[EN]

Uimhir 19 de 1970


[EN]

AN tACHT UM THIONSCAL NA gCAPALL, 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD A BHUNÚ AR A dTABHARFAR BORD NA gCAPALL A BHUNÓIDH LÁRIONAD NÁISIÚNTA CHUN OILIÚINT A THABHAIRT SAN EACHAÍOCHT, COMHAIRLE A THABHAIRT DON AIRE TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH, AGUS FEIDHMEANNA ÁIRITHE EILE A FHEIDHMIÚ, MAIDIR LE PÓRÚ, DÍOL AGUS ONNMHAIRIÚ CAPALL AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAOLMHARA (LENA nÁIRÍTEAR FOIRNE NÁISIÚNTA A BHEITH PÁIRTEACH I gCOMÓRTAIS EACHRAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA, AGUS COMÓRTAIS DEN SÓRT SIN A SHEOLADH SA STÁT), DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BUNACHAIS MHARCAÍOCHTA A CHEADÚNÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [10 Lúnasa, 1970.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Thionscal na gCapall, 1970, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Bord na gCapall a bhunaítear leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar mar lá bunaithe chun críocha an Achta seo faoi alt 4 den Acht seo;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairtí d'fheidhmeanna a chomhlíonadh tagairtí do chumhachtaí a fheidhmiú;

[EN]

folaíonn “capall” aon láir, capall coillte, capaillín, searach, bromach, cliobóg nó stail agus, freisin, aon asal, múille nó ránach;

[EN]

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a deonaíodh faoi alt 28 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

[EN]

folaíonn “áitreabh” táilte.

[EN]

Caiteachas.

3.—Déanfar aon chaiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

An lá bunaithe.

4.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oideachais.

5.—Leagfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

CUID II

Bord na gCapall

[EN]

Bord a bhunú.

6.—(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, Bord ar a dtabharfar Bord na gCapall (dá ngairtear an Bord san Acht seo) a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a fheidhmiú a shanntar dó leis an Acht seo.

[EN]

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe.

[EN]

Feidhmeanna an Bhoird.

7.—(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird—

[EN]

(a) comhairle a thabhairt don Aire—

[EN]

(i) maidir le pórú, díol agus onnmhairiú capall agus gníomhaíochtaí gaolmhara,

[EN]

(ii) maidir leis na coinníollacha a chuirfear ag gabháil le ceadúnais,

[EN]

(iii) maidir leis na hábhair a shonraítear i míreanna (b) go (k) den fho-alt seo agus aon fheidhmeanna a aistreofar chun an Bhoird faoi alt 33 den Acht seo,

[EN]

(b) obair eagraíochtaí nó grúpaí ar porú capall nó eachaíocht nó ábhair a bhaineann leis na hábhair réamhraite iomlán nó formhór a gcúraim a chomhoirdniú (le toiliú na n-eagraíocht nó na ngrúpaí lena mbainfidh);

[EN]

(c) lárionad náisiúnta nó lárionaid náisiúnta le hoiliúint a thabhairt san eachaíocht a bhunú, a threalmhú agus a oibriú nó a chur faoi deara larionad nó lárionaid den sórt sin a oibriú thar a cheann;

[EN]

(d) dul i gcomhairle leis na heagrais eachraíochta iomchuí (má iarrann siad sin) i dtaobh na gcomórtas eachraíochta idirnáisiúnta a roghnú a gcuirfear foirne náisiúnta Éireannacha nó comhaltaí d'fhoirne den sórt sin isteach orthu agus, i gcás ina gceadóidh an Bord foirne nó comhaltaí den sórt sin agus na comórtais a mbeidh siad curtha agus, i gcás ina gceadóidh an Bord foirne nó comhaltaí de réir mar a bheidh i gceachtar slí acu seo a leanas nó sa dá shlí sin, is é sin le rá, airgead a sholáthar chun íoc, go hiomlán nó go páirteach, as na costais a bhainfidh le cur isteach ar na comórtais nó bheith páirteach iontu nó capaill a sholáthar le haghaidh úsáide na bhfoireann nó na gcomhaltaí, de réir mar a bheidh, sna comórtais;

