[EN]

Uimhir 20 de 1940.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL AINMLIOSTA) (TOGHACHÁIN CHORRA), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRÚ AGUS RIALÁIL DO DHÉANAMH I dTAOBH TOGHACHÁN CHUN DAOINE DO THOGHA CHUN FOTH-FHOLÚNTAISÍ, DO THARLA NO THÁRLÓIDH IMEASC NA gCOMHALTAÍ SIN DE SHEANAD ÉIREANN IS GÁ DO RÉIR AN BHUNREACHTA DO THOGHA AS AINMLIOSTAÍ D'IARRTHÓIRÍ, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS NO GHABHAS LEIS NA TOGHACHÁIN SIN.

[10adh Iúl, 1940.]

ACHTUIGHEADH AN TOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta) (Toghacháin Chorra), 1940, do ghairm den Acht so.

[EN]

An Príomh-Acht.

2.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937).

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so agus an Príomh-Acht mar éinní amháin agus dá réir sin (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) gach focal no abairt dá dtugtar brí áirithe tríd an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san, beidh aige, san Acht so, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.

[EN]

Mínithe.

3.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “toghachán corr Seanaid” toghachán fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “folúntas” foluntas i gcomhaltas Sheanad Éireann ar n-a thárlachtaint tré chomhalta de Sheanad Éireann, do toghadh fén bPríomh-Acht sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin no do toghadh i dtoghachán corr Seanaid a bhí ann tar éis an toghacháin Seanaid deiridh sin roimhe sin, d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht;

[EN]

cialluíonn an abairt “folúntas fo-ainmliosta chólucht ainmniúcháin” folúntas ar n-a thárlachtaint tré chomhalta de Sheanad Éireann, do toghadh sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin as fo-ainmliost cólucht ainmniúcháin no do toghadh i dtoghachán corr Seanaid chun ionad comhalta do toghadh amhlaidh sa toghachán Seanaid sin do líonadh (go díreach no go nea-dhíreach), d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhí-cháilíocht;

[EN]

cialluíonn an abairt “folúntas fo-ainmliosta Dhála” folúntas ar n-a thárlachtaint tré chomhalta de Sheanad Éireann, do toghadh sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin as ainmliost Dála no do toghadh i dtoghachán corr Seanaid chun ionad comhalta do toghadh amhlaidh sa toghachán Seanaid sin do líonadh (go díreach no go nea-dhíreach), d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhícháilíocht.

[EN]

Feidhm alt áirithe den Phríomh-Acht.

4.—(1) Folóidh an abairt “toghachán Seanaid”, i ngach áit ina bhfuil sí in alt 5 den Phríomh-Acht, toghachán fén Acht so, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san dá réir sin.

[EN]

(2) Folóidh an abairt “an tAcht so”, sna háiteanna ina bhfuil sí in alt 7 agus in alt 8 den Phríomh-Acht, an tAcht so féin, agus léireofar na hailt sin agus beidh éifeacht aca dá réir sin.

[EN]

Fógra i dtaobh folúntais.

5.—(1) Pé uair a thárlóidh folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann, déanfaidh Cléireach Sheanad Éireann, ar n-a ordú san do Sheanad Éireann, fógra (dá ngairmtear san Acht so fógra i dtaobh folúntais) do chur i scríbhinn go dtí an tAire i dtaobh an fholúntais sin.

[EN]

(2) Déarfar i ngach fógra i dtaobh folúntais, maidir leis an gcomhalta gur tré é d'éag no d'eirghe as oifig no do theacht fé dhícháilíocht do thárla an folúntas, cadé an t-ainmliost agus an fo-ainmliost as ar toghadh an comhalta san sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin no, más i dtoghachán corr Seanaid do toghadh an comhalta san, cadé an t-ainmliost agus an fo-ainmliost as ar toghadh, sa toghachán Seanaid deiridh roimhe sin, an comhalta gur chun a ionad do líonadh (go díreach no go nea-dhíreach) do toghadh é amhlaidh.

[EN]

(3) Gach folúntas do thárla roimh dháta an Achta so do rith i gcomhaltas Sheanad Éireann tar éis an toghacháin Seanaid deiridh a bhí ann roimh an dáta san, is tuigthe, chun crícheanna an Achta so, é do thárlachtaint díreach tar éis an dáta san,

[EN]

Orduithe toghacháin chuirr.

6.—(1) Pé uair do gheobhaidh an tAire fógra i dtaobh folúntais o Chléireach Sheanad Éireann, déanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú toghacháin chuirr san Acht so) chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, agus in aon chás céad is ochtó lá ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, agus ordóidh ann toghachán do chomóradh do réir an Achta so, chun an fholúntais sin do líonadh, agus luadhfaidh ann an t-ainmliost agus an fo-ainmliost gur ina dtaobh do thárla an folúntas san, agus ceapfaidh leis, chun crícheanna an toghacháin sin, na tráthanna agus na háiteanna luaidhtear sa cheann san den dá fho-alt díreach ina dhiaidh seo den alt so a bhainfidh leis an gcás.

[EN]

(2) Más folúntas fo-ainmliosta chólucht ainmniúcháin an folúntas gur ina thaobh a déanfar ordú toghacháin chuirr, ceapfar leis an ordú toghacháin chuirr—

[EN]

(a) an áit ina mbeidh an cruinniú ainmniúcháin agus an tráth a thosnóidh sé, agus

[EN]

(b) an lá shuidhfidh agus an áit ina suidhfidh an ceann cóimhrimh Seanaid chun breith do thabhairt ar ainmnithe, agus

[EN]

(c) seoladh an chinn chóimhrimh Seanaid.

[EN]

(3) Más folúntas fo-ainmliosta Dhála an folúntas gur ina thaobh a déanfar ordú toghacháin chuirr, ceapfar leis an ordú toghacháin chuirr—

[EN]

(a) an lá is lá deiridh chun ainmnithe do ghlacadh, agus

[EN]

(b) an lá shuidhfidh agus an áit ina suidhfidh an ceann cóimhrimh Seanaid chun breith do thabhairt ar ainmnithe, agus

[EN]

(c) an lá is lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, agus

[EN]

(d) an lá agus an uair a cuirfear deireadh leis an vótaíocht, agus

[EN]

(e) seoladh an chinn chóimhrimh Seanaid.

