[EN]

Uimhir 20 de 1945.


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM DÚICHE (MARAON LE MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM DÚICHE (MARAON LE MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [29ú Bealtaine, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Cain Ioncaim.

[EN]

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1945-46.

1.—(1) Eileofar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, do réir seacht scillinge agus sé pingne fán bpunt.

[EN]

(2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1944, a héileofar amhlaidh í.

[EN]

(3) I gcás ioncam iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaitear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, do réir seacht scillinge agus sé pingne fán bpunt alos an oiread den ioncam san agus is inchurtha fé de bhuaidh fo-ailt (1) den alt san 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forála ina dhiaidh seo den alt so.

[EN]

(4) Na forála, reachtúla agus eile, do bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1945, i dtaobh cánach ioncaim agus forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise), beidh éifeacht acu uile agus fá seach, fá réir forál an Achta so, i dtaobh na cánach ioncaim agus na forchánach (lena n-áirítear forcháin bhreise) a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945.

[EN]

(5) Nuair a bheas Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), á tonasc (de bhuaidh an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus fá réir na modhnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfear an abairt “an 6ú lá d'Aibreán, 1945,” in ionad na habairte “an 6ú lá d'Aibreán, 1941,” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

[EN]

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1946,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1942,” agus cuirfear an focal “naoi” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1945,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1941,”.

[EN]

Faoiseamh fá Chás VI de Sceideal D i leith caillteanas.

2.—(1) Más rud é, in aon bhliain mheisiúnachta, go mbainfidh caillteanas do dhuine in aon idirbheart dá ngeobhaidh sé, pé acu go haonaránach nó i bpáirtnéireacht é (is idirbheart de shaghas go ndlifí, dá bhfásadh aon bhrabús as, é do mheisiúnú ina leith fá Chás VI de Sceideal D), féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar, chomh fada agus is féidir, méid an chaillteanais sin do bhaint de mhéid, nó do chur i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóthachan ar a meisiúnófar é fán gCás san VI in aghaidh na bliana san agus go ndéanfar aon chuid den chaillteanas ná tabharfar faoiseamh ina leith amhlaidh do thabhairt ar aghaidh agus, chomh fada agus is féidir, do bhaint de mhéid, nó do chur i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóthachan ar a meisiúnófar é fán gCás san VI in aghaidh na sé bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Nuair a bheas an t-alt so á thonasc le caillteanas do bhain do pháirtnéir i bpáirtnéireacht, is tuigthe go gciallaíonn an abairt “méid na mbrabús nó na ngnóthachan ar a meisiúnófar é,” maidir le bliain ar bith, an chuid sin den mhéid ar a meisiúnófar an pháirtnéireacht fá Chás VI de Sceideal D a bheadh air fá na hAchta Cánach Ioncaim a chur i dtuairisceán ar a ioncam iomlán in aghaidh na bliana san.

[EN]

(3) Aon fhaoiseamh fán alt so trí aon chuid de chaillteanas do thabhairt ar aghaidh is amhlaidh do bhéarfar é, chomh fada agus is féidir, ón gcéad mheisiúnacht ina dhiaidh sin in aghaidh aon bhliana de na sé bliana san ina dhiaidh sin, agus sa mhéid nach féidir é thabhairt amhlaidh ansan bhéarfar é ón gcéad mheisiúnacht eile den tsórt san agus mar sin de.

[EN]

(4) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1944, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

Iocaíochta áirithe i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta do shaoradh ó cháin ioncaim agus ó fhorcháin.

3.—(1) Beidh páigh shiarainn agus aiscí lena mbaineann an t-alt so, agus is tuigthe go rabhdar riamh, saor ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), agus ní háireofar iad nuair a beifear ag áireamh ioncaim chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so le páigh shiarainn, do réir bhrí aon rialachán fá na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945, a creidiúnaítear do chuntas páighe chomhalta de na Fórsaí Cosanta, agus baineann freisin le haiscí arna ndeonadh i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta.

CUID II.

Custaim agus Mal.

[EN]

Na rátaí diúitéthe ar lasáin d'athrú.