[EN]

(e) gríosadh le comórtais eachraíochta idirnáisiúnta a chomóradh sa Stát agus cabhrú, trí airgead a sholáthrar nó ar shlí eile, le comórtais den sórt sin a chomóradh agus a sheoladh;

[EN]

(f) socrú a dhéanamh chun daoine a oiliúint le heachraíocht a theagasc;

[EN]

(g) poiblíocht ar chapaill a chomhoirdniú agus a ghabháil de láimh;

[EN]

(h) eagrú díol capall seachas capaill fholaíochta a chur chun cinn;

[EN]

(i) onnmhairiú capall seachas capaill fholaíochta a chur chun cinn agus a fhorbairt;

[EN]

(j) seirbhís eolais de cibé cineál is dóigh leis is iomchuí maidir le capaill a chur ar fáil do dhaoine lasmuigh den Stát;

[EN]

(k) scéim phrintísteachta le crúdóireacht capall a bhunú agus a riaradh;

[EN]

(l) cibé feidhmeanna eile a aistreofar chun an Bhoird nó a shannfar don Bhord faoi alt 33 den Acht seo a ghabháil de láimh.

[EN]

(2) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin go léir is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a bhaineann lena gcomhlíonadh.

[EN]

Comhaltaí an Bhoird.

8.—(1) Ceapfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar a theastóidh, comhaltaí an Bhoird ach ní mó ná aon chomhalta déag an líon díobh a bheidh ann.

[EN]

(2) Sula gceapfaidh an tAire comhalta den Bhord, rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagrais (más ann) is dóigh leis is iomchuí maidir leis an gceapadh.

[EN]

(3) Is í tréimhse oifige comhalta den Bhord cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire nuair a cheapfaidh sé é.

[EN]

(4) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

[EN]

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a chuirfear chun an Aire, agus beidh éifeacht ag an éirí-as nuair a gheofar an litir.

[EN]

(6) I gcás ina ndéanfar comhalta den Bhord nó de choiste a bhunaigh an Bord a ainmniú mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord nó den choiste, de réir mar a bheidh.

[EN]

(7) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó de choiste a bhunaigh an Bord.

[EN]

(8) Sealbhóidh comhalta den Bhord oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(9) Íocfar le comhalta den Bhord nó d'aon choiste a bhunaigh an Bord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé liúntais le haghaidh caiteachas a mheasfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a bheith réasúnach.

[EN]

(10) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

[EN]

(11) Féadfaidh an tAire aon tráth comhalta den Bhord a chur as oifig.

[EN]

Cathaoirleach an Bhoird.

9.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar a theastóidh, comhalta den Bhord a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord.

[EN]

(2) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a chuirfear chun an Aire, agus beidh éifeacht ag an éirí-as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é, nuair a thosóidh an chéad chruinniú den Bhord a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Bhord.

[EN]

(3) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird de bheith ina chomhalta den Bhord le linn a théarma oifige mar chathaoirleach scoirfidh sé freisin ansin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

[EN]

Séala an Bhoird.

10.—(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

[EN]

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

[EN]

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh gur fíordheimhníodh é de réir an ailt seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas eile mura suífear a mhalairt.

[EN]

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

11.—Aon chomhalta den Bhord—

[EN]

(a) a bhfuil leas ar bith aige in aon chuideachta a mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh léi, nó

[EN]

(b) a bhfuil aon leas aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

[EN]

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird gur chuir sé sin in iúl.

[EN]

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

12.—(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh go cuí.

[EN]

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord a luaithe is caothúil tar éis an lá bunaithe.

