[EN]

Uimhir 19 de 1935.


[EN]

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (FORÁLACHA SEALADACHA) (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN LÉIRIÚ AGUS OIBRIÚ AILT 15 DEN ACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL (FORÁLACHA SEALADACHA). 1923, DO MHÍNIÚ AGUS DO LEATHNÚ AGUS CHUN AN MHÍNITHE AGUS AN LEATHNUITHE SIN DO DHÉANAMH ÉIFEACHTÚIL Ó AM ACHTUITHE AN AILT SIN. [7adh Meitheamh, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Léiriú agus oibriú ailt 15 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923.

1.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú agus oibriú ailt 15 de Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), sé sin le rá:—

(a) an chomhacht a bronntar ar an Aire le fo-alt (2) den alt san 15 chun an ailt sin do chur i mbaint le hoifigí agus fostaíochtaí sroichfidh agus údaróidh agus tuigfear gur shroich agus gur údaruigh riamh an t-alt san do chur i mbaint le haon oifig no fostaíocht fé údarás áitiúil, pe'ca bhaineann dualgaisí na hoifige no na fostaíochta san le fóirithin na mbocht do riaradh no ná bainid;

(b) i gcás comhacht do bhronnadh go sonnrách ar údarás áitiúil no ar dhuine eile le reacht Briotáineach no le hAcht den Oireachtas do ritheadh roimh an Acht san um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, no fé reacht no Acht den tsórt san, maidir le hoifig no fostaíocht le n-a mbaineann no le n-ar bhain an t-alt san 15, ní oibreoidh san ná ní tuigfear gur oibrigh riamh chun na comhachta san no comhacht den tsórt chéanna do shaoradh o oibriú an ailt sin 15 ná chun cosc do chur leis an alt san 15 do léiriú mar alt a bhronann comhacht den tsórt chéanna ar an Aire maidir leis an oifig no leis an bhfostaíocht chéanna no maidir le haon oifig no fostaíocht eile;

(c) i gcás comhacht do bronnadh go sonnrách mar adubhradh do bheith ann maidir le haon oifig no fostaíocht go bhfuil comhacht den tsórt chéanna ag an Aire de bhuadh an ailt sin 15 maidir léi beidh agus tuigfear go raibh riamh uachtaracht ag an gcomhacht san a dílsítear amhlaidh san Aire ar an gcomhacht san do bronnadh go sonnrách amhlaidh, agus dá réir sin ní ar bith do rinneadh no déanfar fén gcomhacht san do bronnadh go sonnrách amhlaidh agus atá no bheidh buiniscionn le ní ar bith do rinne no dhéanfaidh an tAire fén gcomhacht san den tsórt chéanna a dílsítear ann amhlaidh beidh sé agus (i gcás ní do rinneadh amhlaidh roimh an Acht so do rith) tuigfear go raibh sé riamh gan bhrí gan éifeacht.

[EN]

Gearr-theideal.

2.—Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1935, do ghairm den Acht so.