[EN]

(4) Foillseofar gach ordú toghacháin chuirr san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

A dtiocfaidh de Dháil Éireann do scor.

7.—(1) Pé uair a scuirfear Dáil Éireann tar éis don Aire fógra i dtaobh folúntais d'fháil agus sara ndéanfar ordú toghacháin chuirr alos an fholúntais sin, tiocfaidh an fógra san chun bheith agus beidh ar nea-mbrí de dhruim an scuir sin agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, ní déanfar aon ordú toghacháin chuirr alos an fholúntais sin.

[EN]

(2 Pé uair a scuirfear Dáil Éireann tar éis ordú toghacháin chuirr do dhéanamh agus sara ndéanfar an toghachán de bhun an orduithe sin do chríochnú, tiocfaidh an t-ordú san chun bheith agus beidh ar nea-mbrí de dhruim an scuir sin agus ní déanfar a thuilleadh alos an orduithe sin, ach ní dhéanfaidh an neambríochaint sin dochar ná deifir do cheart an chinn chóimhrimh Seanaid chun íoc d'fháil, fé alt 5 den Phríomh-Acht, ina chuid éilithe agus ina chuid chostaisí réasúnta alos na seirbhísí do rinne agus na gcostaisí fé n-a ndeachaidh, maidir leis an toghachán san, roimh an scur san.

[EN]

Foráil i gcás breis agus folúntas amháin do bheith ann.

8.—Má thárlann, tráth ar bith, dhá cheann no níos mó d'fhógraí i dtaobh folúntais, ná beidh ar nea-mbrí de dhruim Dáil Éireann do scur agus ná beidh ordú toghacháin chuirr déanta ag an Aire ina dtaobh, do bheith faighte ag an Aire, déanfar ordú toghacháin chuirr fé leith agus comórfar toghachán fé leith alos gach folúntais fé leith le n-a mbainfidh na fógraí sin.

CUID II.

Foluntaisi Fo-ainmliosta Cholucht Ainmniuchain.

[EN]

Coistí ainmniúcháin.

9.—(1) Bunófar agus cothabhálfar alos gach ainmliosta fé leith buan-choiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, an coiste ainmniúcháin don ainmliost san.

[EN]

(2) Gach cólucht ainmniúcháin a bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, beid i dteideal trí chomhalta den choiste ainmniúcháin don ainmliost, gur ina thaobh a bheidh an cólucht ainmniúcháin sin cláruithe amhlaidh, do cheapadh.

[EN]

(3) Bunóidh an ceann cóimhrimh Seanaid chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, agus cothabhálfaidh as san amach, clár de sna coistí ainmniúcháin uile agus fé seach, agus de chomhaltaí na gcoistí sin fé seach, agus beidh an clár san ina fhianaise dho-chlaoite ar chomhaltas gach coiste den tsórt san.

[EN]

(4) Gach clár, de chomhaltaí coiste ainmniúcháin, a bheidh á chothabháil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, luadhfar ann, i dtaobh gach comhalta aca san, a sheoladh puist mar a bheidh san luaidhte i scríbhinn a cheaptha no curtha in úil aige féin ina dhiaidh sin fén Acht so, agus gach fógra is gá don cheann chóimhrimh Seanaid, do réir an Achta so, do chur go dtí aon chomhalta aca san, cuirfear chuige é tríd an bpost chláruithe roimh-íoctha fé n-a sheoladh puist mar a bheidh san luaidhte sa chlár san amhlaidh

[EN]

Comhaltaí na gcoistí ainmniúcháin do cheapadh.

10.—(1) Gach cólucht ainmniúcháin atá cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin ar dháta an Achta so do rith, déanfaid, chó luath agus is féidir é tar éis an dáta san, triúr do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den choiste ainmniúcháin don ainmliost gur ina thaobh atá an cólucht ainmniúcháin sin cláruithe amhlaidh.

[EN]

(2) Gach cólucht a clárófar mar chólucht ainmniúcháin ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin tar éis an Achta so do rith, déanfaid, chó luath agus is féidir é tar éis a gcláruithe amhlaidh, triúr do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den choiste ainmniúcháin don ainmliost gur ina thaobh a bheidh an cólucht san cláruithe amhlaidh.

[EN]

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach cólucht ainmniúcháin, a bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, féachaint chuige go mbeidh trí comhaltaí ceaptha aca de ghnáth chun an choiste ainmniúcháin oiriúnaigh agus, chuige sin, bheirtear de chomhacht do gach cólucht ainmniúcháin den tsórt san, agus cuirtear de cheangal ortha, leis seo gach folúntas a thárlóidh, imeasc na gcomhaltaí bheidh ceaptha aca chun an choiste ainmniúcháin sin, do líonadh chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin.

[EN]

(4) Gach ceapachán a dhéanfaidh cólucht ainmniúcháin ag ceapadh comhalta de choiste ainmniúcháin, agus gach ceiliúradh dhéanfaid ar cheapachán den tsórt san—

[EN]

(a) is i scríbhinn a déanfar é, agus

[EN]

(b) greamófar de, i gcás an cólucht ainmniúcháin sin do bheith ina chólucht chorparuithe, séala an chóluchta san sa tslí sin inar gá, agus gus na contra-shighnithe sin gur gá, do réir bhunreachta no airteagal comhlachais no rialachán eile an chóluchta san, san do ghreamú dhe agus iad san do bheith ag gabháil leis sin no sighneofar é in ainm an chóluchta ainmniúcháin sin, i gcás gan an cólucht ainmniúcháin sin do bheith ina chólucht chorparuithe, agus is duine éigin go n-údarás aige chun sighniú ina n-ainm a dhéanfaidh san, agus

[EN]

(c) i gcás ceapacháin, luadhfar ann ainm agus seoladh puist agus tuairisc an duine cheaptha agus beidh ráiteas ann, fé láimh an duine cheaptha, á rá go dtoilíonn leis an gceapachán, agus

[EN]

(d) i ngach cás, cuirfidh an cólucht ainmniúcháin sin go dtí an ceann cóimhrimh Seanaid é, agus

[EN]

(e) beidh éifeacht aige ón uair do gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid é.

[EN]

(5) Is ceaduithe d'aon chomhalta de choiste ainmniúcháin atharú ar a sheoladh phuist do chur in úil don cheann chóimhrimh Seanaid tráth ar bith i scríbhinn agus leis sin cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid an seoladh nua sa rolla de chomhaltaí an choiste ainmniúcháin sin.

