Uimhir 19 de 1979
AN tACHT UM THIONÓL NA hEORPA (IONADAITHE NA hÉIREANN), 1979
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977;
ciallaíonn “an Tionol” Tionól na gComhphobal Eorpach;
tá le “toghchán Tionóil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) d'Acht 1977;
ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;
ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí.
Liúntais d'ionadaithe na hÉireann sa Tionól.
2.—(1) Gach duine de na hionadaithe sa Tionól a bheidh de thuras na huaire—
(a) tofa don Tionól de bhun Acht 1977,
(b) ceaptha don Tionól de bhun alt 15 den Acht sin,
íocfar leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an liúntas a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.
(2) An liúntas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo is liúntas é de réir an ráta chéanna sa bhliain atá sa liúntas do chomhaltaí de Dháil Éireann is iníoctha de thuras na huaire de bhua ailt 2 agus 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938, arna leasú le halt 4 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960, agus le hailt 4 agus 5 d'Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973.
(3) Tosófar ag íoc liúntais faoin alt seo le héifeacht ón uair a thosóidh téarma oifige an duine áirithe mar ionadaí sa Tionól agus beidh an liúntas sin iníoctha go míosúil.
(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, measfar téarma oifige ionadaí sa Tionól do thosú—
(a) i gcás é a thoghadh don Tionól de bhun Acht 1977, an lá a thiocfaidh an Tionól le chéile den chéad uair tar éis an toghcháin Tionóil iomchuí,
(b) i gcás é a cheapadh don Tionól de bhun alt 15 den Acht sin, an lá díreach tar éis dáta a cheaptha.
Liúntais i gcóir caiteachas d'ionadaithe na hÉireann sa Tionól.
3.—Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a fhoráil le hordú go n-íocfar liúntais i gcóir caiteachas le hionadaithe sa Tionól a toghadh nó a ceapadh don Tionól ar an modh a thuairiscítear in alt 2 (1) den Acht seo.
Aoisliúntas ionadaithe na hÉireann sa Tionól.
4.—(1) Féadfaidh an tAire scéim ranníocach a dhéanamh chun pinsin a dheonú do dhaoine nó i leith daoine a toghadh nó a ceapadh don Tionól ar an modh a thuairiscítear i bhfo-alt 2(1) den Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire, de réir scéim faoin alt seo, asbhaintí a dhéanamh as liúntas a íocfar faoi alt 2 den Acht seo.
(3) Féadfaidh éifeacht a bheith le scéim faoin alt seo ó dháta is luaithe ná dáta na scéime ach nach luaithe ná an dáta a thiocfaidh an Tionól le chéile den chéad uair tar éis an toghcháin Tionóil a dhéanfar i 1979.
(4) Féadfaidh an tAire scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéim faoin alt seo (lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo).
Ionadaithe na hÉireann a bheith dícháilithe chun bheith ina gcomhaltaí de chomhlachtaí áirithe nó chun bheith fostaithe acu.
5.—(1) Duine a thoghfar le bheith ina ionadaí sa Tionól ag an toghchán Tionóil a dhéanfar i 1979 agus ar comhalta de chomhlacht sonraithe nó stiúrthóir ar bhord chomhlacht den sórt sin é scoirfidh sé, an tráth a shíneoidh an príomhcheann comhairimh sa toghchán an freagra a éilítear le Riail 70 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1977, de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, de réir mar is iomchuí.
(2) I gcás a ndéanfar duine is comhalta de chomhlacht ar comhlacht sonraithe é nó is stiúrthóir ar bhord chomhlacht den sórt sin a ainmniú go bailí mar iarrthóir lena thoghadh don Tionól, nó i gcás a gceapfar é ina ionadaí sa Tionól, cibé acu is de bhun Acht 1977 nó faoin Acht sin nó ar shlí eile a dhéanfar an toghadh nó an ceapadh sin, scoirfidh sé ar é a ainmniú amhlaidh nó ar é a cheapadh, de réir mar is iomchuí, de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, de réir mar is iomchuí.
(3) Beidh duine is ionadaí sa Tionól de thuras na huaire dícháilithe chun bheith ina chomhalta d'aon chomhlacht ar comhlacht sonraithe é nó ina stiúrthóir ar bhord chomhlacht den sórt sin nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'aon chomhlacht den sórt sin.
(4) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach d'aon chomhlacht ar comhlacht sonraithe é a ainmniú go bailí chun a thofa mar iarrthóir lena thoghadh don Tionól nó i gcás a gceapfar é ina ionadaí sa Tionól, cibé acu is de bhun Acht 1977 nó faoin Acht sin nó ar shlí eile a dhéanfar an toghadh nó an ceapadh sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an chomhlachta agus ní íocfaidh an comhlacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gcomhlacht aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach—
(a) i gcás é a ainmniú amhlaidh sa toghchán Tionóil a dhéanfar i 1979, an tráth a shíneoidh an príomhcheann comhairimh sa toghchán an freagra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,
(b) i gcás é a ainmniú amhlaidh in aon toghchán Tionóil eile nó i gcás é a cheapadh amhlaidh, an tráth a ainmneofar é amhlaidh nó a cheapfar é,
agus dar críoch an tráth a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir nó a chinnfidh toghchán air nó a scoirfidh sé de bheith ina ionadaí sa Tionól.
(5) Féadfaidh an tAire le hordú an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí ainm chomhlacht corpraithe nó chomhlacht neamhchorpraithe daoine a bheidh sonraithe san ordú a chur leis, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo forléireofar an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo de réir an leasaithe san ordú.
(6) San alt seo ciallaíonn “comhlacht sonraithe” comhlacht a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Orduithe.
6.—(1) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 3 den Acht seo agus gach ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú den sórt sin agus gach scéim a dhéanfar faoi alt 4 den Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an scéim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó na scéime, beidh an t-ordú nó an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin scéim.
(2) Aon uair a bheartófar ordú faoi alt 5(5) den Acht seo nó ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
Caiteachais.
7.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
8.—(1) Féadfar an tAcht um Thionól na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Measfar gur tháinig fo-ailt (1) agus (4) d'alt 5 den Acht seo agus an t-alt seo i ngníomh an 29ú lá de Bhealtaine, 1979.
AN SCEIDEAL
Aer Lingus Teoranta
Aerlínte Éireann Teoranta
Aer Rianta Teoranta
Corparáid an Chairde Talmhaíochta Teoranta
Bord Fáilte Éireann
An Bord Fuinnimh Núicléigh
Bord Gáis Éireann
An Bord Iascaigh Mhara
Bord na Gaeilge
Bord na gCapall
Bord na gCon
Bord na Móna
An Bord Pleanála
The British & Irish Steam Packet Company Limited
Banc Ceannais na hÉireann
An Chomhairle Ealaíon
Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta
An Córas Beostoic agus Feola Teoranta
Córas Iompair Éireann
Córas Tráchtála
Bord Soláthair an Leictreachais
An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta
Fóir Teoranta
Cuideachta an Chairde Tionscail Teoranta
An tÚdarás Forbartha Tionscail
An Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán
Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann Teoranta
Gabháltais Chruach na hÉireann Teoranta
An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
Min Fhéir (1959) Teoranta
An Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta
An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta
Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais
Stiúideonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta
Nítrigin Éireann Teoranta
An Coimisiún Muc agus Bagúin
Radio Telefís Éireann
An Coimisiún Cleachtas Srianta
Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta
An tÚdarás um Ard-Oideachas
An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh