SAORSTÁT ÉIREANN.
Uimhir 19 de 1937.
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (LEASÚ), 1937.
[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]
Ceadúnaisí fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924, d'fhaidiú.
1.—Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924), agus a bhí i bhfeidhm an 31adh lá de Mhárta, 1937, de bhuadh ailt 8 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1934 (Uimh. 34 de 1934), tuigfear é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí am an Achta so do rith agus, má bhíonn an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe le linn an Achta so do rith sa chlár d'easportálaithe déantóireachta atá á choimeád fé alt 14 den Acht Tora Déiríochta, 1924. adubhradh, fanfa sé i bhfeidhm faid a leanfaidh an t-áitreabh san de bheith cláruithe amhlaidh, ach féadfaidh an tAire Talmhaíochta an ceadúnas san do cheiliúradh tráth ar bith.
Gearr-theideal agus luadh.
2.—Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1937, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1934, agus den Acht so le chéile.