[EN]

Sealbhaíocht oifige chomhaltaí na gcoistí ainmniúcháin.

11.—(1) Is ceaduithe ainmniúcháin, a bheidh cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin, aon cheapachán a bheidh déanta aca, ag ceapadh comhalta de choiste ainmniúcháin, do cheiliúradh tráth ar bith.

[EN]

(2) Pé uair a thárlóidh do chólucht ainmniúcháin, 'na mbeidh comhaltaí den choiste ainmniúcháin d'ainmliost ceaptha aca, scur de bheith ina gcólucht ainmniúcháin ar n-a gclárú ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin alos an ainmliosta san, scuirfidh na comhaltaí den choiste ainmniúcháin sin, a bheidh ceaptha ag an gcólucht ainmniúcháin sin, de bheith ina gcomhaltaí den choiste sin.

[EN]

(3) Scuirfidh comhalta de choiste ainmniúcháin de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den tsórt san i gcás éinní aca so leanas do thárlachtaint, ach ní hin aon chás eile, sé sin le rá:—

[EN]

(a) é d'éag, no

[EN]

(b) a cheapadh ina chomhalta den tsórt san do cheiliúradh fén alt so, no

[EN]

(c) an cólucht ainmniúcháin do cheap é do scur de bheith cláruithe ar an rolla de chóluchtaí ainmniúcháin alos an ainmliosta dá mbeidh an coiste ainmniúcháin sin a gcothabháil.

[EN]

E d'oblagáid cruinniú ainmniúcháin do chomóradh.

12.—Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú toghacháin chuirr alos folúntais, i gcomhaltas Sheanad Éireann, go ndéarfar san ordú san é bheith ina fholúntas alos an fho-ainmliosta chólucht ainmniúcháin d'ainmliost áirithe, déanfar cruinniú (dá ngairmtear cruinniú ainmniúcháin san Acht so) den choiste ainmniúcháin don ainmliost san do chomóradh san áit a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú toghacháin chuirr sin, agus tosnóidh an cruinniú san an uair a bheidh ceaptha amhlaidh, agus déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, fé cheann cúig lá tar éis dáta an orduithe toghacháin chuirr sin, fógra sa bhfuirm orduithe do chur go dtí gach comhalta den choiste ainmniúcháin sin, á chur in úil dó an folúntas san do bheith ann agus é bheith d'oblagáid ar an gcoiste ainmniúcháin sin ainmnithe do dhéanamh chun an fholúntais sin do líonadh, agus fós á chur in úil dó cadé an áit agus cadé an t-am a bheidh ceaptha amhlaidh mar adubhradh leis an ordú toghacháin chuirr sin.

[EN]

An nós imeachta ag cruinniú ainmniúcháin.

13.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach cruinniú ainmniúcháin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) isé an ceann cóimhrimh Seanaid a bheidh i gceannas an chruinnithe gus stiúrfaidh seisean imeachta an chéanna;

[EN]

(b) is ceaduithe don cheann cóimhrimh Seanaid agus dá chongantóirí agus do sna comhaltaí den choiste ainmniúcháin, agus dóibh sin amháin, bheith i láthair ag an gcruinniú;

[EN]

(c) ar dhul isteach dó go dtí an cruinniú, no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, sighneoidh gach comhalta den choiste ainmniúcháin a ainm i leabhar, no i mbreacachán eile, a dhéanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid a sholáthar agus a choimeád le haghaidh cuntas ar fhreastal na gcomhaltaí ag cruinnithe ainmniúcháin;

[EN]

(d) soláthróidh an ceann cóimhrimh Seanaid leor-uimhir de sna fuirmeacha ainmniúcháin orduithe agus cuirfidh na fuirmeacha san ar fáil do chomhaltaí an choiste ainmniúcháin;

[EN]

(e) is ceaduithe d'aon chomhalta den choiste ainmniúcháin duine d'ainmniú, tráth ar bith laistigh d'uair a’ chluig tar éis tosach an chruinnithe, chun a ainmnithe ag an gcoiste ainmniúcháin sin;

[EN]

(f) is ar fhuirm ainmniúcháin orduithe, ar n-a soláthar ag an gceann cóimhrimh Seanaid, a déanfar gach ainmniú den tsórt san, agus sighneoidh an comhalta bheidh ag déanamh an ainmnithe é agus sínfidh chun an chinn chóimhrimh Seanaid é;

[EN]

(g) cuirfear síos i ngach ainmniú den tsórt san ainm agus seoladh agus tuairisc an duine bheidh á ainmniú leis, agus beidh ráiteas ann ar cháilíochta an duine sin le haghaidh an ainmliosta dar coiste ainmniúcháin an coiste ainmniúcháin sin;

[EN]

(h) diúltóidh an ceann cóimhrimh Seanaid d'aon ainmniú den tsórt san go bhfeicfear dó gan é bheith déanta agus có-lánuithe do réir an ailt seo;

[EN]

(i) is ceaduithe do chomhalta aon ainmniú den tsórt san a bheidh déanta aige do tharrac siar tráth ar bith laistigh d'uair a chluig tar éis tosach an chruinnithe;

[EN]

(j) isé slí ina dtarraiceofar ainmniú siar ná tríd an gcomhalta bheidh i gceist do chur ráitis fé n-a láimh, i dtaobh an tarraic siar san, i gcúl-scríbhinn ar an bpáipéar ainmniúcháin, agus chuige sin sínfidh an ceann cóimhrimh Seanaid an páipéar san chuige;

[EN]

(k) cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach ainmniú le n-a nglacfaidh, maraon le gach tarrac-siar ar ainmniú, ar fáil chun a n-iniúchta ag na comhaltaí den choiste ainmniúcháin a bheidh i láthair;

[EN]

(l) má bhíonn níos mó ná triúr ainmnithe go cuibhe i gcionn uair a chluig o thosach an chruinnithe, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, i gcionn na huaire sin, an cruinniú do chur ar athló go dtí am agus áit a bheidh caothúil (an lá san no lá éigin ina dhiaidh sin) chun vótaíocht do chur ar siúl d'fhonn cinneadh ar an ord inar tuigthe na daoine bheidh ainmnithe amhlaidh do bheith ainmnithe ag an gcoiste ainmniúcháin;

[EN]

(m) má bhíonn triúr, agus gan ach triúr, ainmnithe go cuibhe i gcionn uair a chluig o thosach an chruinnithe, beidh deireadh leis an gcruinniú i gcionn na huaire sin agus déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid deimhniú ainmnithe amach, agus sighneoidh é, do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Act so;

[EN]

(n) mara mbeidh duine ar bith ainmnithe go cuibhe no más lugha ná triúr a bheidh ainmhithe go cuibhe i gcionn uair a chluig a thosach an chruinnithe, beidh deireadh leis an gcruinniú i gcionn na huaire sin agus déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid an méid sin, agus an chuma ina raibh cúrsaí ag deireadh an chruinnithe sin, do thuairisciú don Aire.

