2) (a) d'Acht 1966 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur leis:
“(vi) an 13ú lá de Mheitheamh, 1969, nó dá éis, mar chóiríocht d'eochair-oibrithe d'aicme a shonróidh an tAire agus a thabharfar isteach le riachtanas sa limistéar le haghaidh tionscail, nua nó forásach.”
Teorainneacha áirithe a mhéadú.
6.—Leasaítear leis seo airteagal 2 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1966 trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “cúig chéad punt” i mír (a), i mír (b), agus i mír (c), “cúig mhíle punt” a chur in ionad “dhá chéad déag punt” i mír (g) agus “two thousand pounds” a chur in ionad “five hundred pounds” i mír (h).
Comhairle contae do thabhairt deontas forlíontach (ceantar buirge nó ceantar uirbeach).
7.—(1) San alt seo ciallaíonn “alt iomchuí” aon alt acu seo a leanas: alt 26 (gan fo-ailt (7) agus (8) a áireamh), alt 27, alt 28 agus alt 29 d'Acht 1966.
(2) Aon tagairtí atá in alt iomchuí don údarás tithíochta measfar, agus an t-alt á chur chun feidhme maidir le buirg (nach buirg atá ainmnithe ag an Aire le rialacháin mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt ó fheidhm na míre seo), nach tagairtí iad do bhardas na buirge agus gur tagairtí iad, ina ionad sin, do chomhairle an chontae ina bhfuil an bhuirg.
(3) (a) Aon tagairtí atá in alt iomchuí don údarás tithíochta measfar, agus an t-alt á chur chun feidhme maidir le ceantar uirbeach (nach ceantar uirbeach atá ainmnithe ag an Aire le rialacháin mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt ó fheidhm na míre seo), nach tagairtí iad do chomhairle an cheantair bhuirge agus gur tagairtí iad, ina ionad sin, do chomhairle an chontae ina bhfuil an ceantar uirbeach.
(b) I gcás—
(i) inar thug comhairle contae deontas faoi chomhaontú a rinneadh idir an gcomhairle agus comhairle ceantair uirbigh an 13ú lá de Mheitheamh, 1969, nó dá éis, agus roimh dháta an Achta seo a rith, agus
(ii) inarb í comhairle an cheantair uirbigh a thabharfadh, ar leith ón gcomhaontú, an deontas faoi alt iomchuí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(I) beidh an deontas chomh bailí agus dá mbeadh, nuair a tugadh an deontas, mír (a) den fho-alt seo i ngníomh, agus an ceantar uirbeach gan bheith ainmnithe ag an Aire le rialacháin mar cheantar uirbeach a bhí eisiata, maidir leis an alt iomchuí, ó fheidhm na míre sin,
(II) beidh feidhm, agus measfar feidhm a bheith i gcónaí, ag mír (b) den fho-alt seo chun cumhacht a thabhairt caiteachas na comhairle contae maidir leis an deontas a mhuirearú.
(4) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gcaiteachas faoi alt iomchuí a bhainfidh d'údarás tithíochta is comhairle contae:
(a) i gcás contae lena mbaineann mír (a) d'alt 8 d'Acht 1966, measfar nach sroicheann an t-eisiamh buirgí agus ceantair uirbeacha atá sa mhír sin aon bhuirg nach bhfuil ainmnithe le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt iomchuí ná aon cheantar uirbeach nach bhfuil ainmnithe le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo mar cheantar uirbeach atá eisiata amhlaidh,
(b) i gcás contae a bhfuil feidhm maidir leis ag mír (b) den alt sin 8 agus ina bhfuil limistéar nó limistéir a bhfuil feidhm ina leith ag an mír seo—
(i) déileálfar ar dtús le gach limistéar sa chontae atá comhdhéanta de limistéar nó limistéir a bhfuil feidhm ag an mír seo ina leith agus leis an tuathlimistéar sláintíochta lena ais nó lena n-ais agus muirearófar air an caiteachas faoin alt iomchuí i leith an limistéir chónasctha sin,
(ii) déanfar caiteachas eile faoin alt iomchuí a mhuirearú mar a dhéantar socrú chuige le mír (b) (i) d'alt 8 d'Acht 1966.
