[EN]

Uimhir 19 de 1943.


[EN]

ACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930 AGUS 1936. [2adh Meitheamh, 1943.] [EN](a) ar gach duine fé leith dá bhaill chun taisteal go dtí cruinnithe bheidh ag an gcoiste sin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1943, agus uatha, agus [EN]

(b) ar bhall d'fho-choiste den choiste sin chun taisteal go dtí cruinnithe bheidh ag an bhfo-choiste sin tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1943, agus uatha.

[EN]

(2) Ní híocfar costais le duine ar bith fén alt so maidir le cruinniú bheidh in áit is giorra ná cúig mhíle, de bhealach ar bith, dá ghnáth-áit chomhnaithe.

[EN]

(3) Ní raghaidh méid na gcostas a híocfar fén alt so le duine maidir le cruinniú thar méid na gcostas aistir féna raghadh sé do réir réasúin chun taisteal óna ghnáth-áit chomhnaithe agus chuige go dtí ionad an chruinnithe sin agus uaidh.

[EN]

(4) Ní híocfar costais fén alt so le duine ar bith maidir le cruinnithe fo-choiste mara ndéana an tAire, arna iarraidh sin don choiste ghairm-oideachais do cheap an fo-choiste sin, a údarú costais d'íoc fén alt so le baill den fho-choiste sin.

[EN]

(5) Ní foláir éileamh ar íoc costas fén alt so do dhéanamh i scríbhinn agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an fhuirm d'ordú bheidh le húsáid chun an t-éileamh san do dhéanamh.

[EN]

Ráiteas bréagach chun íoc d'fháil fén Acht so.

2.—(1) Duine dhéanfaidh go feasach ráiteas bréagach no lomhálfaidh go feasach ráiteas bréagach do dhéanamh chun íoc d'fháil fén Acht so dó féin no do dhuine eile, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air no, mar is rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná bliain.

[EN]

(2) Beidh duine ciontófar i gcionta fén alt so dí-cháilithe ina dhiaidh sin óna thoghadh no óna bheith ina bhall de choiste ghairmcideachais no d'fho-choiste dhe, no de chólucht is údarás áitiúil chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, no de chomhairle arna bunú le dlí maidir le contaebhuirg no buirg eile no de choiste de chomhairle den tsórt san, agus beidh sé dí-cháilithe freisin o oifig no fostaíocht do shealbhú fé choiste ghairm-oideachais no fé chólucht no comhairle no coiste den tsórt san réamhráite.

[EN]

Gan feidhm do bheith ag alt 22 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, ná ag an Dara Sceideal a ghabhann leis.

3.—Ní bheidh feidhm ag alt 22 den Acht Oideachais Ghairme Beathá, 1930 (Uimh. 29 de 1930), ná ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san maidir le cruinniú comórfar tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1943, ag coiste gairm-oideachais do líomatáiste gairm-oideachais contae no ag fo-choiste dhe.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus có-luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1943, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Oideachais Ghairme Beatha, 1930 agus 1936, agus an tAcht so do léiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Gairm-Oideachais, 1930 go 1943, do ghairm de na hAchtanna Oideachais Ghairme Beatha, 1930 agus 1936, agus den Acht so le chéile.