[EN]

An vótaíocht ag cruinniú ainmniúcháin.

14.—Nuair a bheidh cruinniú ainmniúcháin curtha ar athló chun vótaíocht do chur ar siúl, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid an vótaíocht san ar siúl do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfear an vótaíocht san ar siúl san am gur chuige, agus san áit gur chuige, do cuireadh an cruinniú san ar athló, agus is tuigthe gur ag leanúint den chruinniú san a beifear;

[EN]

(b) cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid ar fáil san áit sin seomra oiriúnach chun na vótaíochta do chur ar siúl ann, agus soláthróidh sa tseomra san na boscaí ballóide agus na deisceanna san, agus an troscán eile sin, is dóich leis is gá, agus soláthróidh freisin leoruimhir de pháipéirí ballóide;

[EN]

(c) is ceaduithe don cheann cóimhrimh Seanaid agus dá chongantóirí agus do sna comhaltaí den choiste ainmniúcháin, agus dóibh sin amháin, bheith i láthair nuair a bheidh an vótaíocht ar siúl no na vótaí á gcóimhreamh;

[EN]

(d) cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid an vótaíocht ar siúl ar an am san gur chuige do cuireadh an cruinniú ainmniúcháin ar athló agus cuirfe sé deireadh leis an vótaíocht i gcionn uair a chluig ón am san;

[EN]

(e) beidh gach comhalta den choiste ainmniúcháin i dteideal vótáil sa vótaíocht, pé aca bhí sé i láthair ag an gcruinniú ainmniúcháin sarar cuireadh ar athló é no ná raibh, ach ní bheidh aon chomhalta den tsórt san i dteideal páipéar ballóide d'fháil mara ndearna sé ag an gcruinniú ainmniúcháin sarar cuireadh ar athló é, no mara ndeinidh le linn na vótaíochta bheith ar siúl, a ainm do shighniú i leabhar no i mbreacachán eile a dhéanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid a sholáthar agus a choimeád le haghaidh cuntas ar fhreastal na gcomhaltaí ag cruinnithe ainmniúcháin;

[EN]

(f) beidh gach comhalta fé leith den choiste ainmniúcháin i dteideal vótáil tré aon pháipéar ballóide amháin ach is ceaduithe dhó vótáil, tríd an bpáipéar ballóide sin, le duine amháin no le beirt no le triúr (ach ní le níos mó ná triúr) de sna hiarrthóirí;

[EN]

(g) déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach ní mheasfaidh bheith ceart no oiriúnach chun na vótála sa vótaíocht do choimeád fé rún;

[EN]

(h) gach ceist eireoidh le linn na vótaíochta bheith ar siúl, no maidir le n-a cur ar siúl, isé an ceann cóimhrimh Seanaid do bhéarfaidh breith uirthi agus ní bheidh dul thar a bhreith san ar aon cheist den tsórt san ná ní bheidh athchomharc ionsuidhte ina coinnibh;

[EN]

(i) nuair a bheidh deireadh leis an vótaíocht, cóimhreoidh an ceann cóimhrimh Seanaid na vótaí agus déanfaidh amach toradh na vótaíochta agus, má bhíonn aon chomhaltaí den choiste ainmniúcháin i láthair an tráth san, craolfaidh an toradh san do sna comhaltaí sin.

[EN]

An deimhniú ainmnithe.

15.—(1) I gcás triúr, agus gan níos mó ná triúr, do bheith ainmnithe go cuibhe i gcionn uair a chluig o thosach chruinnithe ainmniúcháin, déanfaidh agus sighneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid deimhniú (dá ngairmtear deimhniú ainmnithe san Acht so), sa bhfuirm orduithe, ina gcuirfear síos ainmneacha agus seolta agus tuairiscí an trír sin in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás cóionannas sloinnte, in ord aibítre a n-aimneacha eile.

[EN]

(2) Má cuirtear cruinniú ainmniúcháin ar athló chun vótaíocht do chur ar siúl, déanfaidh agus sighneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid, ar chóimhreamh na vótaí bheidh tugtha sa vótaíocht san do bheith críochnuithe, deimhniú (agus gairmtear deimhniú ainmnithe de sin freisin san Acht so), sa bhfuirm orduithe, ina gcuirfear síos ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na ndaoine do hainmníodh ag an gcruinniú san agus ina dtaisbeánfar an t-ord, ar n-a dhéanamh amach sa vótaíocht san, inar tuigthe iad do bheith ainmnithe amhlaidh.

[EN]

(3) Foillseoidh an ceann cóimhrimh Seanaid san Iris Oifigiúil gach deimhniú ainmnithe a dhéanfaidh agus a shighneoidh de bhun an ailt seo, agus san am gcéanna foillseoidh san Iris Oifigiúil fógra ag luadh an lae agus na háite bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr oiriúnach chun breith do thabhairt ar ainmnithe.

[EN]

(4) Beidh deimhniú ainmnithe, ar n-a dhéanamh agus ar n-a shighniú agus ar n-a fhoillsiú de bhun an ailt seo, ina fhianaise dho-chlaoite ar na hainmnithe do rinneadh ag an gcruinniú ainmniúcháin le n-a mbainfidh an deimhniú san agus, i gcás an cruinniú san do chur ar athló chun vótaíocht do chur ar siúl, beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite freisin ar an vótaíocht san do chur ar siúl go cuibhe agus sa cheart agus ina fhianaise dho-chlaoite ar thoradh na vótaíochta san.

[EN]

An breithiúnú ainmnithe agus an ráiteas deiridh ar ainmnithe.