Sa mhír seo ciallaíonn “limistéar a bhfuil feidhm ag an mír seo ina leith” limistéar atá comhdhéanta—
(i) de bhuirg atá gan bheith ainmnithe le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo mar bhuirg atá eisiata maidir leis an alt iomchuí nó,
(ii) ceantar buirge atá gan bheith ainmnithe le rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo mar cheantar buirge atá eisiata amhlaidh.
Bailíocht deontas áirithe.
8.—(1) Má rinneadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aon deontas faoi alt 16 d'Acht 1966 a thabhairt, i gcás ina raibh ceanglais mhír (a) d'fho-alt (2) den alt sin comhlíonta, contrártha don alt sin mar nach i dtuathlimistéar a soláthraíodh an teach, ní dhéanfaidh tabhairt an deontais amhlaidh difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do thabhairt an deontais a bheith bailí.
(2) Má rinneadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aon deontas faoi alt 29 d'Acht 1966 a thabhairt contrártha d'fho alt (4) den alt sin, ní dhéanfaidh tabhairt an deontais amhlaidh difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do thabhairt an deontais a bheith bailí.
Leasú ar alt 17 (1) d'Acht 1966.
9.—Leasaítear leis seo alt 17 (1) d'Acht 1966 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:
“Ar choinníoll nach ndéanfar, i gcás inar tosaíodh nó ina dtosófar an 31ú lá de Lúnasa, 1970, nó dá éis ar an teach a thógáil, deontas a thabhairt faoin alt seo murar eisigh an tAire fógra ceadaithe chun críocha an ailt seo in leith an tí roimh an lá sin.”
Leasú ar alt 26 d'Acht 1966.
10.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1966 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) nach mó ná an teorainn iomchuí méid iomlán (arna chinneadh ag an údarás tithíochta) ioncaim an duine agus ioncaim a chéile (más ann), is é sin le rá:
(i) i gcás an deontas forlíontach a thabhairt i leith tí ar tosaíodh ar é a thógáil roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1970—míle agus cúig phunt is daichead sa bhliain,
(ii) i gcás é a thabhairt i leith tí ar tosaíodh ar é a thógáil an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó dá éis agus roimh theacht i ngníomh do na chéad rialacháin a dhéanfar de bhun na chéad mhíre ina dhiaidh seo—míle dhá chéad agus caoga punt sa bhliain, agus
(iii) in aon chás eile—an teorainn a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire, le rialacháin a rinneadh le toiliú an Aire Airgeadais, mar an teorainn iomchuí chun críocha na míre seo.”
(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 26 d'Acht 1966:
“(2) Le linn d'údarás tithíochta ioncam duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó ioncam a chéile a chinneadh féadfaidh an t-údarás tithíochta, má dheimhníonn an duine don údarás go gcothabhálann sé féin nó a chéile ar a chostas nó a costas féin duine cleithiúnach, cibé liúntas a thabhairt is oiriúnach leo, faoi réir na teorainn iomchuí, is é sin le rá:
(a) i gcás ina dtabharfar an deontas forlíontach i leith teach ar tosaíodh ar é a thógáil roimh theacht i ngníomh do na chéad rialacháin a dhéanfar de bhun na céad mhíre ina dhiaidh seo—céad punt i leith gach duine a chothabháiltear amhlaidh, nó ceithre chéad punt san iomlán, cibé acu is lú, agus
(b) in aon chás eile—an teorainn ama a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, mar an teorainn iomchuí chun críocha an fho-ailt seo.”
Leasú ar ailt 29 (1), 30 agus 31 (1) d'Acht 1966.
