[EN]

Uimhir 19 de 1952.


[EN]

AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1949. [9ú Nollaig, 1952.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Na hAchta.

1.—San Acht seo ciallaíonn“na hAchta”na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1949.

[EN]

Tréimhse oifige aireachta sa Chéad Dáil Éireann.

2.—Chun críocha na nAcht, áireofar ar thréimhse oifige dhuine a bhí i seilbh oifige aireachta sa Chéad Dáil Éireann an tréimhse idir an dáta a hainmníodh é chun na hoifige sin agus an dáta a daingníodh a ainmniúchán ag an Dáil sin.

[EN]

Leathnú ar bhrí na habairte“oifig aireachta”.

3.—Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go bhfolóidh an abairt“oifig aireachta” i gCuid IV den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 (Uimh. 38 de 1938), oifig Stiúrthóra, a bhí ina cheann aireachta ar Roinn den Chéad Dáil Éireann, agus an oifig a shealbhaigh duine a bhí ag gníomhú mar ionadaí do Stiúrthóir.

[EN]

Pinsean baintrí.

4.—I gcás gan baintreach dhuine a bhí i seilbh oifige cáilithí a bheith cáilithe chun pinsean d'fháil faoi na hAchta, toisc nár leor seirbhís inphinsin an duine sin, beidh sí i dteideal pinsean baintrí d'fháil a bheas ar cóimhéid leis an bpinsean a mbeadh sí ina theideal dá mba trí bliana seirbhís inphinsin an duine sin.

[EN]

Tosach feidhme pinsean.

5.—Aon phinsean is iníoctha de bhun ailt 2, 3 nó 4 den Acht seo, tosnóidh sé ar bheith iníoctha—

[EN]

(a) má déantar iarratas go cuí ar an bpinsean sin ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta an Achta seo a ríth, ar an dáta a rithfear é, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, ar an dáta a déanfar an t-iarratas go cuí.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6.—(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar na hAchta agus an tAcht seo mar aon ní amháin.