16.—(1) I gcás ordú toghacháin chuirr do bhaint le folúntas fo-ainmliosta chólucht ainmniúcháin, raghaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, ar a haondéag a chlog ar maidin an lá bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr sin chun breith do thabhairt ar ainmnithe, chun na háite bheidh ceaptha sa tslí chéanna chun an ghnótha san agus comórfaidh san am agus san áit sin suidhe (dá ngairmtear an breithiúnú ainmnithe san Acht so) ag á dtabharfaidh breith ar na hainmnithe bheidh curtha síos sa deimhniú ainmnithe agus ag á n-ullmhóidh an ráiteas deiridh ar ainmnithe.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach breithiúnú ainmnithe comórfar de bhun an ailt seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéirí ainmniúcháin fé seach na ndaoine uile agus fé seach a bheidh ainmnithe sa deimhniú ainmnithe, agus is cinn do síneadh chuige ag an gcruinniú ainmniúcháin, do thabhairt ar áird;

[EN]

(b) breithneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ainmniúcháin gach duine bheidh ainmnithe sa deimhniú ainmnithe agus an t-ainmniú do bhéarfaidh an páipéar san le tuigsint do bheith á dhéanamh leis, agus bhéarfaidh breith ar bhailíocht an pháipéir agus an ainmnithe sin, agus is i ndiaidh a chéile, san ord ina mbeidh ainmneacha na ndaoine go mbéarfaidh na páipéirí sin le tuigsint iad do bheith á n-ainmniú leo curtha síos sa deimhniú ainmnithe, a bhreithneoidh na páipéirí agus na hainmnithe sin agus a bhéarfaidh breith ar an gcéanna;

[EN]

(c) diúltóidh an ceann cóimhrimh Seanaid d'ainmniú dhuine ar bith, mar ainmniú nea-mbailidhe, i gcás é thabhairt mar bhreith i dtaobh an duine sin a pháipéar ainmniúcháin, no an t-ainmniú do bhéarfaidh an céanna le tuigsint do bheith á dhéanamh leis, do bheith neambailidhe, no i gcás nach deimhin leis i dtaobh an duine sin na cáilíochta do bheith aige atá curtha síos i bhfo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht alos an ainmliosta bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr oiriúnach;

[EN]

(d) nuair a bheidh breith tugtha ag an gceann cóimhrimh Seanaid ar ainmniú dhuine, déanfaidh, mara mbeidh diúltuithe aige don aimnniú san mar ainmniú neambailidhe, ainm an duine sin d'iontráil i liost dá ngairmtear an liost sealadach san Acht so;

[EN]

(e) nuair a bheidh ainmneacha trír iontrálta sa liost sealadach beidh an liost san iomlán agus ní bhreithneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid ainmnithe dhaoine ar bith ná ní thabharfaidh breith ar an gcéanna;

[EN]

(f) nuair a bheidh an liost sealadach iomlán ullmhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid, do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, agus sighneoidh an liost deiridh d'ainmnithe;

[EN]

(g) i gcás gan ainm dhuine ar bith, no gan ach ainm no ainmneacha níos lugha ná triúr, do bheith iontrálta sa liost sealadach, ar bhreith do bheith tugtha ar na hainmnithe uile bheidh curtha síos sa deimhniú ainmnithe, beidh deireadh leis na himeachta ag an mbreithiúnú ainmnithe agus déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid an méid sin, agus an chuma ina raibh cúrsaí ag deireadh na n-imeacht san, do thuairisciú don Aire.

[EN]

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an liost deiridh d'ainmnithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh sa liost deiridh d'ainmnithe ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na ndaoine go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa liost sealadach;

[EN]

(b) déanfar ainm agus seoladh agus tuairisc gach duine den tsórt san do chur síos sa liost deiridh d'ainmnithe fé mar a bheidh curtha síos sa pháipéar ainmniúcháin don duine sin do síneadh chun an chinn chóimhrimh Seanaid ag an gcruinniú ainmniúcháin;

[EN]

(c) beidh sa liost deiridh d'ainmnithe freisin, maidir le gach duine go mbeidh a ainm curtha síos ann, ráiteas, sa bhfuirm sin is ceart dar leis an gceann cóimhrimh Seanaid, ar na cáilíochta chinnfe sé do bheith ag an duine sin alos an ainmliosta bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr;

[EN]

(d) na daoine go mbeidh a n-ainmneacha curtha síos sa liost deiridh d'ainmnithe, beid socair sa liost san in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás có-ionannas sloinnte, in ord aibítre a n-ainmneacha eile.

[EN]

An duine bheidh le togha do roghnú.

17.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis bheith críochnuithe do bhreithiúnú ainmnithe, ar n-a chomóradh fén gCuid seo den Acht so, ina ndéanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid liost deiridh d'ainmnithe d'ullmhú agus do shighniú, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid an liost deiridh d'ainmnithe d'ullmhuigh agus do shighnigh amhlaidh do chur go dtí an Taoiseach, agus leis sin déanfaidh an Taoiseach duine dá mbeidh ainmnithe sa liost deiridh sin d'ainmnithe do roghnú chun an fholúntais i gcomhaltas Sheanad Éireann a bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr oiriúnach do líonadh, agus is tuigthe leis sin an duine sin do bheith toghtha chun an fholúntais sin do líonadh.

[EN]

(2) Nuair is tuigthe, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, duine do bheith toghtha chun an fholúntais i gcomhaltas Sheanad Éireann a bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr oiriúnach do líonadh, cuirfidh an Taoiseach fé ndeár go gcuirfear in úil do Chléireach Sheanad Éireann ainm agus seoladh agus tuairisc an duine sin, mar a bheid curtha síos sa liost deiridh d'ainmnithe, agus fós gur toghadh an duine sin chun an fholúntais a bheidh luaidhte sa bhfógra folúntais oiriúnach do líonadh.

[EN]

An nós imeachta i gcás gan trí hainmnithe d'fháil.