11.—Leasaítear leis seo ailt 29 (1), 30 agus 31 (1) d'Acht 1966 trí “cibé acu a bheidh an deontas go léir nó cuid de íoctha” a chur isteach i ndiaidh “tithíochta”.
Leasú ar alt 33 d'Acht 1966.
1903, c. 37.
12.—Leasaítear leis seo alt 33 (1) d'Acht 1966 trí “nó faoi alt 5 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 (is cás a bhaineann le teach a dtabharfar an deontas ina leith faoin alt sin 5 (2) agus a chríochnófar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969), nó i gcás teach a thógfaidh Coimisiún na Talún, nó a thógfar le cabhair deontais ó Choimisiún na Talún, de bhun alt 12 den Irish Land Act, 1903, arna leathnú le halt 22 den Acht Talmhan, 1927 (ar cás é inar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969, a chríochnófar an teach agus go gcomhlíonfaidh achar iomlán a chuid urlár, i gcás teach ar tosaíodh á thógáil roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, na ceanglais atá in alt 15 (1) (a), i gcás teach ar tosaíodh á thógáil an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Nollaig, 1970, nó roimhe, atá in alt 15 (4) (b) nó, i gcás teach ar tosaíodh á thógáil tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, atá in alt 15 (6) (b) den Acht seo),” a chur isteach roimh “nó i gcás deontas a thabhairt” agus trí “a thóg Coimisiún na Talún nó” a chur isteach roimh “lena mbaineann an deontas”.
(2) Leasaítear leis seo alt 33 (4) d'Acht 1966 trí “nó i gcás teach a athfhoirgniú ag Coimisiún na Talún, nó le cabhair deontais ó Choimisiún na Talún, de bhun alt 12 den Irish Land Act, 1903, arna leathnú le halt 22 den Acht Talmhan, 1927 (ar cás é ar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969, a chríochnófar an t-athfhoirgniú), nó i gcás Bord Fáilte Éireann do thabhairt deontais, de bhun scéime chun cóiríocht saoire fhorlíontach a fhorbairt, chun athfhoirgniú (a chríochnófar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1969) a dhéanamh ar theach” a chur isteach i ndiaidh “a chomhshó” agus trí “a d'athfhoirgnigh Coimisiún na Talún nó” a chur isteach roimh “lena mbaineann”.
(3) Leasaítear leis seo alt 33 (5) d'Acht 1966 tríd an mír seo a leanas a chur leis:
“(f) i ndáil le teach a athfhoirgniú ag Coimisiún na Talún nó le cabhair deontais ó Choimisiún na Talún nó deontas, chun teach a athfhoirgniú, ó Bhord Fáilte Éireann—an t-athfhoirgniú.”
(4) Tabharfaidh údarás tithíochta aon aisíocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iomchuí de dhroim leasuithe a dhéanann an t-alt seo.
Leasú ar alt 62 d'Acht 1962.
13.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 62 d'Acht 1966 trí “(faoi réir, i gcás an ailt sin 86, ‘of one month’ a chur in ionad ‘to be therein named, and not less than seven or more than fourteen clear days from the date of such warrant’ agus ‘eight in the morning and eight in the aftrrnoon’ a chur in ionad ‘nine in the morning and four in the afternoon')” a chur isteach i ndiaidh “1860”.
(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur le halt 62 d'Acht 1966:
“(7) Má tharlaíonn, i gcás nach mbeidh tionóntacht i dteaghais a sholáthraigh údarás áitiúil faoin Acht seo, go ndéanfaidh duine iontráil isteach sa teaghais, nó go n-úsáidfidh sé í mar áit chónaithe duine gan toiliú an údaráis tithíochta, beidh an duine sin a dhéanfadh é sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt, nó, de rogha na cúirte, téarma príosúnachta nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le duine a raibh, an tráth a cuireadh deireadh nó a tháinig deireadh ar shlí eile, leis an tionóntacht is déanaí a bunaíodh sa teaghais, gnáthchónaí air sa teaghais ná maidir le duine a dhéanfaidh iontráil isteach sa teaghais le haghaidh gnáthchaidrimh le daoine den sórt sin ná maidir le duine a dhéanfaidh iontráil isteach sa teaghais (ach nach n-úsáidfidh í mar áit chónaithe duine) i gcúrsa a ghnáth-ghnó, a ghairme nó a cheirde.”
