Uimhir 19 de 1964.
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1964
[An tiontú oifigiúil.]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—
Alt 2 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, a leasú.
1958, No. 17.
1.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, trí “1965” agus “oiread is fiche” a chur in ionad “1958” agus “cúig oiread déag” faoi seach.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1965, agus beidh gach gníomh agus gach ní a rinne comhairle contae roimh an lá sin maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh na forálacha sin roimhe seo den alt seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931.
2.—(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931, a leasú mar a leanas:
(a) cuirfear an Riail seo a leanas in ionad Riail 2:
“2. Is iad a bheidh i ngach coiste talmhaíochta daoine is comhaltaí agus daoine nach comhaltaí den chomhairle agus i gcás na gcomhaltaí d'aon choiste den sórt sin is comhaltaí den chomhairle ní rachaidh a líon—
(a) más ré-uimhir comhaltaí a bheidh ar an gcoiste, thar líon na gcomhaltaí den choiste, nach comhaltaí den chomhairle, nó
(b) más corruimhir comhaltaí a bheidh ar an gcoiste, thar dhuine amháin de bhreis ar líon na gcomhaltaí den choiste nach comhaltaí den chomhairle.”
(b) i Riail 5 cuirfear “comhalta ar bith den chomhairle” in ionad “duine ar bith”;
(c) cuirfear an Riail seo a leanas isteach i ndiaidh Riail 5:
“5A. Gach duine, seachas comhalta den chomhairle, a cheapfar chun bheith ina chomhalta de choiste talmhaíochta, toghfaidh an chomhairle é don cheapachán sin mar gheall ar a bhfuil déanta aige i gcleachtadh na feirmeoireachta nó i bhforbairt na talmhaíochta agus chúrsaí saoil na tuaithe sa cheantar áirithe ina gcónaíonn sé, nó mar gheall ar a bhfuil déanta aige ar mhaithe le hoideachas agus obair chomhairleach sa talmhaíocht nó i ngnóthaí teaghlaigh mhuintir na tuaithe.”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm maidir le coiste talmhaíochta i dtosach an chéad chruinnithe bhliantúil de chomhairle contae ag a gceaptar comhaltaí an choiste a thionólfar tar éis an chéad toghcháin chúigbhliantúil do chomhaltaí na comhairle sin a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith.
Gearrtheideal agus comhlua.
3.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1964, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1964, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1958, agus den Acht seo le chéile.