18.—(1) Pé uair a thuairisceoidh an ceann cóimhrimh Seanaid don Aire go dtáinig deireadh le cruinniú ainmniúcháin gan duine ar bith, no gan ach níos lugha ná triúr, do bheith ainmnithe go cuibhe ag an gcruinniú san no go dtáinig deireadh leis na himeachta ag breithiúnú ainmnithe, ar n-a chomóradh fén gCuid seo den Acht so, gan ainm dhuine ar bith, no gan ach ainm no ainmneacha níos lugha ná triúr, do bheith iontrálta sa liost sealadach, tiocfaidh an t-ordú toghacháin chuirr gur dá bhun do comóradh an cruinniú ainmniúcháin sin no an breithiúnú ainmnithe sin (do réir mar a bheidh), agus na himeachta uile bhí ann de bhun an orduithe sin, chun bheith, agus beid, gan bhrí gan éifeacht agus, chun crícheanna an Achta so, is tuigthe, i dtaobh an orduithe sin, ná dearnadh riamh é agus déanfaidh an tAire ordú toghacháin chuirr nua in ionad an orduithe thoghacháin chuirr a bheidh tar éis teacht chun bheith gan bhrí gan éifeacht amhlaidh.

[EN]

(2) Beidh ordú toghacháin chuirr nua, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ina ordú toghacháin chuirr do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so (le n-a n-áirmhítear an t-alt so) maidir leis an gcéanna, ach isí tréimhse gur laistigh di dhéanfaidh an tAire an t-ordú toghacháin chuirr nua san ná an tréimhse sin aca so leanas is déanaí críoch, sé sin le rá, céad agus ochtó lá tar éis dó an fógra folúntais oiriúnach d'fháil o Chléireach Sheanad Éireann no seasca lá tar éis dó an tuarasgabháil a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'fháil ón gceann cóimhrimh Seanaid.

[EN]

(3) Ní thiocfaidh d'ordú toghacháin chuirr do chur ar nea-mbrí de bhuadh an ailt seo dochar ná deifir do dhéanamh do cheart an chinn chóimhrimh Seanaid chun a chuid éilithe agus costaisí réasúnta, alos na seirbhísí do rinne agus ná gcaiteachaisí fé n-a ndeachaidh de bhun an orduithe toghacháin chuirr sin, d'fháil fé alt 5 den Phríomh-Acht.

CUID III.

Foluntaisi Fo-ainmliosta Dhála.

[EN]

E d'oblagáid toghachán do chomóradh chun folúntas fo-ainmliosta Dhála do líonadh.

19.—Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú toghacháin chuirr, alos folúntais i gcomhaltas Sheanad Éireann adéarfar san ordú san do bheith ina fholúntas alos an fho-ainmliosta Dhála d'ainmliost áirithe, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid toghachán do chomóradh, do réir na Coda so den Acht so, chun an fholúntais sin do líonadh agus, chuige sin, déanfaidh cóip den ordú toghacháin chuirr sin, maraon leis an méid sin fuirmeacha páipéir ainmniúcháin a theastóidh do réir réasúin o Chléireach Dháil Éireann, do chur go dtí an Cléireach san.

[EN]

Iarrthóirí d'ainmniú.

20.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, maidir le hiarrthóirí d'ainmniú i dtoghachán chun folúntas fo-ainmliosta Dhála do líonadh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar ainmniúcháin a bheidh sa bhfuirm orduithe, a déanfar gach ainmniú den tsórt san;

[EN]

(b) beidh i ngach páipéar ainmniúcháin den tsórt san na mioninnste is gá, do réir fuirm orduithe an pháipéir ainmniúcháin, do chur síos ann agus, go sonnrách, déarfar sa chéanna, maidir leis an duine bheidh á ainmniú leis, cadiad cáilíochta an duine sin le haghaidh an ainmliosta bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr oiriúnach;

[EN]

(c) caithfidh gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san bheith fé láimh chomhalta de Dháil Éireann mar thairgtheoir agus fé láimh ocht gcomhaltaí eile de Dháil Éireann mar chomhaltaí bheidh ag aontú leis an ainmniú;

[EN]

(d) déanfar gach páipéar ainmniúcháin den tsórt san do sheachadadh don cheann chóimhrimh Seanaid no do chur chuige tríd an bpost.

[EN]

(2) Pé uair do gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid páipéar ainmniúcháin roimh a ceathair a chlog tráthnóna an lá roimh an lá bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr oiriúnach chun bheith ina lá dheiridh chun ainmnithe do ghlacadh, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid láithreach ráiteas i scríbhinn do chur go dtí Cléireach Dháil Éireann, á innsint dó go bhfuarthas an páipéar ainmniúcháin sin amhlaidh agus á chur in úil dó, maidir leis an iarrthóir a bheidh á ainmniú leis an bpáipéar ainmniúcháin sin agus do réir mar a bheid curtha síos sa chéanna, cad is ainm don iarrthóir sin agus cadé a sheoladh agus cadé an tuairisc a bheidh tugtha ina thaobh agus cad is ainm do thairgtheoir an iarrthóra san.

[EN]

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis a dó dhéag a chlog meán lae an lá bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr oiriúnach chun bheith ina lá dheiridh chun ainmnithe do ghlacadh, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid go dtí Cléireach Dháil Éireann liost ina gcuirfear síos (in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás có-ionannas sloinnte, in ord aibítre a n-ainmneacha eile), mar a bheid curtha síos ina bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, ainmneacha agus seolta na n-iarrthóirí, agus na tuairiscí bheidh tugtha alos na n-iarrthóirí, gur ina dtaobh do fuair sé páipéirí ainmniúcháin roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá adubhradh agus ina gcuirfear síos freisin, maidir le gach iarrthóir aca san, ainm a thairgtheora mar a bheidh curtha síos sa pháipéar ainmniúcháin.

[EN]

(4) Gach páipéar ainmniúcháin do gheobhaidh an ceann cóimhrimh Seanaid tar éis a dó dhéag a chlog meán lae an lá bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr oiriúnach chun bheith ina lá dheiridh chun ainmnithe do ghlacadh, beidh sé gan bhrí.

[EN]

(5) Má chuireann comhalta de Dháil Éireann a lámh le dhá pháipéar ainmniúcháin no níos mó mar thairgtheoir no mar aontuitheoir (pé aca chuirfidh a lámh le gach ceann den dá pháipéar ainmniúcháin sin no níos mó san aon cháil amháin no chuirfidh a lámh le cinn deifriúla dhíobh i gcáilí deifriúla) beidh gach ceann den dá pháipéar ainmniúcháin sin no níos mó gan bhrí ar bith.

[EN]

An breithiúnú ainmnithe.

21.—(1) I gcás ordú toghacháin chuirr do bhaint le folúntas fo-ainmliosta Dhála, raghaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, ar a haondéag a chlog ar maidin an lá bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr sin chun breith do thabhairt ar ainmnithe, chun na háite bheidh ceaptha sa tslí chéanna chun an ghnótha san agus comórfaidh san am agus san áit sin suidhe (dá ngairmtear an breithiúnú ainmnithe san Acht so) ag á dtabharfaidh breith ar na hainmnithe gur ina dtaobh do fuair páipéirí ainmniúcháin roimh a dó dhéag a chlog meán lae an lá bheidh ceaptha leis an ordú toghacháin chuirr sin chun bheith ina lá dheiridh chun ainmnithe do ghlacadh.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach breithiúnú ainmnithe comórfar de bhun an ailt seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid na páipéirí ainmniúcháin uile agus fé seach, do fuair roimh a dó dhéag meán lae an lá deiridh chun ainmnithe do ghlacadh, do thabhairt ar áird, agus breithneoidh gach páipéar ainmniúcháin fé leith aca san agus an t-ainmniú do bhéarfaidh an páipéar san le tuigsint do bheith á dhéanamh leis, agus bhéarfaidh breith ar bhailíocht an pháipéir agus an ainmnithe sin;

[EN]

(b) diúltóidh an ceann cóimhrimh Seanaid d'ainmniú dhuine ar bith, mar ainmniú nea-mbailidhe, i gcás é thabhairt mar bhreith i dtaobh an duine sin a pháipéar ainmniúcháin no an t-ainmniú bheidh á dhéanamh leis sin do bheith nea-mbailidhe, no i gcás nach deimhin leis i dtaobh an duine sin na cáilíochta do bheith aige atá curtha síos i bhfo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht alos an ainmliosta bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr oiriúnach;

[EN]

(c) gach ainmniú ná diúltóidh an ceann cóimhrimh Seanaid dó de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, bhéarfaidh de bhreith air gur ainmniú bailidhe é;

[EN]

(d) nuair a bhéarfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid de bhreith ar ainmniú dhuine ar bith gur ainmniú bailidhe é, iontrálfaidh láithreach i liost (dá ngairmtear san Acht so an t-ainmliost d'iarrthóirí) ainm agus seoladh an duine sin, agus an tuairisc a bheidh tugtha ina thaobh, mar a bheid curtha síos ina pháipéar ainmniúcháin agus ainm a thairgtheora mar a bheidh curtha síos sa pháipéar chéanna agus cuirfidh ráiteas sa liost san, sa bhfuirm sin is ceart dar leis an gceann cóimhrimh Seanaid, ar na cáilíochta go gcinnfidh gurb iad cáilíochta an duine sin iad chun bheith ar an ainmliost a bheidh luaidhte san ordú toghacháin chuirr oiriúnach;

[EN]

(e) mara mbeidh ach duine amháin ainmnithe go bailidhe nuair a bheidh breithniú déanta agus breith tugtha ag an gceann cóimhrimh Seanaid ar na páipéirí ainmniúcháin sin uile agus ar na hainmnithe bheidh á ndéanamh leo, dearbhóidh an ceann cóimhrimh Seanaid, agus cuirfidh in úil do Chléireach Sheanad Éireann, an duine sin do bheith toghtha, ach má bhíonn beirt no níos mó ainmnithe go bailidhe nuair a bheidh an breithniú san déanta agus an bhreith sin tugtha, cuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid an toghachán ar athló agus cuirfidh vótaíocht ar siúl do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so.

[EN]

(3) Díreach ar an mbreithiúnú ainmnithe do bheith críochnuithe, sighneoidh an ceann cóimhrimh Seanaid an t-ainmliost d'iarrthóirí agus beidh an t-ainmliost san, ar n-a shighniú amhlaidh, ina fhianaise dho-chlaoite ar cé hé an duine, no cé hiad na daoine, bheidh ainmnithe go bailidhe.

[EN]

An rolla toghacháin.

22.—(1) Pé uair a chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid toghachán ar athló fén gCuid seo den Acht so chun vótaíocht do chur ar siúl, cuirfidh san in úil láithreach do Chléireach Dháil Éireann i scríbhinn agus cuirfidh cóip den ainmliost d'iarrthóirí chuige, agus bhéarfaidh an Cléireach san don cheann chóimhrimh Seanaid, fé cheann ceithre lá tar éis an eolais sin d'fháil amhlaidh, ráiteas ar ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí uile de Dháil Éireann a bheidh i dteideal suidhe agus vótáil sa Tigh sin an uair sin.

[EN]

(2) An ráiteas do bhéarfaidh Cléireach Dháil Éireann don cheann chóimhrimh Seanaid de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, isé is rolla toghacháin don toghachán agus ní bheidh dul thairis.

[EN]

(3) Beidh na daoine uile agus fé seach a bheidh ainmnithe i rolla toghacháin ar n-a bhunú fén alt so, agus ní bheidh éinne eile, i dteideal vótáil sa vótaíocht sa toghachán gur ina thaobh a bheidh an rolla toghacháin sin bunuithe amhlaidh.

[EN]

(4) Ní thiocfaidh de dhuine d'éag a bheidh ainmnithe i rolla toghacháin ar n-a bhunú fén alt so (pé aca roimh Chléireach Dháil Éireann do chur an ráitis gurb é an rolla toghacháin sin é chun an chinn chóimhrimh Seanaid éagfaidh an duine sin no dá éis sin) dochar ná deifir do dhéanamh do bhailíocht ná d'oibriú an rolla thoghacháin sin.

[EN]

An modh chun na vótaíochta do chur ar siúl.

23.—Gach vótaíocht a cuirfear ar siúl i dtoghachán fén gCuid seo den Acht so, cuirfear ar siúl í sa tslí chéanna, sa mhéid gur féidir é, ina gcuirtear vótaíocht ar siúl i dtoghachán fén bPríomh-Acht, agus chuige sin beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 40 go 43 agus ag ailt 45 go 49 den Phríomh-Acht, agus fós ag an gCéad Sceideal agus ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, maidir le gach toghachán a comórfar fén gCuid seo den Acht so agus ina gcuirfear vótaíocht ar siúl, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe go gciallóidh an abairt “toghachán Seanaid”, i ngach áit ina bhfuil sí in aon alt no Sceideal aca san, toghachán fén gCuid seo den Acht so agus go léireofar fo-alt (1) den alt san 45 agus go mbeidh éifeacht aige mar fho-alt a chuireann mar cheangal ar an gceann cóimhrimh Seanaid toradh an toghacháin do dhéanamh amach, agus fós a dhearbhú an t-iarrthóir sin do bheith toghtha a déanfar amach amhlaidh do bheith toghtha, san am agus sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt san.