Aisghairm.
14.—Aisghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 29 d'Acht 1966.
Gearr theideal, forléiriú agus comhlua.
15.—(1) Féadfar Acht na dTithe, 1970, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin an tAcht seo agus Achtanna na dTithe, 1966 agus 1969, agus féadfar Achtanna na dTithe, 1966 go 1970, a ghairm díobh le chéile.
AN SCEIDEAL
Fo-ailt a chuirtear le hAilt 15, 16 agus 18 d'Acht 1966
CUID I
Fo-ailt a chuirtear le hAlt 15
(3) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (1) den alt seo an lú lá de Dheireadh fómhair, 1969, ná dá éis ach amháin i leith tithe ar tosaíodh á dtógáil roimh an lá sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis na tithe sin go heisiatach.
(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (5) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh teach amháin nó níos mó nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith, más rud é agus ar an gcuntar—
(a) gurb é an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Nollaig, 1970, nó roimhe, a thosófar ag tógáil an tí nó gach tí,
(b) nach lú ná trí chéad agus caoga troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí nó gach tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin—
(i) i gcás teach a mbeidh saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig céad déag troigh chearnach,
(ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach, agus
(c) i gcás an teach nó gach teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, gurb é céad áititheoir an tí nó gach tí comhalta den chumann a bheidh á áitiú mar ghnáth-áit chónaithe dó féin.
(5) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (4) den alt seo i leith tí níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos:
AN TABLA | |||||||||
Méid an Deontais | |||||||||
I gcás nach féidir saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar go réasúnach | I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a bheith soláthraithe | ||||||||
Duine dá bhféadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi fho-alt (4) den alt seo | Achar iomlán (i dtroithe cearnacha) urlár uile an ti arna thomhas sa tslí fhorordaithe | Achar iomlán (i dtroithe cearnacha urlár uile an tí arna thomhas sa tslí forordaithe | |||||||
350 nó níos mó, ach níos lú ná 500 | 500 nó níos mó, ach níos lú ná 800 | 800 nó níos mó, ach níos lú ná 1,050 | 1,050 nó níos mó, ach nach mó ná 1,400 | 350 nó níos mó, ach níos lú ná 500 | 500 nó níos mó, ach níos lú ná 800 | 800 nó níos mó, ach níos lú ná 1,050 | 1,050 nó níos mó, ach níos lú ná 1,250 | 1,250 nó níos mó, ach nach mó ná 1,500 | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
Duine (seachas cumann fóntais phoiblí) a sholáthróidh teach | 100 | 175 | 250 | 225 | 175 | 250 | 325 | 300 | 275 |
Cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach ... ... | 110 | 185 | 260 | 235 | 185 | 260 | 335 | 310 | 285 |
(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (7) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh teach amháin ní níos mó nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith más rud é, agus ar an gcuntar,—
(a) gur tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, a thosófar ag tógáil an tí nó gach tí,
(b) nach lú ná tríocha a cúig méadar cearnach agus nach mó ná céad is sé mhéadar cearnach déag achar iomlán urlár uile an tí nó gach tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe, agus
(c) i gcás an teach nó gach teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, gurb é céad áititheoir an tí nó gach tí comhalta den chumann a áitíonn é mar ghnáth-áit chónaithe dó féin,
faoi réir an choinníl nach dtabharfar deontas i leith tí arb úsáid seachas mar ghnáth-áit chónaithe an úsáid a dhéanfar de i dtuairim an Aire.