[EN]

(3) Ag cruinniú den Bhord—

[EN]

(a) is é cathaoirleach an Bhoird a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair,

[EN]

(b) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

[EN]

(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás comhionannas vótaí beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.

[EN]

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

[EN]

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

[EN]

(7) Cúigear an córam do chruinniú den Bhord mura n-oróidh an tAire a mhalairt.

[EN]

Deontais don Bhord.

13.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais a íoc leis an mBord gach bliain airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus cibé méid sa deontas sin nó cibé méideanna sna deontais sin a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, maidir le clár caiteachais an Bhoird don bhliain sin.

[EN]

(2) Nuair a bheifear ag socrú méid deontais faoin alt seo i leith aon bhliana áirithe tabharfar aird ar mhéid ioncaim an Bhoird (gan ioncam faoin alt seo nó faoi alt 14 (c) den Acht seo a áireamh) an bhliain sin, agus, más mó méid an ioncaim ná cibé méid a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, méadófar méid an deontais cibé méid (más ann) a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Cumhachtaí ilghnéitheacha an Bhoird.

14.—Chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí féadfaidh an Bord—

[EN]

(a) oifigí agus áitribh eile a sholáthar, a threalmhú agus a chothabháil;

[EN]

(b) capaill a cheannach, a thógáil, nó a ligean, ar léas nó a dhíol;

[EN]

(c) airgead a fháil ar iasacht, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha caipitiúla nó críocha reatha.

[EN]

Caiteachas an Bhoird.

15.—Féadfar cistí an Bhoird a úsáid—

[EN]

(a) chun caiteachais a íoc a thabhaigh sé ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, agus

[EN]

(b) chun íocaíochtaí a dhéanamh nó deontais nó iasachtaí a thabhairt chun aon chríche a chabhródh, i dtuairim an Bhoird, le honnmhairiú capall (gan capaill fholaíochta a áireamh) a chur ar aghaidh agus a fhorbairt.

[EN]

An Bord d'infheistiú cistí.

16.—Féadfaidh an Bord aon chistí dá chuid (nach cistí lena mbaineann alt 24 (3) den Acht seo) a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

[EN]

Talamh a fháil agus a dhiúscairt.

17.—(1) Féadfaidh an Bord aon talamh nó aon éasúint, cead slí nó ceart eile i leith talún a fháil trí chomhaontú.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord aon talamh atá dílsithe dó agus nach bhfuil ag teastáil uaidh níos mó a dhiúscairt.

[EN]

Cuntais agus iniúchadh.

18.—(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas caiteachais agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé, san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire as a chonlán féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) de na cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) den alt seo a ordóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

19.—(1) Tabharfaidh an Bord, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta de chuid an Bhoird nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham i dtaobh feidhmiú feidhmeanna an Bhoird.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

20.—(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

[EN]

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.

[EN]

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

[EN]

Oifigigh nó seirbhísigh don Bhord d'fheidhmiú feidhmeanna an Bhoird.

21.—Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige.

[EN]

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

22.—(1) A luaithe is caothúil tar éis an lae bhunaithe, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire Airgeadais chun a cheadú a fháil scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais a dheonú, ar iad scor nó ar iad d'fháil bháis, do cibé oifigigh lánaimsire nó seirbhísigh lánaimsire is cuí leis an mBord nó i leith na n-oifigeach nó na serbhíseach sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim do leasú scéime faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

[EN]

(3) Déanfaidh an Bord aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire Airgeadais faoin alt seo a chur chun feidhme de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire Airgeadais í.

[EN]

(4) Socróidh aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire Airgeadais agus a cheadóidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo tráth agus coinníollacha scoir do na daoine go léir lenarb iníoctha pinsin, aiscí nó liúntais eile faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ag éileamh, nó i dtaobh méid, aon phinsin, aisce nó liúntais eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadh.

