[EN]

Uimhir 19 de 1981


[EN]

AN tACHT UM SCÉIM RANNÍOCAÍ FOSTAÍOCHTA FOSTÓIRÍ, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH SCÉIM AR A dTABHARFAR AN SCÉIM RANNÍOCAÍ FOSTAÍOCHTA FOSTÓIRÍ, LE hAGHAIDH FOSTÓIRÍ D'ÍOC RANNÍOCAÍ LEIS AN SCÉIM SIN AGUS LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [2 Meitheamh, 1981] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;

[EN]

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

[EN]

tá le “ranníoc fostaíochta fostóra” an bhrí a shanntar dó le halt 6 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an Scéim” an Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí a bhunaítear le halt 2 den Acht seo.

[EN]

Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí a bhunú.

2.—Bunófar Scéim ar a dtabharfar an Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí (agus dá ngairtear “an Scéim” san Acht seo) agus beidh sí i ngníomh ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin.

[EN]

Rialú na Scéime.

3.—Beidh an Scéim faoi chomhrialú agus faoi chomhbhainistí ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus ag Cumann Cónaidhme na bhFostóirí (dá ngairtear “na bainisteoirí” san Acht seo).

[EN]

Cuspóir na Scéime.

4.—Úsáidfidh na bainisteoirí an t-airgead a bheidh chun creidmheas na Scéime le caiteachas a íoc a thabhófar ar thionscadail a mbeidh de thoradh orthu, i dtuairim na mbainisteoirí, fostaíocht láithreach a chaomhnú sna tionscail teicstíleacha, éadaí, coisbhirt agus leathair.

[EN]

Acmhainní na Scéime.

5.—Is as na fáltais ó na ranníocaí fostaíochta fostóirí a mhaoineofar an Scéim.

[EN]

Ranníoc fostaíochta fostóra.

6.—(1) Déanfar an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag fostóir faoi alt 10 d'Acht 1981 don bhliain ranníoca dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1981, a mhéadú méid ar a dtabharfar agus dá ngairfear san Acht seo “an ranníoc fostaíochta fostóra”.

[EN]

(2) Maidir leis an ranníoc fostaíochta fostóra—

[EN]

(a) beidh sé iníoctha i leith an tuillimh ináirithe ar faoina threoir a chinntear an ranníoc fostaíochta faoi Acht 1981,

[EN]

(b) ríomhfar é de réir 0.2 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe sin, agus

[EN]

(c) measfar gur ranníoc fostaíochta é de réir bhrí Acht 1981.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le fostaí lena mbaineann airteagal 7 nó 8 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1979 (I.R. Uimh. 87 de 1979).

[EN]

(4) Bainfidh alt 10 (1) (c) agus 10 (1) (d) d'Acht 1981 le ranníoc fostaíochta fostóra mar a bhaineann siad le ranníocaí ó fhostóirí faoi alt 10 (1) (b) den Acht sin.

[EN]

(5) D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc fostaíochta fostóra is iníoctha i leith aon duine atá fostaithe aige a bhaint as luach saothair an duine sin (ná é a ghnóthú ar dhóigh eile ó dhuine den sórt sin).

[EN]

(6) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire Leasa Shóisialaigh an t-airgead go léir a bheidh íoctha i leith an ranníoca fostaíochta fostóra agus aistreoidh an tAire sin é go dtí cuntas na Scéime.

[EN]

(b) Déanfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh 10 faoin gcéad den airgead dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a tharchur chuig na Coimisinéirí Ioncaim mar fhiach a dhlitear in ionad cánach ioncaim nó cánach corparáide don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste.

[EN]

Ailt 15, 115(2) agus 117 d'Acht 1981 a bheith gan feidhm.

7.—Ní bheidh feidhm ag ailt 15, 115 (2) ná 117 d'Acht 1981 i ndáil le ranníoc fostaíochta fostóra.

[EN]

Gearrtheideal.

8.—Féadfar an tAcht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981, a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1