(7) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (6) den alt seo i leith tí níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos:
AN TABLA | ||||||||
Méid an Deontais | ||||||||
I gcás nach féidir saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar go réasúnach | I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a bheith soláthraithe | |||||||
Duine dá bhféadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi fho-alt (6) den alt seo | Achar iomlán (i méadair chearnacha) urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe | Achar iomlán (i méadair chearnacha) urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe | ||||||
35 nó níos mó, ach níos lú ná 45 | 45 nó níos mó, ach níos lú ná 75 | 75 nó níos mó, ach níos lú ná 100 | 100 nó níos mó, ach nach mó ná 116 | 35 nó níos mó, ach níos lú ná 45 | 45 nó níos mó, ach níos lú ná 75 | 75 nó níos mó, ach níos lú ná 100 | 100 nó níos mó ach nach mó ná 116 | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
Duine (seachas cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach ... | 100 | 175 | 250 | 225 | 175 | 250 | 325 | 300 |
Cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach ... | 110 | 185 | 260 | 235 | 185 | 260 | 335 | 310 |
CUID II
Fo-ailt a chuirtear le hAlt 16
(5) (a) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo, i gcás mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo a bheith comhlíonta, ionann is dá scriosfaí “i dtuathlimistéar”.
(b) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (1) den alt seo an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, ná dá éis, ach amháin i leith tithe ar tosaíodh á dtógáil roimh an lá sin agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo maidir leis na tithe sin go heisiatach.
(6) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh (i gcás ina gcomhlíontar ceanglais mhír (a) d'fho-alt (10) den alt seo) in aon limistéar nó (in aon chás eile) i dtuathlimistéar teach nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht) seo) tugtha ina leith, agus cibé méid sa deontas sin is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (7) den alt seo más rud é, agus ar an gcuntar,—
(a) gurb é an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Lúnasa, 1970, nó roimhe, a thosófar ag tógáil an tí,
(b) nach lú ná trí chéad agus caoga troigh chearnach achar iomlán urlár an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin—
(i) i gcás teach a mbeidh saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig céad déag troigh chearnach,
(ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach,
(c) gurb ar láithreán seachas láithreán a mbeidh ranníoc íoctha maidir leis ag an Aire faoi alt 44, 45 nó 47 den Acht seo a thógfar an teach, agus
(d) go mbeidh an teach á áitiú ag an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais poiblí, gurb é céad áithitheoir an tí comhalta den chumann a bheidh á áitiú mar ghnáth-áit chónaithe dó féin.
(7) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (6) den alt seo níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos:
AN TABLA | ||||||
Méid an Deontais | ||||||
I gcás nach féidir saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar go réasúnach | I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a bheith soláthraithe | |||||
Duine dá bhféadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi fho-alt (6) den alt seo | Achar iomlán (i dtroithe cearnacha) urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe | Achar (i dtroithe cearnacha) urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe | ||||
350 nó níos mó, ach níos lú ná 500 | 500 nó níos mó, ach níos lú ná 800 | 800 nó níos mó, ach nach mó ná 1,400 | 350 nó níos mó, ach níos lú ná 500 | 500 nó níos mó, ach níos lú ná 800 | 800 nó níos mó, ach nach mó ná 1,500 | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Duine (seachas cumann fóntais phoiblí) a sholáthróidh teach: | ||||||
i gcás luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún agus na bhfoirgneamh a áitíonn an duine— | ||||||
(a) gan bheith níos mó ná £25 | 150 | 300 | 375 | 225 | 375 | 450 |
(b) a bheith níos mó ná £25 gan bheith níos mó ná £40 .. | 125 | 250 | 325 | 200 | 325 | 400 |
(c) a bheith níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £60 .. | 100 | 200 | 275 | 175 | 275 | 350 |
2. Cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach ar comhalta den chumann a chéad áititheoir: | ||||||
i gcás luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún agus na bhfoirgneamh a áitíonn an chéad áititheoir sin— | ||||||
(a) gan bheith níos mó ná £25 | 160 | 310 | 385 | 235 | 385 | 460 |
(b) a bheith níos mó ná £25 gan bheith níos mó ná £40 .. | 135 | 260 | 335 | 210 | 335 | 410 |
(c) a bheith níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £60 .. | 110 | 210 | 285 | 185 | 285 | 360 |
(8) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadas chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (9) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh (i gcás ina gcomhlíontar ceanglais mhír (a) d'fho-alt (10) den alt seo) in aon limistéar nó (in aon chás eile) i dtuathlimistéar teach nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith, más rud é, agus ar an gcuntar—
(a) gur tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, a thosófar ag tógáil an tí,
(b) nach lú ná tríocha a cúig meadar cearnach agus nach mó ná céad agus sé mhéada cearnach déag achar iomlán urlár uile an tí nó arna thomhas sa tslí fhorordaithe,
(c) gurb ar láithreán seachas láithreán a mbeidh ranníoc íoctha maidir leis ag an Aire faoi alt 44, 45 nó 47 den Acht seo a thógfar an teach, agus
(d) go mbeidh an teach á áitiú ag an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais poiblí, gurb é céad áithitheoir an tí comhalta den chumann a bheidh á áitiú mar ghnáth-áit chónaithe dó féin.
(9) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (8) den alt seo níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos:
AN TABLA | ||||||
Méid an Deontais | ||||||
I gcás nach féidir saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar go réasúnach | I gcás saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a bheith soláthraithe | |||||
Duine dá bhféadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi fho-alt (8) den alt seo | Achar iomlán (i méadair cearnacha) urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe | Achar (i méadair cearnacha) urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe | ||||
35 nó níos mó, ach níos lú ná 45 | 45 nó níos mó, ach níos lú ná 75 | 75 nó níos mó, ach níos mó ná 116 | 35 nó níos mó, ach níos lú ná 45 | 45 nó níos mó, ach níos lú ná 75 | 75 nó níos mó, ach nach mó ná 116 | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Duine (seachas cumann fóntais phoiblí) a sholáthróidh teach: | ||||||
i gcás luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún agus na bhfoirgneamh a áitíonn an duine— | ||||||
(a) gan bheith níos mó ná £25 | 150 | 300 | 375 | 225 | 375 | 450 |
(b) a bheith níos mó ná £25 gan bheith níos mó ná £40 .. | 125 | 250 | 325 | 200 | 325 | 400 |
(c) a bheith níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £60 .. | 100 | 200 | 275 | 175 | 275 | 350 |
2. Cumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach ar comhalta den chumann a chéad áititheoir: | ||||||
i gcás luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún agus na bhfoirgneamh a áitíonn an chéad áititheoir sin— | ||||||
(a) gan bheith níos mó ná £25 | 160 | 310 | 385 | 235 | 385 | 460 |
(b) a bheith níos mó ná £25 gan bheith níos mó ná £40 .. | 135 | 260 | 335 | 210 | 335 | 410 |
(c) a bheith níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £60 .. | 110 | 210 | 285 | 185 | 285 | 360 |
(10) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (6) ná fo-alt (8) den alt seo ach amháin más rud é gurb é tuairim an Aire go gcomhlíonann an duine a sholáthraigh an teach nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, céad áititheoir an tí ceanglais mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, is é sin,
(a) go bhfuil tithíocht ag teastáil ón duine sin nó ón áititheoir sin agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé,
(b) gurb i dtuathlimistéar atá gnáthchónaí ar an duine sin nó ar an áititheoir sin agus go gcónaíonn sé amhlaidh i dteach plódaithe, nó i dteach atá neamhoiriúnach chun duine cónaí ann, nó go bhfuil tithíocht ag teastáil uaidh ar chúiseanna liachta nó atruacha nó ar chúiseanna eile dá sórt, agus gurb amhlaidh do dhála an duine nó an áititheora nach bhféadfadh sé teach, chun é féin á áitiú, a sholáthar gan cúnamh deontais faoin alt seo.
CUID III
Fo-ailt a chuirtear le hAlt 18
(4) Ní thabharfar deontais faoi fho-alt (1) den alt seo an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, ná dá éis, ach amháin i leith foirgnimh ar tosaíodh á dtógáil roimh an lá sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis na foirgnimh sin go heisiatach.
(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (6) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine i leith árasáin nó teaghasáin leithleacha, lánscartha a thógáil i bhfoirgneamh, más rud é, agus ar chuntar,—
(a) gurb é an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1969, nó dá éis, agus an 31ú lá de Nollaig, 1970, nó roimhe a thosófar, ag togáil an fhoirgnimh,
(b) nach lú ná dhá chéad agus caoga troigh chearnach, ná nach mó ná cúig chéad déag troigh chearnach, achar iomlán urlár uile an árasáin nó an teaghasáin, cibé acu é, arna thomhas sa tslí fhorordaithe.
(6) Ní bheidh deontas faoin fho-alt (5) den alt seo níos mó maidir le gach árasán nó teaghasán ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos:
AN TABLA | |||||
Méid an Deontais | |||||
Achar iomlán (i dtroithe cearnacha) urlár uile an árasáin nó an teaghasáin arna thomhas sa tslí fhorordaithe | |||||
Tuairisc an árasáin nó teaghasáin | 250 nó níos mó, ach níos lú ná 500 | 500 nó níos mó, ach níos lú ná 800 | 800 nó níos mó, ach níos lú ná 1,050 | 1,050 nó níos mó, ach níos lú ná 1,250 | 1,250 nó níos mó, ach nach mó ná 1,500 |
£ | £ | £ | £ | £ | |
1. Arasán nó teaghasán leithleach, lánscartha i bhfoirgneamh sé stór nó níos mó a bhfuil ardaitheoir ann .. .. | 225 | 300 | 375 | 350 | 325 |
2. Arasán nó teaghasán leithleach, lánscartha i bhfoirgneamh is ísle ná sé stór .. .. .. | 175 | 250 | 325 | 300 | 275 |
(7) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (8) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine i leith árasáin nó teaghasáin leithleacha, lánscartha a thógáil i bhfoirgneamh más rud é, agus ar chuntar,—
(a) gur tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1970, a thosófar ag tógáil an fhoirgnimh, agus
(b) nach lú ná cúig mhéadar cearnach is fiche ná nach mó ná céad agus sé mhéadar déag cearnach achar iomlán urlár uile an árasáin nó an teaghasáin, cibé acu é, arna thomhas sa tslí fhorordaithe.
faoi réir an choinníll nach dtabharfar deontas i leith árasáin ná teaghasáin arb úsáid seachas mar ghnáth-áit chónaithe an úsáid a dhéanfar de i dtuarinn an Aire.
(8) Ní bheidh deontas faoi fho-alt (7) den alt seo níos mó maidir le gach árasán nó teaghasán ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos:
AN TABLA | ||||
Méid an Deontais | ||||
Achar iomlán (i méadair cearnacha) urlár uile an árasáin nó an teaghasáin arna thomhas sa tslí fhorordaithe | ||||
Tuairisc an árasáin nó teaghasáin | 25 nó níos mó, ach níos lú ná 45 | 45 nó níos mó, ach níos lú ná 75 | 75 nó níos mó, ach níos lú ná 100 | 100 nó níos mó, ach níos lú ná 116 |
£ | £ | £ | £ | |
1. Arasán nó teaghasán leithleach, lánscartha i bhfoirgneamh sé stór nó níos mó a bhfuil ardaitheoir ann .. | 225 | 300 | 375 | 350 |
2. Arasán nó teaghasán leithleach, lánscartha i bhfoirgneamh is ísle ná sé stór .. .. .. | 175 | 250 | 325 | 300 |