[EN]

(6) Déanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire Airgeadais agus a cheadóidh sé faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir lar éis a cheadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin ar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

23.—(1) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin mBord teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

[EN]

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin, a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,

[EN]

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais i leith tréimhse na hiasachta,

[EN]

(c) ní bheidh sé i dteideal tréimhse na hiasachta go léir ná aon chuid di a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoin Acht seo.

[EN]

(2) Aon duine atá de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

[EN]

An Bord do ghlacadh bronntanas.

24.—(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

[EN]

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil leis ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord aon chistí de chuid an Bhoird, is bronntanas nó na fáltais ó aon bhronntanas, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinniollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

[EN]

Coistí de chuid an Bhoird.

25.—(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun na feidhmeanna sin (más ann) de chuid an Bhoird a fheidhmú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Bord do choiste.

[EN]

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord, ina gcomhaltaí de choiste a bheidh arna bhunú faoin alt seo.

[EN]

(3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bheidh arna bhunú faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarma agus seilbh oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord a fhorchur le linn é a cheapadh.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bheidh arna bhunú faoin alt seo a chur as oifig aon tráth.

[EN]

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a ceapadh faoin alt seo a dhíscaoileadh.

[EN]

(6) Beidh gníomhartha coiste a bheidh arna bhunú faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord mura scaoilfidh an Bord leis an daingniú sin a bheith riachtanach.

[EN]

(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bheidh arna mbunú faoin alt a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bheidh arna mbunú faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

CUID III

Bunachais Mharcaíochta a Cheadúnú

[EN]

Cumhacht chun feidhm Chuid III a shrianadh.

26.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin alt seo, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an gCuid seo maidir le haon aicme bunachas marcaíochta a shonrófar sna rialacháin (faoi threoir cibé ábhar, lena n-áirítear na méideanna capall a choimeádfar, is dóigh leis an Aire is iomchuí), agus beidh feidhm agus éifeacht ag an gCuid seo de réir forálacha aon rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo.

[EN]

Léiriú (Cuid III).

27.—(1) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht seo do bhunachas marcaíochta a fhorléiriú mar thagairtí do ghnó a sheoladh ag coimeád capall chun ceachtar críche nó an dá chríoch acu seo a leanas, is é sin le rá, iad a ligean ar fruiliú le haghaidh marcaíochta nó iad a úsáid, i gcomaoin íocaíochta, chun teagasc ar mharcaíocht a thabhairt.

[EN]

(2) Chun críocha na Coda seo measfar faoi aon duine a choimeádann bunachas marcaíochta gur san áitreabh ina gcoimeádtar na capaill a úsáidtear chun críocha an ghnó iomchuí a choimeádtar é.

[EN]

Ceadúnais.

1879, c. 58.

28.—(1) (a) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní choimeádfaidh duine bunachas marcaíochta ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnais.

[EN]

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo—

[EN]

(i) maidir le duine a choimeád bunachas marcaíochta díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ar feadh na tréimhse trí mhí dar tosach dáta an tosach feidhme sin,

[EN]

(ii) maidir le duine a gheobhaidh, trína cheannach nó ar shlí eile, bunachas marcaíochta is ábhar ceadúnais, ar feadh na tréimhse trí mhí dar tosach an dáta ar a bhfaighidh sé é, nó

[EN]

(iii) maidir le hionadaí pearsanta sealbhóra ceadúnais, ar feadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta báis an tsealbhóra.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, ar iarratas a dhéanamh chuige á iarraidh agus ar aon táille iomchuí (a chuirfear leis an iarratas) a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoi fho-alt (4) den alt seo a bheith íoctha leis, ceadúnas a dheonú, nó diúltú ceadúnas a dheonú, do duine á údarú bunachas marcaíochta a choimeád san áitreabh a shonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(3) (a) Beidh ceadúnas faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is dóigh leis an Aire is gá nó is foirsteanach chun cuspóirí na Coda seo a bhaint amach agus a fhorchuirfidh sé nuair a dheonófar an ceadúnas nó aon tráth dá éis sin agus a shonróidh sé sa cheadúnas agus déanfaidh an duine a mbeidh bunachas marcaíochta á choimeád aige aon choinníollacha a chomhlíonadh a shonrófar sa cheadúnas a bhainfidh leis an mbunachas.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, coinníoll a bheidh ag gabháil le ceadúnas a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, táille a fhorordú ó am go ham a íocfar leis an Aire ar iarratas ar cheadúnas.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, i leith aon táillí a íocfar faoin alt seo.

