Uimhir 20 de 1956.
AN tACHT TAE (ALLMHUIRIÚ AGUS IMDHÁIL), 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
Ré an Achta.
1.—Raghaidh an tAcht seo in éag an 31ú lá de Mhárta, 1958, nó pé lá roimhe sin a socrófar le hordú ón Rialtas.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “ceadúnas allmhuirithe tae” ceadúnas a heisíodh, nó a meastar a heisíodh, faoi alt 4;
ciallaíonn “ceadúnas mór-reacaire tae” ceadúnas a heisíodh, nó a meastar a heisíodh, faoi alt 7.
Allmhaire a rialú.
3.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith tae d'allmhuiriú ach amháin do réir cheadúnais allmhuirithe tae a heisíodh chun an duine sin.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1)—
(a) le tae nach mó ná deich bpuint meáchain a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur chun úsáide pearsanta an allmhuireora nó a lín tí a hallmhuiríodh é;
(b) le tae a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur mar shampla a hallmhuiríodh é.
Ceadúnas allmhuirithe tae d'eisiúint.
4.—(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas d'fháil ó dhuine ar bith ag lorg ceadúnais chun tae d'allmhuiriú, an t-iarratas a dheonadh nó a dhiúltú dá rogha féin.
(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas allmhuirithe tae.
(3) Ní bheidh ceadúnas allmhuirithe tae inaistrithe.
(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas allmhuirithe tae a chúlghairm.
(5) Aon cheadúnas faoin Ordú um Allmhuiriú Tae, 1950 (I.R. Uimh. 51 de 1950), a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna eisiúint faoin alt seo.
Imdháil mhór-reaca a rialú.
5.—Ní dhéanfaidh duine ar bith—
(a) tae a cheannach lena dhíol ar mór-reic, ná
(b) tae a dhíol ar mór-reic, ná
(c) gnó díola tae ar mór-reic a sheoladh,
ach amháin do réir cheadúnais mhór-reacaire tae a heisíodh chun an duine sin.
Daoine atá cáilithe chun ceadúnais mhór-reacaire tae d'iarraidh.
6.—Beidh gach duine acu seo a leanas—
(a) saoránach d'Éirinn a bhfuil cónaí rialta air sa Stát,
(b) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát,
(c) comhpháirtíocht nach bhfuil inti ach beirt daoine nó níos mó den tsórt sin,
cáilithe chun ceadúnas mór-reacaire tae d'iarraidh más deimhin leis an Aire—
(i) go bhfuil beartaithe ag an duine sin gnó díola tae ar mór-reic a sheoladh ar a chonlán féin, agus
(ii) nach bhfuil cabhair airgid á fháil ag an duine sin ó aon duine ar a bhfuil gnáth-chónaí lasmuigh den Stát ná ó aon chomhlucht corpraithe a corpraíodh lasmuigh den Stát agus nach gcomhlíonann alt 22 den Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936), nó alt 42 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 (Uimh. 22 de 1942), agus
(iii) i gcás comhluchta chorpraithe, go bhfuil na scaireanna uile ar únaeracht tairbhiúil ag saoránaigh Éireannacha, agus
(iv) go mbeidh an gnó a bhainistí agus á rialú go héifeachtúil ag saoránach Éireannach nó ag saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí rialta ar gach duine acu sa Stát.
Ceadúnas mór-reacaire tae d'eisiúint.
7.—(1) Is í pé foirm a ordós an tAire a déanfar iarratas chuige ar cheadúnas mór-reacaire tae, agus bhéarfar ann pé sonraí a ordós sé.
(2) Más deimhin leis an Aire, ar an iarratas d'fháil dó, an t-iarratasóir a bheith cáilithe faoi alt 6, eiseoidh an tAire ceadúnas á údarú don duine sin gnó díola tae ar mór-reic a sheoladh.
(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas mór-reacaire tae.
(4) Ní bheidh ceadúnas mór-reacaire tae inaistrithe.
(5) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó ceadúnas mór-reacaire tae d'eisiúint faoin alt seo, nach bhfuil an ceadúnaí cáilithe a thuilleadh faoi alt 6, féadfaidh an tAire an ceadúnas a chúlghairm.
(6) Aon cheadúnas a deonadh, nó a meastar a deonadh, faoi Airteagal 13 den Ordú Tae, 1950 (I.R. Uimh. 146 de 1950), agus a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna éisiúint faoin alt seo.
Cionta.
8.—Duine ar bith a shárós alt 5 nó coinníoll a bheas ag gabháil le ceadúnas a heisíodh, nó a meastar a heisíodh, faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha.
9.—Duine ar bith a bhéarfas, in iarratas ar cheadúnas mórreacaire tae nó i ndáil leis sin, aon ráiteas nó eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
Inchúiseamh i leith cionta.
10.—Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.
Caiteachais.
11.—Íocfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Gearrtheideal.
12.—Féadfar an tAcht Tae (Allmhuiriú agus Imdháil), 1956, a ghairm den Acht seo.