CUID IV.

Foralacha Generalta Maidir le Gach Breithiunu Ainmnithe.

[EN]

An réiteoir breithiúntais.

24.—(1) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte, no breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt ar n-a ainmniú aige-sean, i láthair ag gach breithiúnú ainmnithe a comórfar fén Acht so, agus suidhfidh agus gníomhóidh san áit sin mar réiteoir bhreithiúntais chun na gcrícheanna luaidhtear san Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid, uaidh féin, agus déanfaidh, ar n-a iarraidh san air do dhuine ar bith a bheidh ainmnithe sa deimhniú ainmnithe oiriúnach no gur gá do réir an Achta so breith do thabhairt ar a ainmniú ag an mbreithiúnú ainmnithe no do ghníomhaire dhuine ar bith den tsórt san, aon cheist do chur fé bhráid an réiteora bhreithiúntais eireoidh le linn an bhreithiúnuithe ainmnithe maidir le haon pháipéar ainmniúcháin, le hainmniú dhuine ar bith, le cáilíochta dhuine ar bith le haghaidh an ainmliosta oiriúnaigh, le ráiteas an chinn chóimhrimh Seanaid ar na cáilíochta san, no le héinní eile bhainfidh le hainmniú dhuine ar bith.

[EN]

(3) Déanfaidh an réiteoir breithiúntais, san am agus san áit sin, breith do thabhairt, agus a bhreith do chraoladh, ar gach ceist a chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid fé n-a bhráid fén alt so.

[EN]

(4) Ní bheidh dul thar breith an réiteora bhreithiúntais ar aon cheist a chuirfidh an ceann cóimhrimh Seanaid fé n-a bhráid fén alt so ná ní bheidh sí ion-athscrúduithe ag cúirt ar bith.

[EN]

(5) Is ceaduithe ceist do chur fé bhráid an réiteora bhreithiúntais fén alt so pé aca bheidh breith tugtha ag an gceann cóimhrimh Seanaid féin uirthi no ná beidh.

[EN]

Ceisteanna is iontairgthe anuas ag an mbreithiúnú ainmnithe.

25.—(1) Ag aon bhreithiúnú ainmnithe comórfar fén Acht so, is ceaduithe don cheann chóimhrimh Seanaid no do dhuine ar bith a bheidh ainmnithe sa deimhniú ainmnithe oiriúnach no gur gá do réir an Achta so breith do thabhairt ar a ainmniú ag an mbreithiúnú ainmnithe sin no do ghníomhaire dhuine ar bith den tsórt san gach ceist do tharrac anuas a bhainfidh le hainmniú dhuine ar bith, le n-a n-áirmhítear bailíocht pháipéirí ainmniúcháin, maraon le dóthanacht no cruinneas aon ráitis áirithe i bpáipéar ainmniúcháin, le bailíocht aon ainmnithe áirithe, agus le cáilíochta aon duine áirithe le haghaidh an ainmliosta oiriúnaigh.

[EN]

(2) I gcás gan amhras ar bith do bheith ann i dtaobh cé hé an duine do bhéarfaidh páipéar ainmniúcháin le tuigsint do bheith á ainmniú leis, ní diúltófar don pháipéar ainmniúcháin sin ná ní dearbhófar é bheith nea-mbailidhe de bhíthin ainm no seoladh an duine sin no an tuairisc a bheidh tugtha ina thaobh, mar a bheid curtha síos ann, do bheith earráideach no neamh-iomlán, agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

(3) Chun breith do thabhairt ar aon cheist a tarraiceofar anuas le linn bhreithiúnuithe ainmnithe comórfar fén Acht so, féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid agus an réiteoir breithiúntais, gach duine fé leith aca, fianaise o bhéal no i scríbhinn, a tairgfear dó ag éinne no thar ceann éinne le n-a mbainfidh an cheist sin, do ghlacadh agus breith do thabhairt dá réir, agus féadfaidh, más ceart san dar leis, a chur mar cheangal an fhianaise sin do thabhairt fé mhionn agus féadfaidh chuige sin duine no daoine do chur fé mhionn.

[EN]

Na daoine dar ceaduithe bheith i láthair ag an mbreithiúnú ainmnithe.

26.—Is ceaduithe do sna daoine seo leanas, agus ní ceaduithe d'aon daoine eile, bheith i láthair ag breithiúnú ainmnithe comórfar fén Acht so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an ceann cóimhrimh Seanaid agus a chongantóirí;

[EN]

(b) an réiteoir breithiúntais agus duine amháin do bhéarfaidh leis chun freastal air;

[EN]

(c) duine ar bith a bheidh ainmnithe sa deimhniú ainmnithe oiriúnach no gur gá do réir an Achta so breith do thabhairt ar a ainmniú ag an mbreithiúnú ainmnithe;

[EN]

(d) gníomhaire amháin do gach duine fé leith dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so;

[EN]

(e) fínnéithe bheidh ag tabhairt fianaise o bhéal, faid a bheid ag tabhairt na fianaise sin uatha agus an fhaid sin amháin;

[EN]

(f) na daoine eile sin go leigfidh an ceann cóimhrimh Seanaid dóibh bheith i láthair.

[EN]

Na himeachta ag an mbreithiúnú ainmnithe do bheith leanúnach.

27.—(1) Sa mhéid gur féidir é, raghfar ar aghaidh go leanúnach leis na himeachta ag breithiúnú ainmnithe comórfar fén Acht so, ach féadfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid iad do chur ar fiunraoi tráth ar bith le toiliú an réiteora bhreithiúntais, go ceann na tréimhse sin is ceart dar leis an gceann cóimhrimh Seanaid, chun bia no deoch do chaitheamh no i gcóir sos na hoíche no mar gheall ar chúis eile chífear dó is leor.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar na himeachta ag breithiúnú ainmnithe do chur ar fiunraoi fén alt so, déanfaidh an ceann cóimhrimh Seanaid gach ní is ceart chun na bpáipéirí ainmniúcháin agus na scríbhinní eile bhainfidh leis an scéal do choimeád sábhálta.