[EN]

(6) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo ciontach i gcion.

[EN]

Forálacha maidir le ceadúnais.

29.—(1) Nuair a bheidh an tAire a chinneadh cibé acu a dheonóidh sé ceadúnus nó a dhiúltóidh sé ceadúnas a dheonú, de réir mar a bheidh, chun bunachas marcaíochta a choimeád in aon áitreabh, beidh aird aige go háirithe an bhfuil an duine, i dtuairim an Aire, atá nó a bheidh ag coimeád an bhunachais oiriúnach agus cáilithe ó thaithí ar bhainistíocht capall nó ar shlí eile chun bheith ina choimeádaí bunachais den sórt sin agus, freisin, ar é bheith riachtanach a áirithiú—

[EN]

(a) go mbeidh ar fáil i gcónaí do chapaill, cóiríocht a bheidh oiriúnach maidir le foirgniú, méid, an uimhir áititheoirí, soilsiú, aerú, siltean agus glaineacht,

[EN]

(b) go ndéanfar, i gcás capaill a bheidh á gcothabháil ar féarach, leordhóthain féaraigh agus fothaine a chothabháil dóibh i gcónaí le linn dóibh a bheith á gcothabháil amhlaidh,

[EN]

(c) go gcoimeádfar leordhóthain beatha, uisce agus (ach amháin, i gcás capaill a bheidh á gcothabháil ar féarach, an fad a bheidh siad á gcothabháil amhlaidh) easair le capaill, agus go dtabharfar leordhóthain lúthaíochta agus scíthe dóibh agus (a mhéid is gá sin) go mbreathnófar orthu i gceann tréimhsí oiriúnacha,

[EN]

(d) go nglacfar gach réamhchúram réasúnach chun galair aicídeacha nó thógálacha a thoirmeasc, agus a chosc ó leathadh, i measc capall,

[EN]

(e) go ndéanfar bearta iomchuí chun capaill a chosaint i gcás toiteáin,

[EN]

(f) go gcoimeádfar capaill i ndeá-shláinte agus go mbeidh, i gcás capall a bheidh á choimeád chun é a ligean ar fruiliú chun marcaíochta nó capall a bheidh á choimeád lena úsáid chun teagasc a thabhairt ar mharcaíocht, an capall agus aon trealamh a thabharfar leis oiriúnach chun na críche dá mbeidh sé sa chás sin á choimeád,

[EN]

(g) go mbeidh leorchóiríocht ar fáil le haghaidh farae, easrach, trealamh cró agus diallatra,

[EN]

(h) go mbeidh, i gcás ina n-úsáidfear capaill chun teagasc ar mharcaíocht a thabhairt i gcomaoin íocaíochta, an oilteacht agus an cumas is gá chuige sin ag an duine a bheidh ag thabhairt an teagaisc,

[EN]

agus sonróidh an tAire cibé coinníollacha sa cheadúnas, má dheonaíonn sé é, a fheicfear dó is gá nó is foirsteanach sa chás áirithe chun na cuspóirí go léir a shonraítear i míreanna (a) go (h) den fho-alt seo a bhaint amach.

[EN]

(2) Féadfar ceadúnas a dheonú faoi réir nó d'éagmais teorann le tréimhse a bhailíochta.