4.—(1) In ionad an diúité chustam atá anois ar lasáin, éileofar, toibheofar, agus íocfar, ar na lasáin uile a hallmhuireofar an tríú lá de Bhealtaine, 1945, nó dá éis, diúité custam do réir na rátaí uile agus fá seach a sonnraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

[EN]

(2) In ionad an diúité mháil atá anois ar lasáin, éileofar, toibheofar, agus íocfar, amhail ar an tríú lá de Bhealtaine, 1945, agus ón lá san amach, ar na lasáin uile déanfar sa Stát diúité máil do réir na rátaí uile agus fá seach a sonnraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

CUID III.

Diuitethe Bais.

[EN]

Iocaíochta áirithe i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta do shaoradh ó dhiúité eastáit agus ó dhiúité léagáide.

5.—(1) Beidh páigh shiarainn agus aiscí lena mbaineann an t-alt so saor ó dhiúité eastáit agus ó dhiúité léagáide maidir le bás (pé acu roimh an Acht so do rith nó dá éis é) an duine ar i leith a sheirbhíse do deonadh an pháigh nó na haiscí sin.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so le páigh shiarainn, do réir bhrí aon rialachán fá na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945, a creidiúnaítear do chuntas páighe chomhalta de na Fórsaí Cosanta agus baineann freisin le haiscí arna ndeonadh i leith seirbhíse leis na Fórsaí Cosanta.

CUID IV.

Cain Bhrabus Corparaide.

[EN]

Alt 47 den Acht Airgeadais, 1932, do leasú go sealadach.

6.—(1) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thosnós an 1ú lá d'Eanáir, 1945, nó dá éis, agus a chríochnós an 31ú lá de Nollaig, 1946, nó roimhe, léireofar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus beidh éifeacht aici, agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aici, fé is dá ndéantaí an focal “trambhealaigh” do scrios aisti, agus léireofar alt 17 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944), agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(2) San alt so, tá leis an abairt “tréimhse chuntasaíochta” an bhrí atá léi sna hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabús corparáide.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

7.—Cuirtear fá chúram agus fá bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo gach cáin agus diúité a gearrtar leis an Acht so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

8.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim, agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custam, i dteannta na nAcht Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitethe máil, léireofar í i dteannta na reacht a bhaineas le diúitéthe mál agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

[EN]

(3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt go follas inti, is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1945, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

AN SCEIDEAL.

Diúitéthe ar Lasáin.

CUID I.

Custaim.

£

s.

d.

(a) ar na lasáin adhmaid uile bheas i mboscaí nó i gcoimeádáin eile—

A mbeidh 10 lasán ar a mhéid iontu. An 1,000 coimeádán

0

10

2

A mbeidh níos mó ná 10 ach ná beidh níos mó ná 20 lasán iontu. An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...

1

0

4

A mbeidh níos mó ná 20 ach ná beidh níos mó ná 50 lasán iontu. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...

0

7

4

A mbeidh níos mó ná 50 ach ná beidh níos mó ná 75 lasáin iontu. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...

0

11

0

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

0

2

7

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeádán is lú ná san.

(b) ar na lasáin eile uile bheas i mboscaí nó i gcoimeádáin eile—

A mbeidh 20 lasán ar a mhéid iontu. An 1,000 coimeádán

2

0

8

A mbeidh níos mó ná 20 ach ná beidh níos mó ná 50 lasán iontu. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...

0

14

8

A mbeidh níos mó ná 50 ach ná beidh níos mó ná 75 lasáin iontu. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...

1

2

0

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

0

5

2

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeádán is lú ná san.

CUID II.

Mál.

£

s.

d.

Boscaí nó coimeádáin eile—

A mbeidh 10 lasán ar a mhéid iontu. An 1,000 coimeádán

0

8

6

A mbeidh níos mó ná 10 ach ná beidh níos mó ná 20 lasán

iontu. An 1,000 coimeádán     ...     ...     ...     ...

0

17

0

A mbeidh níos mó ná 20 ach ná beidh níos mó ná 50 lasán iontu. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...

0

6

3

A mbeidh níos mó ná 50 ach ná beidh níos mó ná 75 lasáin iontu. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...

0

9

5

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75. An grós (144) coimeádán     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

0

2

2

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeadán is lú ná san.