[EN]

(3) (a) Aon uair a bheartóidh an tAire diúltú ceadúnas a dheonú, tabharfaidh sé, sula ndéanfaidh sé sin, fógra d'iarratasóir an cheadúnais go bhfuil sin ar intinn aige agus a chúiseanna leis sin, agus, má chuireann an t-iarratasóir aon uiríolla faoi bhráid an Aire laistigh de sheacht lá tár éis an dáta a thabharfar an fógra, breithneoidh an tAire iad.

[EN]

(b) Aon uair a bheartóidh an tAire ceadúnas a chúlghairm, tabharfaidh sé, sula ndéanfaidh sé sin, fógra don duine a mbeidh an bunachas marcaíochta lena mbainfidh an ceadúnais á choimeád aige go bhfuil sin ar intinn aige agus a chúiseanna leis sin, agus

[EN]

(i) má dhéanann an duine aon uiríolla laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a thabharfar an fógra, breithneoidh an tAire iad, agus

[EN]

(ii) má iarrann an duine ar an Aire, laistigh de sheacht lá tar éis an dáta a thabharfar an fógra, go ndéanfar fiosrúchán faoin ábhar,

[EN]

cuirfidh an tAire faoi deara fiosrúchán a dhéanamh (mura mbeidh cinnte ag an Aire, de bharr uiríolla a cuireadh faoina bhráid a bhreithniú, an ceadúnas a chúlghairm).

[EN]

(c) I gcás ina ndéanfar fiosrúchán faoin bhfo-alt seo, ní chúlghairfidh an tAire an ceadúnas nó go mbeidh tuarascáil ón duine a dhéanfaidh an fiosrúchán breithnithe aige.

[EN]

(d) Déanfaidh an tAire duine is abhcóide cleachtach a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mbarra aige a cheapadh chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo agus beidh cumhacht ag an duine a cheapfar amhlaidh chun fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus údraítear leis seo dó daoine a chur faoi mhionn agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire ar a chinntí de bharr an fhiosrúcháin.

[EN]

(e) Tabharfaidh an tAire don duine a d'iarr go ndéanfaí an fiosrúchán fógra i dtaobh an trátha agus na háite a ndéanfar an fiosrúchán agus beidh an duine i dteideal láithriú ag an bhfiosrúchán go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae agus fianaise a thabhairt ar aird.

[EN]

(f) Íocfar le duine a dhéanfaidh fiosrúchán faoin bhfo-alt seo cibé luach saothair a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(4) Aon uair a chúlghairfidh an tAire ceadúnas cuirfidh sé faoi deara ráiteas ar a chúiseanna leis sin a dhéanamh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Dul isteach in áitribh agus iad a iniúchadh.

30.—(1) Féadfaidh oifigeach don Aire a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Aire nó comhalta den Gharda Síochána, gach tráth réasúnach, dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh—

[EN]

(a) ar aon áitreabh a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil bunachas marcaíochta á choimeád ag duine ann,

[EN]

(b) ar aon áitreabh lena mbaineann ceadúnas, agus

[EN]

(c) ar aon áitreabh a bhfuil iarratas ar cheadúnas déanta ina leith agus nach bhfuil ceadúnas deonta ag an Aire nó nach bhfuil diúltaithe ag an Aire ceadúnas a dheonú maidir leis,

[EN]

agus

[EN]

(i) féadfaidh sé aon chapaill nó aon ní ann a scrúdú,

[EN]

(ii) féadfaidh sé a cheangal ar aon duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina rialú aon taifid nó doiciméid a bhainfidh leis an áitreabh nó leis an ngnó a dhéantar ann na taifid nó na doiciméid eile sin a thabhairt ar aird,

[EN]

(iii) féadfaidh sé iad a iniúchadh agus a scrúdú, cóip a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

[EN]

(2) Aon duine a bhacfaidh nó a mhoilleoidh go toiliúil aon duine agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Tabharfar d'oifigeach don Aire a bheidh ag feidhmiú cumhachtaí faoin Acht seo deimhniú ar a údarás na feidhmeanna sin a fheidhmiú, agus nuair a bheidh sé ag dul isteach in áitreabh ag feidhmiú na bhfeidhmeanna sin tabharfaidh sé ar aird, má iarrtar sin air, an deimhniú don duine a bhfuil bunachas marcaíochta á choimeád aige nó a bheartaíonn bunachas marcaíochta a choimeád san áitreabh nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagrach bainistíochta san áitreabh.

[EN]

Ilchionta.

31.—Aon duine—

[EN]

(a) a dhéanfaidh, tráth a bheidh capall i riocht gur dhóigh gur chúis fulaingthe don chapall an capall sin a mharcaíocht, an capall a ligean ar fruiliú nó a úsáid chun teagasc ar mharcaíocht a thabhairt i gcomaoin íocaíochta nó chun taispeánadh a thabhairt ar mharcaíocht,

[EN]

(b) a thabharfaidh, le haghaidh capall a ligfidh sé ar fruiliú le haghaidh marcaíochta, trealamh a úsáidfear le linn na marcaíochta agus ar a mbeidh, le linn é a thabhairt, locht de shórt gur léir é ó iniúchadh agus gur dóigh dó bheith ina chúis fulaingthe don chapall nó ina chúis tionóisce don mharcach,

[EN]

(c) a mhainneoidh cibé aireachas leighis is oiriúnach, más ann, a sholáthar le haghaidh capall tinn nó capall gortaithe a bheidh á choimeád aige d'fhonn é a ligean ar fruiliú nó a úsáid chun críche a luaitear i mír (a) den fho-alt seo,

[EN]

(d) a chuirfidh i bhfolach, nó a chuirfidh faoi deara go gcuirfear i bhfolach, d'intinn iniúchadh faoi alt 30 den Acht seo a sheachaint, aon chapall a bheidh á choiméad san áitreabh lena mbainfidh an t-iniúchadh

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.

[EN]

(2) Aon duine, d'fhonn go ndeonfaí deontas dó, a thabharfaidh aon eolas is eol dó a bheith bréagach (a chiallaíonn, san fho-alt seo, bréagach i bponc ábhartha), nó a dhéanfaidh ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó a thabharfaidh go meargánta aon eolas bréagach nó a dhéanfaidh go meargánta aon ráiteas bréagach beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.

[EN]

Pionóis.

32.—Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

Feidhmeanna an Aire a aistriú chun an Bhoird.

33.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, más oiriúnach leis, le hordú aon chumhacht a thugtar dó leis an gCuid seo den Acht seo a aistriú chun an Bhoird nó cibé feidhmeanna (i dteannta na bhfeidhmeanna thugtar don Bhord leis an Acht seo) maidir le pórú, díol agus onnmhairiú capall, eachaíocht agus nithe a bhaineann leis na nithe réamhráite, a shannadh don Bhord, mar is oiriúnach leis.

[EN]

(2) An fheidhm maidir le hoifigigh an Aire a thugtar don Aire le halt 30 den Acht seo, measfar, má aistrítear í chun an Bhoird faoin alt seo, gur feidhm i maidir le hoifigigh an Bhoird.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire cibé forálacha a chur in ordú faoin alt seo is dóigh leis is inmhianaithe nó is gá maidir le hábhair atá coimhdeach i ndáil le feidhmeanna nó a éiríonn as feidhmeanna a aistriú chun an Bhoird nó a shannadh don Bhord faoin alt seo nó na feidhmeanna sin a chomhlíonadh ag an mBord, lena n-áirítear forálacha do dhéanamh aon mhodhnuithe nó oiriúnuithe ar an gCuid seo is gá mar gheall ar fheidhmeanna a aistriú faoin alt seo.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

Tosach feidhme (Cuid III).

34.—Tiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.